27.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 267/14


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1219 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Iúil 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 lena socraítear an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 16(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 ón gCoimisiún (2) an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), chomh maith leis na méideanna atá ar fáil le haghaidh na mblianta airgeadais 2021 go 2027 le haghaidh an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), de bhun Airteagal 7(2) agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, is iad na huasmhéideanna atá socruithe i leith na fo-uasteorann do chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus d’íocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle a bheidh san uasteorainn bhliantúil le caiteachas CERT le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (4).

(3)

I gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 11(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena gcinneadh i dtaca leis an laghdú ar mhéid na n-íocaíochtaí díreacha de bhun Airteagal 11(1) den Rialachán sin agus leis an toradh measta ar an laghdú i leith na bliana féilire 2021. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán sin, táthar le toradh measta an laghdaithe ar íocaíochtaí a chur ar fáil mar thacaíocht ón Aontas arna maoiniú faoi CETFT.

(4)

I gcomhréir leis an seachtú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug roinnt Ballstát fógra don Choimisiún maidir lena gcinneadh céatadán áirithe dá n-uasteorainn náisiúnta bhliantúil le híocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2022 a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise faoi CETFT sa bhliain féilire 2021.

(5)

I gcomhréir leis an seachtú fomhír d’Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug roinnt Ballstát fógra don Choimisiún maidir lena gcinneadh ceatadán áirithe den tacaíocht atá le maoiniú faoi CETFT sa bhliain airgeadais 2022 a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2021.

(6)

Rinneadh na huasteorainneacha ábhartha náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a oiriúnú ina dhiaidh sin trí bhíthin Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1017 ón gCoimisiún. (5).

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, tá an fho-uasteorainn do chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus le d’íocaíochtaí díreacha de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin le coigeartú faoin gcoigeartú teicniúil dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Rialachán sin tar éis na n-aistrithe idir CETFT agus na híocaíochtaí díreacha.

(8)

Ní mór, dá bhrí sin, an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 a choigeartú. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart na méideanna atá le cur ar fáil do CETFT a fhoilsiú freisin.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/128 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 lena socraítear an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT (IO L 40, 4.2.2021, lch. 8).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1017 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 224, 24.6.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

(EUR milliún)

Bliain airgeadais

Méideanna a chuirtear ar fáil do CETFT

Méideanna a aistrítear ó CETFT

An t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT

Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

2021

1 099,539

58,165

600,658

40 367,954

2022

1 086,292

57,919

525,400

40 638,189

2023

 

 

 

41 518,000

2024

 

 

 

41 649,000

2025

 

 

 

41 782,000

2026

 

 

 

41 913,000

2027

 

 

 

42 047,000