29.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/39 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1237 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Iúil 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith catagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (1), agus go háirithe Airteagal 1(1), pointe (a), de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (2) ina dhíolúine thábhachtach ón riail ghinearálta nach mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon phleananna i dtaca le cabhair nua a dheonú sula gcuirfidh siad chun feidhme iad, ar choinníoll gur comhlíonadh coinníollacha réamhshainithe áirithe. |
(2) |
I bhfianaise na n-iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais atá ag paindéim COVID-19 ar ghnóthais agus chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an bhfreagairt beartais ghinearálta a ghlac an Coimisiún, go háirithe sa tréimhse 2020-2021, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a oiriniú. Ba cheart gnóthais a d’éirigh ina ngnóthais i gcruachás mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a bheith incháilithe le haghaidh cabhrach fós faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ar feadh tréimhse theoranta, mar atá ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2021. De bhreis air sin, maidir le tairbhithe na cabhrach faoi choinne infheistíocht réigiúnach a leag baill foirne as go sealadach nó go buan de bharr phaindéim COVID-19 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021, níor cheart a mheas gur sháraigh siad an oibleagáid atá orthu na poist sin a chothabháil sa limistéar lena mbaineann ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta a líonadh an post den chéad uair, nó ar feadh 3 bliana i gcás fiontar beag agus meánmhéide. |
(3) |
Maidir le Státchabhair a dheonaítear do ghnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (“CEN”) a chumhdaítear le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), is beag tionchar atá aici ar an iomaíocht go háirithe, i bhfianaise an róil dhearfaigh a chomhlíonann an chabhair maidir le heolas a chomhroinnt, go háirithe do phobail áitiúla agus feirmeoireachta, i bhfianaise an chabhair a bheith de chineál comhchoiteann go minic, agus i bhfianaise a scála measartha beag. Is de chineál comhtháite, ilghníomhach agus ilearnálach na tionscadail sin, rud ar féidir leis deacrachtaí áirithe a chruthú le linn iad a aicmiú faoin dlí maidir leis an Státchabhair. Ós de chineál áitiúil na tionscadail aonair de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN agus na tionscadail aonair forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, a roghnaítear ar bhonn straitéis ilbhliantúil forbartha áitiúla a ndéanann comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí í a chinneadh agus a chur chun feidhme, agus mar thoradh ar an díriú a leagann siad ar leasanna pobail, sóisialta, comhshaoil agus aeráide, ba cheart aghaidh a thabhairt leis an Rialachán seo ar dheacrachtaí áirithe a mbíonn tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN agus tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail ag déileáil leo chun cabhrú leo na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh. |
(4) |
Mar thoradh ar an éifeacht theoranta ar thrádáil agus ar iomaíocht atá ag méideanna beaga cabhrach a dheonaítear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag tairbhiú, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, de thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN agus de thionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, ba cheart rialacha simplí a leagan síos le haghaidh cásanna nach dtéann méid comhiomlán na cabhrach in aghaidh an tionscadail thar uasteorainn áirithe iontu. |
(5) |
Maidir le gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó le Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), is minic a bhíonn deacrachtaí acu maoiniú a dhéanamh ar chostais bhreise a eascraíonn as an gcomhar idir comhpháirtithe atá lonnaithe i réigiúin dhifriúla agus i mBallstáit dhifriúla nó i dtríú tíortha difriúla. Mar thoradh ar a thábhachtaí atá Comhar Críochach Eorpach le haghaidh an bheartais chomhtháthaithe, agus é ina chreat le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus malartuithe beartais a chur chun feidhme idir gníomhaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ó Bhallstáit dhifriúla nó ó thríú tíortha difriúla, ba cheart aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí áirithe a mbíonn tionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh ag déileáil leo chun cabhrú leo na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh. I bhfianaise eispéireas an Choimisiúin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 maidir le cabhair do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, beag beann ar mhéid na ngnóthas is tairbhithe. |
(6) |
De bhreis air sin, mar thoradh ar an éifeacht theoranta ar thrádáil agus ar iomaíocht atá ag méideanna beaga cabhrach a dheonaítear do ghnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, go háirithe i gcás ina bhfaigheann na gnóthais sin an chabhair sin go hindíreach, ba cheart rialacha simplí a leagan síos le haghaidh cásanna nach dtéann méid comhiomlán na cabhrach in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail thar uasteorainn áirithe iontu. |
(7) |
Maidir le tionscadail taighde agus forbartha nó staidéir indéantachta ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh tar éis meastóireacht agus rangú a ndearna saineolaithe neamhspleácha iad, ar tionscadail nó staidéir iad a mheastar a bheith sármhaith agus a meastar gur fiú cistiú poiblí a thabhairt dóibh, ach nach féidir iad a chistiú faoin gClár Réime Fís de bharr easpa buiséid a bheith ar fáil, féadfar tacú leo trí acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear acmhainní ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa don tréimhse 2014-2020, agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus don tréimhse 2021-2027. Ba cheart Státchabhair a dheonaítear do thionscadail taighde agus forbartha den sórt sin a seolann fiontair bheaga agus mheánmhéide iad a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart iad a dhíolmhú faoi choinníollacha áirithe ón gceanglas chun fógra a thabhairt. De bhreis air sin, níor cheart é a bheith riachtanach athmheasúnú a dhéanamh ar choinníollacha incháilitheachta a measúnaíodh cheana féin ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le rialacha an Chláir réime Fís 2020 nó an chláir réime Fís Eorpach sula ndámhfar lipéad an tSéala Barr Feabhais. Ní critéar ábhartha faoi dhlí na hiomaíochta é carachtar brabúis nó neamhbhrabúis na n-eintiteas a sheolann na tionscadail. |
(8) |
Státchabhair a dheonaítear chun tacú le himscaradh líonraí feidhmiúla leathanbhanda fhosaithe áirithe agus Státchabhair a dheonaítear chun tacú le himscaradh líonraí feidhmiúla móibíleacha éighníomhacha áirithe, ba cheart í a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus í a dhíolmhú faoi choinníollacha áirithe ón gceanglas fógra ar mhaithe le cabhrú le laghdú na deighilte digití i limistéir ina dteipeann ar an margadh, agus ba cheart ag an am céanna teorainn a chur le rioscaí go saobhfaí an iomaíocht agus go mbrúfaí an infheistíocht phríobháideach amach. |
(9) |
Státchabhair a dheonaítear i bhfoirm dearbhán nascachta do thomhaltóirí chun an teilea-obair, an t-oideachas ar líne agus seirbhísí oiliúna a éascú agus a dheonaítear freisin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, ba cheart í a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart í a dhíolmhú faoi choinníollacha áirithe ón gceanglas fógra, ar mhaithe le cabhrú le laghdú na deighilte digití i limistéir ina dteipeann ar an margadh, agus ba cheart ag an am céanna teorainn a chur le rioscaí go saobhfaí an iomaíocht agus go mbrúfaí an infheistíocht phríobháideach amach. |
