15.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 251/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1147 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2) agus Airteagal 79(2) agus (4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhthéacs athruithe a bheith ag teacht ar dhúshláin na himirce amhail an riachtanas tacú le córais dhaingne sna Ballstáit maidir le glacadh, tearmann, lánpháirtíocht agus imirce, cosc a chur ar chásanna brú agus iad a láimhseáil ar bhealach sásúil, i ndlúthpháirtíocht, agus bealaí imirce dleathacha sábháilte a bhunú in áit daoine a bheith ag teacht ar bhealaí neamhrialta agus contúirteacha, tá sé ríthábhachtach infheistiú i mbainistiú éifeachtúil agus comhordaithe ar an imirce san Aontas d’fhonn a chuspóir a bhaint amach, mar atá, go mbeadh an tAontas ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais i gcomhréir le Airteagal 67(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

Tugtar léiriú ar a thábhachtaí atá cur chuige comhordaithe a bheith ag an Aontas agus ag na Ballstáit sa Chlár Oibre Eorpach maidir le hImirce an 13 Bealtaine 2015, inar leagadh béim ar an ngá le comhbheartas comhsheasmhach agus soiléir ionas go gcuirfí muinín i réim an athuair i gcumas an Aontais iarrachtaí na hEorpa agus na mBallstát a thabhairt le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an imirce agus a bheith ag comhoibriú le chéile ar bhealach éifeachtach, i gcomhréir le prionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na freagrachta idir na Ballstáit mar a leagtar amach in Airteagal 80 CFAE; dearbhaíodh é seo san athbhreithniú meántéarma an 27 Meán Fómhair 2017 agus sna tuarascálacha ar dhul chun cinn an 14 Márta 2018 agus an 16 Bealtaine 2018.

(3)

Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an athuair, sna conclúidí uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2017, an gá cur chuige cuimsitheach, pragmatach agus daingean a shaothrú maidir le bainistiú imirce a mbeidh sé mar aidhm leis smacht a áirithiú ar theorainneacha seachtracha agus líon na ndaoine atá ag teacht go neamhrialta agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ar muir a laghdú;. ba cheart an cur chuige sin a bheith bunaithe ar úsáid sholúbtha chomhordaithe a bhaint as na hionstraimí uile de chuid an Aontais agus na mBallstát a bhfuil fáil orthu. Thairis sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach go n-áiritheofaí go méadófaí go mór ar an bhfilleadh trí ghníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit araon, amhail comhaontuithe éifeachtacha agus socruithe éifeachtacha um athligean isteach.

(4)

Chun tacú le hiarrachtaí cur chuige cuimsitheach a áirithiú i leith bhainistiú na himirce a mbeadh muinín fhrithpháirteach, dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir na freagrachta idir na Ballstáit agus institiúidí an Aontais mar bhunús leis, agus é mar chuspóir a áirithiú go mbeidh comhbheartas inbhuanaithe ag an Aontas maidir le tearmann agus imirce, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit le hacmhainní leordhóthanacha airgeadais i bhfoirm an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (“an Ciste”).

(5)

Gach gníomhaíocht a chistítear faoin gCiste, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a dhéantar i dtríú tíortha, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear in acquis an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), agus ba cheart go mbeidís ag teacht le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí dlí idirnáisiúnta ina bhfuil siad ina bpáirtithe iontu, go háirithe trí chomhlíonadh phrionsabail an chomhionannais inscne, an neamh-idirdhealaithe agus leas an linbh a áirithiú.

(6)

Ba cheart tús áite a thabhairt do leas an linbh i ngach gníomhaíocht agus cinneadh a bhaineann le leanaí i mbun imirce, lena n-áirítear filleadh, agus lán aird á tabhairt ar cheart an linbh a thuairimí nó a tuairimí féin a chur in iúl.

(7)

Leis an gCiste, ba cheart tógáil ar na torthaí a baineadh amach agus na hinfheistíochtaí a dhearnadh le tacaíocht na n-ionstraimí a tháinig roimhe: an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) don tréimhse 2008-2013, an Ciste Eorpach Lánpháirtíochta a bunaíodh le Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (5) don tréimhse 2007-2013, an Ciste Eorpach um Fhilleadh a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) don tréimhse 2008-2013 agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) don tréimhse 2014-2020. Ag an am céanna, ba cheart na forbairtí ábhartha nua ar fad a chur san áireamh leis.

