2.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1253 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Aibreán 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 a mhéid a bhaineann le tosca inbhuanaitheachta, rioscaí agus sainroghanna a chomhtháthú i gceanglais eagrúcháin áirithe agus i ndálaí oibriúcháin le haghaidh gnólachtaí infheistíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 16(12), Airteagal 24(13) agus Airteagal 25(8) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach gheilleagar an Aontais a áirithiú. In 2016, thug an tAontas Comhaontú Pháras i gcrích (2). Faoi Airteagal 2(1), pointe (c) de Chomhaontú Pháras, leagtar síos an cuspóir chun neartú a dhéanamh ar an bhfreagairt don athrú aeráide, i measc modhanna eile, trína áirithiú go mbeidh sreafaí airgeadais comhsheasmhach le bealach i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus le forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

(2)

Ag aithint dó an dúshlán sin, thíolaic an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip (3) i mí na Nollag 2019. Is straitéis nua fáis é an Comhaontú Glas don Eoraip arb é is aidhm leis an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann feasta faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Éilítear leis an gcuspóir sin go dtabharfar comharthaí soiléire d’infheisteoirí maidir lena n-infheistíochtaí chun sócmhainní tréigthe a sheachaint agus maoiniú inbhuanaithe a thiomsú.

(3)

I mí an Mhárta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta i dtaca le “Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú” (4) lena gcuirtear straitéis uaillmhianach chuimsitheach ar bun maidir le maoiniú inbhuanaithe. Ceann de na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta sin is ea sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe cuimsitheach a bhaint amach. Léiríodh sa mheasúnú tionchair atá mar bhonn taca ag tionscnaimh reachtacha ina dhiaidh sin a foilsíodh i mBealtaine 2018 (5) gur gá a shoiléiriú gur cheart do ghnólachtaí infheistíochta tosca inbhuanaitheachta a chur san áireamh mar chuid dá ndualgais i leith a gcliant agus a gcliant ionchasach. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta breithniú a dhéanamh ní hamháin ar na rioscaí airgeadais ábhartha uile ar bhonn leanúnach, ach freisin ar na rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha uile dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), go bhféadfadh, i gcás ina bhfuil siad ann, tionchar diúltach iarbhír nó ábhartha a imirt ar luach infheistíochta. Ní thagraítear go sainráite i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 (7) ón gCoimisiún do rioscaí inbhuanaitheachta. Ar an gcúis sin agus chun a áirithiú go gcuirtear nósanna imeachta inmheánacha agus socruithe eagrúcháin chun feidhme i gceart agus go gcloítear leo, is gá a shoiléiriú gur cheart a léiriú sna próisis, sna córais agus sna rialuithe inmheánacha atá ag gnólachtaí infheistíochta rioscaí inbhuanaitheachta, agus go bhfuil gá le hacmhainneacht theicniúil agus eolas teicniúil chun anailís a dhéanamh ar na rioscaí sin.

(4)

Chun ardchaighdeán cosanta ar infheisteoirí a choinneáil, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta, agus iad ag sainaithint na gcineálacha coinbhleachtaí leasa a bhféadfaidís díobháil a dhéanamh do leasanna cliaint nó cliaint ionchasaigh, na cineálacha coinbhleachtaí leasa sin a eascraíonn as comhtháthú sainroghanna inbhuanaitheachta an chliaint. I gcás cliant atá ann cheana, a bhfuil measúnú oiriúnachta déanta ina leith cheana féin, ba cheart an deis a bheith ag gnólachtaí infheistíochta sainroghanna inbhuanaitheachta ar leith an chliaint a shainaithint ag an gcéad nuashonrú rialta eile ar an measúnú oiriúnachta atá ann cheana.

(5)

Ba cheart go mbeadh gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta agus bainistíocht punainne in ann ionstraimí airgeadais oiriúnacha a mholadh dá gcliaint agus dá gcliaint ionchasacha agus, dá bhrí sin, ba cheart go mbeidís in ann ceisteanna a chur chun sainroghanna inbhuanaitheachta aonair cliaint a shainaithint. I gcomhréir leis an oibleagáid atá ar ghnólacht infheistíochta gníomhú ar mhaithe le sárleas a chliant, ba cheart na cuspóirí airgeadais agus aon roghanna inbhuanaitheachta arna gcur in iúl ag na cliaint sin a léiriú sna moltaí do chliaint agus do chliaint ionchasacha araon. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú gur cheart socruithe iomchuí a bheith i bhfeidhm ag gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú nach mbeidh cleachtais mhídhíola mar thoradh ar thosca inbhuanaitheachta a áireamh sa phróiseas comhairleach agus sa bhainistiú punainne nó nach mbeidh mífhaisnéis á tabhairt ar ionstraimí airgeadais nó ar straitéisí airgeadais amhail is go gcomhlíontar leo sainroghanna inbhuanaitheachta i gcás nach gcomhlíontar na socruithe sin. Chun cleachtais nó mífhaisnéis den sórt sin a sheachaint, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta measúnú a dhéanamh ar dtús ar chuspóirí infheistíochta eile, ar thréimhse ama agus ar chúinsí aonair custaiméara nó custaiméara ionchasaigh, sula n-iarrfaidh siad a sainroghanna inbhuanaitheachta ionchasacha.

