2.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 277/18 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1257 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Aibreán 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2358 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2359 a mhéid a bhaineann le tosca inbhuanaitheachta, rioscaí agus sainroghanna a chomhtháthú leis na ceanglais i ndáil le maoirseacht agus rialachas táirgí le haghaidh gnóthais árachais agus dáileoirí árachais agus leis na rialacha maidir le gnó agus comhairle infheistíochta a dhéanamh le haghaidh táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (1), agus go háirithe Airteagal 25(2), Airteagal 28(4) agus Airteagal 30(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. In 2016, thug an tAontas Comhaontú Pháras i gcrích (2). Faoi Airteagal 2(1), pointe (c) de Chomhaontú Pháras, leagtar síos an cuspóir chun freagairt ar an athrú aeráide a neartú, i measc modhanna eile, trína áirithiú go mbeidh sreafaí airgeadais comhsheasmhach le bealach i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus le forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de. |
(2) |
Ag aithint dó an dúshláin sin, thíolaic an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip (3) i mí na Nollag 2019. Is straitéis nua fáis é an Comhaontú Glas don Eoraip arb é is aidhm dó an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann feasta faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Éilítear leis an gcuspóir sin go dtabharfar comharthaí soiléire d’infheisteoirí maidir lena n-infheistíochtaí chun sócmhainní tréigthe a sheachaint agus maoiniú inbhuanaithe a thiomsú. |
(3) |
I mí an Mhárta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta i dtaca le “Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú” (4) lena gcuirtear straitéis uaillmhianach chuimsitheach ar bun maidir le maoiniú inbhuanaithe. Ceann de na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta sin is ea sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe cuimsitheach a bhaint amach. |
(4) |
Trí chur chun feidhme cuí an Phlean Gníomhaíochta, spreagtar éileamh na n-infheisteoirí ar infheistíochtaí inbhuanaithe. Is gá dá bhrí sin a shoiléiriú gur cheart tosca inbhuanaitheachta agus cuspóirí a bhaineann le hinbhuanaitheacht a bhreithniú de réir na gceanglas rialachais táirgí atá leagtha síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2358 ón gCoimisiún (5). |
(5) |
Ba cheart do ghnólachtaí árachais agus d’idirghabhálaithe árachais a mhonaraíonn táirgí árachais tosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh sa phróiseas chun táirgí a fhormheas i gcás gach táirge árachais agus sna socruithe eile maidir le rialachas agus maoirseacht táirgí le haghaidh gach táirge árachais atá beartaithe le bheith á dháileadh ar chliaint atá ag lorg ionstraimí airgeadais a bhfuil próifíl a bhaineann leis an inbhuanaitheacht acu. |
(6) |
Ós rud é gur cheart an spriocmhargadh a shocrú ar leibhéal mionsonraithe leordhóthanach, níor cheart gur leor ráiteas ginearálta go bhfuil próifíl a bhaineann le hinbhuanaitheacht ag táirge árachais. Ina ionad sin, ba cheart go sonródh an gnóthas árachais nó idirghabhálaí árachais a mhonaraíonn an táirge árachais an grúpa custaiméirí a bhfuil cuspóirí sonracha a bhaineann le hinbhuanaitheacht acu agus a bhfuil an táirge árachais ceaptha le bheith dáilte orthu. |
(7) |
Chun a áirithiú gur féidir le custaiméirí nach bhfuil sainroghanna inbhuanaitheachta acu teacht go réidh freisin ar ionstraimí airgeadais lena mbaineann tosca inbhuanaitheachta, níor cheart a cheangal ar ghnólachtaí árachais agus ar idirghabhálaithe árachais a mhonaraíonn táirgí árachais grúpaí custaiméirí a shainaithint a bhfuil an táirge árachais lena mbaineann tosca inbhuanaitheachta neamhoiriúnach dá riachtanais, dá saintréithe ná dá gcuspóirí. |
(8) |
Ba cheart tosca inbhuanaitheachta táirge árachais a chur i láthair ar bhealach trédhearcach chun a chur ar chumas dáileoirí árachais an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil dá gcustaiméirí nó dá gcustaiméirí ionchasacha. |
(9) |
Léiríodh sa mheasúnú tionchair atá mar bhonn taca ag tionscnaimh reachtacha ina dhiaidh sin a foilsíodh i mBealtaine 2018 (6) gur gá a shoiléiriú gur cheart d’idirghabhálaithe árachais agus do ghnóthais árachais a dháileann táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe mar chuid dá ndualgais i leith a gcustaiméirí agus a gcustaiméirí ionchasacha tosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh. |