(8)

Ba cheart don Chiste tacú le dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir na freagrachta idir na Ballstáit agus le bainistiú éifeachtúil ar shreabha imirce, inter alia trí bhearta coiteanna a chur chun cinn i réimse an tearmainn, lena n-áirítear iarrachtaí na mBallstát maidir le daoine a ghlacadh a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu trí athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil agus maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a aistriú idir Ballstáit, trí chosaint fheabhsaithe d’iarrthóirí tearmainn leochaileacha amhail leanaí, trí thacú le straitéisí lánpháirtíochta agus tríd an mbeartas maidir leis an imirce dhleathach a fhorbairt agus a neartú, trí bhealaí sábháilte agus dlíthiúla chun an Aontais a chruthú, mar shampla, rud a chuideodh freisin chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus todhchaí a shamhla sóisialta a áirithiú agus chun laghdú ar na dreasachtaí don imirce neamhrialta, le beartas inbhuanaithe um fhilleadh agus um athligean isteach.

(9)

I bhfianaise gur Ciste inmheánach é, agus gurb é an Ciste an phríomhionstraim chistiúcháin é le haghaidh tearmainn agus imirce ar leibhéal an Aontais, ba cheart an Ciste a bheith ag tacú go príomha le gníomhaíochtaí a fhónann do Bheartas inmheánach an Aontais maidir le tearmann agus imirce, i gcomhréir le cuspóirí an Chiste. Mar sin féin, ós rud é go rannchuidíonn gníomhaíochtaí áirithe a rinneadh lasmuigh den Aontas le cuspóirí an Chiste a bhaint amach agus go mbeadh breisluach Aontais i gceist leo i gcásanna áirithe, ba cheart an Ciste a bheith ag tacú le comhar agus comhpháirtíocht le tríú tíortha a neartú chun críche imirce a bhainistiú chun an imirce dhlíthiúil a dhaingniú agus filleadh agus athligean isteach a bheidh éifeachtach, sábháilte agus díniteach a fheabhsú agus an t-ath-lánpháirtiú tosaigh i dtríú tíortha a chur chun cinn. Bheadh an tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin gCiste ar fáil gan dochar don athlonnú agus athshocrú a dhéantar ar bhonn deonach faoi láthair i gcás iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe den chosaint sin faoi chuimse chreat dlíthiúil an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn a mbeidh feidhm aige tráth a ghlacfar an Rialachán seo.

(10)

D’fhonn tairbhiú de shaineolas na ngníomhaireachtaí ábhartha, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear a gcuid eolais agus taithí san áireamh agus cláir na mBallstát á bhforbairt, a mhéid a bhaineann le réimsí a n-inniúlachtaí. Thairis sin, ba cheart go bhféadfadh an Ciste na gníomhaíochtaí seo a leanas a fhaigheann tacaíocht ón Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (“EASO”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a chomhlánú, d’fhonn feidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn a éascú agus a fheabhsú: an comhar praiticiúil a neartú, go háirithe malartú faisnéise maidir le tearmann agus dea-chleachtais; dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn agus rannchuidiú chun dlí an Aontais maidir le tearmann a chur chun feidhme ar bhonn aonfhoirmeach, ar bhonn ardchaighdeáin maidir le nósanna imeachta cosanta idirnáisiúnta, maidir le dálaí glactha agus maidir le measúnú ar riachtanais chosanta ar fud an Aontais; dáileadh inbhuanaithe cothrom a chumasú maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta; an cóineasú a éascú maidir le measúnú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar fud an Aontais; acú le hiarrachtaí na mBallstát maidir leis an athlonnú; agus cúnamh breise oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt do na Ballstáit chun a gcórais tearmainn agus glactha a bhainistiú, dóibh siúd a mbíonn a gcórais faoi bhrú díréireach go háirithe.

(11)

Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí an Aontais agus na mBallstát feabhas a chur ar chumas na mBallstát forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartais tearmainn i bhfianaise a gcuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais.

(12)

Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí na mBallstát agus an Aontais an Comhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme go hiomlán agus a fhorbairt a thuilleadh, gné sheachtrach an chomhchórais san áireamh.