(6)

Go dtí seo, tá forbartha ionstraimí infheistíochta a bhfuil leibhéil éagsúla uaillmhéine maidir leis an inbhuanaitheacht ag gabháil leo. Chun cur ar chumas cliant nó cliant ionchasach na céimeanna éagsúla inbhuanaitheachta a thuiscint agus chun a bheith in ann cinntí feasacha infheistíochta a dhéanamh i dtaobh inbhuanaitheachta, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta agus seirbhísí bainistithe punainne míniú a thabhairt faoin difríocht, ar thaobh amháin, idir ionstraimí airgeadais a dhírítear, go huile nó i bpáirt, ar infheistíochtaí inbhuanaithe i ngníomhaíochtaí eacnamaíochta, ionstraimí atá incháilithe mar infheistíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), is é sin infheistíochtaí inbhuanaithe faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (17), de Rialachán (AE) 2019/2088, agus ionstraimí airgeadais ina dtugtar drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta san áireamh, tosca a bhféadfaidís a bheith incháilithe le bheith molta óir go dtagann siad le sainroghanna inbhuanaitheachta cliant, agus, ar an taobh eile, ionstraimí airgeadais eile gan na gnéithe sonracha sin agus nár cheart iad a bheith incháilithe le bheith molta do chliaint nó do chliaint ionchasacha a bhfuil sainroghanna inbhuanaitheachta ar leith acu.

(7)

Is gá aghaidh a thabhairt ar ábhair imní faoi “snas-glasú”, is é sin, go háirithe, an cleachtas buntáiste iomaíoch éagórach a bhaint amach trí ionstraim airgeadais a mholadh mar tháirge atá neamhdhíobhálach don chomhshaol nó inbhuanaithe, nuair is amhlaidh nach gcomhlíonann an ionstraim airgeadais sin bunchaighdeáin chomhshaoil ná caighdeáin eile a bhaineann leis an inbhuanaitheacht. Chun mídhíol agus snas-glasú a chosc, níor cheart do ghnólachtaí infheistíochta ionstraimí airgeadais a mholadh ná cinneadh a dhéanamh iad a thrádáil mar ionstraimí airgeadais lena gcomhlíontar sainroghanna inbhuanaitheachta ar leith i gcás nach gcomhlíonann na hionstraimí airgeadais sin na sainroghanna sin. Míneoidh an gnólacht infheistíochta dá gcliaint nó dá gcliaint ionchasacha na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh agus coimeádfaidh sé taifid ar na cúiseanna sin.

(8)

Is gá a shoiléiriú gur féidir le gnólachtaí infheistíochta ionstraimí airgeadais nach bhfuil incháilithe le haghaidh sainroghanna inbhuanaitheachta ar leith a mholadh fós, ach ní amhail is go gcomhlíonann siad sainroghanna inbhuanaitheachta ar leith. D’fhonn tuilleadh moltaí a thabhairt do chliaint nó do chliaint ionchasacha, i gcás nach gcomhlíonann ionstraimí airgeadais sainroghanna inbhuanaitheachta cliaint, ba cheart an deis a bheith ag an gcliant faisnéis faoina shainroghanna inbhuanaitheachta a oiriúnú. D’fhonn mídhíol agus snas-glasú a chosc, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta taifid a choimeád de chinneadh an chliaint mar aon le míniú an chliaint i leith tacaíocht a thabhairt don oiriúnú.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 a leasú dá réir sin.

