14.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 249/7


RIALACHÁN (AE) 2021/1151 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (d) d’Airteagal 82(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaíodh an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (“ETIAS”) le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu agus teorainneacha seachtracha an Aontais á dtrasnú acu. Leagadh síos sa Rialachán sin na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú faoi ETIAS.

(2)

Le ETIAS, cumasaítear a mheas an mbeadh riosca slándála, riosca inimirce neamhdhlíthiúla nó ardriosca eipidéime ann de dheasca na náisiúnaigh tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát.

(3)

Chun gur féidir le Lárchóras ETIAS comhaid iarratais a phróiseáil dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1240, is gá an idir-inoibritheacht a bhunú idir Córas Faisnéise ETIAS, ar thaobh amháin, agus an Córas Dul Isteach/Imeachta (“EES”), an Córas Faisnéise Víosaí (“VIS”), Córas Faisnéise Schengen (“SIS”), Eurodac agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla - Náisiúnaigh Tríú Tír (“ECRIS-TCN”) (“córais faisnéise AE eile”) agus sonraí Europol mar a shainmhínítear sa Rialachán sin (“sonraí Europol”), ar an taobh eile.

(4)

Leis an Rialachán seo, in éineacht le Rialacháin (AE) 2021/1150 (3) agus (AE) 2021/1152 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos rialacha maidir leis an idir-inoibritheacht idir Córas Faisnéise ETIAS, ar thaobh amháin, agus córais faisnéise AE eile agus sonraí Europol, ar an taobh eile, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh ETIAS sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise AE eile agus sonraí Europol a cheadú chun críche amais shainaithint go huathoibríoch. Dá thoradh sin, is gá leasú a dhéanamh ar Rialacháin (AE) 2019/816 (5) agus (AE) 2019/818 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun Lárchóras ETIAS a nascadh le córais faisnéise AE eile agus le sonraí Europol agus chun na sonraí a sheolfar idir na córais faisnéise AE sin agus sonraí Europol a shonrú.

(5)

A mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na hidir-inoibritheachta le Eurodac, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240, glacfar na leasuithe iarmhartacha is gá a luaithe a ghlacfar athmhúnlú Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(6)

Leis an Tairseach Chuardaigh Eorpach (ESP), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus le Rialachán (AE) 2019/818, beifear in ann cuardach a dhéanamh go comhuaineach ar na sonraí a stóráiltear in ETIAS agus na sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise AE eile lena mbaineann.

(7)

Ba cheart socruithe teicniúla a bhunú chun go mbeidh ETIAS in ann a fhíorú, go rialta agus go huathoibríoch, i gcórais faisnéise AE eile cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le comhaid iarratais a choinneáil, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1240, fós á gcomhlíonadh.

(8)

Déanann na Ballstáit sonraí faoi náisiúnaigh tríú tír mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/816 a bhailiú agus a phróiseáil cheana chun críocha an Rialacháin sin. Leis an Rialachán seo, ní dhéantar aon oibleagáid a fhorchur ar na Ballstáit na catagóirí sonraí faoi náisiúnaigh tríú tír mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/816 a bhailítear cheana féin faoin Rialachán sin a athrú nó a leathnú. Chun críche cuardach a dhéanamh ag ETIAS ar ECRIS-TCN, níor cheart ach bratacha lena léirítear gur ciontaíodh náisiúnach tríú tír mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/816 i gcion sceimhlitheoireachta nó in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240, má tá sé inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála arb é 3 bliana ar a laghad a huastréimhse nó a uastréimhse, agus cóid Ballstát ciontaitheach a chur le taifead sonraí ECRIS-TCN.

(9)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/816, agus chun tacú le cuspóir ETIAS cur le hardleibhéal slándála trí fhoráil a dhéanamh maidir le measúnú críochnúil ar riosca slándála na n-iarratasóirí sula dtiocfaidh siad chuig pointí trasnaithe teorann seachtraí d’fhonn a chinneadh an bhfuil táscairí fíriciúla nó forais réasúnacha ann atá bunaithe ar tháscairí fíriciúla lena theacht ar an tátal go bhfuil riosca slándála ann de dheasca an duine sin a bheith ar chríoch na mBallstát, ba cheart ETIAS a bheith in ann a fhíorú an bhfuil aon chomhfhreagras ann idir sonraí i gcomhaid iarratais ETIAS agus sonraí a stóráiltear in ECRIS-TCN, i dtaca le cé acu Ballstáit a bhfuil faisnéis ina seilbh acu faoi náisiúnaigh tríú tír, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/816, a ciontaíodh le linn na 25 bliana roimhe sin i gcion sceimhlitheoireachta nó le linn na 15 bliana roimhe sin in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 má tá sé inphionóis le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse 3 bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta.

