|
2.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 277/34 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1266 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2021
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúduithe roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach, ó EUR 0 go EUR 198 in aghaidh an tona, ar allmhairí eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar “bithdhíosal” go coitianta, i bhfoirm íon nó i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 20 % d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, a tháinig, an tráth sin, faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cód TARIC 1516209820), ex 1518 00 91 (cód TARIC 1518009120), ex 1518 00 99 (cód TARIC 1518009920), ex 2710 19 41 (cód TARIC 2710194120), 3824 90 91, ex 3824 90 97 (cód TARIC 3824 90 97 87), agus ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad (“SAM” nó “an tír lena mbaineann”). Tugtar “na bearta bunaidh” ar an dleacht frithdhumpála a fhorchuirtear leis an rialachán sin anseo feasta. An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tagrófar dó mar “an t-imscrúdú bunaidh” ina dhiaidh seo. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 444/2011 ón gComhairle (3), tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin, leathnaigh an Chomhairle an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 chuig allmhairí bithdhíosal a choinsínítear ó Cheanada, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, cé is moite díobh siúd atá á dtáirgeadh ag na cuideachtaí BIOX Corporation, Oakville agus Rothsay Biodiesel, Guelph, agus an dá chuideachta sin lonnaithe in Ontario, Ceanada. Leis an Rialachán céanna, leathnaigh an Chomhairle an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 ón gComhairle chuig allmhairí bithdhíosail i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, 20 % nó níos lú d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, agus ar de thionscnamh SAM iad. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1518 (4), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach na bearta frithdhumpála cinntitheacha maidir le hallmhairí bithdhíosail de thionscnamh SAM tar éis athbhreithniú éaga (an “t-athbhreithniú éaga roimhe seo”). |
|
(4) |
Thairis sin, le Rialachán (AE) 2015/1518 arna leasú le Rialachán (AE) 2016/676 (5), leathnaíodh an dleacht frithdhumpála chinntitheach maidir le hallmhairí bithdhíosail a choinsínítear ó Cheanada chomh maith, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, cé is moite díobh siúd atá á dtáirgeadh ag na cuideachtaí BIOX Corporation, Oakville agus Rothsay Biodiesel, Guelph, atá lonnaithe in Ontario, Ceanada agus ag DSM Nutritional Products Inc., Dartmouth, an Albain Nua, Ceanada. Leis an Rialachán céanna, leathnaigh an Coimisiún Eorpach an dleacht frithdhumpála chinntitheach chuig allmhairí bithdhíosail i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, 20 % nó níos lú d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, agus ar de thionscnamh SAM iad. |
|
(5) |
Is méideanna socraithe iad na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair, agus iad idir EUR 0 in aghaidh an tona agus EUR 198 in aghaidh an tona ar allmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin a rinneadh a shampláil, EUR 115,6 in aghaidh an tona ar allmhairí ó na cuideachtaí comhoibritheacha nach ndearnadh a shampláil agus méid socraithe EUR 172,2 in aghaidh an tona ar allmhairí ó gach cuideachta eile. |
|
(6) |
Ina theannta sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1598 ón gCoimisiún (6), leasaíodh Rialachán (AE) 2015/1518 trína cheadú do chuideachtaí nár onnmhairigh bithdhíosal le linn na chéad tréimhse imscrúdaithe athbhreithniú a iarraidh féachaint an féidir iad a chur faoi réir an ráta dleachta arna fhorchur ar na cuideachtaí comhoibritheacha nach bhfuil sa sampla. |
|
(7) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1121 ón gCoimisiún (7), tar éis iarratas a dhéanamh ar chóir nua le haghaidh táirgeoir onnmhairiúcháin, leasaíodh Rialachán (AE) 2015/1518 tríd an gcuideachta SAM Organic Technologies, Coshocton (Ohio) a chur le hIarscríbhinn I agus dá bhrí sin é a chur faoi réir an mheándleachta ualaithe EUR 115,6 in aghaidh an tona is infheidhme maidir le cuideachtaí comhoibritheacha nach n-áirítear sa sampla. |
1.2. Iarraidh ar athbhreithniú éaga
|
(8) |
Tar éis foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (8), fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. |
|
(9) |
An 11 Meitheamh 2020 rinne an Bord Bithdhíosail Eorpach (an “EBB” nó “an t-iarratasóir”) iarraidh thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán bithdhíosail an Aontais acu. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha go ndéanfaí dumpáil arís agus go ndéanfaí díobháil arís do thionscal an Aontais dá rachadh na bearta in éag. |
1.3. Athbhreithniú éaga a thionscnamh
|
(10) |
Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gurbh ann d’fhianaise leordhóthanach chun an t-athbhreithniú éaga a thionscnamh, an 14 Meán Fómhair 2020 thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga maidir le hallmhairí bithdhíosail ar de thionscnamh SAM iad ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (9) (“an Fógra Tionscnaimh”). |
|
(11) |
An dáta céanna thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga ar leithligh ar na bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm maidir le hallmhairí bithdhíosail de thionscnamh SAM (10). |
|
(12) |
Rinne Rialtas Cheanada trácht ar an tionscnamh sin, agus thug sé dá aire dá gcoimeádfaí na bearta, gur cheart an díolúine a tugadh do thrí tháirgeoir bithdhíosail ó Cheanada a choimeád. Coinníodh an díolúine in Airteagal 2 den Rialachán seo. |
1.4. An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus an tréimhse a breithníodh
|
(13) |
Leis an imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go gcuirfí tús léi arís, cumhdaítear an tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (“an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe”). San imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfaí den díobháil nó go gcuirfí tús léi arís, cumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go deireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (“an tréimhse a breithníodh”). |
1.5. Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
|
(14) |
Tionscnaíodh an cás sin an 14 Meán Fómhair 2020, is é sin le rá le linn na hidirthréimhse a comhaontaíodh idir an Ríocht Aontaithe (“RA”) agus an tAontas Eorpach ina raibh an Ríocht Aontaithe fós faoi réir dhlí an Aontais. Tháinig deireadh leis an idirthréimhse an 31 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, amhail ón 1 Eanáir 2021, níor cháiligh cuideachtaí ná comhlachais ón Ríocht Aontaithe mar pháirtithe leasmhara san imeacht seo a thuilleadh. |
|
(15) |
Ina nóta a ghabh leis an gcáschomhad (11) an 15 Eanáir 2021, d’iarr an Coimisiún ar oibreoirí ón Ríocht Aontaithe a mheas go gcáileoidís fós mar pháirtithe leasmhara mar sin féin, teagmháil a dhéanamh leis. D’iarr BP OIL International Limited agus Argent Energy go leanfaí dá meas mar pháirtithe leasmhara agus tugadh an ceart sin dóibh bunaithe ar an bhfianaise a cuireadh isteach. Go háirithe, chuir an dá chuideachta cruthúnas ar fáil gurb ann d’eintitis ghaolmhara laistigh den ghrúpa atá gníomhach ar mhargadh an Aontais. Ar an taobh eile, tháinig an fhochuideachta Éireannach Valero Energy Limited Ireland in ionad na máthairchuideachta ón Ríocht Aontaithe Valero Energy Limited toisc go bhfuil an fhochuideachta Éireannach gníomhach ar mhargadh an Aontais. |
1.6. Páirtithe leasmhara
|
(16) |
San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas go sonrach faoin imscrúdú mar aon le táirgeoirí aitheanta eile ón Aontas, na táirgeoirí aitheanta i SAM agus údaráis SAM, allmhaireoirí, úsáideoirí agus trádálaithe aitheanta chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. |
|
(17) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Ní bhfuarthas aon iarrataí ar éisteacht. |
1.7. Sampláil
|
(18) |
San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go bhféadfadh sé úsáid a bhaint as an tsampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
1.7.1. Sampláil ar tháirgeoirí an Aontais
|
(19) |
An 14 Meán Fómhair 2020, thug an Coimisiún fógra do pháirtithe leasmhara faoin sampla sealadach de tháirgeoirí ón Aontas de bhun Roinn 5.4 den Fhógra Tionscnaimh. Roghnaíodh an sampla ar bhonn mhéid an táirgthe agus mhéid díolacháin an táirge chomhchosúil in 2019 agus ar bhonn shuíomh geografach tháirgeoirí an táirge chomhchosúil. Is é a bhí sa sampla sin trí tháirgeoir ón Aontas. B’ionann táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil agus 17,5 % de mhéideanna iomlána measta an táirge chomhchosúil san Aontas agus áirithíodh leis raon maith geografach. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil laistigh de sprioc-am 7 lá ón dáta ar tugadh fógra faoin sampla sealadach de tháirgeoirí an Aontais. |
1.7.2. Sampláil allmhaireoirí
|
(20) |
D’fhonn a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. |
|
(21) |
Níl ach allmhaireoir amháin nach mbaineann le Shell Trading Rotterdam BV, a chuir an fhaisnéis a iarradh ar fáil agus, dá bharr sin, chinn an Coimisiún nach raibh gá leis an tsampláil. |
1.7.3. Sampláil ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin
|
(22) |
D’fhonn a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta i SAM an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar údaráis na tíre lena mbaineann táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú. |