(10)

Ba cheart am a dhóthain a thabhairt d’údaráis inniúla agus do ghnólachtaí infheistíochta chun iad féin a chur in oiriúint do na ceanglais nua atá sa Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, a chur i bhfeidhm a chur siar,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear na pointí a leanas (7), (8) agus (9) leis:

“(7)

ciallaíonn ‘sainroghanna inbhuanaitheachta’ rogha cliaint nó rogha cliaint ionchasaigh i dtaobh an ndéanfar, agus má dhéantar, a mhéid a dhéanfar, ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí airgeadais seo a leanas a chomhtháthú ina infheistíocht nó ina hinfheistíocht:

(a)

Ionstraim airgeadais a gcinneann an cliant nó an cliant ionchasach ina leith go ndéanfar cion íosta a infheistiú in infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(b)

ionstraim airgeadais a gcinneann an cliant nó an cliant ionchasach ina leith go ndéanfar cion íosta a infheistiú in infheistíochtaí inbhuanaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (17), de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(c)

ionstraim airgeadais ina ndéantar breithniú ar dhrochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta i gcás ina gcinneann an cliant nó an cliant ionchasach eilimintí cáilíochtúla nó cainníochtúla lena léirítear an breithniú sin;

(8)

ciallaíonn ‘tosca inbhuanaitheachta’ tosca inbhuanaitheachta faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2019/2088;

(9)

ciallaíonn ‘rioscaí inbhuanaitheachta’ rioscaí inbhuanaitheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (22), de Rialachán (AE) 2019/2088.

(*1)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13)."

(*2)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 21, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh agus na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo á gcomhlíonadh acu.”;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Agus na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo á gcomhlíonadh acu, cuirfidh gnólachtaí infheistíochta san áireamh cineál, scála agus castacht ghnó an ghnólachta, mar aon le cineál agus raon na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí infheistíochta a dhéantar i gcúrsa an ghnó sin.”;

(3)

in Airteagal 23(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

beartais agus nósanna imeachta bainistithe riosca leordhóthanacha a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil lena sainaithnítear na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí, próisis agus córais an ghnólachta, agus, i gcás inarb iomchuí, a shocraíonn an leibhéal riosca atá inghlactha don ghnólacht. Agus é sin á dhéanamh acu, cuirfidh gnólachtaí infheistíochta rioscaí inbhuanaitheachta san áireamh;”;

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

“Airteagal 33

Coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do chliant

(Airteagal 16(3) agus Airteagal 23 de Threoir 2014/65/AE)

Chun sainaithint a dhéanamh ar na cineálacha coinbhleachta leasa a thagann chun cinn agus seirbhísí infheistíochta, seirbhísí coimhdeacha nó teaglaim díobh á soláthar, ar coinbhleachtaí leasa iad a fhéadfaidh díobháil a dhéanamh do leasanna cliaint, lena n-áirítear a shainroghanna inbhuanaitheachta, cuirfidh gnólachtaí infheistíochta san áireamh, trí bhíthin critéar íosta, cé acu atá nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta nó duine ábhartha, nó duine a bhfuil baint aige go díreach nó go hindíreach le rialú an ghnólachta, in aon cheann de na cásanna seo a leanas, cibé acu de thoradh infheistíocht nó seirbhísí coimhdeacha nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar nó ar shlí eile:

(a)

cosúlacht a bheith ann go ndéanfadh an gnólacht nó an duine sin gnóthachan airgeadais, nó caillteanas airgeadais a sheachaint, ar chostas an chliaint;

(b)

tá leas ag an ngnólacht nó ag an duine sin i dtoradh seirbhíse arna cur ar fáil don chliant nó i dtoradh idirbhirt a dhéantar thar ceann an chliaint, atá ar leithligh ó leas an chliaint sa toradh sin;

(c)

tá dreasacht airgeadais nó dreasacht eile ag an ngnólacht nó ag an duine sin chun tosaíocht a thabhairt do leas cliaint eile nó do leas grúpa cliant eile atá contráilte do leasanna an chliaint;

(d)

is ionann gnó an ghnólachta nó an duine sin agus gnó an chliaint;

(e)

faigheann nó gheobhaidh an gnólacht nó an duine sin aslach ó dhuine seachas an cliant i ndáil le seirbhís a chuirtear ar fáil don chliant, i bhfoirm sochar nó seirbhísí airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta.”;

(5)

in Airteagal 52, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Soláthróidh gnólachtaí infheistíochta tuairisc ar na nithe seo a leanas:

(a)

na cineálacha ionstraimí airgeadais a bhreithnítear;

(b)

raon na n-ionstraimí airgeadais agus na soláthraithe airgeadais, arna n-anailísiú de réir gach cineáil ionstraime de réir raon feidhme na seirbhíse;