(10)

Na coinníollacha, lena n-áirítear cearta rochtana, faoina bhfuil Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS in ann na sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise AE eile a cheadú chun críocha EITAS, ba cheart iad a choimirciú le rialacha soiléire, beachta maidir leis an rochtain atá ag Láraonad ETIAS agus ag Aonaid Náisiúnta ETIAS ar na sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise AE eile, maidir leis na cineálacha cuardach agus maidir leis na catagóirí sonraí, agus ba cheart an méid sin go léir a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Ar an dul céanna, níor cheart na sonraí a stóráiltear i gcomhaid iarratais ETIAS a bheith le feiceáil ach ag na Ballstáit sin a oibríonn na córais faisnéise fholuiteacha i gcomhréir leis na socruithe dá gcuid rannpháirtíochta.

(11)

Níor cheart talamh slán a dhéanamh de, i gcás ina léirítear amas le ECRIS-TCN, gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/816 sna Ballstáit a léirítear. Níor cheart ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin a dheimhniú ach amháin ar bhonn faisnéis a fhaightear as taifid choiriúla na mBallstát lena mbaineann.

(12)

De bhun Rialachán (AE) 2018/1240, tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), le bheith freagrach as céim dheartha agus forbartha Chóras Faisnéise ETIAS.

(13)

Ní dochar an Rialachán seo do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(14)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, féadfaidh Éire fógra a thabhairt d’Uachtarán na Comhairle gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(16)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(17)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a leasú dá réir sin.

(18)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon Rialacháin (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a leasú chun Lárchóras ETIAS a nascadh le córais faisnéise AE eile agus le sonraí Europol agus chun na sonraí a sheolfar idir na córais faisnéise AE sin agus sonraí Europol a shonrú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(19)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/816

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/816 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(e)

na coinníollacha faoina bhféadfaidh Láraonad ETIAS, a bunaíodh laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), sonraí in ECRIS-TCN a úsáid chun críche tacú le cuspóir ETIAS cur le hardleibhéal slándála trí fhoráil a dhéanamh maidir le measúnú críochnúil ar riosca slándála na n-iarratasóirí, sula dtiocfaidh siad chuig pointí trasnaithe teorann seachtraí, d’fhonn a chinneadh an bhfuil táscairí fíriciúla nó forais réasúnacha ann atá bunaithe ar tháscairí fíriciúla lena theacht ar an tátal go bhfuil riosca slándála ann de dheasca an duine sin a bheith ar chríoch na mBallstát.

(*)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).”;"

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil faisnéise céannachta náisiúnach tríú tír a bhí faoi réir ciontuithe sna Ballstáit, chun críche na Ballstáit inar tugadh na ciontuithe den sórt sin a shainaithint. Cé is moite de phointe (b)(ii) d’Airteagal 5(1), i dtaca leis na forálacha den Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh tríú tír, tá feidhm acu freisin maidir le saoránaigh den Aontas a bhfuil náisiúnaigh tríú tír acu freisin agus a bhí faoi réir ciontuithe sna Ballstáit.

Leis an Rialachán seo:

(a)

tacaítear le cuspóir VIS maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b)

tacaítear le cuspóir ETIAS cur le hardleibhéal slándála, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240;

(c)

cuidítear le ceart-sainaithint daoine, agus déantar an tsainaithint sin a éascú, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2019/818.”;

(3)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

“(6)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis lárnacha, Eurojust, Europol, OIPE, údaráis ainmnithe VIS dá dtagraítear in Airteagal 9d agus Airteagal 22b(13) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, agus Láraonad ETIAS, atá inniúil chun ECRIS-TCN a rochtain nó a cheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo;”;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce de phointe (a)(iii):