(10) |
Státchabhair a dheonaítear do thionscadail áirithe leasa choitinn i réimse na mbonneagar nascachta digití tras-Eorpach a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nó ar bronnadh nó ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin Rialachán sin, ba cheart an Státchabhair sin a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart í a dhíolmhú faoi choinníollacha áirithe ón gceanglas fógra, ar mhaithe le cabhrú le laghdú na deighilte digití i limistéir ina dteipeann ar an margadh, agus ba cheart ag an am céanna teorainn a chur le rioscaí go saobhfaí an iomaíocht agus go mbrúfaí an infheistíocht phríobháideach amach. |
(11) |
Maidir le deontais a thugtar do thaighdeoirí faoi Chruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde (“ERC”) agus faoi ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (“MSCA”) agus a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, ba cheart iad a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach nuair atá lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais acu. |
(12) |
Maidir le cistiú poiblí comhcheangailte ó acmhainní náisiúnta agus ó acmhainní a mbainistíonn an tAontas go díreach iad le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha (amhail iad sin a chuirtear chun feidhme faoi Chomhpháirtíocht institiúidithe Eorpach atá bunaithe ar Airteagal 185 nó Airteagal 187 den Chonradh nó gníomhaíocht comhchiste cláir mar a shainmhínítear sa Chlár réime Fís Eorpach), is féidir leo rannchuidiú le feabhas a chur ar iomaíochas thaighde agus fhorbairt na hEorpa, toisc go meastar go gcomhlíonann tionscadail taighde agus forbartha den sórt sin cuspóirí a bhfuil leas coiteann Eorpach ag gabháil leo agus go dtugann siad aghaidh ar theipeanna margaidh dea-shainithe. Meastar é sin a bheith amhlaidh i gcás ina ndéantar tionscadail den sórt sin a roghnú ar bhonn na meastóireachta agus an rangaithe arna ndéanamh ag saineolaithe neamhspleácha ar aon dul le rialacha an Chláir réime Fís 2020 nó an Chláir réime Fís Eorpach, tar éis glaonna trasnáisiúnta, i gcás ina nglacann trí Bhallstát ar a laghad (dhá Bhallstát i gcás cur le chéile) páirt iontu, nó, de rogha air sin, ina nglacann dhá Bhallstát agus tír chomhlachaithe amháin ar a laghad páirt iontu. Maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanann na Ballstáit leis na tionscadail chomhchistithe taighde agus forbartha sin, lena n-áirítear acmhainní ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa don tréimhse 2014-2020, agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus don tréimhse 2021-2027, ba cheart a mheas iad a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart iad a dhíolmhú faoi choinníollacha áirithe ón gceanglas maidir le fógra a thabhairt. De bhreis air sin, níor cheart é a bheith riachtanach athmheasúnú a dhéanamh ar choinníollacha incháilitheachta ar mheasúnaigh saineolaithe neamhspleácha iad cheana féin ar an leibhéal trasnáisiúnta i gcomhréir le rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach sula roghnófar tionscadal taighde agus forbartha. |
(13) |
Sainítear sa Chlár réime Fís 2020 agus sa Chlár réime Fís Eorpach cé na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin. Chuige sin, is amhlaidh, maidir le gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta, mar a shainmhínítear faoin gClár Réime Fís, go mbeidh sí comhfhreagrach de ghnáth do ghníomhaíochtaí taighde bhunúsaigh agus taighde thionsclaíoch, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 651/2014. Ina theannta sin, beidh gníomhaíocht nuálaíochta a dtacaítear léi faoin gClár Réime Fís comhfhreagrach de ghnáth don sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014. Níor cheart na simplithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo i réimse an taighde agus na forbartha a úsáid, áfach, chun bearta cabhrach a thabhairt isteach lena maoinítear gníomhaíochtaí nach bhfuil incháilithe faoi na rialacha maidir le Státchabhair do thaighde agus forbairt, is é sin le rá, gníomhaíochtaí a théann níos faide ná raon feidhme na ngníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit na sainmhínithe maidir le Leibhéal na hUllmhachta Teicneolaí (“LUT”) a chur san áireamh freisin. Meastar go dtéann Státchabhair do ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha ag leibhéal LUT 9 níos faide ná raon feidhme an tsainmhínithe ar fhorbairt thurgnamhach agus ba cheart í a chur as an áireamh ó raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 dá bharr. |
(14) |
Féadfar tacaíocht do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh áirithe a chomhcheangal, faoin gCiste InvestEU agus faoi réir coinníollacha simplithe, le tacaíocht do tháirgeadh fuinnimh inathnuaite ar an láthair agus do stóráil an fhuinnimh sin, do phointí luchtaithe ar an láthair d’fheithiclí agus do dhigitiú na bhfoirgneamh sin. Féadfar an tacaíocht chomhcheangailte sin a thabhairt faoi choinníollacha simplithe le haghaidh foirgnimh chónaithe, foirgnimh atá tiomnaithe don oideachas nó seirbhísí sóisialta a sholáthar, foirgnimh atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le riarachán poiblí nó do sheirbhísí ceartais, póilíneachta agus comhraicthe dóiteáin, agus foirgnimh ina ndéantar gníomhaíochtaí eacnamaíocha in achar níos lú ná 35 % den achar urláir inmheánach. Mar thoradh ar chineál na ngníomhaíochtaí a dhéantar i bhfoirgnimh den sórt sin, tá tionchar níos teoranta ar an iomaíocht ag tacaíocht a bhfuil mar aidhm léi feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh sin. Chun caitheamh comhsheasmhach le tionscadail a mhaoinítear leis an gCiste InvestEU agus le hacmhainní ar acmhainní náisiúnta amháin iad a áirithiú, tá sé iomchuí leasú a dhéanamh ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a bhaineann le cabhair infheistíochta do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus coinníollacha comhoiriúnachta a thabhairt isteach le haghaidh cabhrú le hinfheistíochtaí i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a chomhcheangal faoin aon tionscadal amháin le hinfheistíochtaí lena bhfeabhsaítear feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh (is é sin le rá, suiteálacha comhtháite ar an láithreán lena ngintear fuinneamh inathnuaite, trealamh ar an láithreán le haghaidh fheithiclí leictreacha úsáideoirí an fhoirgnimh a luchtú) agus le hinfheistíochtaí le haghaidh an foirgneamh a dhigitiú, go háirithe chun a ullmhacht chliste a mhéadú. Chuige sin, ba cheart costas infheistíochta iomlán an bhirt éifeachtúlachta fuinnimh agus na bpíosaí éagsúla trealaimh a bheith ar na costais incháilithe agus bheadh feidhm ag uasdéine cabhrach aonfhoirmeach. |
(15) |
