14.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 249/15


RIALACHÁN (AE) 2021/1152 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2019/817 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 77(2), pointí (a), (b) agus (d), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaíodh an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (“ETIAS”) le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu agus teorainneacha seachtracha an Aontais á dtrasnú acu. Leagadh síos sa Rialachán sin na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú faoi ETIAS.

(2)

Le ETIAS, cumasaítear a mheas an mbeadh riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó ardriosca eipidéime ann de dheasca na náisiúnaigh tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát.

(3)

Chun gur féidir le Lárchóras ETIAS comhaid iarratais a phróiseáil dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1240, is gá an idir-inoibritheacht a bhunú idir Córas Faisnéise ETIAS, ar thaobh amháin, agus an Córas Dul Isteach/Imeachta (“EES”), an Córas Faisnéise Víosaí (“VIS”), Córas Faisnéise Schengen (“SIS”), Eurodac agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla - Náisiúnaigh Tríú Tír (“ECRIS-TCN”) (“córais faisnéise AE eile”), agus sonraí Europol mar a shainmhínítear sa Rialachán sin (“sonraí Europol”), ar an taobh eile.

(4)

Leis an Rialachán seo, i dteannta le Rialacháin (AE) 2021/1150 (3) agus (AE) 2021/1151 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos rialacha maidir leis an idir-inoibritheacht a chur chun feidhme idir Córas Faisnéise ETIAS, ar thaobh amháin, agus córais faisnéise AE eile agus sonraí Europol, ar an taobh eile, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise AE eile agus sonraí Europol a cheadú chun críche amais a shainaithint go huathoibríoch. Dá thoradh sin, is gá leasú a dhéanamh ar Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 (5), (AE) 2017/2226 (6), (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860 (7), (AE) 2018/1861 (8) agus (AE) 2019/817 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun Lárchóras ETIAS a nascadh le córais faisnéise AE eile agus le sonraí Europol agus chun na sonraí a sheolfar idir na córais faisnéise sin de chuid AE agus sonraí Europol a shonrú.

(5)

Leis an Tairseach Chuardaigh Eorpach (ESP), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/817 agus le Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), beifear in ann cuardach a dhéanamh go comhuaineach ar na sonraí a stóráiltear in ETIAS agus na sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise AE eile lena mbaineann.

(6)

Ba cheart socruithe teicniúla a bhunú chun go mbeidh ETIAS in ann a fhíorú, go rialta agus go huathoibríoch, i gcórais faisnéise AE eile cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le comhaid iarratais a choinneáil, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1240, fós á gcomhlíonadh.

(7)

Is gá, chun gnóthú iomlán chuspóirí ETIAS a áirithiú, agus chun cuspóirí SIS a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1860 a chur chun cinn, catagóir nua foláirimh a áireamh i raon feidhme na bhfíoruithe uathoibrithe a tugadh isteach leis an Rialachán sin, eadhon an foláireamh maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh.

(8)

Náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh nuair nach gcomhlíonann siad nó nach gcomhlíonann siad a thuilleadh, na coinníollacha a bhaineann le dul isteach, fanacht nó cónaí ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), is cuid bhunúsach é de na hiarrachtaí cuimsitheacha chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus is cúis thábhachtach a bhaineann le leas substaintiúil an phobail é.

(9)

Chun ardleibhéal cruinnis agus iontaofachta sonraí a áirithiú, tá sé tábhachtach tuairisc a thabhairt faoi amais bhréige a ghintear ar leibhéal Láraonad ETIAS.

(10)

Chun gnéithe teicniúla mionsonraithe áirithe de Rialachán (AE) 2018/1240 a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le sonrú na gcoinníollacha i ndáil leis an gcomhfhreagairt idir na sonraí atá i dtaifead, i bhfoláireamh nó i gcomhad de chórais faisnéise AE eile a cheadaítear agus na sonraí atá i gcomhad iarratais ETIAS. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(11)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (AE) 2018/1240 seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na socruithe teicniúla a bhunú maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe a bhaineann le coinneáil sonraí agus chun na rialacha a bhaineann leis an tacaíocht d’iompróirí atá le soláthar ag Láraonad ETIAS a mhionsonrú tuilleadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(12)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (AE) 2017/2226 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun mionsonraí na nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta d’iompróirí, ar chúiseanna teicniúla, sonraí a rochtain agus chun na rialacha a bhaineann leis an tacaíocht d’iompróirí atá le soláthar ag Láraonad ETIAS a mhionsonrú tuilleadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(13)

Is féidir údaruithe taistil de chuid ETIAS a chúlghairm tar éis foláirimh nua a iontráil in SIS maidir le cead isteach agus fanacht a dhiúltú, nó foláireamh nua maidir le doiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh, gur goideadh, gur mí-leithghabháladh nó gur neamhbhailíodh é. Chun go gcuirfidh SIS Lárchóras ETIAS ar an eolas go huathoibríoch faoi fholáirimh nua den sórt sin, ba cheart próiseas uathoibrithe a bhunú idir SIS agus ETIAS.

(14)

D’fhonn obair na ngardaí teorann a chuíchóiriú agus a shimpliú trí phróiseas rialaithe teorann níos aonfhoirmí a chur chun feidhme do na náisiúnaigh tríú tír uile atá ag iarraidh teacht isteach ar chríoch na mBallstát ar feadh tréimhse ghearrfhanachta, agus tar éis Rialacháin (AE) 2017/2226 agus (AE) 2018/1240 a ghlacadh, tá sé inmhianaithe anois an chaoi a n-oibríonn EES agus ETIAS le chéile a ailíniú leis an gcaoi a ndéantar EES agus VIS a chomhtháthú chun críoch an phróisis rialaithe teorann agus clárúcháin trasnuithe teorann in EES.

(15)

Na coinníollacha, lena n-áirítear cearta rochtana, faoinar féidir le Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS na sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise AE eile a cheadú chun críoch ETIAS, ba cheart iad a choimirciú le rialacha soiléire agus cruinne i dtaca leis an rochtain atá ag Láraonad ETIAS agus ag Aonaid Náisiúnta ETIAS ar na sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise AE eile, an cineál cuardach agus na catagóirí sonraí, ar cheart iad go léir a theorannú don mhéid is fíor-riachtanach chun a gcuid dualgas a fheidhmiú. Ba cheart rochtain na mBallstát ar chórais faisnéise AE eile a dhéanann Aonaid Náisiúnta ETIAS a bheith i gcomhréir leis an rannpháirtíocht sna hionstraimí dlíthiúla faoi seach. Ar an gcuma céanna, níor cheart na sonraí atá stóráilte i gcomhad iarratais ETIAS a bheith le feiceáil ach ag na Ballstáit sin a oibríonn na córais faisnéise fholuiteacha i gcomhréir leis na socruithe le haghaidh a rannpháirtíochta. Mar shampla, is ionann forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le SIS agus le VIS agus forálacha a chuireann le forálacha uile acquis Schengen, agus tá Cinntí 2010/365/AE (14), (AE) 2017/733 (15), (AE) 2017/1908 (16) agus (AE) 2018/934 (17) ón gComhairle ábhartha maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha acquis Schengen a bhaineann le SIS agus le VIS.

(16)

I gcás ina bhfuil sé dodheánta d’iompróirí, de dheasca deacrachtaí teicniúla, rochtain a fháil ar chóras faisnéise ETIAS tríd an ngeata iompróra, ba cheart do Láraonad ETIAS tacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil d’iompróirí chun an tionchar ar thaisteal paisinéirí agus ar iompróirí a theorannú a mhéid is féidir. Ar an gcúis sin, is gá na nósanna imeachta cúltaca i gcás dodhéantacht theicniúla, lena n-áirítear tacaíocht oibríochtúil, dá bhforáiltear in VIS, a ailíniú le ETIAS agus le EES

(17)

De bhun Rialachán (AE) 2018/1240, tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), le bheith freagrach as céim dheartha agus forbartha Chóras Faisnéise ETIAS.