|
(23) |
Tráth an tionscnaimh, cuireadh cóip de na ceistneoirí ar fáil sa chomhad lena n-imscrúdú ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. |
|
(24) |
Tháinig trí tháirgeoir onnmhairiúcháin i SAM chun cinn agus chuir siad in iúl go raibh siad toilteanach comhoibriú a dhéanamh leis an gCoimisiún san imscrúdú. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil. Dá réir sin, iarradh ar gach ceann de na trí chuideachta a tháinig chun tosaigh ceistneoir a líonadh isteach agus é a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh den sprioc-am a socraíodh. |
1.8. Easpa comhoibrithe ón tír lena mbaineann
|
(25) |
An 15 Deireadh Fómhair 2020, chuir ceann amháin de na trí chuideachta sin in iúl don Choimisiún trí ríomhphost nach gcomhoibreodh sé a thuilleadh. Ina theannta sin, níor chuir aon cheann de na dá chuideachta eile an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoin sprioc-am a bhí leagtha síos tríd an gceistneoir a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais. |
|
(26) |
An 10 Samhain 2020, sheol an Coimisiún litir inar cuireadh in iúl do na trí chuideachta go léir go raibh sé ar intinn aige Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus torthaí an imscrúdaithe a bhunú ar na fíorais atá ar fáil. Cuireadh údaráis SAM ar an eolas faoin rún sin freisin. Is é an 17 Samhain 2020 an sprioc-am chun barúlacha a chur ar fáil maidir leis an litir. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(27) |
Ós rud é nár chomhoibrigh aon cheann de na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin i SAM leis an imscrúdú ar an athbhreithniú éaga, cinneadh forálacha Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus na torthaí a bhunú ar na fíricí atá ar fáil. |
1.9. Ceistneoirí
|
(28) |
Tráth an tionscnaimh, cuireadh cóip de na ceistneoirí ar fáil sa chomhad lena n-imscrúdú ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. |
|
(29) |
Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó thrí tháirgeoir a rinneadh a shampláil san Aontas agus ó aon allmhaireoir neamhghaolmhar amháin san Aontas. |
1.10. Fíorú
|
(30) |
Mar gheall ar ráig COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin a chuir Ballstáit éagsúla agus tríú tíortha éagsúla chomh maith i bhfeidhm, níor fhéad an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar an bhfaisnéis ar fad a mheastar a bheith riachtanach dá chinneadh i gcomhréir lena Fhógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (12). Rinne an Coimisiún cros-seiceáil chianda ar na cuideachtaí/páirtithe seo a leanas:
|
1.11. Nochtadh
|
(31) |
An 21 Bealtaine 2021, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar a bhfuil sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil ar bun. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh. |
|
(32) |
Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha arna ndéanamh ag na páirtithe leasmhara agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarb iomchuí. Ceadaíodh éisteacht do na páirtithe sin a d’iarr a leithéid. |
2. AN TÁIRGE I gCEIST AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge lena mbaineann
|
(33) |
Is ionann an táirge atá i gceist agus an táirge san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe sin, eadhon eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola a fhaightear ó shintéis agus/nó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar “bithdhíosal” go coitianta, i bhfoirm íon nó i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 20 % d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola a fhaightear ó shintéis agus/nó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, agus ar de thionscnamh SAM iad, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cód TARIC 1516209829), ex 1518 00 91 (cód TARIC 1518009129), ex 1518 00 99 (cód TARIC 1518009929), ex 2710 19 43 (cód TARIC 2710194329), ex 2710 19 46 (cód TARIC 2710194629), ex 2710 19 47 (cód TARIC 2710194729), ex 2710 20 11 (cód TARIC 2710201129), ex 2710 20 16 (cód TARIC 2710201629), ex 3824 99 92 (cód TARIC 3824999212), ex 3826 00 10 (cód TARIC 3826001029, 3826001059, 3826001099), ex 3826 00 90 (cód TARIC 3826009019) (“an táirge lena mbaineann”). |
|
(34) |
Is breosla in-athnuaite é bithdhíosal a tháirgtear ó réimse leathan amhábhar, i.e. olaí glasraí amhail ola ráibe, ola phónaire soighe, ola phailme, olaí friochta úsáidte (UFO), saillte ainmhíocha nó bithmhais. |
|
(35) |
Úsáidtear bithdhíosal in earnáil an iompair, é cumaiscthe den chuid is mó le díosal mianrach (i.e. peitriliam/gnáthdhíosail) agus go fíor-bheag ina fhoirm íon (B100). |
2.2. Táirge comhchosúil
|
(36) |
Mar a leagadh síos sa chéad imscrúdú chomh maith leis an athbhreithniú éaga roimhe seo, deimhníodh leis an athbhreithniú éaga seo go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus [teicniúla] céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(37) |
Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
2.3. Éilimh maidir leis an raon táirge
|
(38) |
D’áitigh an chuideachta Shualannach Preem AB agus Valero Energy Ltd Ireland, táirgeoirí agus soláthraithe breosla agus mar sin úsáideoirí an táirge lena mbaineann, gur dhá chineál éagsúla bithdhíosail iad bithdhíosal Eistir Meitile Aigéid Shailligh (FAME) agus bithdhíosal Ola Glasraí Hidreachóireáilte (HVO), agus gur cheart HVO a eisiamh ó raon reatha an táirge. I Rialachán 2009 lenar forchuireadh bearta sealadacha (13), measadh gur breoslaí bithdhíosail iad gach cineál bithdhíosail agus gach cineál cumaisc bithdhíosail. Is féidir FAME agus HVO a chumasc le díosal agus d’ainneoin roinnt difríochtaí sna saintréithe fisiceacha, is ionann úsáid deiridh an táirge agus is é tionscal an Aontais a dhéanann an dá tháirge a tháirgeadh. Ina theannta sin, sa ghearán san imscrúdú bunaidh sainíodh go sainráite gur chuid den táirge lena mbaineann é breosla díosail ó HVOanna agus ní dhearna aon pháirtí agóid i gcoinne an ráitis sin an tráth sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
3. AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAÍ DEN DUMPÁIL NÓ GO dTOSÓFAÍ ARÍS Í
|
(39) |
I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú le fáil amach an leanfaí den dumpáil nó an dtosófaí arís í de thoradh dhul in éag na mbeart reatha atá i bhfeidhm. |
3.1. Réamhbharúlacha
|
(40) |
De dheasca na heaspa comhoibrithe a míníodh in aithrisí (25)-(27) thuas, ní rabhthas in ann anailís a dhéanamh bunaithe ar shonraí fíoraithe a sholáthair táirgeoirí SAM. |
|
(41) |
Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go dtosófaí arís í bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil. Dá bhrí sin, bhain an Coimisiún úsáid as na foinsí faisnéise seo a leanas: an t-iarratas ar athbhreithniú éaga agus aighneachtaí ina dhiaidh sin ón iarratasóir, Eurostat, Global Trade Atlas (“GTA”) agus suíomhanna gréasáin Údarás na Stát Aontaithe maidir le Faisnéis Fuinnimh (US Energy Information Administration) (“EIA”) agus Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe (USDA). |
3.2. Leanúint den dumpáil
|
(42) |
Tar éis na bearta a fhorchur in 2009, thit allmhairí bithdhíosail ó SAM go dtí an tAontas go beagnach nialas ón mbliain 2013 ar aghaidh. Mar shampla, allmhairíodh thart ar 156 tona ó SAM le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020). Níl sna méideanna sin ach 0,04 % d’onnmhairí iomlána SAM agus níos lú fós de thomhaltais san Aontas. Dá réir sin, chinn an Coimisiún nach leor na méideanna ísle sin chun a bheith ina mbonn leordhóthanach chun leanúint d’anailís dumpála. Dá bhrí sin, dhírigh an Coimisiún a imscrúdú ar an dóchúlacht go dtosófaí ar dhumpáil arís i gcás ina gceadófaí do na bearta dul in éag. |
3.3. Atarlú na dumpála
|
(43) |
Rinne an Coimisiún anailís ar cibé an dócha go dtosófaí ar dhumpáil arís dá rachadh an beart in éag. Go háirithe, rinneadh anailís ar na gnéithe seo a leanas: an gaol idir praghsanna an táirge a tháirgtear agus a dhíoltar san Aontas agus i SAM, an gaol idir praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus praghsanna i SAM, an gaol idir praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus an leibhéal praghsanna san Aontas, na hacmhainneachtaí neamhúsáidte i SAM agus cleachtais imchéimnithe agus ionsúite. |
3.3.1. Comparáid idir praghsanna an táirge a tháirgtear agus a dhíoltar san Aontas agus i SAM
|
(44) |
Bhain seirbhísí an Choimisiúin úsáid as dhá fhoinse faisnéise chun praghas díolacháin intíre bithdhíosail a dheimhniú i SAM le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe: (i) faisnéis arna soláthar ag Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe (USDA), agus (ii) faisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga. |
|
(45) |
Maidir leis an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, léirigh an fhaisnéis arna soláthar ag an USDA praghas díolacháin intíre díreach ón monarcha USD 909,05 in aghaidh an tona. Ag an meánráta malairte don euro/dollar le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (EUR 1 = USD 1,105), is ionann an méid sin agus praghas díolacháin intíre EUR 822,31 in aghaidh an tona i SAM. Tá sé sin gar don fhaisnéis a cuireadh ar fáil san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, inar luadh praghas díolacháin intíre USD 918,06 (EUR 820) in aghaidh an tona. Mheas an Coimisiún gurbh iomchuí praghas intíre SAM a mheas mar phraghas atá bunaithe (EUR 822,31) dá anailís ar atarlú. |
|
(46) |
Ba é EUR 771 in aghaidh an tona meánphraghas bithdhíosail díreach ón monarcha a dhíol táirgeoirí ón Aontas san Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, mar a léirítear i dtábla 1 thíos. |
