2.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/14


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1256 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Aibreán 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 a mhéid a bhaineann leis na rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú isteach i rialachas na ngnóthas árachais agus athárachais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (1) agus go háirithe Airteagail 50(1) agus 135(1), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí i gcomhréir leis na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe, tá sé ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. In 2016, thug an tAontas Comhaontú Pháras i gcrích (2). Faoi Airteagal 2(1) pointe (c) de Chomhaontú Pháras, leagtar amach an cuspóir chun neartú a dhéanamh ar an bhfreagairt don athrú aeráide, i measc modhanna eile, trína áirithiú go mbeidh sreafaí airgeadais comhsheasmhach le bealach i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus le forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

(2)

Ag aithint dó an dúshlán sin, thíolaic an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip (3) i mí na Nollag 2019. Is straitéis nua fáis é an Comhaontú Glas sin arb é is aidhm dó an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Leis sin freisin, is gá comharthaí soiléire, fadtéarmacha chun infheisteoirí a threorú, chun sócmhainní tréigthe a sheachaint agus chun maoiniú inbhuanaithe a thiomsú.

(3)

I Márta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta i dtaca le “Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú” (4), lena gcuirtear straitéis uaillmhianach, chuimsitheach ar bun maidir le maoiniú inbhuanaithe. Ceann de na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta sin is ea sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe, cuimsitheach a bhaint amach. An measúnú tionchair atá mar bhonn ag tionscnaimh reachtacha a rinneadh ina dhiaidh agus a foilsíodh i mBealtaine 2018 (5), léirigh sé gur gá a shoiléiriú gur cheart do ghnólachtaí árachais agus athárachais tosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh mar chuid dá ndualgais i leith sealbhóirí polasaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais árachais agus athárachais measúnú a dhéanamh ní amháin ar na rioscaí airgeadais ábhartha uile ar bhonn leanúnach, ach freisin ar na rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha uile dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a d’fhéadfadh, dá dtarlódh siad, tionchar diúltach ábhartha iarbhír nó ionchasach a imirt ar luach infheistíochta nó dliteanais. Ní thagraíonn Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún (7) go sainráite do rioscaí inbhuanaitheachta. Ar an gcúis sin agus chun a áirithiú go gcuirfear an córas rialachais chun feidhme mar is ceart agus go gcloífear leis, is gá a shoiléiriú go ndéanfaidh córas rialachais na ngnóthas árachais agus athárachais, chomh maith leis an measúnú a dhéantar ar shócmhainneacht na ngnóthas sin, na rioscaí inbhuanaitheachta sin a léiriú.

(4)

Na gnóthais árachais a nochtann na drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/2088, ba cheart dóibh a bpróisis, a gcórais agus a rialuithe inmheánacha a oiriúnú i ndáil leis na nochtaí sin.

(5)

I bhfianaise uaillmhianta an Choimisiúin go ndéanfar riosca aeráide agus comhshaoil a áirithiú agus a chomhtháthú isteach sa chóras airgeadais agus a thábhachtaí atá na beartais luacha saothair chun a áirithiú go mbainisteoidh baill foirne na ngnóthas árachais agus athárachais na rioscaí a shainaithin an córas bainistithe rioscaí, ba cheart faisnéis a bheith i mbeartais luacha saothair na ngnóthas árachais agus athárachais faoin gcaoi a gcuireann na beartais sin comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh sa chóras bainistithe rioscaí.

(6)

Le prionsabal an duine stuama a leagtar síos in Airteagal 132 de Threoir 2009/138/CE, ceanglaítear nach n-infheistíonn gnóthais árachais agus athárachais ach i sócmhainní ar féidir na rioscaí a mbaineann leo a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú a rialú, a thuairisciú agus ar féidir faireachán a dhéanamh orthu mar is ceart. Chun a áirithiú go ndéanfaidh gnóthais árachais agus athárachais na rioscaí aeráide agus comhshaoil a bhainistiú go héifeachtach, ba cheart do chur chun feidhme phrionsabal an duine stuama rioscaí inbhuanaitheachta a chur san áireamh agus ba cheart sainroghanna inbhuanaithachta a gcuid custaiméirí a léiriú ina bpróiseas infheistíochta faoi mar a chuirtear san áireamh iad sa phróiseas chun táirge a fhormheas.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 a leasú dá réir.