Chun caitheamh comhsheasmhach a áirithiú idir tionscadail a mhaoinítear leis an tacaíocht ón gCiste InvestEU agus le hacmhainní ar acmhainní náisiúnta amháin iad, tá sé iomchuí Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a leasú trí choinníollacha comhoiriúnachta a thabhairt isteach maidir le cabhair infheistíochta le haghaidh cineálacha áirithe bonneagar soghluaisteachta astaíochtaí ísle d’fheithiclí bóthair. Maidir le cabhair infheistíochta do bhonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá ar fáil go poiblí le haghaidh feithiclí bóthair, ba cheart í a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart í a dhíolmhú ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt a mhéid a éascaíonn sí leibhéal méadaithe cosanta don chomhshaol agus nach saobhann sí iomaíocht go míchuí. Maidir le bonneagar athbhreoslaithe, is amhlaidh, in éagmais sainmhíniú comhchuibhithe ar hidrigin ísealcharbóin a bheith ann, nár cheart ach cabhair infheistíochta le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe lena soláthraítear hidrigin inathnuaite d’fheithiclí bóthair a chumhdach leis an mblocdhíolúine. Breithneoidh an Coimisiún raon feidhme na bhforálacha ábhartha a leathnú chun hidrigin ísealcharbóin a chur ar áireamh iontu freisin a luaithe a ghlacfar sainmhíniú comhchuibhithe. De bhreis air sin, ba cheart coimircí áirithe a bheith i bhfeidhm le haghaidh bonneagar athluchtaithe agus bonneagar athbhreoslaithe araon chun teorainn a chur le saobhadh iomaíochta. Ba cheart a áirithiú, go háirithe, leis na coinníollacha comhoiriúnachta go ngintear infheistíochtaí breise leis an tacaíocht agus go dtugtar aghaidh léi ar theipeanna margaidh nó ar chora infheistíochta fo-optamaí, nach gcuirtear bac ar fhorbairt an mhargaidh de bharr na tacaíochta agus, go háirithe, go mbíonn rochtain oscailte neamh-idirdhealaitheach ann ar an mbonneagar. De bhreis air sin, ba cheart cabhair infheistíochta do bhonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a dheonú ar bhonn próiseas tairisceana iomaíoch chun comhréireacht a áirithiú agus chun saobhadh a íoslaghdú ar an margadh bonneagair. Sa deireadh, chun iomaíocht éifeachtach a spreagadh, ba cheart uasteorainn a chur leis an gcabhair a dheonaítear don aon tairbhí amháin faoi gach beart. |
(16) |
Féadfar go mbeidh i gceist le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo cistí atá faoi rialú ag na Ballstáit, lena n-áirítear cistí bainistíochta comhroinnte an Aontais, ranníocaíochtaí a eascraíonn as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, nó ranníocaíochtaí eile ó na Ballstáit, chun giaráil a mhéadú agus chun tacú le hinfheistíochtaí breise san Aontas. Mar shampla, tá an rogha ag na Ballstáit cuid de chistí bainistíochta comhroinnte an Aontais nó cuid d’acmhainní na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a ranníoc le hurrann na mBallstát de ráthaíocht AE faoin gCiste InvestEU. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na Ballstáit na táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo a mhaoiniú trína gcistí dílse nó trí bhainc náisiúnta le haghaidh spreagadh. D’fhéadfadh go gcáileodh maoiniú den sórt sin mar “acmhainní Stáit” agus d’fhéadfadh go mbeadh sé inchurtha i leith an Stáit dá mba rud é go mbeadh discréid ag na Ballstáit maidir le húsáid na n-acmhainní sin. Os a choinne sin, d’fhéadfadh nárbh ionann úsáid na gcistí sin agus Státchabhair i gcás nach bhfuil aon discréid ag na Ballstáit maidir le húsáid na n-acmhainní sin ann nó ina ngníomhaíonn siad ar aon dul le gnáthchoinníollacha margaidh. |
(17) |
I gcás inarb ionann cistí náisiúnta, lena n-áirítear cistí bainistíochta comhroinnte an Aontais, agus Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh, ba cheart tacar coinníollacha a leagan amach ar ar a bhonn a d’fhéadfaí an chabhair a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus a dhíolmhú ón gceanglas chun fógra a thabhairt ar mhaithe le cur chun feidhme an Chiste InvestEU a éascú. |
(18) |
Tá roinnt coimircí tábhachtacha iomaíochta ar áireamh i ndearadh an Chiste InvestEU, lena n-áirítear tacú le hinfheistíochtaí lena gcomhlíontar cuspóirí beartais an Aontais agus breisluach an Aontais agus an ceanglas go mbeadh an Ciste InvestEU ina chiste breise agus go dtabharfaí aghaidh leis ar theipeanna margaidh agus ar chora infheistíochta fo-optamaí. Ina theannta sin, áiritheofar leis an gcóras rialachais agus leis an bpróiseas cinnteoireachta gurb amhlaidh, roimh ráthaíocht AE a eisiúint, go gcomhlíonfaidh oibríochtaí a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo na ceanglais thuas. Sa deireadh, is trédhearcach a bheidh an tacaíocht a soláthróidh an Ciste InvestEU í agus déanfar meastóireacht ar éifeachtaí na tacaíochta sin. Dá bhrí sin, ba cheart an Státchabhair atá bainteach leis na táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart í a dhíolmhú ón gceanglas chun fógra a thabhairt ar bhonn tacar teoranta coinníollacha. |
(19) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(3) |
in Airteagal 4, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
(4) |
in Airteagal 5, leasaítear mír 2 mar a leanas:
|
(5) |
in Airteagal 6(5), cuirtear pointí (i), (j), (k) agus (l) seo a leanas leis:
|
(6) |
in Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: “Féadfar méideanna na gcostas incháilithe a ríomh i gcomhréir leis na roghanna costais simplithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), nó i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**), cibé acu is infheidhme, ar choinníoll go maoinítear an oibríocht go páirteach ar a laghad trí chiste de chuid an Aontais lena gceadaítear úsáid na roghanna costais simplithe sin agus gurb incháilithe atá an chatagóir costas i gcomhréir leis an bhforáil maidir le díolúine ábhartha. (*) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320)." (**) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).”;" |
(7) |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
(8) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(9) |
in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Maidir leis na Ballstáit nó, de rogha air sin i gcás cabhrach a dheonaítear do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh faoi Airteagal 20, maidir leis an mBallstát ar lonnaithe ann atá an tÚdarás Bainistíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, nó in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2021/1059, cibé acu is infheidhme, tarchuirfidh na Ballstáit nó an Ballstát sin chuig an gCoimisiún:
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír seo maidir le cabhair a dheonaítear do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20a, ná maidir le tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘CEN’) ná le tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail dá dtagraítear in Airteagal 19b. (*) Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 108 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).”;" |
(10) |
in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Chun cur ar chumas an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar an gcabhair a dhíolmhaítear ó fhógra a thabhairt leis an Rialachán seo, déanfaidh na Ballstáit nó, de rogha air sin i gcás cabhrach a dheonaítear do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20, an Ballstát ina bhfuil an tÚdarás Bainistíochta lonnaithe, taifid mhionsonraithe a choinneáil ina bhfuil an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta is gá chun a shuí an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Coinneofar taifid den sórt sin ar feadh 10 mbliana ón dáta ar ar deonaíodh an chabhair ad hoc nó ar ar deonaíodh an chabhair dheiridh faoin scéim. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cabhair a dheonaítear do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20a, ná maidir le tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta ná le tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail dá dtagraítear in Airteagal 19b.”; |
(11) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
(12) |
in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Is é a bheidh sna costais incháilithe costais fhoriomlána an tionscadail forbartha uirbí a mhéid a chomhlíonann siad Airteagal 37 agus Airteagal 65 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó in Airteagal 67 agus Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/1060, cibé acu is infheidhme.”; |
(13) |