|
(47) |
Chun teacht isteach arís i margadh an Aontais, bheadh ar tháirgeoirí SAM díol ar phraghas atá gar do EUR 771 nó níos lú ná sin in aghaidh an tona. Ba chóir go gclúdódh a bpraghas deiridh costais lasta aigéin agus costais árachais agus an dleacht chustaim atá ann cheana (6,5 %) is infheidhme ar bhithdhíosal. De réir na sonraí a fuarthas le linn an imscrúdaithe, bheadh tuairim is EUR 92 in aghaidh an tona i gceist. Bhunaigh an Coimisiún an méid sin ar an méid (a) iompair agus lasta, arna ríomh ag an iarratasóir agus (b) dleachtanna custaim (6,5 %) is infheidhme maidir le praghas allmhairí bithdhíosail ó SAM arna ríomh ag an gCoimisiún tar éis dó breathnú ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí amhail an Global Trade Atlas (“GTA”), agus é a shlánú suas go EUR 106 chun roinnt caiteachas breise iar-allmhairiúcháin a chumhdach freisin. |
|
(48) |
Mar thoradh air sin, dá dtosódh táirgeoirí SAM arís ar onnmhairí chuig an Aontas ar phraghsanna iomaíocha, ba é is dóichí go mbeadh orthu é sin a dhéanamh ag praghas díreach ón monarcha atá níos lú ná EUR 665 in aghaidh an tona, rud a bheadh níos ísle ná a bpraghas díolacháin intíre i SAM agus, dá bhrí sin, ar leibhéil praghsanna dumpáilte. |
3.3.2. Comparáid idir praghsanna onnmhairí chuig tríú tíortha agus praghsanna i SAM
|
(49) |
Rinne an Coimisiún tuilleadh anailíse ar phatrún praghsanna onnmhairí bithdhíosail SAM chuig tríú tíortha le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. |
|
(50) |
Chuardaigh sé faisnéis a bhí ar fáil go poiblí amhail an Global Trade Atlas (“GTA”) agus bhain sé amach cainníochtaí agus luachanna onnmhairí bithdhíosail faoi chód HS 3826 00 le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Na cainníochtaí onnmhairiúcháin (i dtonaí) chuig gach tír (an tAontas san áireamh), tá siad cothrom le 389 075 tona, ar onnmhairíodh 14 thona de chuig an Aontas. |
|
(51) |
Sa tábla thíos déantar comparáid idir an meánphraghas díolacháin i ndollair SAM in aghaidh an tona, arna choigeartú go cuí do na praghsanna díreach ón monarcha (trí USD 82,52 in aghaidh an tona a bhaint don lasta intíre mar a léirítear san iarraidh ar an athbhreithniú éaga) agus an meánphraghas intíre i SAM i gcás na sé thír (lasmuigh den Aontas) a d’onnmhairigh SAM níos mó ná 0,1 % dá n-onnmhairí iomlána le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe chucu. Tábla 1 Méideanna agus praghsanna onnmhairí SAM le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(52) |
Léirítear sa tábla go bhfuil táirgeoirí SAM ag díol ag praghsanna faoi bhun a bpraghsanna díolacháin intíre sa raon ó 5 % go 65 % i gcás gach ceann de na sé thír onnmhairiúcháin. Thairis sin, tá go leor éagsúlachta sna praghsanna onnmhairiúcháin i measc na dtíortha éagsúla sin a d’onnmhairigh na Stáit Aontaithe an méid is mó chucu le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. |
|
(53) |
Ar deireadh, mar a léirítear sa tábla freisin, tá na meánphraghsanna onnmhairiúcháin is airde ag tíortha amhail Ceanada agus an Iorua, tíortha a bhfuil na Stáit Aontaithe ag díol 92 % dá n-onnmhairí iomlána leo. Leis an iarraidh maidir leis sin, foráiltear “[...] go ndéanfar an bithdhíosal atá níos costasaí a onnmhairítear go Ceanada ó chineálacha sonracha amhábhar a bhfuil frithsheasmhacht níos fearr acu in aghaidh teochtaí fuara, amhail canól, nó ar féidir leo a bheith HVO freisin, a bhfuil saintréithe fuara den scoth aige [...]”. Dá bharr sin, is é praghas costais níos airde an bhunábhair (amhail canóla) is cúis leis na meánphraghsanna onnmhairiúcháin níos costasaí maidir leis an dá thír sin. |
3.3.3. Comparáid idir na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus an leibhéal praghsanna thionscal an Aontais
|
(54) |
Margadh tarraingteach d’onnmhairí bithdhíosail SAM is ea margadh an Aontais Eorpaigh. Bunaithe ar bhunachar sonraí GTA dá dtagraítear in aithris (49) thuas, le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, rinneadh meánphraghas simplí onnmhairiúcháin chuig na cinn scríbe uile a ríomh ina dhiaidh sin (féach aithris (55) thíos), agus na gnéithe seo a leanas á gcur san áireamh:
|
|
(55) |
Agus na gnéithe thuasluaite ar fad á gcur san áireamh, ríomh an Coimisiún meánphraghas onnmhairiúcháin arb ionann é agus USD 682 in aghaidh an tona (EUR 617). An meánphraghas onnmhairiúcháin EUR 617, is é sin praghas SAB ar gá na costais lasta aigéin agus na costais árachais a chur leis chun teacht ar phraghas CAL. Measadh go raibh na costais sin cothrom le thart ar USD 52 in aghaidh an tona (EUR 47) san iarraidh ar athbhreithniú éaga. |
|
(56) |
Measann an Coimisiún gur léiriú réasúnta é EUR 47 in aghaidh an tona ar na costais bhreise lasta aigéin agus na costais bhreise árachais go dtí cinn scríbe eile. Dá bhrí sin, bunaíodh meánphraghas onnmhairiúcháin SAM chuig tríú tíortha ag EUR 617 (SAB), praghas atá i bhfad níos ísle ná an praghas díreach ón monarcha san Aontas arb ionann é agus EUR 771 in aghaidh an tona, fiú dá gcuirfí leis lasta aigéin, costais árachais, an dleacht chustaim reatha (6,5 %) (slánaithe suas go EUR 104 in aghaidh an tona chun costais iar-allmhairiúcháin breise a chlúdach freisin) ó SAM go dtí an Aontas (thart ar EUR 721). |
|
(57) |
Dá bharr sin, léiríonn sé sin go mbeadh na táirgeoirí onnmhairiúcháin SAM in ann díol ar phraghas faoi bhun EUR 771 in aghaidh an tona chun sleamhnú isteach i margadh an Aontais, agus gur dreasacht a bheadh ann dóibh cuid de na honnmhairí reatha chuig tríú tíortha a atreorú chuig margadh an Aontais, mar go bhfuil na praghsanna níos tarraingtí ná roinnt margaí tríú tíortha eile. |
3.3.4. Acmhainneachtaí breise
|
(58) |
De dheasca na heaspa comhoibrithe a fuarthas ó tháirgeoirí SAM, dheimhnigh an Coimisiún acmhainneacht táirgeachta SAM ar bhonn na faisnéise atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Údarás na Stát Aontaithe maidir le Faisnéis Fuinnimh (EIA). |
|
(59) |
Ní mór do tháirgeoirí bithdhíosail SAM tuairisc a thabhairt don údarás seo (ar bhonn bliantúil agus míosúil faoi seach) faoina n-acmhainneacht táirgeachta atá ann cheana agus atá beartaithe, chomh maith lena dtáirgeadh, a n-ionchur, a stoic agus a ndíolacháin bithdhíosail. Ar bhonn na sonraí a bailíodh ó EIA, ba é 8 412 000 tona acmhainneacht tháirgeoirí bithdhíosail SAM le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. |
|
(60) |
B’ionann táirgeadh iarbhír bithdhíosail SAM le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus 5 718 000 tona (sonraí EIA), a fhreagraíonn d’úsáid acmhainneachta 68 % agus acmhainneacht bhreise 32 %, nó tuairim is 2 694 000 tona. Is dreasacht í acmhainneacht bhreise shuntasach tháirgeoirí SAM chun táirgeacht a mhéadú agus bithdhíosal a dhíol ar phraghsanna dumpáilte do mhargadh an Aontais, agus is dócha, dá bhrí sin, go mbainfear úsáid as chun margadh an Aontais a sholáthar, dá ligfí do bhearta dul in éag. Go deimhin, is féidir le táirgeoirí SAM a dtáirgeacht a mhéadú agus í a onnmhairiú go héasca chuig an Aontas leis an tairbhe eacnamaíoch atá le fáil ón méadú ar an gcóimheas úsáide acmhainneachta agus an laghdú ar chostas aonaid na táirgeachta. Bheadh tionchar suntasach ag scaoileadh acmhainneacht bhreise SAM ar mhargadh an Aontais toisc gurb ionann é agus beagnach 18 % de thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. |
|
(61) |
Thairis sin, le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, bhí táirgeadh bithdhíosail SAM (5 718 000 tona) níos ísle ná an tomhaltas (5 934 000 tona). Dá bhrí sin, bhí na Stáit Aontaithe ag allmhairiú níos mó bithdhíosail ná mar a bhí sé ag onnmhairiú. Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, b’ionann iomlán na n-allmhairí agus 629 000 tona, agus iomlán na n-onnmhairí agus 428 000 tona. Más rud é, áfach, nár úsáideadh an acmhainneacht táirgeachta a bhí ar fáil chun an t-éileamh intíre a shásamh le linn na tréimhse a breithníodh, meastar nach dócha go n-úsáidfí an acmhainneacht táirgeachta sin atá ar fáil amach anseo chun na críche céanna. Bhí an acmhainneacht táirgeachta a tuairiscíodh sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (8 412 000 tona, féach an aithris roimhe seo) i bhfad níos airde ná an tomhaltas intíre. Ciallaíonn sé sin gur dócha go n-úsáidfidh táirgeoirí SAM a n-acmhainneacht bhreise i gcomhair díolacháin onnmhairiúcháin seachas tomhaltas intíre má thagann deiseanna margaidh onnmhairiúcháin chun cinn. |
|
(62) |
Ní dócha go n-úsáidfí an acmhainneacht bhreise a mhéadú chun onnmhairí chuig tríú tíortha seachas an tAontas. Tá na margaí móra tríú tír (an Bhrasaíl, an Indinéis, an Airgintín, an tSín, an Téalainn) neamhspleách ó thaobh táirgeadh bithdhíosail intíre de agus níor onnmhairigh na Stáit Aontaithe mórán chuig na tíortha sin go dtí seo in ainneoin a acmhainneacht bhreise. Níl aon chúis lena chreidiúint go dtiocfaidh athrú air sin amach anseo. |
|
(63) |
Dá bhrí sin, is dócha go mbainfeadh táirgeoirí SAM úsáid as cuid shuntasach den acmhainneacht bhreise le haghaidh díolacháin bhreise leis an Aontas, ar margadh an-tarraingteach é mar gurb é an margadh is mó ar domhan é le dreasachtaí iomadúla maidir le tomhaltas bithdhíosail. |
3.3.5. Cleachtais imchéimnithe agus ionsúite
|
(64) |
Mar a luaitear in aithris (1), fuarthas amach go bhfuiltear ag dul timpeall ar na bearta frithdhumpála a forchuireadh in 2009 trí bhíthin trasloingsithe trí Cheanada agus trí chomhdhéanamh an chumaisc a athrú. Léiríonn na cleachtais gur spéis le roinnt táirgeoirí SAM teacht isteach i margadh an Aontais, fiú tar éis bearta a fhorchur, agus dá bhrí sin meastar gur léiriú é ar tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí bithdhíosail SAM |