(18)

Ní dochar an Rialachán seo do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

(19)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(20)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (20); dá bhrí sin níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(21)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (21), ar forálacha iad a thagann faoi na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A, B, C agus G, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (22).

(22)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (23), ar forálacha iad a thagann faoi na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A, B, C agus G, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (24).

(23)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (25), ar forálacha iad a thagann faoi na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A, B, C agus G, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (26).

(24)

Maidir leis an gCipir, leis an mBulgáir, leis an Rómáin agus leis an gCróit, is éard atá i bhforálacha an Rialacháin seo a bhaineann le VIS, le SIS agus le EES forálacha atá bunaithe ar acquis Schengen, nó a bhfuil baint ar shlí eile acu le acquis Schengen, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach, arna léamh in éineacht le Cinntí 2010/365/AE, (AE) 2017/733, (AE) 2017/1908 agus (AE) 2018/934 ón gComhairle.

(25)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú dá réir sin.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2019/817 a leasú d’fhonn Lárchóras ETIAS a nascadh le córais faisnéise AE eile agus le sonraí Europol agus chun na sonraí a sheolfar idir na córais faisnéise sin de chuid AE agus sonraí Europol a shonrú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(27)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

LEASUITHE AR RIALACHÁN (AE) 2018/1240

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1240

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1240 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(28)

ciallaíonn ‘córais faisnéise AE eile’ an córas dul isteach/imeachta (EES), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2226, an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), Córas Faisnéise Schengen (SIS), a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2018/1860 (*2), (AE) 2018/1861 (*3) agus (AE) 2018/1862 (*4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Eurodac, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla — Náisiúnaigh Tríú Tír (‘ECRIS-TCN’), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6)

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60)."

(*2)  Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Chóras Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14)."

(*4)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56)."

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1)."

(*6)  Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

tacú leis na cuspóirí sin de SIS a bhaineann le foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír ar diúltaíodh dá gcead isteach agus fanacht, foláirimh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch géillte nó chun críoch eiseachadta, foláirimh maidir le daoine atá ar iarraidh, foláirimh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun cabhrú le nós imeachta breithiúnach, foláirimh maidir le daoine le haghaidh seiceálacha discréideacha nó seiceálacha sonracha agus foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh maidir le filleadh;”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ea)

tacú le cuspóirí EES;”;

(3)

in Airteagal 6(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(da)

bealach cumarsáide slán idir Lárchóras ETIAS agus Lárchóras EES;”;

(4)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

i gcásanna inar tuairiscíodh amas leis an uathphróiseas iarratais, a fhíorú, i gcomhréir le hAirteagal 22, cibé an gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta an iarratasóra do shonraí pearsanta an duine ar spreagadh an t-amas sin i Lárchóras ETIAS, in aon cheann de chórais faisnéise AE a ceadaíodh, i sonraí Europol, in aon cheann de bhunachair sonraí Interpol dá dtagraítear in Airteagal 12, nó sna táscairí riosca sonracha dá dtagraítear in Airteagal 33, agus i gcás ina bhfuil comhfhreagairt deimhnithe nó i gcás ina bhfuil amhras fós ann tar éis fíorú den sórt sin a dhéanamh, an phróiseáil láimhe ar an iarratais a sheoladh amhail dá dtagraítear in Airteagal 26;”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Soláthróidh Láraonad ETIAS tuarascálacha tréimhsiúla don Choimisiún agus do eu-LISA a mhéid a bhaineann le hamais bhréige dá dtagraítear in Airteagal 22(4), ar amais iad a ghintear le linn na bhfíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20(2).”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Idir-inoibritheacht le córais faisnéise AE eile agus le sonraí Europol

1.   Bunófar idir-inoibritheacht idir Córas Faisnéise ETIAS, ar thaobh amháin, agus córais faisnéise AE eile agus sonraí Europol, ar an taobh eile, chun gur féidir na fíoruithe uathoibrithe a dhéanamh de bhun Airteagal 20, Airteagal 23, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), Airteagal 41 agus Airteagal 54(1), pointe (b), den Rialachán seo agus beidh sí ag brath ar an Tairseach Chuardaigh Eorpach (‘ESP’), a bunaíodh le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/817 agus le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 72(1b) de Rialachán (AE) 2019/817 agus in Airteagal 68(1b) de Rialachán (AE) 2019/818.

2.   Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (i), leis na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), cuirfear ar chumas Lárchóras ETIAS VIS a chuardach i leith na sonraí seo a leanas arna soláthar ag iarratasóirí faoi Airteagal 17(2), pointí (a), (aa), (c) agus (d):

(a)

sloinne (ainm teaghlaigh);

(b)

sloinne breithe;

(c)

ainm/ainmneacha nó ainm/ainmneacha baiste;

(d)

dáta breithe;

(e)

áit bhreithe;

(f)

tír bhreithe;

(g)

gnéas;

(h)

náisiúntacht i láthair na huaire;

(i)

náisiúntachtaí eile (más ann dóibh);

(j)

cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil.

3.   Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (g) agus (h), leis na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), Airteagal 41 agus Airteagal 54(1), pointe (b), cuirfear ar chumas Lárchóras ETIAS EES a chuardach i leith na sonraí seo a leanas arna soláthar ag iarratasóirí faoi Airteagal 17(2), pointí (a) go (d):

(a)

sloinne (ainm teaghlaigh);

(b)

sloinne breithe;

(c)

ainm/ainmneacha nó ainm/ainmneacha baiste;

(d)

dáta breithe;

(e)

gnéas;

(f)

náisiúntacht i láthair na huaire;

(g)

ainmneacha eile (ailias/ailiasanna);

(h)

ainm/ainmneacha ealaíona;

(i)

gnáthainm/gnáthainmneacha;

(j)

náisiúntachtaí eile (más ann dóibh);

(k)

cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil.

4.   Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (c), (m)(ii) agus (o), agus in Airteagal 23 den Rialachán seo, leis na fíoruithe uathoibríocha de bhun Airteagal 20, Airteagal 23, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), Airteagal 41 agus Airteagal 54(1), pointe (b), den Rialachán seo cuirfear ar chumas Lárchóras ETIAS SIS, a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2018/1860 agus (AE) 2018/1861, a chuardach i leith na sonraí seo a leanas arna soláthar ag iarratasóirí faoi Airteagal 17(2), pointí (a) go (d) agus (k), den Rialachán seo:

(a)

sloinne (ainm teaghlaigh);

(b)

sloinne breithe;

(c)

ainm/ainmneacha nó ainm/ainmneacha baiste;

(d)

dáta breithe;

(e)

áit bhreithe;

(f)

gnéas;

(g)

náisiúntacht i láthair na huaire;

(h)

ainmneacha eile (ailias/ailiasanna);

(i)

ainm/ainmneacha ealaíona;

(j)

gnáthainm/gnáthainmneacha;

(k)

náisiúntachtaí eile (más ann dóibh);

(l)

cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil;

(m)

i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm/céadainmneacha an duine a bhfuil údarás tuismitheora á fheidhmiú aige nó aici nó chaomhnóir dlíthiúil an iarratasóra.