(10) |
Chun ardchaighdeán cosanta d’infheisteoirí a choinneáil ar bun, ba cheart go n-áireofaí ar idirghabhálaithe árachais agus ar ghnóthais árachais a dháileann táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe, agus iad ag sainaithint na gcineálacha coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna custaiméara nó do leasanna custaiméara ionchasaigh, na cineálacha coinbhleachtaí leasa sin a eascraíonn as comhtháthú sainroghanna inbhuanaitheachta custaiméara. I gcás custaiméirí atá ann cheana, custaiméirí a bhfuil measúnú oiriúnachta déanta ina leith cheana, ba cheart go mbeadh an deis ag idirghabhálaithe árachais agus gnóthais árachais sainroghanna inbhuanaitheachta ar leith de chuid an chustaiméara a shainaithint leis an gcéad nuashonrú rialta eile ar an measúnú oiriúnachta atá ann cheana. |
(11) |
Ba cheart d’idirghabhálaithe árachais agus do ghnóthais árachais a chuireann comhairle ar fáil maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe a bheith in ann táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe a mholadh dá gcustaiméirí nó dá gcustaiméirí ionchasacha agus, dá bhrí sin, ba cheart go mbeidís in ann ceisteanna a chur chun sainroghanna inbhuanaitheachta ar leith an chustaiméara a shainaithint. I gcomhréir leis an oibleagáid gníomhaíochtaí dáileacháin a dhéanamh i gcomhréir le sárleas na gcustaiméirí, ba cheart na cuspóirí airgeadais agus aon sainrogha inbhuanaitheachta arna gcur in iúl ag na custaiméirí sin a léiriú sna moltaí do chustaiméirí nó do chustaiméirí ionchasacha araon. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú agus tosca inbhuanaitheachta á gcur san áireamh sa phróiseas comhairleach nár cheart, mar thoradh air sin, go ndéanfaí cleachtais mhídhíola nó mífhaisnéis a thabhairt i dtaobh táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe amhail is go gcomhlíontar sainroghanna inbhuanaitheachta leo. Chun cleachtais nó mífhaisnéis den sórt sin a sheachaint, ba cheart d’idirghabhálaithe árachais agus do ghnóthais árachais a sholáthraíonn comhairle maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe measúnú a dhéanamh ar dtús ar chuspóirí infheistíochta eile agus ar chúinsí aonair de chuid custaiméara nó custaiméara ionchasaigh, sula n-iarrfaidh siad a sainroghanna inbhuanaitheachta ionchasacha. |
(12) |
Go dtí seo, forbraíodh táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe a bhfuil leibhéil éagsúla uaillmhéine maidir leis an inbhuanaitheacht ag gabháil leo. Chun cur ar chumas custaiméirí nó custaiméirí ionchasacha na céimeanna éagsúla inbhuanaitheachta a thuiscint agus chun a bheith in ann cinntí feasacha infheistíochta a dhéanamh i dtaobh inbhuanaitheachta, ba cheart d’idirghabhálaithe árachais agus do ghnóthais árachais a dháileann táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe míniú a thabhairt faoin difríocht idir táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe a dhírítear, go huile nó i bpáirt, ar infheistíochtaí inbhuanaithe i ngníomhaíochtaí eacnamaíochta, táirgí atá incháilithe mar infheistíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), is é sin infheistíochtaí inbhuanaithe faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (17), de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe ina dtugtar drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta san áireamh, táirgí a bhfhéadfaidís a bheith incháilithe le bheith á moladh do chustaiméirí óir tagann siad le sainroghanna inbhuanaitheachta custaiméirí, agus, ar an taobh eile, táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe eile gan na gnéithe sonracha sin agus nár cheart iad a bheith incháilithe le bheith á moladh do chustaiméirí nó do chustaiméirí ionchasacha a bhfuil sainroghanna inbhuanaitheachta ar leith acu. |
(13) |
Is gá aghaidh a thabhairt ar ábhair imní faoi “snas-glasú”, is é sin, go háirithe, an cleachtas buntáiste iomaíoch éagórach a bhaint amach trí tháirge infheistíochta árachas-bhunaithe a mholadh mar tháirge atá neamhdhíobhálach don chomhshaol nó inbhuanaithe, nuair is amhlaidh nach gcomhlíonann an táirge infheistíochta árachas-bhunaithe bunchaighdeáin chomhshaoil ná caighdeáin eile a bhaineann leis an inbhuanaitheacht. Chun mídhíol agus snas-glasú a chosc, níor cheart d’idirghabhálaithe árachais ná do ghnóthais árachais a dháileann táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe a mholadh amhail is go gcomhlíonann siad sainroghanna inbhuanaitheachta ar leith i gcás nach gcomhlíonann na táirgí sin na sainroghanna sin. Ba cheart d’idirghabhálaithe árachais agus do ghnóthais árachais a dháileann táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe na cúiseanna nach ndearna siad amhlaidh a mhíniú dá gcustaiméirí nó dá gcustaiméirí ionchasacha agus taifid a choimeád ar na cúiseanna sin. |