3.3.6. Conclúid maidir leis an dóchúlacht go dtosófar arís ar dhumpáil
|
(65) |
Is margadh an-tarraingteach é margadh an Aontais toisc gurb é an margadh is mó ar domhan é agus toisc go bhfuil dreasachtaí suntasacha ón Aontas agus dreasachtaí náisiúnta le haghaidh tomhaltas bithdhíosal ann. Dá bhrí sin, bheadh sé áisiúil do tháirgeoirí SAM úsáid iomlán a bhaint as a n-acmhainneacht bhreise agus cuid dá ndíolacháin onnmhairiúcháin ó thríú tíortha eile nach bhfuil chomh brabúsach sin a atreorú go margadh an Aontais. |
|
(66) |
Ar bhonn an tábla in aithris (51), chinn an Coimisiún go bhfuil táirgeoirí SAM ag díol le tríú tíortha ar phraghsanna atá faoi bhun a bpraghsanna intíre, ar an iomlán. |
|
(67) |
Chuige sin, i bhfianaise acmhainneacht bhreise shuntasach thionscal SAM, in éineacht le tarraingteacht mhargadh an Aontais ó thaobh méide agus praghais díolacháin de, go háirithe i dtaca le leibhéal praghsanna onnmhairí SAM chuig tríú tíortha, agus i bhfianaise na dtaifead ar chleachtais imchéimnithe a bhí ann roimhe seo, chinn an Coimisiún gur dócha go dtarlóidh allmhairí dumpáilte ó SAM arís dá gceadófaí do na bearta atá i bhfeidhm dul in éag. |
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeadh an Aontais
|
(68) |
De réir na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir, mhonaraigh 49 táirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil le linn na tréimhse a breithníodh. Is iad “tionscal an Aontais” iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
|
(69) |
Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ag thart ar 14 mhilliún tona. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise a chuir tionscal an Aontais ar fáil. Mar a léirítear in aithris (19), roghnaíodh trí tháirgeoir ón Aontas sa sampla is ionann agus thart ar 17,5 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(70) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn faisnéise tionscail agus Comext le haghaidh sonraí allmhairithe. |
|
(71) |
Rinneadh tomhaltas an Aontais a fhorbairt mar seo a leanas: Tábla 2 Tomhaltas an Aontais (tonaí) (14)
|
||||||||||||||||||||
|
(72) |
Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, tháinig méadú 22 % ar thomhaltas bithdhíosail san Aontas, arna ríomh mar shuim allmhairí bithdhíosail agus díolachán iomlán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, eadhon ó 13,8 milliún tona in 2017 go dtí 16,9 milliún tona. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.3.1. Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(73) |
Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn na faisnéise a chuir Eurostat ar fáil (bunachar sonraí Comext). Bunaíodh sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn sonraí a chuir an t-iarratasóir ar fáil maidir le díolacháin intíre thionscal an Aontais agus a chuir Comext ar fáil maidir le sonraí trádála. |
|
(74) |
Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar allmhairí ón tír lena mbaineann: Tábla 3 Méid na n-allmhairí (tonaí), sciar den mhargadh agus praghsanna (15)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(75) |
Ó forchuireadh bearta in 2009, tá deireadh nach mór tagtha le hallmhairí ó na Stáit Aontaithe agus ní raibh iontu ach 156 thona le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (i gcomparáid le níos mó ná 1 137 000 tona le linn na tréimhse imscrúdaithe bunaidh). |
4.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais
|
(76) |
Is ar éigean go raibh allmhairí bithdhíosail ó na Stáit Aontaithe chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe a d’fhéadfaí a úsáid mar bhonn iontaofa chun sladghearradh a ríomh. |
|
(77) |
Mar rogha mhalartach, chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:
|
|
(78) |
Ba é sladghearradh praghais 6,4 % toradh na comparáide. |
4.4. Allmhairí ó thríú tíortha seachas SAM
|
(79) |
Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, b’ionann allmhairí ó thríú tíortha agus 3 750 000 tona nó tuairim is 22 % de thomhaltas iomlán an Aontais. Ba iad an Airgintín (24 % d’allmhairí an Aontais), an Mhalaeisia (18 %), Singeapór (13 %) agus an Indinéis (5 %) na príomhfhoinsí d’allmhairí bithdhíosail seachas na Stáit Aontaithe. |
|
(80) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid (comhiomlánaithe) na n-allmhairí chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le hallmhairí bithdhíosail ó thríú tíortha eile: Tábla 4 Allmhairí ó thríú tíortha (16)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(81) |
Baineadh dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí ón Airgintín agus ón Indinéis – dhá mhórthír onnmhairiúcháin bithdhíosail – in 2018. Dá réir sin, tháinig méadú ar allmhairí ó thríú tíortha in 2018 agus d’fhan siad ar leibhéal thart ar 3,8 milliún tona in 2019 agus le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tríd is tríd, tháinig méadú 145 % ar allmhairí ó thríú tíortha seachas ó SAM le linn na tréimhse a breithníodh. Ina theannta sin, mhéadaigh a sciar den mhargadh ó 11 % go 22 % le linn na tréimhse a breithníodh. |
|
(82) |
A mhéid a bhaineann le praghsanna, tá an staid éagsúil ó thír go tír. |
|
(83) |
Maidir leis an Airgintín, príomhfhoinse na n-allmhairí, d’fhorchuir an Coimisiún bearta cinntitheacha frith-fhóirdheontais i mí Feabhra 2019 ar allmhairí bithdhíosail ón tír sin, agus, ag an am céanna, ghlac sé cinneadh lena nglactar le gnóthais maidir le praghas íosta ó ocht dtáirgeoir ón Airgintín agus ó Chumann Bithbhreoslaí na hAirgintíne (CARBIO). Dá bharr sin tháinig méadú suntasach ar phraghsanna na bliana 2019 (méadú 14 % i gcomparáid le 2018) agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (méadú 17 % i gcomparáid le 2018). |
|
(84) |
Maidir leis an Indinéis, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach dleachtanna frithchúitimh in 2019 ar allmhairí bithdhíosail fóirdheonaithe ón Indinéis. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú suntasach ar allmhairí de thionscnamh na hIndinéise don bhliain 2020. |
|
(85) |
I gcás na hIndinéise agus na Malaeisia, bhí praghsanna ag dul i laghad. Ag an am céanna, i gcás na dtríú tíortha eile, bhí méadú suntasach ag teacht orthu. Tríd is tríd, tháinig méadú 11 % ar mheánphraghsanna díolacháin na n-allmhairí ó thríú tíortha seachas SAM le linn na tréimhse a breithníodh. Tá an treocht sin comhsheasmhach leis an treocht a tugadh faoi deara i gcomhair allmhairí ó na tíortha lena mbaineann i dTábla 3 thuas. Mar sin féin, tá treocht na bpraghsanna éagsúil i gcomparáid le praghsanna díolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais i dTábla 8 thíos. Tháinig laghdú ar phraghsanna táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil, i gcomhréir leis an laghdú ar na costais táirgthe. Is é an toradh atá air sin gur tháinig laghdú ar an mbearna i bpraghsanna idir onnmhaireoirí tríú tíortha agus na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil, rud a mhéadaíonn iomaíochas thionscal an Aontais. |
4.5. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.5.1. Barúlacha ginearálta
|
(86) |
Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. |
|
(87) |
Mar a luaitear in aithrisí (18) agus (19), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais a mheasúnú. |
|
(88) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne sé meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí a chuir tionscal an Aontais ar fáil agus sonraí maicreacnamaíocha eile a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith amhail FAO-ECFE. Rinne sé meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil. Maidir leis an dá thacar sonraí, fuarthas amach go raibh siad ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(89) |
Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeadh, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainne, méid an díolacháin, sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh fóirdheontais, agus téarnamh tar éis fóirdheontas a fuarthas san am atá thart. |
|
(90) |
Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thógáil. |
4.5.2. Táscairí maicreacnamaíocha (17)
4.5.2.1. Táirgeadh, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
(91) |
Tháinig forbairt ar tháirgeacht iomlán, acmhainneacht táirgeachta iomlán agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas: Tábla 5 An táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(92) |
Tháinig méadú ó 12,6 milliún tona in 2017 go 14,0 milliún tona ar tháirgeacht an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, is é sin méadú 11 % le linn na tréimhse a breithníodh. I gcás inar tháinig méadú 22 % ar an tomhaltas le linn na tréimhse a breithníodh, thug tionscal an Aontais freagra dearfach air sin trína tháirgeadh a mhéadú. |
|
(93) |
Ag an am céanna, tháinig méadú 9 % ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse a breithníodh agus baineadh amach 17,5 milliún tona le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tá a chumas á fhorbairt ag tionscal an Aontais chun freagairt don mhéadú ar éileamh. De réir tuarascála (18), baineann an méadú seo ar acmhainneacht le táirgeadh Ola Glasraí Hidreachóireáilte (HVO) den chuid is mó. |
|
(94) |
Mar thoradh ar an méadú comhuaineach ar an táirgeacht agus ar an acmhainneacht táirgeachta, bhí an úsáid acmhainneachta cobhsaí le linn na tréimhse a breithníodh, agus í thart ar 80 %. |
4.5.2.2. Méid díolacháin agus sciar den mhargadh
|
(95) |
Thar an tréimhse a breithníodh tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas: Tábla 6 An méid díolachán agus an scair den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(96) |