5.   Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (a), (d) agus (m)(i), agus in Airteagal 23(1) den Rialachán seo, leis na fíoruithe uathoibríocha de bhun Airteagal 20, Airteagal 23, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), Airteagal 41 agus Airteagal 54(1), pointe (b), den Rialachán seo cuirfear ar chumas Lárchóras ETIAS SIS, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1862******, a chuardach i leith na sonraí seo a leanas arna soláthar ag iarratasóirí faoi Airteagal 17(2), pointí (a) go (d) agus (k), den Rialachán seo:

(a)

sloinne (ainm teaghlaigh);

(b)

sloinne breithe;

(c)

ainm/ainmneacha nó ainm/ainmneacha baiste;

(d)

dáta breithe;

(e)

áit bhreithe;

(f)

gnéas;

(g)

náisiúntacht i láthair na huaire;

(h)

ainmneacha eile (ailias/ailiasanna);

(i)

ainm/ainmneacha ealaíona;

(j)

gnáthainm/gnáthainmneacha;

(k)

náisiúntachtaí eile (más ann dóibh);

(l)

cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil;

(m)

i gcás mionaoiseach, sloinne agus céadainm/céadainmneacha an duine a bhfuil údarás tuismitheora á fheidhmiú aige nó aici nó chaomhnóir dlíthiúil an iarratasóra.

6.   Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (n), leis na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), cuirfear ar chumas Lárchóras ETIAS, ECRIS-TCN a chuardach i leith na sonraí seo a leanas arna soláthar ag iarratasóirí faoi Airteagal 17(2), pointí (a) go (d):

(a)

sloinne (ainm teaghlaigh);

(b)

sloinne breithe;

(c)

ainm/ainmneacha nó ainm/ainmneacha baiste;

(d)

dáta breithe;

(e)

áit bhreithe;

(ea)

tír bhreithe;

(f)

gnéas;

(g)

náisiúntacht i láthair na huaire;

(h)

ainmneacha eile (ailias/ailiasanna);

(i)

ainm/ainmneacha ealaíona;

(j)

gnáthainm/gnáthainmneacha;

(k)

náisiúntachtaí eile (más ann dóibh);

(l)

cineál, uimhir agus tír eisiúna an doiciméid taistil.

7.   Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (j), leis na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), cuirfear ar chumas Lárchóras ETIAS sonraí Europol a chuardach i leith na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointí (a), (aa), (b), (c), (d), (f), (g), (j), (k) agus (m), agus in Airteagal 17(8).

8.   Is gcás ina dtuairiscítear amas leis na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagail 20 agus 23, déanfaidh ESP rochtain shealadach inléite amháin ar thorthaí na bhfíoruithe uathoibrithe sin a sholáthar do Láraonad ETIAS. I gcás na bhfíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, soláthrófar an rochtain sin sa chomhad iarratais go deireadh an phróisis láimhe de bhun Airteagal 22(2). I gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí a cuireadh ar fáil do shonraí an iarratasóra nó ina bhfuil amhras ann fós tar éis na bhfíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagail 20 agus 23 a dhéanamh, coinneofar sa chomhad iarratais uimhir thagartha uathúil an taifid sa chóras faisnéise de chuid an Aontais Eorpaigh a ndearnadh cuardach air, ar taifead é ar na sonraí a ghníomhachtaigh amas.

I gcás ina dtuairiscítear amas leis na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagail 20,gheobhaidh na fíoruithe uathoibrithe sin an fógra is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 21(1a) de Rialachán (AE) 2016/794.

9.   Gníomhachtófar amas i gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí uile ón gcomhad iarratais a úsáidfear le haghaidh an chuardaigh go hiomlán nó i bpáirt do na sonraí atá i dtaifead, foláireamh nó comhad sna córais eile de chuid an Aontais Eorpaigh a ceadaíodh. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun na coinníollacha a shonrú le haghaidh comhfhreagairt idir na sonraí atá i dtaifead, i bhfoláireamh nó i gcomhad de chuid na gcóras faisnéise eile de chuid an Aontais a cheadaítear agus i gcomhad iarratais.

10.   Chun críoch mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na socruithe teicniúla a bhunú le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), a bhaineann le sonraí a choinneáil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).

11.   Chun críoch Airteagail 25(2),28(8) agus 29(9), agus na sonraí a bhaineann le hamais i gcomhad iarratas á gclárú, léireofar tionscnamh na sonraí leis na sonraí seo a leanas:

(a)

an cineál foláirimh, cé is moite d’fholáirimh dá dtagraítear in Airteagal 23(1);

(b)

foinse na sonraí, eadhon an córas faisnéise AE eile ónár tháinig na sonraí nó sonraí Europol, mar is iomchuí;

(c)

uimhir thagartha an taifid sa chóras faisnéise AE a cuardaíodh, arb í an uimhir thagartha í a ghníomhaíochtaigh an t-amas agus an Ballstát a d’iontráil nó a sholáthair na sonraí a ghníomhaíochtaigh an t-amas; agus

(d)

má bhíonn siad ar fáil, an dáta agus an t-am a iontráladh na sonraí i gcórais faisnéise AE eile nó sna sonraí ó Europol.

Ní bheidh na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír inrochtana agus infheicthe ag Láraonad ETIAS ach amháin i gcás nach bhfuil Lárchóras ETIAS in ann an Ballstát atá freagrach a shainaithint.

(*7)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).”;"

(6)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 11b

Tacaíocht do chuspóirí EES

Chun críoch Airteagail 6, 14, 17 agus 18 de Rialachán (AE) 2017/2226, le huathphróiseas, agus ag baint úsáid as bealach cumarsáide slán dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (da), den Rialachán seo, cuardófar agus iompórtálfar as Lárchóras ETIAS an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 47(2) den Rialachán seo, chomh maith le huimhir an iarratais agus dáta éaga an údaraithe taistil ó ETIAS, agus cruthófar nó nuashonrófar an taifead ar dhul isteach/imeacht nó an taifead ar dhiúltú cead isteach in EES dá réir.

Airteagal 11c

Idir-inoibritheacht idir ETIAS agus EES chun críche údarú taistil ó ETIAS a chúlghairm arna iarraidh sin ag iarratasóir

1.   Chun críoch Airteagal 41(8) a chur chun feidhme, le huathphróiseas, ag baint úsáid as bealach cumarsáide slán dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (da), déanfar cuardach ar Lárchóras EES chun a fhíorú, maidir le hiarratasóirí a bhfuil cúlghairm a n-údaruithe taistil á iarraidh acu, nach bhfuil siad i láthair ar chríoch na mBallstát.

2.   I gcás ina léirítear le toradh an fhíoraithe i Lárchóras EES faoi mhír 1 nach bhfuil an t-iarratasóir i láthair ar chríoch na mBallstát, beidh éifeacht láithreach leis an gcúlghairm.

3.   I gcás ina léirítear le toradh an fhíoraithe faoi mhír 1 den Airteagal seo go bhfuil an t-iarratasóir i láthair ar chríoch na mBallstát, beidh feidhm ag Airteagal 41(8). Déanfar taifead ar an bhfíric i Lárchóras EES go bhfuil fógra le seoladh chuig Lárchóras ETIAS a luaithe a ndéanfar taifead ar dhul isteach/imeacht a chruthú lena léireofar go bhfuil an t-iarratasóir atá tar éis cúlghairm an údaraithe taistil a iarraidh imithe as críoch na mBallstát.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Bunachair sonraí Interpol a chuardach

1.   Le Lárchóras ETIAS, déanfar cuardach ar bhunachar sonraí Interpol faoi Dhoiciméid a Goideadh nó a Cailleadh (DTGC) agus ar bhunachar sonraí Interpol faoi Dhoiciméid Taistil a mBaineann Fógraí leo (TDAWN).