(8)

Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt d’údaráis maoirseachta agus do ghnóthais árachais agus athárachais chun iad féin a oiriúnú do na ceanglais nua atá sa Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, a chur i bhfeidhm a chur siar,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear na pointí 55c go 55e seo a leanas isteach:

“55c.

ciallaíonn ‘riosca inbhuanaitheachta’ teagmhas sóisialta nó rialachais nó coinníoll a d’fhéadfadh, dá dtarlódh sé, tionchar diúltach iarbhír nó ionchasach a imirt ar luach na hinfheistíochta nó ar luach an dliteanais;

55d.

ciallaíonn ‘tosca inbhuanaitheachta’ tosca inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

55e.

ciallaíonn ‘sainroghanna inbhuanaitheachta’ rogha custaiméara nó rogha custaiméara ionchasaigh maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí seo a leanas a chomhtháthú isteach ina infheistíocht nó ina hinfheistíocht agus, dá mba cheart, a mhéid a dhéanfar sin:

(a)

ionstraim airgeadais ar ina leith a chinneann custaiméir nó custaiméir ionchasach go n-infheisteofar sciar íosta in infheistíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(b)

ionstraim airgeadais ar ina leith a chinneann custaiméir nó custaiméir ionchasach go n-infheisteofar sciar íosta in infheistíochtaí inbhuanaithe faoi mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (17), de Rialachán (AE) 2019/2088;

(c)

ionstraim airgeadais lena gcuirtear san áireamh na drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaithe i gcás ina gcinneann an custaiméir, nó an custaiméir ionchasach, na heilimintí cáilíochtúla nó cainníochtúla lena léirítear an cur san áireamh sin;

(*1)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 260 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (a), pointe (i):

“(i)

bearta atá le glacadh ag an ngnóthas árachais nó athárachais chun measúnú a dhéanamh ar riosca caillteanais nó riosca athraithe díobhálaigh i luachanna árachais nó athárachais agus é a bhainistiú, luachanna a eascraíonn as praghsáil neamhleor agus as toimhde maidir le soláthar mar gheall ar thosca inmheánacha nó seachtracha, lena n-áirítear rioscaí inbhuanaitheachta;”;

(b)

i mír 1, pointe (c), cuirtear an pointe (vi) seo a leanas leis:

“(vi)

bearta atá le glacadh ag an ngnóthas árachais nó athárachais chun a áirithiú go ndéanfar rioscaí inbhuanaitheachta a bhaineann leis an bpunann infheistíochta a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú mar is ceart.”;

(c)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.   Déanfaidh na gnóthais árachais agus athárachais rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú ina bpolasaithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) de mhír 1, agus i gcás inarb ábhartha, i bpolasaithe i réimsí eile dá dtagraítear i mír 1.”;

(3)

leasaítear Airteagal 269 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír i mír 1, pointe (e):

“(e)

rioscaí a thagann chun cinn agus rioscaí inbhuanaitheachta a shainaithint agus a mheasúnú.”;

(b)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.   Na rioscaí a thagann chun cinn agus na rioscaí inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), agus a shainaithin an fheidhm bainistithe rioscaí, beidh siad ina gcuid de na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 262(1), pointe (a).”;

(4)

in Airteagal 272(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

éifeacht an bhoilscithe, an riosca dhlíthiúil, rioscaí inbhuanaitheachta, athruithe i gcomhdhéanamh phunann an ghnóthais, agus na gcóras lena ndéantar préimheanna a íocann sealbhóirí polasaithe a mhionathrú suas nó síos, ach sin ag brath ar stair a gcuid éileamh (córais bonus-malus) nó córais chomhchosúla, arna gcur chun feidhme i ngrúpaí rioscaí comhionanna sonracha;”;

(5)

in Airteagal 275, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:

“4.   Áireofar ar an mbeartas luacha saothair faisnéis maidir leis an gcaoi a gcuirtear comhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh sa chóras bainistithe rioscaí.”;

(6)

i gCaibidil IX de Theideal I, cuirtear an Roinn 6 seo a leanas leis:

ROINN 6

Infheistíochtaí

Airteagal 275a

Rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú i bprionsabal an duine stuama

1.   Nuair a dhéantar rioscaí a thagann chun cinn as infheistíochtaí a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú, a rialú, a thuairisciú agus meastóireacht a dhéanamh orthu, dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 132(2) de Threoir 2009/138/CE, cuirfidh gnóthais árachais agus athárachais rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh.

2.   Chun críoch mhír 1, déanfaidh gnóthais árachais agus athárachais an tionchar fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh a straitéise infheistíochta agus a gcinntí maidir le tosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh agus, i gcás inarb ábhartha, léireoidh an straitéis agus na cinntí sin atá ag gnóthas árachais sainroghanna inbhuanaitheachta a gcustaiméirí arna gcur san áireamh sa phróiseas chun táirge a fhormheas dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2358 ón gCoimisiún (*3).

(*3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2358 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais maoirseachta agus rialachais táirgí do ghnólachtaí árachais agus dáileoirí árachais (IO L 341, 20.12.2017, lch. 1).”."

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 2 Lúnasa 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 335, 17.12.2009, lch. 1.

(2)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, thar ceann an Aontais Eorpaigh (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: the European Green Deal [an Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019) 640 final)

(4)  COM(2018) 97 final.

(5)  SWD(2018) 264 final.

(6)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1).