(c)

i gcás inarb ábhartha, na tosca inbhuanaitheachta a breithníodh i bpróiseas roghnúcháin na n-ionstraimí airgeadais;

(d)

agus comhairle neamhspleách á tabhairt, an chaoi a gcomhlíonann an tseirbhís a sholáthraítear na coinníollacha maidir le comhairle infheistíochta a sholáthar ar bhonn neamhspleách, agus na tosca a chuirtear san áireamh sa phróiseas roghnúcháin a úsáideann an gnólacht infheistíochta chun ionstraimí airgeadais a mholadh, lena n-áirítear rioscaí, costais agus castacht na n-ionstraimí airgeadais.”;

(6)

Leasaítear Airteagal 54 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

go gcomhlíonann sé cuspóirí infheistíochta an chliaint nó an chliaint ionchasaigh, lena n-áirítear lamháltas riosca an chliaint agus aon roghanna inbhuanaitheachta;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Áireofar san fhaisnéis maidir le cuspóirí infheistíochta an chliaint nó an chliaint ionchasaigh, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir leis an tréimhse ama ar mian leis an gcliant nó leis an gcliaint ionchasach an infheistíocht a bheith aige, a shainroghanna i ndáil le riosca a thógáil, an phróifíl riosca, cuspóirí na hinfheistíochta agus, ina theannta sin, a shainroghanna inbhuanaitheachta.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Beidh beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha i bhfeidhm ag gnólachtaí infheistíochta, agus beidh siad in ann a léiriú go bhfuil siad i bhfeidhm acu, chun a áirithiú go dtuigeann siad na gnéithe cineáil, lena n-áirítear costais agus rioscaí seirbhísí infheistíochta agus ionstraimí airgeadais a roghnaítear dá gcliaint, lena n-áirítear aon toisc inbhuanaitheachta, agus go ndéanfaidh siad measúnú, agus costas agus castacht á gcur san áireamh acu, an féidir le seirbhísí infheistíochta coibhéiseacha nó ionstraimí airgeadais próifíl a gcliant a chomhlíonadh.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

“10.   Agus seirbhís comhairle infheistíochta nó bainistíocht punainne á soláthar, ní mholfaidh ná ní chinnfidh gnólacht infheistíochta trádáil a dhéanamh i gcás nach mbeidh aon cheann de na seirbhísí ná na hionstraimí oiriúnach don chliant.

Ní mholfaidh gnólacht infheistíochta ionstraimí airgeadais ná ní chinnfidh sé ionstraimí den sórt sin a thrádáil mar ionstraimí lena gcomhlíontar sainroghanna inbhuanaitheachta cliaint nó cliaint ionchasaigh nuair nach gcomhlíonann na hionstraimí airgeadais sin na sainroghanna sin. Míneoidh an gnólacht infheistíochta don chliant nó do na cliaint ionchasacha na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh agus coimeádfaidh sé taifid ar na cúiseanna sin.

I gcás nach gcomhlíonann aon ionstraim airgeadais roghanna inbhuanaitheachta an chliaint ná an chliaint ionchasaigh, agus go gcinneann an cliant a roghanna inbhuanaitheachta a oiriúnú, coinneoidh an gnólacht infheistíochta taifid ar chinneadh an chliaint, lena n-áirítear na cúiseanna leis an gcinneadh sin.”;

(e)

i mír 12, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad fhomhíre:

“12.   Agus comhairle infheistíochta á cur ar fáil acu, cuirfidh gnólachtaí infheistíochta tuarascáil ar fáil don chliant miondíola ina mbeidh achoimre ar an gcomhairle a tugadh agus ina míneofar an chaoi a bhfuil an moladh a cuireadh ar fáil oiriúnach don chliant miondíola, lena n-áirítear an chaoi a gcomhlíonann an moladh cuspóirí infheistíochta an chliaint, a chúinsí pearsanta faoi threoir an téarma infheistíochta atá ag teastáil, eolas agus taithí an chliaint, meon an chliaint maidir le riosca, a chumas caillteanais a sheasamh agus a sainroghanna inbhuanaitheachta.”;

(f)

i mír 13, cuirtear fomhír nua leis:

“Ní athróidh na ceanglais sainroghanna inbhuanaitheachta cliant nó cliant ionchasach a chomhlíonadh, nuair is ábhartha, na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 2 Lúnasa 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.

(2)  Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).

(3)  COM(2019) 640 final.

(4)  COM(2018) 97 final.

(5)  SWD(2018) 264 final.

(6)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht in earnáil na seirbhísí airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).

(7)  (OJ L 87, 31.3.2017, p. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).