15.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 250/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1160 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Bealtaine 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an mbosca salán agus leis an mbosca leathóg sa Mhuir Thuaidh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) 2019/1241 déantar foráil maidir le bearta teicniúla le haghaidh na Mara Thuaidh a bhunú.

(2)

Tá leas díreach bainistíochta maidir le hiascaigh sa Mhuir Thuaidh ag an mBeilg, ag an Danmhairg, ag an nGearmáin, ag an bhFrainc, ag an Ísiltír agus ag an tSualainn (Grúpa Scheveningen). An 15 agus an 19 Deireadh Fómhair 2020 chuir na Ballstáit sin dhá mholadh chomhpháirteacha isteach i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2019/1241, lena moltar modhnuithe áirithe ar na forálacha atá ann faoi láthair maidir leis an mbosca leathóg agus an bosca salán sa Mhuir Thuaidh a leagtar amach in Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2019/1241 trí bhíthin gníomh tarmligthe ón gCoimisiún. Chuir siad leagan nuashonraithe den mholadh comhpháirteach isteach maidir leis an mbosca salán an 2 Feabhra 2021. Sheol na Ballstáit sin an dá mholadh chomhpháirteacha chuig na comhairlí comhairleacha ábhartha le haghaidh comhairliúcháin.

(3)

Ós rud é go moltar athruithe ar Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2019/1241, sa dá mholadh chomhpháirteacha, leis an Rialachán tarmligthe seo, déantar foráil maidir leis na bearta a mhol na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis an mbosca salán agus an bosca leathóg araon.

(4)

Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) measúnú ar an bhfianaise a chuir na Ballstáit ar fáil lena dtacaítear leis na forálacha a chumhdaítear sa dá mholadh chomhpháirteacha (3). Rinneadh meastóireacht ar na bearta atá beartaithe i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaítear le hAirteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241.

(5)

Sa mholadh comhpháirteach a chuir na Ballstáit isteach maidir leis an mbosca leathóg, moladh díolúine shonrach a thabhairt isteach le haghaidh soithí ar mó ná 221 kW a gcumhacht innill agus a úsáideann saighní Danmhargacha, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na rialacha maidir leis na mogallmhéideanna a leagtar amach i bpointe 1.1 de Chuid B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241. Rinne STECF anailís ar an bhfianaise a thíolaic na Ballstáit agus tháinig sé ar an gconclúid, i bhfianaise líon teoranta na soithí lena mbaineann agus an tionchair theoranta atá ag an saighean Dhanmhargach ar an ngrinneall, ní mheastar go mbeadh éifeacht shuntasach ag tabhairt isteach na díolúine le haghaidh saighní Danmhargacha ar an leibhéal cosanta laistigh den limistéar. Ba cheart, dá bhrí sin, an beart atá beartaithe a áireamh sa Rialachán seo.

(6)

Sa mholadh comhpháirteach maidir leis an mbosca leathóg, moladh freisin an téarma “tráil dobharchú íochtair” a chur in ionad an téarma “tráil ghrinnill” i bpointe 2.2(c) de chuid C d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241. Rinne STECF anailís ar an bhfianaise a thíolaic na Ballstáit agus tháinig sé ar an gconclúid gur dócha, leis an athrú atá beartaithe, go mbainfí aon débhríocht as an Rialachán agus go dtabharfaí leibhéil níos airde cosanta nó leibhéil chosanta atá coibhéiseach ar a laghad lena leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1241 faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, an beart atá beartaithe a áireamh sa Rialachán seo.

(7)

Sa mholadh comhpháirteach maidir leis an mbosca leathóg, moladh freisin fad iomlán na soithí nach mó ná 24 mhéadar i leith na dtrálaer bíoma atá le háireamh i liosta na soithí a leagtar amach i bpointe 2.4 de chuid C d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin. Rinne STECF anailís ar an bhfianaise a thíolaic na Ballstáit agus tháinig sé ar an gconclúid go n-áireofaí leis an srian sin leibhéil chosanta atá coibhéiseach ar a laghad lena leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1241 faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, an beart atá beartaithe a áireamh sa Rialachán seo.