2.   Déanfar aon chuardaigh agus aon fhíorú ar dhóigh nach nochtfar aon fhaisnéis d’úinéir fholáireamh Interpol.

3.   Mura n-áirithítear go gcuirfear mír 2 chun feidhme, ní chuardóidh Lárchóras ETIAS bunachair sonraí Interpol.”;

(8)

in Airteagal 17(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

ar ciontaíodh é nó í i gcion sceimhlitheoireachta sna 25 bliana roimhe nó in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn sna 15 bliana roimhe agus, má ciontaíodh, cathain agus cén tír ina ndearnadh sin;”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2):

“2.   Le Lárchóras ETIAS, seolfar cuardach trí úsáid a bhaint as ESP chun na sonraí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointí (a), (aa), (b), (c), (d), (f), (g), (j), (k) agus (m), agus in Airteagal 17(8) a chur i gcomparáid leis na sonraí atá i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe i gcomhad iarratais arna stóráil i Lárchóras ETIAS, SIS, EES, VIS, Eurodac, ECRIS-TCN, sonraí Europol agus i mbunachair sonraí DTGC agus TDAWN Interpol. Go háirithe, le Lárchóras ETIAS fíorófar:

(a)

an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil a tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é, gur mí-leithghabháladh é nó gur neamhbhailíodh é in SIS;

(b)

an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh é, gur goideadh é nó gur neamhbhailíodh é in DTGC;

(c)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta arna iontráil in SIS;

(d)

an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críoch géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch eiseachadta in SIS;

(e)

an bhfuil an t-iarratasóir agus an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’údarú taistil a diúltaíodh, a rinneadh a chúlghairm nó a cuireadh ar neamhní i Lárchóras ETIAS;

(f)

an bhfuil na sonraí arna soláthar san iarratas maidir leis an doiciméad taistil ag comhfhreagairt d’iarratas eile ar údarú taistil a ghabhann le sonraí céannachta éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointe (a), i Lárchóras ETIAS;

(g)

an bhfuil sé tuairiscithe faoi láthair gur rófhantóir é nó í an t-iarratasóir nó ar tuairiscíodh gur rófhantóir é nó í san am atá caite in EES;

(h)

an bhfuil sé taifeadta in EES ar diúltaíodh cead isteach don iarratasóir;

(i)

an raibh an t-iarratasóir faoi réir cinneadh i dtaobh víosa gearrfhanachta a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm, atá ar taifead in VIS;

(j)

an bhfuil na sonraí arna soláthar san iarratas ag comhfhreagairt do shonraí atá ar taifead i sonraí Europol;

(k)

an bhfuil an t-iarratasóir cláraithe in Eurodac;

(l)

an bhfuil an doiciméad taistil a úsáideadh i gcomhair an iarratais ag comhfhreagairt do dhoiciméad taistil atá ar taifead i gcomhad in TDAWN;

(m)

i gcás inar mionaoiseach é nó í an t-iarratasóir, maidir le húdarás tuismitheora nó le caomhnóir dlí an iarratasóra:

(i)

an bhfuil sé faoi réir foláireamh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu chun críoch géillte ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch eiseachadta in SIS;

(ii)

an bhfuil sé faoi réir foláireamh um dhiúltú cead isteach agus fanachta arna iontráil in SIS;

(n)

cibé an gcomhfhreagraíonn an t-iarratasóir do dhuine a bhfuil a shonraí taifeadta in ECRIS-TCN agus cibé an bhfuil bratach curtha leis i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/816; ní fhéadfar na sonraí a úsáid ach amháin chun críoch an fhíoraithe a bheith á dhéanamh ag Láraonad ETIAS de bhun Airteagal 22 den Rialachán seo agus chun críoch na dtaifead coiriúil náisiúnta a bheith á gceadú ag Aonaid Náisiúnta ETIAS de bhun Airteagal 25a(2) den Rialachán seo; le hAonaid Náisiúnta ETIAS, déanfar taifid choiriúla náisiúnta a cheadú sula ndéanfar na measúnuithe agus na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 26 den Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, sula dtabharfar na measúnuithe agus na tuairimí de bhun Airteagal 28 den Rialachán seo;

(o)

cibé an bhfuil an t-iarratasóir faoi réir foláireamh maidir le filleadh arna iontráil in SIS.”;

(10)

leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Nuair a cheadaítear é, beidh rochtain ag Láraonad ETIAS ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhad iarratais nasctha atá ann, mar aon leis na hamais ar fad a gníomhachtaíodh le linn na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20(2), (3) agus (5) agus an fhaisnéis arna sainaithint ag Lárchóras ETIAS faoi Airteagal 20(7) agus (8).”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

na sonraí atá i Lárchóras ETIAS;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   I gcás ina gcomhfhreagraíonn na sonraí do shonraí an iarratasóra nó ina bhfuil amhras ann fós maidir le céannacht an iarratasóra nó i gcás inar tuairiscíodh amas leis na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20(4), déanfar an t-iarratas a phróiseáil de láimh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 26.”;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   I gCóras Faisnéise ETIAS, coinneofar taifid ar na hoibríochtaí próiseála sonraí uile a rinne Láraonad ETIAS chun críche fíoruithe faoi mhíreanna 2 go 6. Cruthófar agus iontrálfar na taifid sin go huathoibríoch sa chomhad iarratais. Léireofar iontu dáta agus am gach oibríochta, na sonraí a bhaineann leis an amas a tuairiscíodh, an ball foirne a rinne an phróiseáil láimhe faoi mhíreanna 2 go 6 agus toradh an fhíoraithe agus an t-údar a bhaineann leis.”;

(11)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

foláireamh maidir le daoine i ndáil le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha.”;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2.   I gcás ina dtuairiscítear amas amháin nó roinnt amas leis an gcomparáid dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh Lárchóras ETIAS fógra uathoibrithe chuig Láraonad ETIAS. Nuair a thabharfar fógra dó, beidh rochtain ag Lárionad ETIAS, i gcomhréir le hAirteagal 11(8), ar an gcomhad iarratais agus ar aon chomhaid iarratais atá nasctha leis, chun a fhíorú cibé an gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta an iarratasóra do na sonraí pearsanta atá san fholáireamh, arb iad na sonraí a ghníomhachtaigh an t-amas sin agus, i gcás ina ndeimhnítear comhfhreagras, cuirfidh Lárchóras ETIAS fógra uathoibrithe chuig Biúró SIRENE an Bhallstáit sin a chuir an foláireamh isteach. Fíoróidh Biúró SIRENE lena mbaineann, sa bhreis air sin, cibé an gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta an iarratasóra do na sonraí pearsanta atá san fholáireamh a ghníomhaíochtaigh an t-amas agus déanfaidh sé aon ghníomhaíocht leantach is iomchuí.”;

(ii)

cuirtear an fomhír seo a leanas léi:

“I gcás ina mbaineann an t-amas le foláireamh maidir le filleadh, fíoróidh Biúró SIRENE an Bhallstáit a rinne an foláireamh a iontráil, i gcomhar lena Aonad Náisiúnta ETIAS, an gá an foláireamh maidir le filleadh a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2018/1860 agus foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú a iontráil i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2018/1861.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Le Lárchóras ETIAS, cuirfear tagairt d’aon amas a tuairiscíodh de bhun mhír 1 leis an gcomhad iarratais. Ní bheidh an tagairt sin le feiceáil agus ní bheidh rochtain uirthi ach amháin ag Láraonad ETIAS agus ag Biúró SIRENE dá dtabharfar fógra i gcomhréir le mír 3, mura ndéantar foráil do shrianta eile sa Rialachán seo.”;

(12)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 25a

Córais faisnéise AE eile a úsáid chun próiseáil láimhe a dhéanamh ar iarratais ag Aonaid Náisiúnta ETIAS

1.   Gan dochar d’Airteagal 13(1), beidh rochtain dhíreach ag foireann chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS ar chórais faisnéise AE eile agus féadfaidh siad iad a cheadú, i bhformáid inléite amháin, chun críoch iarratais ar údarú taistil a scrúdú agus chun cinntí a ghlacadh a bhaineann leis na hiarratais sin i gcomhréir le hAirteagal 26. Féadfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS an méid seo a leanas a cheadú:

(a)

na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 16, 17 agus 18 de Rialachán (AE) 2017/2226;

(b)

na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 9 go 14 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

(c)

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1861 a phróiseáiltear chun críocha Airteagail 24, 25 agus 26 den Rialachán sin;

(d)

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1862 a phróiseáiltear chun críocha Airteagal 26 agus Airteagal 38(2), pointí (k) agus (l), den Rialachán sin;

(e)

na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1860 a phróiseáiltear chun críocha Airteagal 3 den Rialachán sin.

