30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1242 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Iúil 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 46(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Márta 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 267/2012.

(2)

An 18 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/847 (2), lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012.

(3)

Ag eascairt as breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-580/19 (3), ba cheart Sayed Shamsuddin Borborudi a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012.

(4)

Thairis sin, ar bhonn athbhreithniú ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle (4), ba cheart na bearta sriantacha in aghaidh gach duine agus gach eintitis atá ar an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a choimeád, sa mhéid nach luaitear a n-ainmneacha in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus ba cheart 21 iontráil a áirítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a nuashonrú.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  IO L 88, 24.3.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/847 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 maidir le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine (IO L 196, 19.6.2020, lch. 1.).

(3)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 9 Meitheamh 2021, Sayed Shamsuddin Borborudi v Comhairle an Aontais Eorpaigh, T-580/19, ECLI:EU:T:2021:330.

(4)  Cinneadh 2010/413/CBES an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 mar a leanas:

(1)

faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.”, faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”, scriostar an iontráil seo a leanas: “25. Sayed Shamsuddin Borborudi”.

(2)

faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“8.

Ebrahim MAHMUDZADEH

 

Iar-Stiúrthóir Bainistíochta ar Iran Electronic Industries (féach Cuid B, Uimh. 20). Ina Ard-Stiúrthóir ar The Armed Forces Social Security Organization go Meán Fómhair 2020. Leas-Aire Cosanta na hIaráine go dtí mí na Nollag 2020.

23.6.2008

13.

Anis NACCACHE

 

Iar-riarthóir ar chuideachtaí Barzagani Tejarat Tavanmad Saccal; rinne a chuideachta iarracht earraí íogaire a fháil le haghaidh eintiteas a ainmnítear faoi Rún 1737 (2006).

23.6.2008

16.

An Seachaimiréal Mohammad SHAFI'I RUDSARI (ar a dtugtar freisin ROODSARI, Mohammad, Hossein, Shafiei; ROODSARI, Mohammad, Shafi’I; ROODSARI, Mohammad, Shafiei; RUDSARI, Mohammad, Hossein, Shafiei; RUDSARI, Mohammad, Shafi’I; RUDSARI, Mohammad, Shafiei)

 

IarLeas-Cheann Comhordúcháin MODAFL (féach Cuid B, Uimh. 29).

23.6.2008

17.

Abdollah SOLAT SANA (ar a dtugtar freisin Solatsana

Solat Sanna; Sowlat Senna; Sovlat Thana)

 

Stiúrthóir Bainistíochta an Uranium Conversion Facility (UCF) in Esfahan. Is í seo an tsaoráid a tháirgeann an t-ábhar beatha (UF6) do na saoráidí saibhriúcháin ag Natanz. An 27 Lúnasa 2006, fuair Solat Sana gradam speisialta ón Uachtarán Ahmadinejad as a ról.

23.4.2007

23.

Davoud BABAEI

 

Is é an ceann slándála reatha é ar institiúid taighde aonad lóistíochta na bhFórsaí Armtha – an Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND) – a bhí á reáchtáil ag Mohsen Fakhrizadeh-Mahabadi. Tá na hábhair imní atá ag IAEA curtha in iúl aige do SPND a mhéid a bhaineann leis na gnéithe míleata a d’fhéadfadh a bheith ag baint le clár núicléach na hIaráine, a ndiúltaíonn an Iaráin comhoibriú ina leith. Mar cheann slándála, tá Babaei freagrach as nochtadh faisnéise, lena n-áirítear faisnéis do IAEA, a chosc.

1.12.2011

29.

Milad JAFARI (Milad JAFERI)

Dáta Breithe: 20.9.1974

Náisiúnach Iaránach a sholáthraíonn earraí, miotail den chuid is mó, do chuideachtaí tosaigh SHIG ainmnithe de chuid na Náisiún Aontaithe. Sheachaid earraí chuig SHIG idir Eanáir agus Samhain 2010. Rinneadh íocaíochtaí as cuid de na hearraí ag brainse lárnach Export Development Bank of Iran (EDBI), ainmnithe ag an Aontas, in Tehran tráth éigin tar éis mhí na Samhna 2010.

1.12.2011”

(3)

faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “B. Eintitis”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“2.