“—

uimhir aitheantais, nó cineál agus uimhir dhoiciméid aitheantais an duine, lena n-áirítear doiciméid taistil, chomh maith le hainm an údaráis eisiúna,”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

bratach lena léirítear, chun críoch Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) 2018/1240, gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann le linn na 25 bliana roimhe sin i gcion sceimhlitheoireachta nó le linn na 15 bliana roimhe sin in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 má tá sé inphionóis le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear cód an Bhallstáit chiontaithigh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Ní bheidh bratacha agus cóid Ballstát ciontaitheach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo inrochtana ná inchuardaithe ach ag:

(a)

Lárchóras VIS, a bunaíodh le pointe (b) d’Airteagal 2a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, chun críoch na bhfhíoraithe de bhun Airteagal 7a den Rialachán seo i gcomhar le pointe (e) d’Airteagal 9a(4) nó pointe (e) d’Airteagal 22b(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b)

Lárchóras ETIAS, mar a shainmhínítear i bpointe (25) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, chun críoch na bhfhíoraithe de bhun Airteagal 7b den Rialachán seo i gcomhar le pointe (n) d’Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 i gcás ina dtuairiscítear amais tar éis na bhfíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, phointe (c)(ii) d’Airteagal 24(6) agus phointe (b) d’Airteagal 54(1) den Rialachán sin.

Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh bratacha agus cód an Bhallstáit chiontaithigh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 infheicthe ag aon údarás seachas údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh a chruthaigh an taifead sonraí a bhfuil bratach leis.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(7):

“7.   I gcás amais, cuirfidh an lárchóras nó CIR faisnéis ar fáil go huathoibríoch don údarás inniúil faoi na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i ndáil leis an náisiúnach tríú tír, mar aon leis na huimhreacha tagartha gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus aon fhaisnéis chéannachta chomhfhreagrach. Ní úsáidfear an fhaisnéis chéannachta sin ach amháin chun céannacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a fhíorú. Ní úsáidfear toradh cuardaigh sa lárchóras ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

iarraidh a dhéanamh de bhun Airteagal 6 de Chinneadh Réime 2009/315/CGB;

(b)

iarraidh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 17(3) den Rialachán seo;

(c)

tacú le cuspóir VIS measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; nó

(d)

tacú le cuspóir ETIAS cur le hardleibhéal slándála, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240.”;

(6)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 7b

ECRIS-TCN a úsáid le haghaidh fíoruithe ECRIS

1.   Chun críche na cúraimí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1240, beidh sé de cheart ag Láraonad ETIAS sonraí ECRIS-TCN a rochtain agus a chuardach. Mar sin féin, ní bheidh sé de cheart ag Láraonad ETIAS ach chun rochtain a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin, ar na taifid sonraí sin ar cuireadh bratach leo de bhun phointe (c) d’Airteagal 5(1) den Rialachán seo.

Ní úsáidfear na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin chun críche fíoraithe ag:

(a)

Lárionad ETIAS de bhun Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1240; nó

(b)

Aonaid Náisiúnta ETIAS de bhun Airteagal 25a(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 chun críche taifid choiriúla náisiúnta a cheadú; ceadófar taifid choiriúla náisiúnta sula ndéanfar measúnuithe agus cinntí dá dtagraítear in Airteagal 26 den Rialachán sin agus, i gcás inarb infheidhme, sula ndéanfar na measúnuithe agus sular dtabharfar na tuairimí de bhun Airteagal 28 den Rialachán sin.

2.   Beidh CIR nasctha le ESP chun gur féidir na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, phointe (c)(ii) d’Airteagal 24(6) agus phointe (b) d’Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2018/1240 a dhéanamh.

3.   Gan dochar d’Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1240, leis na fíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, phointe (c)(ii) d’Airteagal 24(6) agus phointe (b) d’Airteagal 54(1) den Rialachán sin, beifear in ann na fíoruithe dá éis sin dá bhforáiltear in Airteagail 22 agus 26 den Rialachán sin a dhéanamh.