Mhéadaigh tionscal an Aontais a gcuid díolachán ar mhargadh an Aontais ó 12,3 milliún tona in 2017 go 13,2 milliún tona le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (+ 7 %). |
|
(97) |
Ó tháinig méadú 22 % ar thomhaltas san Aontas, mar gheall ar an méadú níos ísle ar mhéid iarbhír na ndíolachán, tháinig laghdú ar sciar margaidh thionscal an Aontais, ó thart ar 89 % in 2017 go 78 % le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tá an laghdú sin ar an sciar den mhargadh nasctha leis an méadú ar allmhairí ó thríú tíortha go háirithe ó 2018 ar aghaidh (aithris (80)). |
4.5.2.3. Fás
|
(98) |
Léiríonn roinnt táscairí (táirgeadh, acmhainneacht táirgeachta, díolacháin, fostaíocht) fás dearfach ar thionscal an Aontais le linn na tréimhse sin. Mar sin féin, is measartha an fás seo i gcomparáid le forbairt tomhaltais bithdhíosail le linn na tréimhse céanna. Go deimhin, tháinig laghdú iarbhír ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse tagartha. |
4.5.2.4. An fhostaíocht agus an táirgiúlacht
|
(99) |
Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht thar an tréimhse a breithníodh: Tábla 7 An fhostaíocht agus an táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(100) |
Le linn na tréimhse a breithníodh, mhéadaigh an fhostaíocht ó 2 643 go 3 909, méadú 48 %. |
|
(101) |
De réir mar a mhéadaigh táirgeadh ar bhonn níos lú (+ 11 %), tháinig laghdú ar tháirgiúlacht (- 25 %) mar thoradh air sin. |
4.5.2.5. Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin
|
(102) |
Mar a míníodh in aithris (42), níorbh fhéidir cinneadh a dhéanamh maidir le dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Dá bhrí sin, dhírigh an t-imscrúdú ar an dóchúlacht go ndéanfaí dumpáil arís i gcás ina n-aisghairfí na bearta frithdhumpála. |
|
(103) |
San athbhreithniú éaga a bhí ann roimhe seo, léirigh tionscal an Aontais go raibh sé ag téarnamh ón tionchar a bhí ag dumpáil san am atá thart. Le linn na tréimhse a breithníodh san imscrúdú reatha ar an athbhreithniú éaga, leanadh den phróiseas téarnaimh mar a léiríodh le treocht fhabhrach do thionscal an Aontais maidir leis na príomhtháscairí díobhála. |
4.5.3. Táscairí micreacnamaíocha (19)
4.5.3.1. Praghsanna agus fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna
|
(104) |
Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh: Tábla 8 Praghsanna díola san Aontas
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(105) |
Le linn na tréimhse sin a breithníodh tháinig laghdú 9 % ar an gcostas táirgthe (ó EUR 828/tona go EUR 755/tona). Is é is cúis leis sin, i bpáirt, an laghdú ar phraghas na n-olaí glasraí, praghas a bhí ag laghdú le linn na tréimhse sin. Cé nach ndéantar gach bithbhreosla as olaí glasraí, is tomhas maith ionadach é praghas na n-olaí glasraí ar phraghas an phríomhionchur i dtáirgeadh bithdhíosail. |
|
(106) |
Tháinig laghdú 8 % ar an meánphraghas díolacháin, ó EUR 834/tona in 2017 go EUR 771/tona le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Is féidir é sin a nascadh leis an laghdú a chonacthas i bpraghas an táirgthe. |
4.5.3.2. Costais saothair
|
(107) |
Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a breithníodh: Tábla 9 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||
|
(108) |
Tháinig méadú 14 % ar mheánchostas saothair na gcuideachtaí a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tá tionchar sách beag ag an éagsúlacht sin ós rud é nach bhfuil sa chostas saothair ach tuairim is 3 % de chostas iomlán na monaraíochta. |
4.5.3.3. Fardail
|
(109) |
Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a breithníodh: Tábla 10 Fardail
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(110) |
Bhí leibhéal an fhardail cobhsaí ag thart ar 1 % den táirgeadh. Is é cóimheas an-íseal é sin a léiríonn go bhfuil an tionscal in ann a bheith ag obair ar éileamh agus teorainn a chur leis an bhfardal. Tá sé seo riachtanach freisin chun díghrádú bithdhíosail a sheachaint. |
4.5.3.4. Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a ardú
|
(111) |
Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí tháirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a breithníodh: Tábla 11 An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(112) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil trí ghlanbhrabús roimh cháin dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. D’fhan an bhrabúsacht ag leibhéal íseal. Ach léiríonn sí treocht beagán dearfach thar an tréimhse a breithníodh, ag í ag méadú ó 1 % go 3 %. Bhí sé sin nasctha leis an laghdú ar chostas táirgthe do na cuideachtaí a rinneadh a shampláil (- 9 %). Taobh thiar den mheán seo, áfach, tá difríocht mhór idir táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil agus roinnt cuideachtaí nach ndéanann aon bhrabús ar chor ar bith. |
|
(113) |
Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas na dtáirgeoirí ón Aontas a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. An treocht maidir le sreabhadh airgid glan, tháinig forbairt dearfach uirthi i dtreo dheireadh na tréimhse a breithníodh (in 2019 agus an chéad leath de 2020), ach sa bhliain 2018 chonacthas laghdú géar ar an sreabhadh airgid. Maidir leis an laghdú in 2018, cás sonrach ceann amháin de na cuideachtaí a rinneadh a shampláil ag a bhfuil samhail ghnó speisialta ba chúis leis den chuid is mó. I gcás an dá chuideachta eile a rinneadh bhí an treocht réasúnta cobhsaí. |
|
(114) |
Infheistíochtaí sna cuideachtaí a rinneadh a shampláil, ní raibh treocht shoiléir ina leith le linn na tréimhse a breithníodh. Infheistíocht ó chuideachta amháin nó ón gcuideachta eile a rinneadh a shampláil, nó easpa infheistíochta, d’fhéadfadh sé leibhéal na n-infheistíochtaí a thabhairt suas agus síos ó bhliain go chéile. B’ionann infheistíochtaí agus thart ar 1-2 % den láimhdeachas le linn na tréimhse a breithníodh, rud atá teoranta. |
|
(115) |
Is é an toradh ar infheistíochtaí (TAI) an brabús ina chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Tháinig forbairt dearfach air le linn na tréimhse a breithníodh agus bhí sé ard fós sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tá an TAI ard seo nasctha go príomha, áfach, le glanluach íseal na n-infheistíochtaí de réir na leabhar, seachas le brabús ard. |
4.6. Conclúid faoi dhíobháil
|
(116) |
Le linn na tréimhse a breithníodh, i gcomhthéacs allmhairí ó SAM nach raibh ann, nach mór, tháinig méadú suntasach ar líon na n-allmhairí ó thríú tíortha (faoi 145 %), ach tháinig méadú ar leibhéal na bpraghsanna chomh maith (faoi 11 %). Ag an am céanna tháinig laghdú 8 % ar phraghsanna thionscal an Aontais, i gcomhréir le laghdú 9 % ar na costais táirgthe. Is é an toradh atá air sin gur tháinig cungú ar an mbearna i bpraghsanna idir onnmhaireoirí tríú tíortha agus na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil, rud a mhéadaíonn iomaíochas thionscal an Aontais. |
|
(117) |
Tríd is tríd, léiríonn na táscairí díobhála treocht dhearfach le linn na tréimhse a breithníodh, go háirithe maidir le táirgeadh (+ 11 %), acmhainneacht táirgeachta (+ 9 %) agus díolacháin (+ 7 %) agus léiríonn siad go bhfuil tionscal bithdhíosail an Aontais ag téarnamh de réir a chéile ó dhíobháil roimhe seo. Léirítear san anailís ar na táscairí díobhála nach bhfuil díobháil ábhartha ag baint do thionscal an Aontais faoi láthair. Mar sin féin, léiríonn táscairí áirithe, an bhrabúsacht íseal go háirithe (≤ 3 %) go bhfuil sé fós leochaileach ó thaobh na heacnamaíochta de. |
|
(118) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. |
5. DÓCHÚLACHT ATARLAITHE NA DÍOBHÁLA
|
(119) |
Rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, cibé acu a bheadh an dóchúlacht ann go dtarlódh díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ó SAM ba chúis leis an díobháil dá ligfí do na bearta dul in éag, nó nach mbeadh. |
|
(120) |
Maidir leis sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sna Stáit Aontaithe, na praghasleibhéil is dócha a bheidh ann d’allmhairí ó na Stáit Aontaithe in éagmais bearta frithdhumpála, agus a dtionchar ar thionscal an Aontais, lena n-áirítear sladghearradh gan bearta frithdhumpála |
5.1. Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise i SAM
|
(121) |
Mar a thuairiscítear i roinn 3.3.4 thuas, is suntasach iad na cainníochtaí a d’fhéadfadh táirgeoirí bithdhíosail SAM a onnmhairiú i gcomparáid le méid mhargadh an Aontais. Go deimhin, is ionann na hacmhainneachtaí breise agus 18 % de thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Dá réir sin, chinn an Coimisiún gur suntasach na hacmhainneachtaí breise atá ar fáil. |
5.2. Leibhéil praghsanna dóchúla na n-allmhairí ó na Stáit Aontaithe in éagmais bearta frithdhumpála
|
(122) |
Mar a thuairiscítear i roinn 3.3.2 thuas, bunaithe ar iompraíocht reatha phraghsála ar mhargaí onnmhairiúcháin tríú tíortha, d’onnmhairigh táirgeoirí SAM chuig a bpríomh-thríú margaí ar phraghsanna a bhí níos ísle ná na praghsanna intíre i SAM. Ina theannta sin, mar a léirítear in aithrisí (77)-(78) thuas, leis na praghsanna sin sladghearrtar praghsanna thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais 6,4 % ar an meán chomh maith. Dá bhrí sin, agus leibhéal praghsanna na n-onnmhairí ó SAM chuig margaí tríú tíortha eile á gcur san áireamh, d’fhéadfadh onnmhairiú chuig an Aontas a bheith i bhfad níos tarraingtí d’onnmhaireoirí SAM. Ina theannta sin, mar a léirítear i roinn 3.3.6 thuas, tá margadh an Aontais an-tarraingteach toisc gurb é an margadh is mó ar domhan é agus toisc go bhfuil dreasachtaí suntasacha ón Aontas agus dreasachtaí náisiúnta le haghaidh tomhaltas bithdhíosal ann. |