(14) |
Is gá a shoiléiriú gur féidir le hidirghabhálaithe árachais agus gnóthais árachais a dháileann táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe nach bhfuil incháilithe le haghaidh sainroghanna inbhuanaitheachta ar leith a mholadh fós ach ní amhail is go gcomhlíontar leo sainroghanna inbhuanaitheachta ar leith. D’fhonn tuilleadh moltaí a thabhairt do chustaiméirí nó do chustaiméirí ionchasacha, i gcás nach gcomhlíonann táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe sainroghanna inbhuanaitheachta custaiméara, ba cheart an deis a bheith ag an gcustaiméir faisnéis faoina sainroghanna inbhuanaitheachta a oiriúnú. D’fhonn mídhíol agus snas-glasú a chosc, ba cheart d’idirghabhálaithe árachais agus do ghnóthais árachais a dháileann táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe taifid a choimeád de chinneadh an chustaiméara mar aon le míniú an chustaiméara i leith an oiriúnaithe. |
(15) |
Tá dlúthnasc ag forálacha an Rialacháin seo eatarthu féin agus le forálacha Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go mbunaítear leo córas cuimsitheach chun gnéithe inbhuanaitheachta a nochtadh. Chun gur féidir na forálacha sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go comhleanúnach agus chun a áirithiú go dtabharfar tuiscint chuimsitheach agus rochtain éasca orthu do rannpháirtithe sa mhargadh agus d’údaráis inniúla agus d’infheisteoirí, is inmhianaithe iad a chur san áireamh in aon ghníomh dlí amháin. |
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin Tharmligthe (AE) 2017/2358 agus (AE) 2017/2359 (9) ón gCoimisiún a leasú dá réir. |
(17) |
Ba cheart a dhóthain ama a thabhairt d’údaráis inniúla, d’idirghabhálaithe árachais agus do ghnóthais árachais chun iad féin a chur in oiriúint do na ceanglais nua atá sa Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, a chur i bhfeidhm a chur siar, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2358
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2358 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 4(3), pointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 agus Airteagal 6: “Airteagal 5 Spriocmhargadh 1. Sa phróiseas chun táirge a fhormheas, sainaithneofar an spriocmhargadh agus an grúpa custaiméirí comhoiriúnacha le haghaidh gach táirge árachais. Sainaithneofar an spriocmhargadh ar leibhéal atá mionsonraithe go leordhóthanach, agus saintréithe, próifíl riosca, castacht agus cineál an táirge árachais á gcur san áireamh, chomh maith lena thosca inbhuanaitheachta faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24), de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). 2. Féadfaidh monaróirí, go háirithe maidir le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe, grúpaí custaiméirí a shainaithint nach bhfuil an táirge árachais comhoiriúnach dá riachtanais, dá saintréithe ná dá gcuspóirí i gcoitinne, ach amháin i gcás ina mbreithnítear sna táirgí árachais tosca inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1. 3. Ní dhéanfaidh monaróirí táirgí árachais a dhearadh agus a mhargú mura bhfuil siad comhoiriúnach do riachtanais, do thréithe agus do chuspóirí na gcustaiméirí a bhaineann leis an spriocmhargadh, lena n-áirítear aon chuspóir a bhaineann le hinbhuanaitheacht. Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil táirge árachais comhoiriúnach don spriocmhargadh, cuirfidh monaróirí san áireamh an leibhéal faisnéise atá ar fáil do na custaiméirí a bhaineann leis an spriocmhargadh sin agus a litearthacht airgeadais. 4. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh na scileanna, an t-eolas agus an saineolas is gá ag an bhfoireann atá bainteach le dearadh agus le monarú táirgí árachais chun tuiscint cheart a fháil ar na táirgí árachais a dhíoltar agus ar na leasanna, ar na cuspóirí, lena n-áirítear aon chuspóir a bhaineann le hinbhuanaitheacht, agus ar shaintréithe na gcustaiméirí a bhaineann leis an spriocmhargadh. Airteagal 6 Tástáil táirgí 1. Déanfaidh monaróirí a dtáirgí árachais a thástáil mar is iomchuí, lena n-áirítear cás-anailísí nuair is ábhartha, sula dtabharfar an táirge sin don mhargadh nó sula n-oiriúnófar go suntasach é, nó i gcás ina bhfuil athrú suntasach tagtha ar an spriocmhargadh. Leis an tástáil táirge sin, measúnófar an gcomhlíonann an táirge árachais thar a shaolré na riachtanais shainaitheanta, na cuspóirí sainaitheanta, lena n-áireofar aon chuspóir a bhaineann le hinbhuanaitheacht, agus saintréithe na gcustaiméirí a bhaineann leis an spriocmhargadh. Déanfaidh monaróirí a dtáirgí árachais a thástáil ar mhodh cáilíochtúil agus, ag brath ar chineál agus nádúr an táirge árachais agus ar an riosca díobhálach gaolmhar do chustaiméirí, déanfaidh siad tástáil chainníochtúil. 