Chun críche dul ar aghaidh leis na fíoruithe dá dtagraítear i bpointe (n) d’Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2018/1240, bainfidh Lárchóras ETIAS úsáid as ESP chun na sonraí in ETIAS a chur i gcomparáid le sonraí ECRIS-TCN ar cuireadh bratach leo de bhun phointe (c) d’Airteagal 5(1) den Rialachán seo agus Airteagal 11(8) de Rialachán (AE) 2018/1240, agus na sonraí a liostaítear i dtábla na gcomhfhreagairtí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo á n-úsáid aige.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(3):

“3.   Léirscriosfar na bratacha dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) go huathoibríoch nuair a bheidh an tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo imithe in éag nó 25 bliana tar éis an bhratach a chruthú a mhéid a bhaineann le ciontuithe a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta nó 15 bliana tar éis an bhratach a chruthú a mhéid a bhaineann le ciontuithe a bhaineann le cionta coiriúla tromchúiseacha eile, cibé acu is túisce.”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24(1):

“1.   Ní phróiseáilfear sonraí a iontráiltear sa lárchóras agus in CIR ach chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i dtaca le náisiúnaigh tríú tír;

(b)

tacú le cuspóir VIS measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008; nó

(c)

tacú le cuspóir ETIAS cur le hardleibhéal slándála, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1240.

Déanfar na sonraí a iontráiltear in CIR a phróiseáil freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/818 chun ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in ECRIS-TCN a éascú agus chun cuidiú le ceart-sainaithint na ndaoine sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.”;

(9)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 31b

Logaí a choinneáil chun críocha na hidir-inoibritheachta le ETIAS

I dtaca leis na ceaduithe dá dtagraítear in Airteagal 7b den Rialachán seo, coinneofar loga ar gach oibríocht próiseála sonraí ECRIS-TCN a dhéantar in CIR agus ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) 2018/1240.”;

(10)

in Airteagal 32(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Gach mí, cuirfidh eu-LISA staidreamh faoi bhráid an Choimisiúin a bhaineann le taifeadadh, stóráil agus malartú faisnéise a bhaintear as taifid choiriúla trí ECRIS-TCN agus trí chur chun feidhme thagairt ECRIS, lena n-áirítear staidreamh ar na taifid sonraí a bhfuil bratach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) curtha leo. déanfaidh eu-LISA a áirithiú nach féidir daoine aonair a shainaithint ar bhonn an staidrimh sin. Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh eu-LISA ar fáil dó staidreamh maidir le gnéithe sonracha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.”;

(11)

cuirtear an iarscríbhinn seo a leanas leis:

“IARSCRÍBHINN II

Tábla na gcomhfhreagairtí

Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 arna seoladh ag Lárchóras ETIAS

Sonraí ECRIS-TCN comhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo a bhfuil na sonraí in ETIAS le cur i gcomparáid leo

sloinne (ainm teaghlaigh)

sloinne (ainm teaghlaigh)

sloinne breithe

ainmneacha a bhí ar an duine roimhe seo

céadainm nó céadainmneacha (ainm baiste nó ainmneacha baiste)

ainmneacha (ainmneacha baiste)

ainmneacha eile (ailias nó ailiasanna, ainm ealaíonta nó ainmneacha ealaíonta, gnáthainm nó gnáthainmneacha)

ainmneacha bréige nó ailiasanna

dáta breithe

dáta breithe

áit bhreithe

áit bhreithe (baile agus tír)

tír bhreithe

áit bhreithe (baile agus tír)

inscne

inscne

náisiúntacht reatha

náisiúntacht nó náisiúntachtaí

náisiúntachtaí eile (más ann dóibh)

náisiúntacht nó náisiúntachtaí

cineál an doiciméid taistil

catagóir dhoiciméid taistil an duine

uimhir an doiciméid taistil

uimhir dhoiciméid taistil an duine

tír eisiúna an doiciméid taistil

ainm an údaráis eisiúna

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 18, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1b.   Chun críoch Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1240, stórálfar in CIR freisin, arna scaradh go loighiciúil ó na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/816. Ní bheidh rochtain na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/816 ach ar an mbealach dá dtagraítear in Airteagal 5(7) den Rialachán sin, agus ar an mbealach sin amháin.”;

(2)

in Airteagal 68, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1b.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh ESP tús le hoibríochtaí, chun críocha na bhfíoruithe uathoibrithe de bhun Airteagal 20, Airteagal 23, phointe (c)(ii) d’Airteagal 24(6), Airteagal 41 agus phointe (b) d’Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2018/1240 agus chun na gcríoch sin amháin, a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 88 den Rialachán sin.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 7 Iúil 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021.

(2)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (féach leathanach 1 de Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2019/817 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (féach leathanach 15 de Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

(10)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).