5.3. An tionchar is dócha a bheidh ar thionscal an Aontais
|
(123) |
Dá bhrí sin, dá gceadófaí do na bearta dul in éag, chuirfeadh mhéideanna suntasacha de bhithdhíosal dumpáilte ó SAM brú an-láidir anuas ar phraghsanna an Aontais agus bheadh tionchar suntasach acu ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. Dá thoradh sin, is dócha go dtiocfadh laghdú ar mhéideanna táirgeachta agus díolacháin thionscal an Aontais agus go dtiocfadh caillteanais as na brabúis bheaga a bhaineann an tionscal amach faoi láthair. |
|
(124) |
Rinne an Coimisiún measúnú breise ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na hallmhairí trí dhá chás fhéideartha a shamhaltú i gcás ina gceadófaí do na bearta dul in éag, eadhon (1) borradh ar allmhairí ó SAM agus (2) laghdú na bpraghsanna san Aontas mar gheall ar iomaíocht mhéadaithe, agus gach ní eile mar a chéile. |
|
(125) |
Sa chéad chás, shamhaltaigh an Coimisiún dhá leibhéal fhéideartha allmhairí SAM. Ba é an chéad rogha ná go dtiocfadh allmhairí ó SAM ar mhéideanna stairiúla (le linn na chéad tréimhse imscrúdaithe (20)), is é sin 1,1 milliún tona. Mar thoradh ar an méadú ar allmhairí ó SAM agus ar an laghdú ar dhíolacháin thionscal an Aontais ina dhiaidh sin, thiocfadh laghdú 0,14 % ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, is é sin le rá ó + 2,84 % go + 2,70 %. Sa dara rogha, cuireadh san áireamh an méadú an-suntasach ar mhéid mhargadh an Aontais ó 6,6 milliún tona le linn na chéad tréimhse imscrúdaithe go 17 mhilliún tona le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (+ 158 %). Sa chomhthéacs sin, shamhaltaigh an Coimisiún borradh ar allmhairí a fhreagraíonn don sciar céanna den mhargadh a bhí ag SAM le linn na chéad tréimhse imscrúdaithe, is é sin sciar 17,2 %. Ba é an toradh a bhí air sin go dtiocfadh laghdú 0,41 % ar bhrabúsacht thionscal an Aontais ó + 2,84 % go dtí 2,43 %. Sa dá chás, is féidir a rá go raibh tionchar an bhorradh allmhairí SAM, ag praghsanna tairiseacha, measartha go leor. Tá sé seo nasctha le sciar ard na gcostas athraitheach sa tionscal bithdhíosail. |
|
(126) |
Sa dara cás, cinneadh go bhféadfadh laghdú ar phraghsanna dochar mór a dhéanamh. I gcás laghdú ar phraghsanna an Aontais go dtí leibhéal phraghsanna onnmhairí SAM go tríú tíortha (EUR 721/tona), thitfeadh an brabús ó + 2,84 % go - 3,88 %. I gcás laghdú 10 % ar phraghsanna an Aontais, eadhon ó EUR 771/tona go EUR 694/tona, laghdófaí an brabús ó + 2,84 % go – 7,94 %. In aon chás, aon laghdú ar phraghsanna atá níos airde ná - 2,9 %, ciallóidh sé sin nach mbeadh aon bhrabús ag tionscal an Aontais. |
|
(127) |
I ndáiríre, dá gceadófaí do bhearta dul in éag, is ródhócha go dtarlódh meascán den dá chás thuas ar an margadh. Go háirithe, d’fhéadfaí a bheith ag súil go dtiocfadh méideanna suntasacha bithdhíosail de thionscnamh SAM isteach i margadh an Aontais agus ar phraghsanna níos ísle ná praghsanna thionscal an Aontais. Mar thoradh air sin, laghdódh an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais, chomh maith lena bpraghsanna. Bheadh caillteanais shuntasacha do thionscal an Aontais mar thoradh air sin. |
5.4. Conclúid maidir leis an dóchúlacht go ndéanfaí díobháil arís
|
(128) |
Ar an mbonn sin, agus ag tabhairt dá aire staid leochaileach reatha thionscal an Aontais, chinn an Coimisiún gur dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ó SAM ar phraghsanna díobhálacha agus go ndéanfaí díobháil ábhartha mar thoradh ar easpa beart. |
6. LEAS AN AONTAIS
|
(129) |
I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún cibé acu an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus úsáideoirí. I gcomhréir le hAirteagal 21(1), an tríú abairt, den bhun-Rialachán tugadh aird ar leith ar an ngá atá leis an tionscal a chosaint ar na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le dumpáil dhíobhálach. |
6.1. Leas thionscal an Aontais
|
(130) |
Dá gceadófaí do na bearta reatha dul i léig, is cinnte go mbeidh iomaíocht éagórach mhéadaithe ó tháirgeoirí bithdhíosail SAM i ndán do thionscal an Aontais, ar dóichí go gcuirfear stad tobann le téarnamh leanúnach thionscal an Aontais. |
|
(131) |
Chinn Coimisiún go rachadh sé chun leasa thionscal an Aontais leanúint de na bearta. |
6.2. Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara
|
(132) |
Níor chuir aon allmhaireoir i gcoinne síneadh a chur leis na bearta. |
|
(133) |
D’áitigh Shell Trading Rotterdam go n-eascróidh praghsanna méadaithe as na bearta trí sholáthar ar mhargadh an Aontais a theorannú. Thug sé dá aire freisin infhaighteacht bithdhíosail ó mhargaí eile. |
|
(134) |
Is cosúil nach ndéanann na bearta difear suntasach do na hallmhaireoirí toisc go bhfuil foinsí malartacha soláthairtí ar fáil. Is léir sin ón sciar suntasach den mhargadh atá ag allmhairí ó thríú tíortha. |
|
(135) |
Mar sin, chinn an Coimisiún nach ndéanfadh sé díobháil shuntasach do leasa allmhaireoirí leanúint de na bearta. |
6.3. Leas úsáideoirí
|
(136) |
Bhí teorainn le rannpháirtíocht na n-úsáideoirí san imscrúdú. |
|
(137) |
Mhaígh dhá úsáideoir, Preem, an chuideachta breosla is mó sa tSualainn, agus Valero Energy Ltd Ireland gurb é a bheidh i síneadh na mbeart bac díreach ar fhorbairt ghlas na hearnála iompair san Eoraip. D’iarr Preemagus Valero Energy Ltd Ireland go sonrach go ndéanfaí HVO a eisiamh ón raon táirge reatha mar go bhfuil siad ag súil le ganntanas HVO sna blianta atá le teacht. Thagair Valero Energy Ltd Ireland go sonrach do spriocanna fuinnimh in-athnuaite an Aontais i dtaca leis an iompar do 2030, agus iad ag maíomh nach mbainfí na spriocanna sin amach i bhfianaise tháirgeacht reatha an Aontais. |
|
(138) |
Thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil a ndóthain acmhainneachta ag táirgeoirí an Aontais an t-éileamh atá ann faoi láthair a shásamh agus fiú go bhfuil acmhainneacht bhreise acu méadú ar éileamh agus onnmhairí amach anseo a shásamh. Thairis sin, bhí sé ró-luath chun a mheas an dócha go dtiocfaidh ganntanas chun cinn in 2030, i bhfianaise, go háirithe, na méaduithe a rinneadh le déanaí ar acmhainneacht an Aontais. Mar sin féin, d’fhéadfadh gur fearr a bheidh an Coimisiún in ann an staid a mheas i gcás ina n-iarrfar air athbhreithniú éaga a dhéanamh i gceann 5 bliana. Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(139) |
Níl aon chosúlacht ann go ndearna na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair difear diúltach d’úsáideoirí bithdhíosail an Aontais, agus go háirithe níl aon fhianaise ann go raibh drochthionchar ag na bearta atá ann cheana ar a mbrabúsacht. |
|
(140) |
Mar sin, chinn an Coimisiún nach ndéanfadh sé dochar do leasa úsáideoirí leanúint de na bearta. |
6.4. Conclúid maidir le leas an Aontais
|
(141) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, chinn an Coimisiún nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí bithdhíosail ar de thionscnamh SAM iad a choinneáil ar bun. |
7. BEARTA FRITHDHUMPÁLA
|
(142) |
Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir leis an dóchúlacht go leanfaí le dumpáil agus díobháil nó go dtarlódh siad arís, fágann sé sin gur cheart, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí bithdhíosail de thionscnamh SAM, a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1518 ón gCoimisiún, arna leasú le Rialachán (AE) 2016/676, ba cheart iad a choimeád. |
|
(143) |
Mar a leagtar amach in aithris (1) thuas, leathnaíodh na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí bithdhíosail ó SAM chun allmhairí den táirge céanna a choinsínítear ó Cheanada a chumhdach chomh maith, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, agus allmhairí bithdhíosail i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, 20 % nó níos lú d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pharaifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, agus ar de thionscnamh SAM iad. |
|
(144) |
Leanfar de na dleachtanna frithdhumpála atá le cothabháil a leathnú chuig allmhairí bithdhíosail a choinsínítear ó Cheanada, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, chomh maith le bithdhíosal i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, 20 % nó níos lú d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pharaifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, agus ar de thionscnamh SAM iad. |
|
(145) |
Na táirgeoirí onnmhairiúcháin ó Cheanada a bhí díolmhaithe ó na bearta, arna leathnú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1518, beidh siad díolmhaithe freisin ó na bearta a fhorchuirtear leis an Rialachán seo. |
|
(146) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán. |
|
(147) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart go mbeadh an t-ús atá le híoc ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pharaifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar “bithdhíosal” de ghnáth, i bhfoirm íon nó i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 20 % d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pharaifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, agus ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad, agus a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cód TARIC 1516209829), ex 1518 00 91 (cód TARIC 1518009129), ex 1518 00 99 (cód TARIC 1518009929), ex 2710 19 43 (cód TARIC 2710194329), ex 2710 19 46 (cód TARIC 2710194629), ex 2710 19 47 (cód TARIC 2710194729), ex 2710 20 11 (cód TARIC 2710201129), ex 2710 20 16 (cód TARIC 2710201629), ex 3824 99 92 (cód TARIC 3824999212), ex 3826 00 10 (cóid TARIC 3826001029, 3826001059, 3826001099) agus ex 3826 00 90 (cód TARIC 3826009019).