(8)

Leis an moladh comhpháirteach a chuir na Ballstáit isteach maidir leis an mbosca salán, moladh leanúint den chleachtas, ar feadh tréimhse 3 bliana, an bosca scadán a chur i leataobh le haghaidh soithí a úsáideann trealaimh áirithe ón 1 Iúil go dtí an 31 Deireadh Fómhair, dá bhforáiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1395/2014 ón gCoimisiún (4) le haghaidh na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2020. Rinne STECF anailís ar an bhfianaise a thíolaic na Ballstáit maidir leis an mbosca salán agus tháinig sé ar an gconclúid nach léirítear go soiléir go ndearnadh aon dochar do stoc na scadán le cur i leataobh an bhosca salán ó bhí 2017 ann. Ina theannta sin, tháinig STECF ar an gconclúid nach dócha go mbeadh leibhéil níos ísle cosanta ann ná mar atá ann faoi láthair de bharr an bhosca salán a chur i leataobh. Thug STECF faoi deara, áfach, go bhfuil gá le blianta breise d’fhaireachán iascaigh chun a chruthú go gcoinneofaí leibhéil choibhéiseacha chosanta ar bun. Dá bhrí sin, mhol STECF athmheasúnú a dhéanamh ar thionchar an chur i leataobh tar éis faireachán a dhéanamh ar feadh 3 bliana. Thug na Ballstáit gealltanas maidir le faireachán a dhéanamh ar thionchar chur i leataobh an bhosca salán le linn na tréimhse sin trí na sonraí a bhailiú a leagtar amach ina moladh comhpháirteach a mhéid a bhaineann le foghabhálacha scadáin san iascaigh le haghaidh salán. Cuirfear na sonraí sin isteach lena measúnú ag STECF. Ba cheart, dá bhrí sin, an beart atá beartaithe a áireamh sa Rialachán seo.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú dá réir.

(10)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta maidir le soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(3)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2786172/STECF+PLEN+20-03.pdf, leathanaigh 93-105 (bosca salán) agus leathanaigh 106-113 (bosca leathóg).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1395/2014 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2014 lena mbunaítear plean maidir le haschuir i dtaca le hiascaigh bheaga pheiligeacha áirithe agus iascaigh a oibrítear chun críoch tionsclaíoch sa Mhuir Thuaidh (IO L 370, 30.12.2014, lch. 35).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cuid C d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe 2.2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

soithí ar mó ná 221 kW a gcumhacht innill, ceadófar dóibh tráil dobharchú íochtair a úsáid, agus soithí péireáilte ar mó a gcumhacht innill in éineacht ná 221 kW, ceadófar dóibh tráil ghrinnill dhá bhád a úsáid ar choinníoll nach ndéanann siad iascaireacht dhírithe leathóg agus sól agus go gcomhlíonfaidh siad na rialacha ábhartha maidir le mogallmhéid atá i gCuid B den Iarscríbhinn seo;”;

(b)

cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:

“(d)

soithí ar mó ná 221 kW a gcumhacht innill, ceadófar dóibh saighní Danmhargacha a úsáid ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na rialacha maidir le mogallmhéid dá bhforáiltear i bpointe 1.1 de Chuid B den Iarscríbhinn seo.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.4:

“2.4.

Soithí dá gceadaítear iascach sa limistéar dá dtagraítear i bpointe 2.1, áireofar ar liosta iad atá le soláthar ag gach Ballstát don Choimisiún. Ní sháróidh cumhacht innill iomlán na soithí dá dtagraítear i bpointe 2.2(a) ar an liosta an chumhacht innill iomlán a bhí á fianú i gcás gach Ballstát an 1 Eanáir 1998. Beidh údarú iascaireachta ag na soithí ceadaithe iascaireachta, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Ón 1 Iúil 2021, ní fhéadfar ach trálaeir bhíoma nach mó ná 24 mhéadar a bhfad iomlán a chur leis an liosta sin.”;

(3)

cuirtear na míreanna seo a leanas le pointe 4:

“De mhaolú ar an tríú fleasc den chéad mhír, ní bheidh feidhm ag an bhfleasc sin go dtí an 31 Nollaig 2023 maidir le hiascaireacht leis an trealamh seo a leanas:

(a)

trealamh iascaireachta tarraingthe ar lú ná 32 mm a mhogallmhéid;

(b)

peaslíonta saighne; nó

(c)

eangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin, traimlí agus sruthlíonta ar lú ná 30 mm a mogallmhéid.

Na Ballstáit sin a bhfuil leas díreach bainistíochta acu, cuirfidh siad sonraí faireacháin lena dtacaítear leis an maolú faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Nollaig 2023.”.