cuirtear Airteagal 19a agus Airteagal 19b seo a leanas isteach: “Airteagal 19a Cabhair do na costais a thabhaíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail nó i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘CEN’) 1. Maidir le cabhair do na costais a thabhaíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, a ainmnítear mar thionscadail forbartha áitiúla de chuid Chlár LEADER faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tithíochta, a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó le Rialachán (AE) 2021/1060, agus maidir le cabhair do thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN a chumhdaítear le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, beidh siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar iad ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. Na costais seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó i Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, cibé acu is infheidhme, beidh siad incháilithe maidir le tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail agus le tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN:
3. Ní rachaidh an déine cabhrach thar na huasrátaí cómhaoiniúcháin dá bhforáiltear sna Rialacháin a bhaineann go sonrach le Cistí agus lena dtacaítear leis an bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus le Grúpaí Oibríochtúla CEN. Airteagal 19b Méideanna teoranta cabhrach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag tairbhiú de thionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail nó de thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘CEN’) 1. Maidir le cabhair do ghnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail nó i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 19a(1), nó maidir le cabhair do ghnóthais atá ag tairbhiú de thionscadail den sórt sin, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. Méid iomlán na cabhrach faoin Airteagal seo a dheonaítear in aghaidh an tionscadail, ní rachaidh sé thar EUR 200 000 i gcás tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, agus ní rachaidh sé thar EUR 350 000 i gcás tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN.”; |
(14) |
tar éis Airteagal 19b, cuirtear an ceannteideal roinne seo a leanas isteach: “ ROINN 2A Cabhair do Chomhar Críochach Eorpac h”; |
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20: “Airteagal 20 Cabhair do na costais a thabhaíonn gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadal Comhair Chríochaigh Eorpaigh 1. Maidir le cabhair do na costais a thabhaíonn gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 nó le Rialachán (AE) 2021/1059, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. A mhéid atá siad ceangailte leis an tionscadal comhair, is costais incháilithe a bheidh sna costais seo a leanas, a mbeidh acu an bhrí a thugtar dóibh i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 481/2014 ón gCoimisiún (*), nó in Airteagail 38 go 44 de Rialachán (AE) 2021/1059, cibé acu is infheidhme:
3. Ní rachaidh an déine cabhrach thar an uasráta cómhaoiniúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó i Rialachán (AE) 2021/1060 agus/nó i Rialachán (AE) 2021/1059, cibé acu is infheidhme. (*) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 481/2014 ón gCoimisiún an 4 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha sonracha maidir le hincháilitheacht caiteachais le haghaidh clár comhair (IO L 138, 13.5.2014, lch. 45).”;" |
(16) |
cuirtear an tAirteagal 20a seo a leanas isteach: “Airteagal 20a Méideanna teoranta cabhrach do ghnóthais as a rannpháirtíocht i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh 1. Maidir le cabhair do ghnóthais as a rannpháirtíocht i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 nó le Rialachán (AE) 2021/1059, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. Ní rachaidh an méid iomlán cabhrach faoin Airteagal seo a dheonaítear do ghnóthas in aghaidh an tionscadail thar EUR 20 000.”; |
(17) |
in Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Maidir le cabhair do thionscadail taighde agus forbartha, lena n-áirítear tionscadail taighde agus forbartha atá tar éis lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais a fháil faoin gclár Fís 2020 nó faoin gclár Fís Eorpach agus tionscadail chomhchistithe taighde agus forbartha agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le cabhair do chur le chéile comhchistithe, beidh siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar iad ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.”; |
(18) |
cuirtear na hAirteagail 25a go 25d seo a leanas isteach: “Airteagal 25a Cabhair do thionscadail ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh 1. Maidir le cabhair d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha agus staidéir indéantachta ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin gclár Fís 2020 nó faoin gclár Fís Eorpach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta atá cuidithe na gníomhaíochtaí sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach, cé is moite de ghníomhaíochtaí a théann níos faide ná gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí. 3. Is é a bheidh i gcatagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa chostais incháilithe an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta atá cuidithe na catagóirí, na huasmhéideanna agus na modhanna ríofa sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. 4. Ní rachaidh an t-uasmhéid cabhrach thar EUR 2,5 milliún in aghaidh an fhiontair bhig agus mheánmhéide in aghaidh an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta. 5. Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a thugtar do gach tionscadal taighde agus forbartha nó gach staidéar indéantachta thar an ráta cistiúcháin a leagtar amach le haghaidh an tionscadail taighde agus forbartha sin nó an staidéir indéantachta sin faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. Airteagal 25b Cabhair do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus do ghníomhaíochtaí Chruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde 1. Maidir le cabhair do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus do ghníomhaíochtaí Chruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin gclár Fís 2020 nó faoin gclár Fís Eorpach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe na gníomhaíochta cuidithe na gníomhaíochtaí sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. 3. Is é a bheidh i gcatagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa chostais incháilithe na gníomhaíochta cuidithe na catagóirí, na huasmhéideanna agus na modhanna ríofa sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. 4. Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a thugtar do gach gníomhaíocht chuidithe thar an uasleibhéal tacaíochta dá bhforáiltear sa chlár Fís 2020 nó sa chlár Fís Eorpach. Airteagal 25c Cabhair atá bainteach le tionscadail chomhchistithe taighde agus forbartha 1. Maidir le cabhair a thugtar do thionscadal comhchistithe taighde agus forbartha nó do staidéar comhchistithe indéantachta (lena n-áirítear tionscadail taighde agus forbartha a chuirtear chun feidhme faoi Chomhpháirtíocht institiúidithe Eorpach atá bunaithe ar Airteagal 185 nó Airteagal 187 den Chonradh nó faoi ghníomhaíocht comhchiste cláir, mar a shainmhínítear i rialacha an chláir Fís Eorpach) a gcuireann trí Bhallstát ar a laghad, nó dhá Bhallstát agus tír chomhlachaithe amháin ar a laghad, é chun feidhme agus a ndéantar é a roghnú ar bhonn na meastóireachta agus an rangaithe arna ndéanamh ag saineolaithe neamhspleácha tar éis glaonna trasnáisiúnta i gcomhréir le rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta atá cuidithe na gníomhaíochtaí sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach, cé is moite de ghníomhaíochtaí a théann níos faide ná gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí. 3. Is é a bheidh i gcatagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa na gcostas incháilithe na catagóirí, na huasmhéideanna agus na modhanna ríofa sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. 4. Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a thugtar thar an ráta cistiúcháin arna shuí le haghaidh an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta tar éis an roghnúcháin, an rangúcháin agus na meastóireachta faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. 5. Cumhdófar leis an gcistiú arna thabhairt ag an gclár Fís 2020 nó ag an gclár Fís Eorpach 30 % ar a laghad de na costais incháilithe iomlána de chuid gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta nó de chuid gníomhaíocht nuálaíochta mar a shainmhínítear faoin gclár Fís 2020 nó faoin gclár Fhís Eorpach. Airteagal 25d Cabhair do chur le chéile 1. Maidir le cabhair a thugtar do chur le chéile comhchistithe a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leis agus a ndéantar é a roghnú ar bhonn na meastóireachta agus an rangaithe arna ndéanamh ag saineolaithe neamhspleácha tar éis glaonna trasnáisiúnta faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe an chuir le chéile chomhchistithe na gníomhaíochtaí sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. Cuirtear as áireamh na gníomhaíochtaí sin a théann níos faide ná gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí. 3. Is é a bheidh i gcatagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa na gcostas incháilithe na catagóirí, na huasmhéideanna agus na modhanna ríofa sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. De bhreis air sin, is incháilithe a bheidh costais infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a bhaineann leis an tionscadal. 4. Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a thugtar thar an ráta cistiúcháin arna shuí le haghaidh an chuir le chéile tar éis an roghnúcháin, an rangúcháin agus na meastóireachta faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. De bhreis air sin, ní rachaidh an chabhair thar 70 % de na costais infheistíochta i gcás infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a bhaineann leis an tionscadal. 5. I gcás cabhair infheistíochta do bhonneagair faoi chur le chéile, beidh feidhm ag na coinníollacha breise seo a leanas:
|
(19) |
cuirtear an tAirteagal 36a seo a leanas isteach: “Airteagal 36a Cabhair infheistíochta do bhonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá ar fáil go poiblí le haghaidh feithiclí bóthair astaíochtaí nialasacha agus ísle 1. Maidir le cabhair d’imcaradh bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe le haghaidh fuinneamh a sholáthar d’fheithiclí bóthair astaíochtaí nialasacha nó ísle chun críoch iompair, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. Ní chumhdófar leis an Airteagal seo ach cabhair a dheonaítear le haghaidh imscaradh bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe lena soláthraítear leictreachas inathnuaite nó hidrigin inathnuaite d’fheithiclí chun críoch iompair. Áiritheoidh an Ballstát gur ar fud shaolré eacnamaíoch an bhonneagair a chomhlíonfar an ceanglas chun hidrigin inathnuaite a sholáthar. 3. Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais le haghaidh an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil nó a uasghrádú. Féadfar go n-áireofar leo sin na costais a bhaineann leis an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe é féin, suiteáil nó uasghráduithe a dhéanamh ar chomhpháirteanna leictreacha nó ar chomhpháirteanna eile, lena n-áirítear trasfhoirmeoirí cumhachta a theastaíonn le haghaidh an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a nascadh leis an eangach nó le haonad áitiúil táirgthe nó stórála leictreachais nó hidrigine, mar aon le trealamh teicniúil gaolmhar, oibreacha gaolmhara innealtóireachta sibhialta, oiriúnuithe gaolmhara talún nó bóthair, costais ghaolmhara suiteála agus costais ghaolmhara le haghaidh ceadanna gaolmhara a fháil. Na costais a bhaineann leis na haonaid áitiúla táirgthe nó stórála ina ndéantar an leictreachas a ghiniúint nó a stóráil, agus na costais a bhaineann leis na haonaid áitiúla táirgthe hidrigine, is costais iad sin a eisiatar. 4. An chabhair a dheonófar faoin Airteagal seo, is i bpróiseas tairisceana iomaíoch a dheonófar í, próiseas atá bunaithe ar chritéir shoiléire, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, agus féadfaidh sé gur suas le 100 % de na costais incháilithe a bheidh i ndéine na cabhrach. 5. An chabhair a dheonófar do thairbhí aonair ar bith, ní rachaidh sí thar 40 % de bhuiséad foriomlán na scéime lena mbaineann. 6. Bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana ag an bpobal agus lena soláthraítear rochtain neamh-idirdhealaitheach d’úsáideoirí, lena n-áirítear maidir le taraifí, le modhanna fíordheimhniúcháin agus íocaíochta, agus le téarmaí agus coinníollacha eile úsáide, is le haghaidh tógáil nó suiteáil a bhonneagair sin nó le haghaidh uasghrádú a dhéanamh air a dheonófar cabhair faoin Airteagal seo, agus le haghaidh na nithe sin amháin. 7. An gá atá le dreasú imscaradh bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe den aon chatagóir amháin (mar shampla, maidir le bonneagar athluchtaithe: gnáthchumhacht nó ardchumhacht), is gá é a fhíorófar trí chomhairliúchán poiblí oscailte ex ante nó trí staidéar neamhspleách margaidh. Fíorófar go háirithe gurb amhlaidh nach dóigh go n-imscarfar bonneagar den sórt sin ar théarmaí tráchtála laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe. 8. De mhaolú ar mhír 7, féadfar a thoimhdiú go bhfuil gá le bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe i gcás inar lú an líon feithiclí ceallra-leictreacha (i gcás bonneagar athluchtaithe) nó an líon feithiclí hidrigine (i gcás bonneagar athbhreoslaithe) faoi seach ná 2 % d’fhlít iomlán na bhfeithiclí ar den chatagóir céanna iad atá cláraithe sa Bhallstát lena mbaineann. Chun críoch na míre seo, measfar carranna paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a bheith ina gcuid den aon chatagóir feithiclí amháin. 9. Maidir le haon lamháltas nó aon ní eile a thugtar do thríú páirtí chun an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe faoi thacaíocht a oibriú, sannfar é ar bhonn iomaíoch, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus aird chuí á tabhairt ar na rialacha soláthair is infheidhme.”; |
(20) |
leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:
|
(21) |
leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:
|
(22) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52: “Airteagal 52 Cabhair do líonraí leathanbhanda fhosaithe 1. Beidh cabhair d’imscaradh líonraí leathanbhanda fhosaithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais uile le haghaidh líonra leathanbhanda fhosaithe a thógáil, a bhainistiú agus a oibriú. Déanfar an t-uasmhéid cabhrach do thionscadal a shuí ar bhonn próiseas roghnúcháin iomaíoch, mar a leagtar amach i mír 6, pointe (a). I gcás ina ndéanfar infheistíocht i gcomhréir le mír 6, pointe (b), gan próiseas roghnúcháin iomaíoch, ní rachaidh an méid cabhrach thar an difríocht idir na costais incháilithe agus brabús oibriúcháin na hinfheistíochta. Asbhainfear an brabús oibriúcháin ó na costais incháilithe ex ante ar bhonn réamh-mheastachán réasúnach agus fíorófar é ex post trí shásra aisghlámtha. 3. Is incháilithe atá na cineálacha malartacha infheistíochta seo a leanas:
4. Déanfar na ceanglais seo a leanas go léir a chomhlíonadh sa léarscáiliú agus sa chomhairliúchán poiblí dá dtagraítear i mír 3.