2. Is méid socraithe mar seo a leanas na rátaí maidir leis an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais roimh dhleacht, i gcás an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus a mhonaraíonn na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Ráta dleachta frithdhumpála EUR in aghaidh an tona ghlan |
Cód breise TARIC |
|
Archer Daniels Midland Company, Decatur |
68,6 |
A933 |
|
Cargill Inc., Wayzata |
0 |
A934 |
|
Green Earth Fuels of Houston LLC, Houston |
70,6 |
A935 |
|
Imperium Renewables Inc., Seattle |
76,5 |
A936 |
|
Peter Cremer Meiriceá Thuaidh LP, Cincinnati |
198,0 |
A937 |
|
World Energy Alternatives LLC, Bostún |
82,7 |
A939 |
|
Cuideachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I |
115,6 |
Féach Iarscríbhinn I |
|
Gach cuideachta eile |
172,2 |
A999 |
Beidh an dleacht frithdhumpála ar chumaisc infheidhme i gcoibhneas sa chumasc, de réir meáchain, den chion iomlán d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus gáis-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise (cion bithdhíosail).
3. Beidh cur i bhfeidhm an ráta dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí dá dtagraítear in mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
4. Má thugann aon pháirtí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá dóthain fianaise don Choimisiún:
|
(a) |
nach ndearna sé na hearraí a thuairiscítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdaithe (an 1 Aibreán 2007-31 Márta 2008); |
|
(b) |
nach bhfuil baint aige le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus |
|
(c) |
go bhfuil na hearraí lena mbaineann onnmhairithe aige go hiarbhír nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdaithe. |
féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a leasú chun an dleacht is infheidhme ar tháirgeoirí comhoibritheacha nach n-áirítear sa sampla a shannadh don pháirtí sin, i.e. EUR 115,6 in aghaidh an tona.
Airteagal 2
1. Déantar an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infeidhme maidir le “gach cuideachta eile” mar a leagtar amach in Airteagal 1(2), a leathnú chuig allmhairí d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pharaifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar “bithdhíosal” de ghnáth, i bhfoirm íon nó i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 20 % d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pharaifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, a choinsínítear ó Cheanada, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, agus a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cód TARIC 1516209821), ex 1518 00 91 (cód TARIC 1518009121), ex 1518 00 99 (cód TARIC 1518009921), ex 2710 19 43 (cód TARIC 2710194321), ex 2710 19 46 (cód TARIC 2710194621), ex 2710 19 47 (cód TARIC 2710194721), ex 2710 20 11 (cód TARIC 2710201121), ex 2710 20 16 (cód TARIC 2710201621), ex 3824 99 92 (cód TARIC 3824999210), ex 3826 00 10 (cóid TARIC 3826001020, 3826001050, 3826001089) agus ex 3826 00 90 (cód TARIC 3826009011), cé is moite díobh siúd atá á dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír |
Cuideachta |
Cód breise TARIC |
|
Ceanada |
BIOX Corporation, Oakville, Ontario, Ceanada |
B107 |
|
Ceanada |
DSM Products Cothú Ceanada Inc., Dartmouth, Albain Nua, Ceanada |
C114 |
|
Ceanada |
Rothsay Biodiesel, Guelph, Ontario, Ceanada |
B108 |
Is é a bheidh sa dleacht atá le síneadh ná an dleacht a bhunaítear maidir le “gach cuideachta eile” in Airteagal 1(2), ar dleacht frithdhumpála chinntitheach EUR 172,2 in aghaidh an tona ghlan é.
Beidh an dleacht frithdhumpála ar chumaisc infheidhme i gcoibhneas sa chumasc, de réir meáchain, den chion iomlán d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus gáis-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise (cion bithdhíosail).
2. Beidh cur i bhfeidhm na n-díolúintí a dheonaítear do chuideachtaí dá dtagraítear i mír 1 nó atá údaraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(2) coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an ráta dleachta mar a fhorchuirtear le mír 1.
Airteagal 3
1. An dleacht frithdhumpála chinntitheach mar a leagtar amach in Airteagal 1(2), déantar í a leathnú chuig allmhairí d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pharaifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar “bithdhíosal” de ghnáth, i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, 20 % nó níos lú d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pharaifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, agus ar de thionscnamh na Stáit Aontaithe Mheiriceá iad, agus a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cód TARIC 1516209830), ex 1518 00 91 (cód TARIC 1518009130), ex 1518 00 99 (cód TARIC 1518009930), ex 2710 19 43 (cód TARIC 2710194330), ex 2710 19 46 (cód TARIC 2710194630), ex 2710 19 47 (cód TARIC 2710194730), ex 2710 20 11 (cód TARIC 2710201130), ex 2710 20 16 (cód TARIC 2710201630), ex 3824 99 92 (cód TARIC 3824999220) agus ex 3826 00 90 (cód TARIC 3826009030).
Beidh an dleacht frithdhumpála ar chumaisc infheidhme i gcoibhneas sa chumasc, de réir meáchain, den chion iomlán d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus gáis-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise (cion bithdhíosail).
2. Beidh cur i bhfeidhm an ráta dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme faoi Airteagal 1(2) maidir le gach cuideachta eile.
Airteagal 4
1. Déanfar iarrataí ar dhíolúine ón dleacht arna fadú le hAirteagal 2(1) agus Airteagal 3(1) i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine na hiarrataí a shíniú. Ní mór an iarraidh a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na Trádála |
|
Stiúrthóireacht G |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 170, CHAR 04/034 |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: TRADE-TDI-INFORMATION@ec.europa.eu
2. I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach, a údarú, le cinneadh, go ndéanfar allmhairí ó chuideachtaí nach dtéann timpeall ar na bearta frithdhumpála a fhorchuirtear le hAirteagal 1, a dhíolmhú ón ndleacht a leathnaítear le hAirteagal 2(1) agus Airteagal 3(1).
Airteagal 5
I gcásanna ina ndearnadh damáiste d’earraí roimh theacht i saorchúrsaíocht dóibh agus, dá bhrí sin, go ndéantar an praghas iarbhír a íocadh nó an praghas atá iníoctha a chionroinnt chun an luach custaim a chinneadh de bhun Airteagal 131(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (22), déanfar méid na dleachta frithdhumpála a leagtar síos in Airteagail 1, 2 agus 3 a laghdú céatadán ar leith a chomhfhreagraíonn do chionroinnt an phraghais iarbhír a íocadh nó an phraghais atá iníoctha.
Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachta custaim.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí bithdhíosail ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad (IO L 179, 10.7.2009, lch. 26).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 444/2011 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2011 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 maidir le hallmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá chuig allmhairí bithdhíosail a choinsínítear ó Cheanada, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, agus lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 chuig allmhairí bithdhíosail i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, 20 % nó níos lú de bhithdhíosal de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú i leith allmhairí a choinsínítear ó Shingeapór (IO L 122, 11.5.2011, lch. 12).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1518 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach maidir le hallmhairí bithdhíosail ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 239, 15.9.2015, lch. 69).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/676 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2016 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1518 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach maidir le hallmhairí bithdhíosail ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 116, 30.4.2016, lch. 31).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1598 ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1518 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach maidir le hallmhairí bithdhíosail ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 245, 23.9.2017, lch. 1).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1121 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1518 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach maidir le hallmhairí bithdhíosail ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 204, 13.8.2018, lch. 33).