Armed Forces Geographical Organisation

 

Fochuideachta de MODAFL a measúnaíodh chun sonraí geospásúla a chur ar fáil don chlár Diúracán Balaistíoch.

23.6.2008

20.

Iran Electronics Industries

(lena n-áirítear gach brainse) agus fochuideachtaí:

PO Box 18575-365, Tehran, Iran

Fochuideachta faoi lánúinéireacht ag MODAFL (agus, dá bhrí sin, deirfiúr-eagraíocht le AIO, AvIO agus DIO). Is é an ról atá aige comhpháirteanna leictreonacha a mhonarú do chórais arm na hIaráine.

23.6.2008

 

(b)

Iran Communications Industries (ICI)

(ar a dtugtar freisin Sanaye Mokhaberat Iran;

Iran Communication Industries;

Iran Communications Industries Group;

Iran Communications Industries Co.)

PO Box 19295-4731, Pasdaran Avenue, Tehran, Iran; Seoladh eile: PO Box 19575-131, 34 Apadana Avenue, Tehran, Iran; Seoladh eile: Shahid Langary Street, Nobonyad Square Ave, Pasdaran, Tehran

Táirgeann Iran Communications Industries, fochuideachta de chuid Iran Electronics Industries (liostaithe ag an Aontas), earraí éagsúla lena n-áirítear córais chumarsáide, eitleonaic, gléasanna optaice agus leictrea-optaice, micrileictreonaic, teicneolaíocht faisnéise, tástáil agus tomhas, slándáil teileachumarsáide, cogaíocht leictreonach, monarú agus athchóiriú feadán radair, agus lainseálaithe diúracáin.

26.7.2010

28.

Mechanic Industries Group

(ar a dtugtar freisin: Mechanic Industries Organisation; Mechanical Industries Complex; Mechanical Industries Group; Sanaye

Mechanic)

 

Bhí páirteach i dtáirgeadh comhpháirteanna don chlár balaistíoch.

23.6.2008

37.

Schiller Novin

(ar a dtugtar freisin: Schiler Novin Co.; Schiller Novin Co.; Shiller Novin)

Gheytariyeh Avenue - no 153 - 3rd Floor - PO BOX 17665/153 6 19389 Tehran

Ag gníomhú dó thar ceann Defense Industries Organisation (DIO).

26.7.2010

38.

Shahid Ahmad Kazemi Industrial Group (SAKIG)

 

Eintiteas atá faoi cheannas Aerospace Industries Organisation (AIO) na hIaráine. Forbraíonn agus táirgeann SAKIG córais diúracáin dromchla-go-haer chun críoch míleata na hIaráine. Cothaíonn sé tionscadail mhíleata, diúracán agus aerchosanta, agus faigheann sé earraí ón Rúis, ón mBealarúis agus ón gCóiré Thuaidh.

26.7.2010

40.

State Purchasing Organisation (SPO, ar a dtugtar freisin State Purchasing Office; State Purchasing Organization)

 

Dealraíonn sé go n-éascaíonn SPO allmhairiú arm iomlán. Dealraíonn sé a bheith ina fhochuideachta de MODAFL.

23.6.2008

52.

Raad Iran (ar a dtugtar freisin Raad Automation Company; Middle East Raad Automation; RAAD Automation Co.; Raad Iran Automation Co.; RAADIRAN, Middle East RAAD Automation Co.; Automasion RAAD Khavar Mianeh; Automation Raad Khavar Mianeh Nabbet Co)

Unit 1, No 35, Bouali Sina Sharghi, Chehel Sotoun Street, Fatemi Square, Tehran

Cuideachta atá páirteach i soláthar inbhéartóirí do chlár saibhrithe toirmiscthe na hIaráine. Bunaíodh Raad Iran chun córais rialaithe a tháirgeadh agus a dhearadh agus déanann sé díol agus suiteáil ar inbhéartóirí agus ar Rialaitheoirí Loighce inchláraithe.

23.5.2011

86.

Karanir (ar a dtugtar freisin Karanir Sanat, Moaser; Tajhiz Sanat)

1139/1 Unit 104 Gol Building, Gol Alley, North Side of Sae, Vali Asr Avenue. PO Box 19395-6439, Tehran

Tá baint acu le trealamh agus ábhair a cheannach a bhfuil feidhmeanna díreacha acu i gclár núicléach na hIaráine.

1.12.2011

95.