5. Bainfidh an tionscadal cuidithe feabhas mór (athrú ó bhonn) amach i gcomparáid le líonraí atá ann faoi láthair nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe nó laistigh den tréimhse ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, ar tréimhse í nach bhféadfaidh a bheith níos giorra ná 2 bhliain, i gcomhréir le mír 4. Tarlóidh athrú ó bhonn i gcás inarb amhlaidh, mar thoradh ar an idirghabháil fhóirdheonaithe, go ndéanfar infheistíocht mhór nua sa líonra leathanbhanda agus go bhfágfaidh an líonra fóirdheonaithe gur fearr i bhfad a bheidh cumas an mhargaidh maidir le hinfhaighteacht agus acmhainneacht seirbhísí rochtana idirlín leathanbhanda, le luasanna na seirbhísí sin agus leis an iomaíocht i réimse na seirbhísí sin, i gcomparáid leis na líonraí atá ann faoi láthair nó atá beartaithe go hinchreidte. Ní mór go n-áireofar leis an tionscadal infheistíochtaí substaintiúla i mbonneagar éighníomhach, ar infheistíochtaí iad a théann níos faide ná infheistíochtaí beaga a bhaineann le huasghrádú na ngnéithe gníomhacha den líonra agus leis sin amháin. 6. Deonófar an chabhair mar seo a leanas:
7. Tairgfidh oibriú an líonra fhóirdheonaithe an rochtain mhórdhíola ghníomhach agus éighníomhach is leithne is féidir, i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (139), faoi choinníollacha cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha, lena n-áirítear díchuachadh fisiciúil. Féadfaidh tionscadal díchuachadh fíorúil, seachas díchuachadh fisiciúil, a thairiscint, más rud é go ndearbhaíonn an t-údarás rialála náisiúnta an táirge rochtana fíorúil a bheith coibhéiseach le díchuachadh fisiciúil. Deonófar rochtain mhórdhíola ghníomhach ar feadh 7 mbliana ar a laghad agus ní bheidh aon teorainn ama ann leis an rochtain mhórdhíola ar an mbonneagar fisiciúil, lena n-áirítear duchtanna agus cuaillí. Beidh feidhm ag na coinníollacha rochtana céanna maidir leis an líonra fóirdheonaithe ar fad, lena n-áirítear ar chodanna den líonra inar úsáideadh bonneagair atá ann cheana. Forfheidhmeofar na hoibleagáidí rochtana gan beann ar aon athrú in úinéireacht, bainistíocht nó oibriú an líonra fhóirdheonaithe. I gcás cabhair do thógáil duchtanna, beidh na duchtanna mór go leor chun freastal ar thrí líonra ar a laghad agus ar thoipeolaíochtaí líonra difriúla. 8. Beidh an praghas rochtana mórdhíola bunaithe ar cheann amháin de na tagarmharcanna seo a leanas: (i) na meánphraghsanna foilsithe mórdhíola atá i réim i limistéir inchomparáide níos iomaíche eile den Bhallstát nó den Aontas; nó (ii) in éagmais praghsanna foilsithe den sórt sin, na praghsanna rialáilte atá socraithe nó formheasta cheana féin ag an údarás rialála náisiúnta do na margaí agus na seirbhísí lena mbaineann; nó (iii) in éagmais praghsanna foilsithe nó rialáilte den sórt sin, comhlíonfaidh an phraghsáil an treoshuíomh costas agus an mhodheolaíocht arna sainordú i gcomhréir leis an gcreat rialála earnála. Gan dochar d’inniúlachtaí an údaráis rialála náisiúnta faoin gcreat rialála, rachfar i ndáil chomhairle leis an údarás rialála náisiúnta maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh rochtana, lena n-áirítear maidir le praghsanna, agus maidir le díospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo. 9. Cuirfidh na Ballstáit sásra faireacháin agus aisghlámtha i bhfeidhm más rud é go rachaidh an méid cabhrach a dheonaítear don tionscadal thar EUR 10 milliún.”; |
(23) |
cuirtear an tAirteagal 52a, an tAirteagal 52b agus an tAirteagal 52c seo a leanas isteach: “Airteagal 52a Cabhair do líonraí móibíleacha 4G agus 5G 1. Beidh cabhair d’imscaradh líonraí móibíleacha 4G agus 5G comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais uile le haghaidh líonra móibíleach éighníomhach a thógáil, a bhainistiú agus a oibriú. Déanfar an t-uasmhéid cabhrach do thionscadal a shuí ar bhonn próiseas roghnúcháin iomaíoch, mar a leagtar amach i mír 7, pointe (a). I gcás ina ndéanfar infheistíocht i gcomhréir le mír 7, pointe (b), gan próiseas roghnúcháin iomaíoch, ní rachaidh an méid cabhrach thar an difríocht idir na costais incháilithe agus brabús oibriúcháin na hinfheistíochta. Asbhainfear an brabús oibriúcháin ó na costais incháilithe ex ante ar bhonn réamh-mheastachán réasúnach agus fíorófar é ex post trí shásra aisghlámtha. 3. Beidh infheistíocht 5G lonnaithe i limistéir nár imscaradh líonraí móibíleacha iontu nó nach bhfuil ar fáil iontu ach líonraí móibíleacha atá in ann tacú le seirbhísí móibíleacha suas le 3G agus nach bhfuil aon líonraí móibíleacha 4G ná 5G i láthair iontu nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte na líonraí sin a imscaradh iontu laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe nó laistigh den tréimhse ionchasach ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 2 bhliain. Fíorófar seo trí léarscáiliú agus trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le mír 4. Beidh infheistíocht 4G lonnaithe i limistéir nár imscaradh líonraí móibíleacha iontu nó nach bhfuil ar fáil iontu ach líonraí móibíleacha atá in ann tacú le seirbhísí móibíleacha suas le 2G agus nach bhfuil aon líonraí móibíleacha 3G, 4G ná 5G i láthair iontu nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte na líonraí sin a imscaradh iontu laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe nó laistigh den tréimhse ionchasach ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 2 bhliain. Fíorófar seo trí léarscáiliú agus trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le mír 4. 4. Déanfar na ceanglais seo a leanas go léir a chomhlíonadh sa léarscáiliú agus sa chomhairliúchán poiblí dá dtagraítear i mír 3:
5. Ní chuirfear an bonneagar cuidithe san áireamh chun comhlíonadh a dhéanamh ar na hoibleagáidí cumhdaigh de chuid oibreoirí líonraí móibíleacha a eascróidh as coinníollacha atá ceangailte le cearta chun speictream 4G agus 5G a úsáid. 6. An tionscadal lena dtacófar, is tionscadal é lena mbainfear feabhas mór (athrú ó bhonn) amach i gcomparáid le líonraí móibíleacha atá ann faoi láthair nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe, nó laistigh den tréimhse ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, tréimhse nach bhféadfaidh a bheith níos giorra ná 2 bhliain, i gcomhréir le mír 4. Tarlóidh athrú ó bhonn i gcás inarb amhlaidh, mar thoradh ar an idirghabháil fhóirdheonaithe, go ndéanfar infheistíocht mhór nua sa líonra móibíleach agus go bhfágfaidh an líonra fóirdheonaithe gur fearr i bhfad a bheidh cumas an mhargaidh maidir le hinfhaighteacht agus acmhainneacht seirbhísí móibíleacha, le luasanna na seirbhísí sin, agus leis an iomaíocht i réimse na seirbhísí sin, i gcomparáid leis na líonraí atá ann faoi láthair nó atá beartaithe go hinchreidte. Ní mór go n-áireofar leis an tionscadal infheistíochtaí substaintiúla i mbonneagar éighníomhach, ar infheistíochtaí iad a théann níos faide ná infheistíochtaí beaga a bhaineann le huasghrádú na ngnéithe gníomhacha den líonra agus leis sin amháin. 7. Deonófar an chabhair mar seo a leanas:
8. Tairgfidh oibriú an líonra fhóirdheonaithe an rochtain mhórdhíola ghníomhach agus éighníomhach is leithne is féidir, i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (139), faoi choinníollacha cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha. Deonófar rochtain mhórdhíola ghníomhach ar feadh 7 mbliana ar a laghad agus ní bheidh aon teorainn ama ann leis an rochtain mhórdhíola ar an mbonneagar fisiciúil, lena n-áirítear duchtanna agus cuaillí. Beidh feidhm ag na coinníollacha rochtana céanna maidir leis an líonra fóirdheonaithe ar fad, lena n-áirítear ar na codanna de líonra den sórt sin inar úsáideadh bonneagair atá ann cheana. Forfheidhmeofar na hoibleagáidí rochtana beag beann ar aon athrú in úinéireacht, bainistíocht nó oibriú an líonra fhóirdheonaithe. I gcás cabhair do thógáil duchtanna, beidh na duchtanna mór go leor chun freastal ar na hoibreoirí líonraí móibíleacha uile atá ann cheana ar a laghad. 9. Beidh an praghas rochtana mórdhíola bunaithe ar cheann amháin de na tagarmharcanna seo a leanas: (i) na meánphraghsanna foilsithe mórdhíola atá i réim i limistéir inchomparáide níos iomaíche eile den Bhallstát nó den Aontas; nó (ii) in éagmais praghsanna foilsithe den sórt sin, na praghsanna rialáilte atá socraithe nó formheasta cheana féin ag an údarás rialála náisiúnta do na margaí agus na seirbhísí lena mbaineann; nó (iii) in éagmais praghsanna foilsithe nó rialáilte den sórt sin, comhlíonfaidh an phraghsáil an treoshuíomh costas agus an mhodheolaíocht arna sainordú i gcomhréir leis an gcreat rialála earnála. Gan dochar d’inniúlachtaí an údaráis rialála náisiúnta faoin gcreat rialála, rachfar i ndáil chomhairle leis an údarás rialála náisiúnta maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh rochtana, lena n-áirítear maidir le praghsanna, agus maidir le díospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo. 10. Cuirfidh na Ballstáit sásra faireacháin agus aisghlámtha i bhfeidhm más rud é go rachaidh an méid cabhrach a dheonaítear don tionscadal thar EUR 10 milliún. 11. Ní cheadófar an líonra 4G nó 5G atá cistithe go poiblí a úsáid chun seirbhísí rochtana fosaithe gan sreang a sholáthar ach amháin mar seo a leanas:
Airteagal 52b Cabhair do thionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair thras-Eorpaigh nascachta digití 1. Maidir le cabhair do thionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair thras-Eorpaigh nascachta digití a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/1153 nó ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin Rialachán sin, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. Comhlíonfaidh tionscadail na coinníollacha comhoiriúnachta ginearálta carnacha a leagtar síos i mír 3. Ina theannta sin, tiocfaidh siad faoi cheann amháin de na catagóirí tionscadal incháilithe a leagtar síos i mír 4 agus comhlíonfaidh siad na coinníollacha comhoiriúnachta sonracha uile don chatagóir ábhartha a leagtar síos sa mhír sin. Ní thagann faoi raon feidhme na díolúine a sholáthraítear i mír (1) ach na tionscadail sin nach dtagraíonn ach do na gnéithe agus na heintitis a shonraítear faoi gach catagóir ábhartha i mír (4). 3. Is mar a leagtar amach a leanas a bheidh na coinníollacha comhoiriúnachta carnacha ginearálta:
4. Catagóirí na dtionscadal incháilithe agus na coinníollacha comhoiriúnachta sonracha carnacha is infheidhme maidir leo, is mar seo a leanas a bheidh na catagóirí agus na coinníollacha:
Airteagal 52c Dearbháin Nascachta 1. Maidir le cabhair a bheidh i bhfoirm scéime dearbhán nascachta do thomhaltóirí chun teilea-oibriú, oideachas ar líne agus seirbhísí oiliúna a éascú nó d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. 2. Ní mhairfidh aon scéim dearbhán níos mó ná 24 mhí. 3. Beidh na catagóirí scéimeanna dearbhán seo a leanas incháilithe:
4. Cumhdófar leis na dearbháin suas le 50 % de na costais suiteála iomlána agus den táille mhíosúil iomlán a bhaineann le síntiús a ghlacadh le seirbhís rochtana idirlín leathanbhanda lena ngabhann na luasanna a shonraítear i mír 3, bíodh sé sin ar bhonn aonair nó mar chuid de bheartán seirbhísí, lena n-áirítear, ar a laghad, an trealamh teirminéalach (móideim/ródaire) atá riachtanach le haghaidh rochtain idirlín lena ngabhann na luasanna a shonraítear i mír 3 a fháil. Íocfaidh na húdaráis phoiblí an dearbhán go díreach leis na húsáideoirí deiridh nó íocfaidh siad é go díreach leis an soláthraí seirbhíse arna roghnú ag na húsáideoirí deiridh, áit a ndéanfar méid an dearbháin a asbhaint ó shonrasc na n-úsáideoirí deiridh. 5. Ní bheidh na dearbháin ar fáil do thomhaltóirí ná d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ach amháin i limistéir a bhfuil líonra amháin ar a laghad iontu cheana atá in ann na luasanna a shonraítear i mír 3 a sholáthar go hiontaofa, rud a fhíorófar trí léarscáiliú agus trí chomhairliúchán poiblí. Sa chleachtadh léarscáilithe agus sa chomhairliúchán poiblí, sainaithneofar na sprioclimistéir gheografacha a chumhdaítear le líonra amháin ar a laghad atá in ann an luas a shonraítear i mír 3 a sholáthar go hiontaofa ar feadh thréimhse na scéime dearbhán, sainaithneofar na soláthraithe incháilithe atá i láthair sa limistéar agus baileofar faisnéis chun a sciar den mhargadh a ríomh. Déanfar an léarscáiliú (i) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha, i gcás líonraí fosaithe atá bunaithe ar shreanglíne, agus (ii) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha nó ar bhonn eangach 100x100 méadar ar a mhéad, i gcás líonraí fosaithe rochtana gan sreang nó i gcás líonraí móibíleacha. Fíorófar an léarscáiliú trí chomhairliúchán poiblí i ngach cás. Déanfaidh an t-údarás poiblí inniúil an comhairliúchán poiblí trí phríomh-shaintréithe an bhirt atá beartaithe agus liosta na sprioclimistéar geografach a sainaithníodh sa chleachtadh léarscáilithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin iomchuí, lena n-áirítear ar an leibhéal náisiúnta. Sa chomhairliúchán poiblí, tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara trácht a dhéanamh ar an dréachtbheart agus faisnéis a bhfuil bunús léi a chur isteach maidir leis na líonraí atá ann cheana atá in ann an luas a shonraítear i mír 3 a sholáthar go hiontaofa. Mairfidh an comhairliúchán poiblí 30 lá ar a laghad. 6. Leis an scéim dearbhán, comhlíonfar prionsabal neodracht na teicneolaíochta, a mhéid a fhéadfar na dearbháin a úsáid le haghaidh síntiús a ghlacadh le seirbhísí de chuid aon oibreoirí atá in ann na luasanna a shonraítear i mír 3 a sholáthar go hiontaofa thar líonra leathanbhanda atá ann cheana, gan beann ar na teicneolaíochtaí a úsáidtear. Chun rogha na dtomhaltóirí nó na bhfiontar beag agus meánmhéide a éascú, déanfar an liosta soláthraithe incháilithe do gach ceann de na sprioclimistéir gheografacha a fhoilsiú ar líne agus beidh gach soláthraí leasmhar in ann iarratas a dhéanamh ar a gcuimsiú ann ar bhonn critéar oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. 7. Chun bheith incháilithe, i gcásanna ina mbeidh soláthraí na seirbhíse rochtana idirlín leathanbhanda comhtháite go hingearach agus inar mó ná 25 % a sciar den mhargadh miondíola, ní mór dó táirge rochtana mórdhíola amháin ar a laghad atá in ann a áirithiú go mbeidh an t-iarrthóir rochtana in ann seirbhís mhiondíola a sholáthar go hiontaofa ag an luas a shonraítear i mír 3 a thairiscint d’aon soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar an margadh comhfhreagrach rochtana mórdhíola faoi choinníollacha oscailte, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha. Socrófar an praghas rochtana mórdhíola bunaithe ar cheann amháin de na tagarmharcanna seo a leanas: (i) na meánphraghsanna foilsithe mórdhíola atá i réim i limistéir inchomparáide níos iomaíche eile den Bhallstát nó den Aontas; nó (ii) in éagmais praghsanna foilsithe den sórt sin, na praghsanna rialáilte atá socraithe nó formheasta cheana féin ag an údarás rialála náisiúnta do na margaí agus na seirbhísí lena mbaineann; nó (iii) in éagmais praghsanna foilsithe nó rialáilte den sórt sin, comhlíonfaidh an phraghsáil an treoshuíomh costas agus an mhodheolaíocht arna sainordú i gcomhréir leis an gcreat rialála earnála. Gan dochar d’inniúlachtaí an údaráis rialála náisiúnta faoin gcreat rialála, rachfar i ndáil chomhairle leis an údarás rialála náisiúnta maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh rochtana, lena n-áirítear maidir le praghsanna, agus maidir le díospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo. (*) Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (IO L 252, 8.10.2018, lch. 1)." (**) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).”;" |
(24) |