(8) Fógra maidir le dul in éag beart frithdhumpála áirithe atá le tarlú (IO C 18, 20.1.2020, lch. 20).
(9) Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO C 303, 14.9.2020, lch. 18).
(10) Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frith-fhóirdheontais is infheidhme maidir le hallmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO C 303, 14.9.2020, lch. 7).
(11) Doiciméad Tron: t21.000417.
(12) Fógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais IO C 86/6, 16.3.2020.
(13) Rialachán (CE) Uimh. 193/2009 ón gCoimisiún an 11 Márta 2009 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí bithdhíosail ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad (IO L 67, 12.3.2009, lch. 22).
(14) Tá an tomhaltas bunaithe ar shonraí 27 mBallstát an Aontais, gan sonraí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a áireamh.
(15) Tá méid na n-allmhairí bunaithe ar shonraí 27 mBallstát an Aontais, gan sonraí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a áireamh.
(16) Tá allmhairí ó thríú tíortha bunaithe ar shonraí 27 mBallstát an Aontais, gan sonraí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a áireamh ach lena n-áirítear sonraí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe mar thríú tír.
(17) Bhí na sonraí macrachóineasacha bunaithe ar 27 mBallstát an Aontais, gan sonraí ón Ríocht Aontaithe a áireamh.
(18) USDA, Tuarascáil Bhliantúil Bithbhreoslaí (Tuarascáil GAIN), an 29 Meitheamh 2020.
(19) Tá táscairí micreacnamaíocha bunaithe ar shonraí 28 mBallstát an Aontais, agus an Ríocht Aontaithe san áireamh. Bunaithe ar mhéid íseal na ndíolachán ag na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil chuig an Ríocht Aontaithe (thart ar 1,1 % de mheándíolacháin san Aontas Eorpach ag na táirgeoirí sin sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe), ba chosúil gur fíorbheag tionchar na n-idirbheart a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ar na torthaí maidir le díobháil, agus ní bheadh na conclúidí maidir le díobháil ábhartha athraithe mar sin agus sonraí ó 27 mBallstát an Aontais á n-úsáid.
(20) 1 Aibreán 2007 go dtí 31 Márta 2008.
(21) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(22) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonracha maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).
IARSCRÍBHINN I
|
Ainm na Cuideachta |
Cathair |
Cód breise TARIC |
|
AG Processing Inc. |
Omaha |
A942 |
|
Alabama Clean Fuels Coalition Inc. |
Birmingham |
A940 |
|
American Made Fuels, Inc. |
Canton |
A940 |
|
Arkansas SoyEnergy Group |
DeWitt |
A940 |
|
Arlington Energy, LLC |
Mansfield |
A940 |
|
Athens Biodiesel, LLC |
Athens |
A940 |
|
Beacon Energy |
Cleburne |
A940 |
|
Biodiesel of Texas, Inc. |
Denton |
A940 |
|
BioDiesel One Ltd |
Southington |
A940 |
|
Buffalo Biodiesel, Inc |
Tonawanda |
A940 |
|
BullDog BioDiesel |
Ellenwood |
A940 |
|
Carbon Neutral Solutions, LLC |
Mauldin |
A940 |
|
Central Iowa Energy LLC |
Newton |
A940 |
|
Chesapeake Custom Chemical Corp. |
Ridgeway |
A940 |
|
Community Fuels |
Stockton |
A940 |
|
Delta BioFuels Inc. |
Natchez |
A940 |
|
Diamond Biofuels |
Mazon |
A940 |
|
Direct Fuels |
Euless |
A940 |
|
Eagle Creek Fuel Services, LLC |
Baltimore |
A940 |
|
Earl Fisher Bio Fuels |
Chester |
A940 |
|
East Fork Biodiesel LLC |
Algona |
A940 |
|
ECO Solutions, LLC |
Chatsworth |
A940 |
|
Ecogy Biofuels LLC |
Tulsa |
A940 |
|
ED&F Man Biofuels Inc. |
New Orleans |
A940 |
|
Freedom Biofuels Inc. |
Madison |
A940 |
|
Fuel & Lube, LLC |
Richmond |
A940 |
|
Fuel Bio |
Elizabeth |
A940 |
|
FUMPA Bio Fuels |
Redwood Falls |
A940 |
|
Galveston Bay Biodiesel LP (BioSelect Fuels) |
Houston |
A940 |
|
Geo Green Fuels LLC |
Houston |
A940 |
|
Georgia Biofuels Corp. |
Loganville |
A940 |
|
Green River Biodiesel, Inc. |
Moundville |
A940 |
|
Griffin Industries Inc. |
Cold Spring |
A940 |
|
High Plains Bioenergy |
Guymon |
A940 |
|
Huish Detergents Inc. |
Salt Lake City |
A940 |
|
Incobrasa Industries Ltd. |
Gilman |
A940 |
|
Independence Renewable Energy Corp. |
Perdue Hill |
A940 |
|
Indiana Flex Fuels |
LaPorte |
A940 |
|
Innovation Fuels Inc. |
Newark |
A940 |
|
Iowa Renewable Energy LLC |
Washington |
A940 |
|
Johann Haltermann Ltd. |
Houston |
A940 |
|
Lake Erie Biofuels LLC |
Erie |
A940 |
|
Leland Organic Corporation |
Leland |
A940 |
|
Louis Dreyfus Agricultural Industries LLC |
Claypool |
A940 |
|
Louis Dreyfus Claypool Holdings LLC |
Claypool |
A940 |
|
Memphis Biofuels, LLC |
Memphis |
A942 |
|
Middle Georgia Biofuels |
East Dublin |
A940 |
|
Middletown Biofuels LLC |
Blairsville |
A940 |
|
Musket Corporation |
Oklahoma City |
A940 |
|
New Fuel Company |
Dallas |
A940 |
|
North Mississippi Biodiesel |
New Albany |
A940 |
|
Northern Biodiesel, Inc. |
Ontario |
A940 |
|
Northwest Missouri Biofuels, LLC |
St. Joseph |
A940 |
|
Nova Biofuels Clinton County LLC |
Clinton |
A940 |
|
Nova Biosource |
Senaca |
A940 |
|
Organic Fuels Ltd. |
Houston |
A940 |
|
Organic Technologies |
Coshocton |
C482 |
|
Owensboro Grain Company LLC |
Owensboro |
A940 |
|
Paseo Cargill Energy, LLC |
Kansas City |
A940 |
|
Peach State Labs Inc. |
Rome |
A940 |
|
Perihelion Global, Inc. |
Opp |
A940 |
|
Philadelphia Fry-O-Diesel Inc. |
Philadelphia |
A940 |
|
Pinnacle Biofuels, Inc. |
Crossett |
A940 |
|
PK Biodiesel |
Woodstock |
A940 |
|
Pleasant Valley Biofuels, LLC |
American Falls |
A940 |
|
RBF Port Neches LLC |
Houston |
A940 |
|
Red Birch Energy, Inc. |
Bassett |
A940 |
|
Red River Biodiesel Ltd. |
New Boston |
A940 |
|
REG Ralston LLC |
Ralston |
A940 |
|
Renewable Energy Products, LLC |
Santa Fe Springs |
A940 |
|
Riksch BioFuels LLC |
Crawfordsville |
A940 |
|
Safe Renewable Corp. |
Conroe |
A940 |
|
Sanimax Energy Inc. |
DeForest |
A940 |
|
Scott Petroleum |
Itta Bena |
A942 |
|
Seminole Biodiesel |
Bainbridge |
A940 |
|
Soy Solutions |
Milford |
A940 |
|
SoyMor Biodiesel LLC |
Albert Lea |
A940 |
|
Sunshine BioFuels, LLC |
Camilla |
A940 |
|
TPA Inc. |
Warren |
A940 |
|
Trafigura AG |
Stamford |
A940 |
|
U.S. Biofuels Inc. |
Rome |
A940 |
|
United Oil Company |
Pittsburgh |
A940 |
|
Valco Bioenergy |
Harlingen |
A940 |
|
Vanguard Synfuels, LLC |
Pollock |
A940 |
|
Vinmar Overseas, Ltd |
Houston |
A938 |
|
Vitol Inc. |
Houston |
A940 |
|
Walsh Bio Diesel, LLC |
Mauston |
A940 |
|
Western Dubque Biodiesel LLC |
Farley |
A940 |
|
Western Iowa Energy LLC |
Wall Lake |
A940 |
|
Western Petroleum Company |
Eden Prairie |
A940 |
IARSCRÍBHINN II
Dearbhú arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc tráchtála á eisiúint, ní mór an dearbhú sin, san fhormáid seo a leanas, a bheith ar an sonrasc tráchtála bailí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus in Airteagal 2(2):
|
— |
ainm agus feidhm oifigeach an eintitis a eisíonn an sonrasc gnó, |
|
— |
an dearbhú seo a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, maidir le (méid) na n-eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó an gás-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar ‘bithdhíosal’ go coitianta, i bhfoirm íon nó i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 20 % d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, go ndearna [ainm agus seoladh na cuideachta] [cód breise TARIC] é a mhonarú [sa tír/sna tíortha lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” |
IARSCRÍBHINN III
Dearbhú arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc tráchtála á eisiúint, ní mór an dearbhú sin, san fhormáid seo a leanas, a bheith ar an sonrasc tráchtála bailí dá dtagraítear in Airteagal 3(2):
|
— |
ainm agus feidhm oifigeach an eintitis a eisíonn an sonrasc gnó. |
|
— |
an dearbhú seo a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, maidir le (méid) na n-eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó an gás-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar ‘bithdhíosal’ go coitianta, i bhfoirm íon nó i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, níos mó ná 20 % d’eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, go ndearna [ainm agus seoladh na cuideachta] [cód breise TARIC] é a mhonarú i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” |