4.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 281/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1292 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Iúil 2021

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin (“Chufa de Valencia” (STFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun na chéad fhomhíre de mhír 1 d’Airteagal 53 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Spáinne maidir le formheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Chufa de Valencia” atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 378/1999 ón gCoimisiún (2), faoi mar a leasaíodh é le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 889/2013 ón gCoimisiún (3). San áireamh sa leasú sin tá leasú ar an ainm “Chufa de Valencia” go “Chufa de Valencia”/“Xufa de València”.

(2)

Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (4).

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Chufa de Valencia” (STFC) formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

thar ceann an Uachtaráin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 378/1999 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 1999 lena bhforlíontar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2400/96 maidir le ainmneacha áirithe a chlárú i “gClár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint” dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair a chosaint (IO L 46, 20.2.1999, lch. 13)

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 889/385 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2013 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Chufa de Valencia (STFC)) (IO L 247, 18.9.2013, lch. 22).

(4)   IO C 129, 13.4.2021, lch. 18.