2.   A mhéid is mar thoradh ar an bhfíorú de bhun Airteagal 20(2), pointe (n), gur ann d’amas, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS go díreach nó go hindíreach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar na sonraí ábhartha ó thaifid choiriúla náisiúnta a mBallstáit féin chun an fhaisnéis a fháil faoi na náisiúnaigh tríú tír, mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) 2019/816, atá ciontaithe i gcion sceimhlitheoireachta nó in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.”;

(13)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

measúnú ar an riosca slándála nó an riosca inimirce neamhdhlíthiúla agus a chinneadh cibé acu údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú i gcás ina gcomhfhreagraíonn an t-amas d’aon cheann de na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (b) agus (d) go (o).”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   I gcás inar tuairiscíodh amas leis an bpróiseáil uathoibrithe faoi Airteagal 20(2), pointe (o), déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach an méid seo a leanas:

(a)

údarú taistil an iarratasóra a dhiúltú más rud é, de bharr an fhíoraithe faoi Airteagal 23(2), an tríú fomhír, go scriosadh an foláireamh um fhilleadh agus go n-iontráladh foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú de;

(b)

measúnú a dhéanamh ar an riosca slándála nó inimirce neamhdhlíthiúla agus a chinneadh cibé acu údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú i ngach cás eile.

Rachaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a chuir isteach na sonraí i gcomhairle lena Bhiúró SIRENE chun a fhíorú an gá an foláireamh maidir le filleadh a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2018/1860 agus, i gcás inarb infheidhme, foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú a iontráil i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2018/1861.”;

(c)

i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“I gcás inar tuairiscíodh amas leis an bpróiseáil uathoibrithe faoi Airteagal 20(2), pointe (n), ach nár tuairiscíodh amas ar bith de bhun phointe (c) den mhír sin, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach aird ar leith a thabhairt ar an bhfíoras go bhfuil an t-amas sin in easnamh ina mheasúnú ar an riosca slándála chun a chinneadh cibé acu údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú.”;

(14)

in Airteagal 28(3), cuirtear an fomhír seo a leanas leis:

“Chun críoch na próiseála láimhe de bhun Airteagal 26, ní bheidh an tuairim réasúnaithe dhearfach nó dhiúltach le feiceáil ach amháin ag Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a ceadaíodh agus ag Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach.”;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37(3):

“3.   Beidh an ceart chun achomhairc ag iarratasóirí ar diúltaíodh údarú taistil dóibh. Seolfar achomhairc sa Bhallstát a rinne an cinneadh i leith an iarratais agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Le linn an nós imeachta achomhairc, tabharfar rochtain don achomharcóir ar an bhfaisnéis atá sa chomhad iarratais i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 56 den Rialachán seo. Cuirfidh Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach faisnéis ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta achomhairc. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i gceann de theangacha oifigiúla na dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, ar náisiúnach díobh an t-iarratasóir.”;

(16)

in Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Gan dochar do mhír 2, i gcás ina n-iontráiltear foláireamh nua in SIS a bhaineann le diúltú cead isteach agus fanachta nó a bhaineann le doiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh, gur goideadh, gur mí-leithghabháladh nó gur neamhbhailíodh é, le SIS cuirfear é sin in iúl do Lárchóras ETIAS. Le Lárchóras ETIAS, fíorófar an gcomhfhreagraíonn an foláireamh nua sin d’údarú bailí taistil. Más amhlaidh an cás, le Lárchóras ETIAS, aistreofar an comhad iarratais chuig Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a d’iontráil an foláireamh. I gcás inar iontráladh foláireamh nua um dhiúltú cead isteach agus fanachta, déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an t-údarú taistil a chúlghairm. I gcás ina bhfuil an t-údarú taistil nasctha le doiciméad taistil ar tuairiscíodh gur cailleadh, gur goideadh, gur mí-leithghabháladh nó gur neamhbhailíodh é in SIS nó i mbunachar sonraí DTGC Interpol„ déanfaidh Aonad Náisiúnta ETIAS an comhad iarratais a phróiseáil de láimh.”;

(17)

leasaítear Airteagal 46 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a dhéanamh, de dheasca cliseadh ar chuid ar bith de Chóras Faisnéise ETIAS, beidh na hiompróirí díolmhaithe ón oibleagáid a fhíorú an bhfuil údarú bailí taistil ar seilbh ag taistealaí. I gcás ina mbraithfidh eu-LISA cliseadh den sórt sin, tabharfaidh Láraonad ETIAS fógra faoi do na hiompróirí agus do na Ballstáit. Tabharfaidh sé fógra do na hiompróirí agus do na Ballstáit freisin nuair a bheidh an cliseadh réitithe. I gcás ina mbraithfidh na hiompróirí cliseadh den sórt sin, féadfaidh siad fógra a thabhairt do Láraonad ETIAS faoi. Cuirfidh Láraonad ETIAS an fógra a thug an iompróir in iúl do na Ballstáit gan mhoill.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, leanúint ar aghaidh ar feadh tréimhse fhada leis an gcuardach dá dtagraítear in Airteagal 45(1), ar chúiseanna eile seachas cliseadh ar chuid ar bith de Chóras Faisnéise ETIAS, tabharfaidh an t-iompróir fógra do Lárionad ETIAS faoi. Cuirfidh Láraonad ETIAS an fógra a thug an iompróir sin in iúl do na Ballstáit gan mhoill.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5.   Déanfaidh Láraonad ETIAS tacaíocht oibríochtúil a thabhairt d’iompróirí maidir le míreanna 1 agus 3. Le Láraonad ETIAS, bunófar buan-nósanna imeachta oibríochta lena leagtar amach an chaoi ina bhfuil tacaíocht den sórt sin le tabhairt. Tugtar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha breise mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an tacaíocht a bheidh le tabhairt agus maidir leis na modhanna lena dtabharfar an tacaíocht sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).”;

(18)

in Airteagal 47(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

cé acu atá nó nach bhfuil údarú bailí taistil ag an duine, lena n-áirítear cé acu atá nó nach bhfuil stádas an duine ag comhfhreagairt don stádas dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c), agus, i gcás údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige a eisítear faoi Airteagal 44, an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil sé bailí;”;

(19)

in Airteagal 64, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   Tá an ceart chun rochtain ar shonraí pearsanta faoin Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2018/1861 agus d’Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2018/1862.”;

(20)

in Airteagal 73(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 3:

“Déanfaidh eu-LISA Lárchóras ETIAS a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear liosta faire ETIAS, NUInna, an bonneagar cumarsáide, agus an bealach cumarsáide slán idir Lárchóras ETIAS agus Lárchóras EES, a luaithe agus is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tar éis don Choimisiún an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a)

na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 6(4), 16(10), 17(9), Airteagal 31 agus Airteagail 35(7), 45(2), 54(2), 74(5), 84(2) agus 92(8); agus

(b)

na bearta a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2) atá riachtanach d’fhorbairt agus cur chun feidhme teicniúil Lárchóras ETIAS, NUInna, an bhonneagair cumarsáide, an bhealaigh cumarsáide shláin idir Lárchóras ETIAS agus Lárchóras EES agus an gheata iompróra, go háirithe gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

rochtain a fháil ar na sonraí i gcomhréir le hAirteagail 22 go 29 agus Airteagail 33 go 53;

(ii)

na sonraí a leasú, a léirscriosadh agus a luath-léirscriosadh i gcomhréir le hAirteagal 55;

(iii)

na logaí a choinneáil agus a rochtain i gcomhréir le hAirteagail 45 agus 69;

(iv)

ceanglais feidhmíochta;

(v)

sonraíochtaí le haghaidh réitigh theicniúla chun na lárphointí rochtana a cheangal i gcomhréir le hAirteagail 51, 52 agus 53.”;

