4.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 116/29


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 256 an 19 Iúil 2021 )

1.

Ar leathanach 21, in Airteagal 7(6), sa chéad abairt:

in ionad:

“6.   D’fhonn na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(3) (b) go (f) de na Reachtanna a luacháil,”,

léitear:

“6.   D’fhonn na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(3) (b) go (g) de na Reachtanna a luacháil,”.

2.

Ar leathanach 38, in Airteagal 3(3) san Iarscríbhinn:

in ionad:

“3.   Ar choinníoll go ndéanann sé ranníocaíocht leis an maoiniú dá dtagraítear in Airteagal 15 de na Reachtanna seo (...) féadfaidh aon eintiteas dlíthiúil nach liostaítear in Airteagal 2(1)(c) de na Reachtanna seo...”,

léitear:

“3.   Ar choinníoll go ndéanann sé ranníocaíocht leis an maoiniú dá dtagraítear in Airteagal 15 de na Reachtanna seo (...) féadfaidh aon eintiteas dlíthiúil nach liostaítear in Airteagal 2(1)(d) de na Reachtanna seo...”.

3.

Ar leathanach 48, in Airteagal 15(3), pointe (g) san Iarscríbhinn:

in ionad:

“(g)

ranníocaíochtaí comhchineáil ó na Comhaltaí Príobháideacha nó a gcomheintitis agus a n-eintitis chleamhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 9(7) den Rialachán seo.”,

léitear:

“ (g)

ranníocaíochtaí comhchineáil ó na Comhaltaí Príobháideacha nó a gcomheintitis agus a n-eintitis chleamhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (16) agus (17) den Rialachán seo.”.