cuirtear an Roinn 16 seo a leanas isteach tar éis Airteagal 56c: “ROINN 16 Cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo Airteagal 56d Raon feidhme agus coinníollacha coiteanna 1. Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo, ar táirgí iad lena soláthraítear cabhair do chomhpháirtithe cur chun feidhme, d’idirghabhálaithe airgeadais nó do thairbhithe deiridh. 2. Beidh an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I, san Airteagal seo agus i gceachtar d’Airteagal 56e nó d’Airteagal 56f. 3. Comhlíonfaidh an chabhair na coinníollacha infheidhme uile a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/523 agus na Treoirlínte Infheistíochta InvestEU a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1078 ón gCoimisiún (*). 4. Beidh feidhm ag na huastairseacha a leagtar síos in Airteagal 56e agus in Airteagal 56f maidir leis an maoiniú iomlán atá amuigh, a mhéid atá cabhair i gceist leis an maoiniú sin a sholáthraítear faoi aon táirge airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leis. Beidh feidhm ag na huastairseacha:
5. Ní dheonófar cabhair i bhfoirm punann atá ann cheana de chuid idirghabhálaithe airgeadais a athmhaoiniú ná i bhfoirm ráthaíochtaí ar phunanna atá ann cheana de chuid idirghabhálaithe airgeadais. Airteagal 56e Coinníollacha do chabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo 1. Maidir le cabhair a thugtar don tairbhí deiridh faoi tháirge airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leis:
2. Maidir le cabhair do thionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair thras-Eorpaigh nascachta digití a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/1153 nó ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin Rialachán sin, ní dheonófar í ach amháin do thionscadail a chomhlíonann na coinníollacha comhoiriúnachta ginearálta agus sonracha uile a leagtar síos in Airteagal 52b. Ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 150 milliún. 3. Maidir le cabhair d’infheistíochtaí i líonraí leathanbhanda fhosaithe nach bhfuil beartaithe ach amháin chun spreagthaí socheacnamaíocha incháilithe áirithe a nascadh, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:
4. Maidir le cabhair do ghiniúint fuinnimh agus do bhonneagar fuinnimh, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:
5. Maidir le cabhair do bhonneagar agus gníomhaíochtaí sóisialta, oideachais, cultúir agus oidhreachta nádúrtha, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:
6. Maidir le cabhair don iompar agus do bhonneagair iompair, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:
7. Maidir le cabhair do bhonneagair eile, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:
8. Maidir le cabhair do chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cosaint na haeráide, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:
9. Maidir le cabhair do thaighde, forbairt, nuálaíocht agus digitiú, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:
10. I dteannta na gcatagóirí cabhrach dá bhforáiltear i míreanna 2 go 9, féadfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide nó, i gcás inarb infheidhme, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga cabhair a fháil freisin i bhfoirm maoiniúcháin a dtacaíonn an Ciste InvestEU leis ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
Airteagal 56f Coinníollacha le haghaidh cabhrach atá bainteach le táirgí airgeadais idirghafa atá faoi thionchar tráchtála agus a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo 1. Is iad idirghabhálaithe airgeadais tráchtála, a roghnófar ar bhealach oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, a sholáthróidh an maoiniú do na tairbhithe deiridh. 2. Maidir leis an idirghabhálaí airgeadais tráchtála a sholáthraíonn maoiniú don tairbhí deiridh, coinneoidh sé íos-neamhchosaint ar riosca ar fiú 20 % de gach idirbheart maoiniúcháin í. 3. Ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear do gach tairbhí deiridh tríd an idirghabhálaí airgeadais tráchtála thar EUR 7,5 milliún. (*) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1078 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach na treoirlínte infheistíochta maidir le Ciste InvestEU (IO L 234, 2.7.2021, lch. 18)." (**) Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39)." (***) Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).”;" |
(25) |
in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3a: “3a. Maidir le haon chabhair aonair a deonaíodh idir an 1 Iúil 2014 agus an 2 Lúnasa 2021 i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo a bhí infheidhme tráth dheonú na cabhrach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt. Maidir le haon chabhair aonair a deonaíodh roimh an 1 Iúil 2014 i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, gan Airteagal 9 a áireamh, a bhí infheidhme roimh an 10 Iúil 2017 nó ina dhiaidh nó roimh an 3 Lúnasa 2021 nó ina dhiaidh, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt.”; |
(26) |
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II, Cuid II. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
(5) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259).
(7) Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94).
(8) Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).
IARSCRÍBHINN
“CUID II
le soláthar trí chóras fógartha leictreonach bunaithe an Choimisiúin mar a leagtar síos in Airteagal 11
Cuir in iúl cé acu foráil de GBER faoina gcuirtear an beart cabhrach chun feidhme.
Príomhchuspóir – Cuspóirí Ginearálta (liosta) |
Cuspóirí (liosta) |
Uasdéine na cabhrach mar % nó Uasmhéid bliantúil na cabhrach san airgeadra náisiúnta (i méideanna iomlána) |
FBM - bónais mar % |
||||||||||||||||
Cabhair réigiúnach - cabhair infheistíochta (1) (Airteagal 14) |
|
[…] % |
[…] % |
||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
Cabhair réigiúnach - cabhair infheistíochta (Airteagal 15) |
|
[…] % |
[…] % |
||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
Cabhair do FBManna (Airteagail 17-19b) |
|
[…] % |
[…] % |
||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
Cabhair um Chomhar Críochach Eorpach (Airteagail 20-20a) |
|
[…] % |
[…] % |
||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
Cabhair do FBManna - Rochtain fiontar beag agus meánmhéide ar mhaoiniú (Airteagail 21-22) |
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] %; i gcás inar cabhair do ghnólacht nuathionscanta atá sa bheart cabhrach: […] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
Cabhair um an taighde, an fhorbairt, an nuálaíocht agus an digitiú (Airteagail 25-30) |
Cabhair do thionscadail - taighde agus forbartha (Airteagal 25) |
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
Cabhair d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus d’oibrithe faoi mhíchumas (Airteagail 32-35) |
|
[…] % |
[…] % |
||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
Cabhair um chosaint an Chomhshaoil (Airteagail 36-49) |
|
[…] % |
[…] % |
||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
Uasdéine na cabhrach |
[…] % |
[…] % |
||||||||||||||||
An cineál tubaiste nádúrtha |
|
||||||||||||||||||
Dáta na tubaiste nádúrtha |
ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb |
||||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] %% |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
|
|
|||||||||||||||||
[…] % |
[…] % |
||||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] % |
[…] % |
|||||||||||||||||
Cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo (Airteagail 56d-56f) |
Airteagal 56e |
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
|||||||||||||||||
|
[…] airgeadra náisiúnta |
[…] % |
(1) I gcás cabhair réigiúnach ad hoc lena bhforlíontar cabhair a dheonaítear faoi scéim nó scéimeanna cabhrach, cuir in iúl idir dhéine na cabhrach a dheonaítear faoin scéim agus déine na cabhrach ad hoc.
(2) De réir Airteagal 11(1), níl sé éigeantach tuairisciú a dhéanamh ar chabhair a dheonaítear faoi Airteagal 19b. Dá bhrí sin, tuairisciú maidir leis an gcabhair sin, níl ann ach rud roghnach.
(3) De réir Airteagal 11(1), níl sé éigeantach tuairisciú a dhéanamh ar chabhair a dheonaítear faoi Airteagal 20a. Dá bhrí sin, tuairisciú maidir leis an gcabhair sin, níl ann ach rud roghnach.”.