(21)

leasaítear Airteagal 88 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

tá na leasuithe riachtanacha ar na gníomhartha dlíthiúla lena mbunaítear córais faisnéise AE eile, lena mbunófar an idir-inoibritheacht, de réir bhrí Airteagal 11 den Rialachán seo, le Córas Faisnéise ETIAS, tagtha i bhfeidhm, cé is moite den athmhúnlú ar Rialachán (AE) Uimh. 603/2013;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

glacadh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11(9) agus (10), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), (5) agus (6), Airteagal 18(4), Airteagal 27(3) agus (5), Airteagal 33(2) agus (3), Airteagal 36(3), Airteagal 38(3), Airteagal 39(2), Airteagal 45(3), Airteagal 46(4), Airteagal 48(4), Airteagal 59(4), in Airteagal 73(3), pointe (b), Airteagal 83(1), (3), agus (4) agus Airteagal 85(3);”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“6.   Tosófar ar an idir-inoibritheacht, dá dtagraítear in Airteagal 11, le ECRIS-TCN nuair a thosóidh CIR oibríochtaí. Tosófar ar oibríochtaí ETIAS gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil an idir-inoibritheacht sin le ECRIS-TCN bunaithe.

7.   Tosófar ar oibríochtaí ETIAS gan beann ar cibé acu is féidir nó nach féidir bunachair sonraí Interpol dá dtagraítear in Airteagal 12 a chuardach.”;

(22)

leasaítear Airteagal 89 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(4), Airteagal 11(9), Airteagal 17(3), (5) agus (6), Airteagail 18(4), 27(3), Airteagal 31, Airteagail 33(2), 36(4), 39(2), 54(2), Airteagal 83(1) agus (3) agus Airteagal 85(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 9 Deireadh Fómhair 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(4), Airteagal 11(9), Airteagal 17(3), (5) agus (6), Airteagail 18(4), 27(3), Airteagal 31, Airteagail 33(2), 36(4), 39(2), 54(2), Airteagal 83(1) agus (3) agus Airteagal 85(3) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(4), Airteagal 11(9), Airteagal 17(3), (5) nó (6), Airteagal 18(4), 27(3), Airteagal 31, Airteagail 33(2), 36(4), 39(2), 54(2), Airteagal 83(1) nó (3) nó Airteagal 85(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(23)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 90(1):

“1.   Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 68 de Rialachán (AE) 2017/2226 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”;

(24)

in Airteagal 92, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5a.   1 bhliain amháin tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 83(1), agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar iarratais ECRIS-TCN trí Lárchóras ETIAS. Déanfaidh an Coimisiún na meastóireachtaí, in éineacht le tuairim Threoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha agus aon mholtaí is gá, a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuidigh ECRIS-TCN a chuardach trí Lárchóras ETIAS le cuspóir ECRIS a bhaint amach, áireofar na pointí seo a leanas sa mheastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

comparáid idir líon na n-amas comhuaineach, i dtaca leis an iarratas céanna, in ECRIS-TCN a bhaineann le ciontuithe i leith cionta sceimhlitheoireachta mar a liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus in SIS a bhaineann le foláirimh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú;

(b)

comparáid idir líon na n-amas comhuaineach, i dtaca leis an iarratas céanna, in ECRIS-TCN a bhaineann le ciontuithe i leith aon chionta coiriúla eile mar a liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus in SIS a bhaineann le foláirimh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú;

(c)

i gcás iarratais nach ann d’aon amas ina leith ach amháin in ECRIS-TCN, comparáid idir líon na ndiúltuithe ar údaruithe taistil agus líon iomlán na n-amas a tuairiscíodh mar thoradh ar an gcuardach ar ECRIS-TCN.

Déanfaidh Treoirbhord ETIAS um Chearta Bunúsacha tuairimí a sholáthar maidir leis na meastóireachtaí dá dtagraítear sa mhír seo.

Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis na meastóireachtaí, más gá.”;

(25)

in Airteagal 96, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh an dara mír:

“Beidh feidhm ag Airteagal 11b ón 3 Lúnasa 2021.”.

CAIBIDIL II

LEASUITHE AR IONSTRAIMÍ EILE DE CHUID AN AONTAIS

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Forchoimeádfar rochtain ar VIS chun na sonraí a cheadú go heisiach d’fhoireann chuí-údaraithe na n-eintiteas seo a leanas:

(a)

údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus comhlachtaí de chuid an Aontais atá inniúil chun críocha Airteagail 15 go 22, Airteagail 22g go 22m, agus Airteagal 45e den Rialachán seo;

(b)

Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS, arna n-ainmniú de bhun Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2018/1240, chun críoch Airteagail 18c agus 18d den Rialachán seo agus chun críocha Rialachán (AE) 2018/1240; agus

(c)

údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus comhlachtaí de chuid an Aontais atá inniúil chun críocha Airteagail 20 agus 21 de Rialachán (AE) 2019/817.

Beidh rochtain den sórt sin teoranta do rochtain ar na sonraí is gá le haghaidh feidhmiú chúraimí na n-údarás sin agus na gcomhlachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir leis na críocha sin agus i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú.”;

(2)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 18b

Idir-inoibritheacht le ETIAS

1.   Ó dháta thús oibríochtaí ETIAS, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 88(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, beidh VIS nasctha le ESP chun na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), den Rialachán sin a chumasú.

2.   Leis na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240, cumasófar na fíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Rialachán sin agus na fíoruithe a dhéanfar dá éis sin dá bhforáiltear in Airteagail 22 agus 26 den Rialachán sin.

Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (i), de Rialachán (AE) 2018/1240, le Lárchóras ETIAS úsáidfear ESP chun na sonraí a stóráiltear in ETIAS a chur i gcomparáid leis na sonraí a stóráiltear in VIS, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin, ag baint úsáid as na sonraí a liostaítear sa tábla comhfhreagrais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 18c

Rochtain ar shonraí VIS ag Láraonad ETIAS

1.   Chun críoch na gcúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) 2018/1240 a fheidhmiú, beidh an ceart ag Láraonad ETIAS rochtain a fháil ar shonraí ábhartha VIS agus sonraí VIS a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin.

2.   I gcás ina ndeimhneofar le fíorú arna dhéanamh ag Láraonad ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1240 go bhfuil comhfhreagras ann idir sonraí arna dtaifeadadh i gcomhad iarratais ETIAS agus sonraí VIS nó i gcás ina mbeidh amhras ann fós tar éis fíorú den sórt sin a dhéanamh, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 26 den Rialachán sin.

Airteagal 18d

Úsáid VIS ag Aonaid Náisiúnta ETIAS chun próiseáil láimhe a dhéanamh ar iarratais

1.   Déanfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS, dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, VIS a cheadú agus na sonraí alfa-uimhriúla céanna á n-úsáid acu a úsáidtear le haghaidh na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), den Rialachán sin.

2.   Beidh rochtain shealadach ag Aonaid Náisiúnta ETIAS ar VIS chun é a cheadú, i bhformáid inléite amháin, chun críche iarratais ar údarú taistil de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 a scrúdú. Féadfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 9 go 14 den Rialachán seo a cheadú.