Samen Industries (ar a dtugtar freisin Khorasan Metallurgy Industries)

2nd km of Khalaj Road End of Seyyedi St., POBox 91735-549, 91735 Mashhad, Iran, Teil. +98 5113853008, +98 5113870225

Blaosc-ainm ar Khorasan Metallurgy Industries atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, ar fochuideachta de Ammunition Industries Group (AMIG) é.

1.12.2011

99.

TABA (Iran Cutting Tools Manufacturing company - Taba Towlid Abzar Boreshi Iran;

ar a dtugtar freisin Iran Centrifuge Technology Co.; Iran's Centrifuge Technology Company; Sherkate Technology Centrifuge

Iran, TESA, TSA)

12 Ferdowsi, Avenue Sakhaee, avenue 30 Tir (sud), nr 66 – Tehran

Faoi úinéireacht TESA, atá ainmnithe ag an Aontas, atá rannpháirteach i dtrealamh agus in ábhair a bhfuil feidhmeanna díreacha acu i gclár núicléach na hIaráine a mhonarú.

1.12.2011

153.

Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND)

 

Tacaíonn Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND) go díreach le leathadh ghníomhaíochtaí núicléacha íogaire na hIaráine. Tá na hábhair imní atá ag IAEA curtha in iúl aige do SPND a mhéid a bhaineann leis na gnéithe míleata a d’fhéadfadh a bheith ag baint le clár núicléach na hIaráine. Is é Mohsen Fakhrizadeh-Mahabadi, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, a bhí ag reáchtáil SPND, ar cuid é den Ministry of Defence For Armed Forces Logistics (MODAFL) agus atá ainmnithe ag an Aontas.

22.12.2012

161.

Sharif University of Technology

An seoladh deiridh aige is eol dúinn: Azadi Ave/Street, PO Box 11365-11155, Tehran, Iran, Teil. +98 2166161 R-phost: info@sharif.ir

Tá roinnt comhaontuithe comhair ag Sharif University of Technology(SUT) le heagraíochtaí Rialtas na hIaráine atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe agus/nó ag an Aontas Eorpach, agus a fheidhmíonn i réimsí míleata nó a bhaineann le cúrsaí míleata, go háirithe i réimse tháirgeadh agus sholáthar na ndiúracán balaistíoch. Áirítear leis sin: comhaontú leis an Aerospace Industries Organisation atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach chun, i measc nithe eile, satailítí a tháirgeadh; oibriú i gcomhar le hAireacht Cosanta na hIaráine agus Iranian Revolutionary Guards Corps (IRGC) maidir le comórtais do bháid chliste; comhaontú níos leithne le hAerfhórsa IRGC lena gcumhdaítear caidreamh na hOllscoile, comhar eagraíochtúil agus straitéiseach a fhorbairt agus a neartú.

I dteannta a chéile, léirítear leis an méid sin rannpháirtíocht shuntasach le Rialtas na hIaráine i réimsí míleata nó i réimsí a bhaineann le cúrsaí míleata arb ionann iad agus tacaíocht do Rialtas na hIaráine.

8.11.2014”

(4)

faoin gceannteideal “II. Islamic Revolutionary Guard Corps”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“2.

An Seachaimiréal Ali FADAVI

 

Leas-Cheann ar Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC). Iar-Cheannasaí IRGC Navy.

26.7.2010

6.

IRGC Mohammad Ali JAFARI

 

Iar-Cheannasaí IRGC. Ina Cheann faoi láthair ar Hazrat Baqiatollah al-Azam Cultural and Social Headquarters.

23.6.2008”

(5)

faoin gceannteideal “II. Islamic Revolutionary Guard Corps.”, cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad na hiontrála comhfhreagraí sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “B. Eintitis”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“12.

Etemad Amin Invest Co Mobin

(ar a dtugtar freisin: Etemad Amin Investment Company Mobin; Etemad-e Mobin, Etemad Amin Invest Company Mobin; Etemad Mobin Co.;

Etemad Mobin Trust Co.; Etemade Mobin Company; Mobin Trust Consortium; Etemad-e Mobin Consortium)

Pasadaran Av. Tehran, Iran

Cuideachta atá faoi úinéireacht nó faoi rialú IRGC a rannchuidíonn le leasanna straitéiseacha an réimis a mhaoiniú.

26.7.2010”