2. Ní chuirfidh monaróirí táirgí árachais ar an margadh má léiríonn torthaí na tástála táirge nach gcomhlíonann na táirgí na riachtanais shainaitheanta agus na cuspóirí sainaitheanta, lena n-áireofar aon chuspóir a bhaineann le hinbhuanaitheacht, agus saintréithe an spriocmhargaidh. (*1) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).”;" |
(3) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Déanfaidh monaróirí faireachán leanúnach agus déanfaidh siad athbhreithniú rialta ar tháirgí árachais a chuir siad ar an margadh, chun imeachtaí a shainaithint a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a imirt ar phríomhghnéithe, ar chumhdach riosca nó ar ráthaíochtaí na dtáirgí sin. Déanfaidh siad a mheas an bhfuil na táirgí árachais comhsheasmhach i gcónaí le riachtanais, tréithe agus cuspóirí an spriocmhargaidh shainaitheanta, lena n-áirítear aon chuspóir a bhaineann le hinbhuanaitheacht, agus an bhfuil na táirgí sin á ndáileadh ar an spriocmhargadh nó an bhfuil custaiméirí lasmuigh den spriocmhargadh á mbaint amach acu.”; |
(4) |
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Cuirfidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar chumas dáileoirí árachais an méid a leanas a dhéanamh:
|
(5) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Is mar seo a leanas a bheidh na socruithe dáilte táirge:
|
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11: “Airteagal 11 An monaróir a chur ar an eolas Na dáileoirí árachais a thagann ar an eolas nach bhfuil táirge árachais i gcomhréir le leasanna, cuspóirí agus saintréithe na gcustaiméirí a bhaineann lena spriocmhargadh sainaitheanta, lena n-áirítear aon chuspóirí a bhaineann le hinbhuanaitheacht, nó go bhfuil siad ar an eolas faoi chúinsí eile a bhaineann le táirgí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chustaiméir, cuirfidh siad an monaróir ar an eolas faoi agus, i gcás inarb iomchuí, a straitéis dáileacháin don táirge árachais sin a leasú.”. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2359
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2359 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear pointí (4) agus (5) seo a leanas leis:
(*2) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13)." (*3) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).”;" |
(2) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Chun sainaithint a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir (AE) 2016/97, ar na cineálacha coinbhleachtaí leasa a thagann chun cinn agus aon ghníomhaíocht dáileacháin árachais á cur i gcrích, gníomhaíocht dáileacháin árachais a bhaineann le táirgí infheistíochta árachas-bhunaithe agus lena mbaineann riosca damáiste do leasanna custaiméara, lena n-áirítear a shainroghanna/a sainroghanna inbhuanaitheachta, déanfaidh idirghabhálaithe árachais agus gnóthais árachais measúnú cé acu atá nó nach bhfuil leas ag duine ábhartha nó ag aon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach aige nó aici leo trí rialú, i dtoradh na ngníomhaíochtaí dáileacháin árachais, lena gcomhlíontar na critéir seo a leanas:
Rachaidh idirghabhálaithe árachais agus gnóthais árachais ar aghaidh ar an mbealach céanna chun coinbhleachtaí leasa idir custaiméir amháin agus custaiméir eile a shainaithint.”; |
(3) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(4) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 2 Lúnasa 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 26, 2.2.2016, lch. 19.
(2) Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).
(3) COM(2019) 640 final.
(4) COM(2018) 97 final.
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2358 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maoirseacht agus rialachas táirgí le haghaidh gnóthais árachais agus dáileoirí árachais (IO L 341, 20.12.2017, lch. 1).
(6) SWD(2018) 264 final.
(7) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(8) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).