3.   Tar éis d’Aonaid Náisiúnta ETIAS VIS a cheadú, dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, déanfaidh foireann chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS taifeadadh ar thoradh an cheadaithe i gcomhaid iarratais ETIAS, agus sna comhaid iarratais sin amháin.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 34a

Logaí a choinneáil chun críoch idir-inoibritheachta le ETIAS

Coinneofar logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in VIS agus in ETIAS de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240, i gcomhréir le hAirteagal 34 den Rialachán seo agus le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240.”;

(4)

uimhrítear an Iarscríbhinn mar Iarscríbhinn I agus cuirtear an iarscríbhinn seo léi:

“IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhfhreagrais

Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 arna seoladh ag Lárchóras ETIAS

Sonraí comhfhreagracha VIS dá dtagraítear in Airteagal 9(4) den Rialachán seo, ar cheart sonraí in ETIAS a chur i gcomparáid leo.

sloinne (ainm teaghlaigh)

sloinnte

sloinne breithe

sloinne breithe (sloinne nó sloinnte roimhe sin);

céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste)

céadainm/céadainmneacha

dáta breithe

dáta breithe

áit bhreithe;

áit bhreithe;

tír bhreithe

tír bhreithe

gnéas

gnéas

náisiúntacht reatha

náisiúntacht nó náisiúntachtaí reatha agus náisiúntacht bhreithe

náisiúntachtaí eile (más ann dóibh)

náisiúntacht nó náisiúntachtaí reatha agus náisiúntacht bhreithe

cineál an doiciméid taistil

cineál an doiciméid taistil

uimhir an doiciméid taistil

uimhir an doiciméid taistil

tír eisiúna an doiciméid taistil

an tír a d’eisigh an doiciméad taistil

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2226

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2226 mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 6(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(k)

tacú le cuspóirí an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) arna mbunú le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

(*8)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).”;"

(2)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 8a

Uathphróiseas le ETIAS

1.   Le huathphróiseas, ina n-úsáidtear bealach cumarsáide slán dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (da), de Rialachán (AE) 2018/1240, beidh EES in ann an taifead ar dhul isteach/imeacht nó an taifead ar dhiúltú teacht isteach atá ag náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa in EES i gcomhréir le hAirteagail 14, 17 agus 18 den Rialachán seo a chruthú nó a nuashonrú.

I gcás ina gcruthófar taifead ar dhul isteach/imeacht nó taifead ar dhiúltú teacht isteach le haghaidh náisiúnach tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, beidh Lárchóras EES in ann an méid seo a leanas a dhéanamh leis an uathphróiseas dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) 2018/1240, an uimhir iarratais agus dáta éaga an údaraithe taistil ó ETIAS, a chuardach agus a iompórtáil as Lárchóras ETIAS;

(b)

an taifead ar dhul isteach/imeacht a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán seo; agus

(c)

an taifead ar dhiúltú teacht isteach a nuashonrú in EES i gcomhréir le hAirteagal 18(1), pointe (b), den Rialachán seo.

2.   Le huathphróiseas, ina n-úsáidtear bealach cumarsáide slán dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (da), de Rialachán (AE) 2018/1240, cuirfear ar chumas EES próiseáil a dhéanamh ar iarratais a fhaightear ó Lárchóras ETIAS agus na freagraí comhfhreagracha a sheoladh i gcomhréir le hAirteagail 11c agus Airteagal 41(8) den Rialachán sin. I gcás inar gá, déanfar taifead i Lárchóras EES ar an bhfíric go bhfuil fógra le seoladh chuig Lárchóras ETIAS a luaithe a dhéanfar taifead ar dhul isteach/imeacht a chruthú lena léirítear go bhfuil an t-iarratasóir atá tar éis cúlghairm an údaraithe taistil a iarraidh imithe as críoch na mBallstát.

Airteagal 8b

Idir-inoibritheacht le ETIAS

1.   Ó dháta thús oibríochtaí ETIAS, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 88(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, beidh Lárchóras EES nasctha le ESP chun na fíoruithe uathoibrithe de bhun an Airteagail sin a chumasú de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), Airteagal 41 agus Airteagal 54(1), pointe (b), den Rialachán sin.

2.   Gan dochar d’Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1240, leis na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), Airteagal 41 agus Airteagal 54(1), pointe (b), den Rialachán sin, cumasófar na fíoruithe dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Rialachán sin agus na fíoruithe a dhéanfar dá éis sin dá bhforáiltear in Airteagail 22 agus 26 den Rialachán sin.

Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (g) agus (h), de Rialachán (AE) 2018/1240, úsáidfidh Lárchóras ETIAS ESP chun na sonraí a stóráiltear in ETIAS a chur i gcomparáid le sonraí EES, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin, ag baint úsáid as na sonraí a liostaítear sa tábla comhfhreagrais a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo

Beidh na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (g) agus (h), de Rialachán (AE) 2018/1240 gan dochar do na rialacha sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 24(3) den Rialachán sin.”;

(3)

in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS, arna hainmniú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2018/1240, ar EES chun sonraí EES a cheadú i bhformáid inléite amháin.”;

(4)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 13a

Nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta ag iompróirí, ar chúiseanna teicniúla, na sonraí a rochtain

1.   I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, dul ar aghaidh leis an bhfíorú dá dtagraítear in Airteagal 13(3), de dheasca cliseadh ar chuid ar bith de EES, beidh na hiompróirí díolmhaithe ón oibleagáid a fhíorú, maidir leis an náisiúnach tríú tír a bhfuil víosa ghearrfhanachta acu arna heisiúint le haghaidh eintiteas amháin nó dhó, cibé ar úsáid nó nár úsáid siad líon na mbabhtaí is údaraithe dóibh dul isteach leis an víosa atá acu. I gcás ina mbraithfidh eu-LISA cliseadh den sórt sin, tabharfaidh Láraonad ETIAS fógra faoi do na hiompróirí agus do na Ballstáit. Tabharfaidh sé fógra do na hiompróirí agus do na Ballstáit freisin nuair a bheidh an cliseadh réitithe. I gcás ina mbraithfidh na hiompróirí an cliseadh sin, féadfaidh siad fógra a thabhairt do Láraonad ETIAS. Cuirfidh Láraonad ETIAS an fógra a thug na hiompróirí in iúl do na Ballstáit gan mhoill.

2.   I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, ag iompróir dul ar aghaidh leis an bhfíorú dá dtagraítear in Airteagal 13(3) ar feadh tréimhse fhada ama, ar chúiseanna eile seachas gur chlis ar chuid ar bith de EES, tabharfaidh an t-iompróir fógra faoi do Lárionad ETIAS. Cuirfidh Láraonad ETIAS an fógra a thug na hiompróirí in iúl do na Ballstáit gan mhoill.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, mionsonraí na nósanna imeachta cúltaca dá dtagraítear san Airteagal seo a leagan síos. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

4.   Déanfaidh Láraonad ETIAS tacaíocht oibríochtúil a thabhairt d’iompróirí maidir le míreanna 1 agus 2. Le Láraonad ETIAS, déanfar buan-nósanna imeachta oibríochta a bhunú lena leagtar amach an chaoi ina bhfuil an tacaíocht den sórt sin le tabhairt. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha breise mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an tacaíocht a bheidh le tabhairt agus leis na modhanna lena dtabharfar an tacaíocht sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).”;

(5)

in Airteagal 17(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Iontrálfar na sonraí seo a leanas freisin sa taifead ar dhul isteach/imeacht:

(a)

uimhir iarratais ETIAS;

(b)

dáta éaga an údaraithe taistil ó ETIAS;

(c)

i gcás údarú taistil ó ETIAS ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta, an Ballstát nó na Ballstáit a bhfuil sé bailí lena aghaidh/lena n-aghaidh.”;

(6)

in Airteagal 18(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglais víosa, na sonraí alfa-uimhriúla a cheanglaítear de bhun Airteagal 17(1) agus (2) den Rialachán seo;”;

(7)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 25a

Rochtain ar shonraí EES ag Láraonad ETIAS

1.   Chun críoch na gcúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) 2018/1240 a dhéanamh, beidh an ceart ag Láraonad ETIAS, sonraí EES a rochtain agus a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin.

2.   I gcás ina ndeimhneofar le fíorú arna dhéanamh ag Láraonad ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1240 go bhfuil comhfhreagras ann idir sonraí arna dtaifeadadh i gcomhad iarratais ETIAS agus sonraí EES nó i gcás ina mbeidh amhras ann fós tar éis fíorú den sórt sin a dhéanamh, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 26 den Rialachán sin.

Airteagal 25b

Úsáid EES ag Aonaid Náisiúnta ETIAS chun próiseáil láimhe a dhéanamh ar iarratais

1.   Déanfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS, dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, EES a cheadú leis na sonraí alfa-uimhriúla céanna a úsáidtear le haghaidh na bhfíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), Airteagal 41 agus Airteagal 54(1), pointe (b), den Rialachán sin.

2.   Beidh rochtain ag Aonaid Náisiúnta ETIAS ar EES agus féadfaidh siad é a cheadú, i bhformáid inléite amháin, chun críche iarratais ar údarú taistil de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 a scrúdú. Féadfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 16 go dtí 18 den Rialachán seo a cheadú, gan dochar d’Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1240.

3.   Tar éis d’Aonad Náisiúnta ETIAS, dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, EES a cheadú, déanfaidh foireann chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS taifeadadh ar thoradh an cheadaithe, agus ar an toradh sin amháin, i gcomhaid iarratais ETIAS.”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

“Airteagal 28

Coinneáil na sonraí a fhaightear as EES

Ní fhéadfar sonraí arna n-aisghabháil as EES de bhun Airteagail 24, 25, 26 agus 27 a choinneáil i gcomhaid náisiúnta ná ní fhéadfar comhaid agus sonraí arna n-aisghabháil as EES de bhun Airteagail 25a agus 25b a choinneáil i gcomhaid iarratais ETIAS ach amháin i gcás inar gá sin i gcás aonair, i gcomhréir leis an gcuspóir ar chuige a aisghabhadh iad, agus i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go háirithe an dlí maidir le cosaint sonraí, agus ní fhéadfar iad a choinneáil níos faide ná mar is fíorghá don chás aonair sin.”;

(9)

in Airteagal 46(2), cuirtear an dara fomhír seo a leanas leis:

“Coinneofar logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in EES agus in ETIAS de bhun Airteagail 8a, 8b agus 25a den Rialachán seo, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240.”;

(10)

cuirtear an iarscríbhinn seo a leanas isteach:

“IARSCRÍBHINN III

Tábla Comhfhreagrais

Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 arna seoladh ag Lárchóras ETIAS

Sonraí comhfhreagracha EES dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (a), den Rialachán seo, ar cheart na sonraí in ETIAS a chur i gcomparáid leo.

sloinne (ainm teaghlaigh)

sloinnte

sloinne breithe

sloinnte

céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste))

céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste);

ainmneacha eile (ailias nó ailiasanna, ainm ealaíonta nó ainmneacha ealaíonta, gnáthainm nó gnáthainmneacha)

céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste);

dáta breithe

dáta breithe

gnéas

gnéas

náisiúntacht reatha

náisiúntacht nó náisiúntachtaí

náisiúntachtaí eile (más ann dóibh)

náisiúntacht nó náisiúntachtaí

cineál an doiciméid taistil

cineál an doiciméid taistil

uimhir an doiciméid taistil

uimhir an doiciméid taistil

tír eisiúna an doiciméid taistil

cód trí litir thír eisiúna an doiciméid taistil

Airteagal 4

Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1860

I Rialachán (AE) 2018/1860, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

Infheidhmeacht Rialachán (AE) 2018/1861

Sa mhéid agus nach suitear leis an Rialachán seo iad, i dtaca le hiontráil, próiseáil, agus uasdátú foláireamh, i dtaca leis na forálacha maidir le freagrachtaí na mBallstát agus eu-LISA, na coinníollacha maidir le foláirimh a rochtain agus an tréimhse athbhreithnithe a bhaineann le foláirimh, próiseáil sonraí, cosaint sonraí, dliteanas agus faireachán a dhéanamh agus staitisticí, mar a leagtar síos in Airteagail 6 go 19, Airteagal 20(3) agus (4), Airteagail 21, 23, 32 agus 33, Airteagal 34(5) agus Airteagail 36a, 36b, 36c agus 38 go 60 de Rialachán (AE) 2018/1861, beidh feidhm acu sin go léir agus sonraí á n-iontráil agus á bpróiseáil in SIS i gcomhréir leis an Rialachán seo.”.

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1861

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1861 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 18b

Logaí a choinneáil chun críoch idir-inoibritheachta le ETIAS

Coinneofar logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéanfar in SIS agus in ETIAS de bhun Airteagail 36a agus 36b den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9).

(*9)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 34(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(h)

an phróiseáil láimhe ar iarratais ETIAS ag Aonad Náisiúnta ETIAS, de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2018/1240.”;

(3)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 36b

Rochtain ar shonraí SIS ag Láraonad ETIAS

1.   Chun críoch na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) 2018/1240 a fheidhmiú, beidh an ceart ag Láraonad ETIAS, arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin, sonraí ábhartha arna gcur isteach in SIS a rochtain agus a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin. Beidh feidhm ag Airteagal 36(4) go (8) den Rialachán seo maidir leis an rochtain sin agus leis an gcuardach sin.

2.   Gan dochar d’Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1240, i gcás ina ndeimhneofar le fíorú arna dhéanamh ag Láraonad ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán sin go bhfuil comhfhreagras ann idir sonraí arna dtaifeadadh i gcomhad iarratais ETIAS agus foláireamh in SIS nó i gcás ina mbeidh amhras ann fós tar éis fíorú den sórt sin a dhéanamh, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 26 den Rialachán sin.

Airteagal 36c

Idir-inoibritheacht le ETIAS

1.   Ó dháta thús oibríochtaí ETIAS, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 88(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, beidh Lárchóras SIS nasctha le ESP chun na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 23, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), Airteagal 41 agus Airteagal 54(1), pointe (b), den Rialachán sin agus na fíoruithe ina dhiaidh sin dá bhforáiltear in Airteagail 22 agus 26 den Rialachán sin.

2.   Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (c), (m)(ii) agus (o), de Rialachán (AE) 2018/1240, le Lárchóras ETIAS, bainfear úsáid as ESP chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11(4) den Rialachán sin a chur i gcomparáid le sonraí in SIS, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin.

3.   Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus in Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240, le Lárchóras ETIAS, bainfear úsáid as ESP chun a fhíorú go rialta cibé acu a scriosadh nó nár scriosadh foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú a iontráladh in SIS, ar rud é ba shiocair le húdarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm.

4.   De bhun Airteagal 41(3) de Rialachán (AE) 2018/1240, i gcás ina ndéantar foláireamh nua maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú a iontráil in SIS, le Lárchóras SIS, déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (a) go (d), (f) go (i) agus (s) go (v), den Rialachán seo a tharchur chuig Lárchóras ETIAS, trí ESP a úsáid, chun a fhíorú an gcomhfhreagraíonn an foláireamh nua sin d’údarú taistil bailí.”.

Airteagal 6

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/817

In Airteagal 72 de Rialachán (AE) 2019/817, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1b.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh ESP tús le hoibríochtaí, chun críocha na bhfíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 23, Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), Airteagal 41 agus Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240, agus chun na gcríoch sin amháin, a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 88 den Rialachán sin.”.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 7 Iúil 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021.

(2)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1151 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (féach leathanach 7 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta, agus ceadanna cónaithe a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(6)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Chóras Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).

(9)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

(10)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

(11)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(12)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 166, 1.7.2010, lch. 17).

(15)  Cinneadh (AE) 2017/733 ón gComhairle an 25 Aibreán 2017 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cróite (IO L 108, 26.4.2017, lch. 31).

(16)  Cinneadh (AE) 2017/1908 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha de chuid acquis Schengen a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Víosaí i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin a chur i bhfeidhm (IO L 269, 19.10.2017, lch. 39).

(17)  Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha atá fágtha d’acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 165, 2.7.2018, lch. 37).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

(19)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(20)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(21)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(22)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(23)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(24)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(25)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(26)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(27)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).