(13)

Is cuid riachtanach de bheartas an Aontais i mbainistiú na himirce iad comhpháirtíochtaí agus comhar le tríú tíortha. Ba cheart go rannchuideodh an Ciste chun bealaí dlíthiúla agus sábháilte le haghaidh náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a mbíonn cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a bheith ag teacht isteach i gcríoch na mBallstát a chur in ionad a dteacht ar bhealaí neamhshábháilte agus neamhrialta, agus dlúthpháirtíocht a léiriú le tíortha i réigiúin ar aslonnaíodh líon mór daoine chucu a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu nó a bhfuil líon mór daoine aslonnaithe iontu trí chuidiú chun an brú ar na tíortha sin a mhaolú, agus ba cheart go rannchuideodh sé go héifeachtach le tionscnaimh athlonnaithe dhomhanda leis an Aontas agus na Ballstáit a bheith ag labhairt d’aon ghuth i bhfóraim idirnáisiúnta agus le tríú tíortha. Ba cheart don Chiste tacaíocht i bhfoirm dreasachtaí airgeadais a chur ar fáil d’iarrachtaí atá déanta ag na Ballstáit cosaint idirnáisiúnta agus réiteach buan a chur ar fáil do dhídeanaithe agus do dhaoine easáitithe a ligeadh isteach faoi chláir athlonnaithe nó faoi chláir um ligean isteach ar fhoras daonnúil.

(14)

I bhfianaise na sreabh imirce chuig an Aontas agus a thábhachtaí a bheidh sé lánpháirtíocht agus cuimsiú a áirithiú maidir le daoine a thagann chun na hEorpa, ar son ár bpobal áitiúil agus ar son fholláine fhadtéarmach ár sochaithe agus chobhsaíocht ár ngeilleagar, tá sé ríthábhachtach tacú le beartais na mBallstát maidir le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír a bheidh ag fanacht go dleathach, lena n-áirítear sna réimsí tosaíochta a sainaithníodh sa Phlean Gníomhaíochta um Lánpháirtiú agus um Chuimsiú 2021-2027. Ba cheart don Chiste tacú le bearta lánpháirtíochta atá saincheaptha do riachtanais náisiúnach tríú tír agus le bearta cothrománacha a bhfuil d’aidhm leo cur le hacmhainneacht na mBallstát straitéisí lánpháirtíochta a fhorbairt, malartú agus comhar a neartú, agus teagmháil, idirphlé cuiditheach agus glacacht idir náisiúnaigh tríú tír agus an tsochaí ghlactha a chur chun cinn.

(15)

Chun cur leis an éifeachtúlacht, chun an breisluach Eorpach is mó is féidir a bhaint amach agus chun comhleanúnachas fhreagairt an Aontais a áirithiú maidir le lánpháirtíocht na náisiúnach tríú tír a chothú, ba cheart na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gCiste a bheith comhsheasmhach le gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais agus a bheith comhlántach leo, ionstraimí seachtracha go háirithe, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart don Chiste tacú le bearta atá saincheaptha le haghaidh riachtanais náisiúnach tríú tír a chuirtear chun feidhme de ghnáth le linn chéimeanna luatha na lánpháirtíochta, mar aon le bearta cothrománacha a thacóidh le hacmhainneachtaí na mBallstát i réimse na lánpháirtíochta, ach ba cheart gur faoi CSE+ agus CFRE a mhaoineofaí na hidirghabhálacha sin le haghaidh na náisiúnach tríú tír a mbeidh tionchar níos fadtéarmaí acu. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go gceanglófaí ar na húdaráis de chuid na mBallstát a bheidh freagrach as an gCiste a chur chun feidhme comhar agus comhordú a dhéanamh leis na húdaráis arna sainaithint ag Ballstáit chun críche idirghabhálacha CSE+ agus CFRE a bhainistiú agus, nuair is gá, comhoibriú agus comhordú lena n-údaráis bhainistíochta agus le húdaráis bhainistíochta chistí eile de chuid an Aontais a rannchuidíonn le lánpháirtiú na náisiúnach tríú tír.

(16)

Ba cheart a chlúdach i raon feidhme na mbeart maidir le lánpháirtiú, tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta chun cur chuige cuimsitheach maidir le lánpháirtiú a áirithiú, agus sainiúlachtaí an spriocghrúpa sin á gcur san áireamh. I gcás ina ndéantar bearta maidir le lánpháirtiú i gcomhcheangal le glacadh, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, iarrthóirí tearmainn a áireamh freisin.

(17)

Ba cheart cur chun feidhme an Chiste sa réimse lánpháirtíochta sin a bheith comhsheasmhach le bunphrionsabail choiteanna an Aontais maidir le lánpháirtíocht, mar a shainítear i bPlean Gníomhaíochta maidir le Lánpháirtíocht agus Uilechuimsitheacht 2021-2027 iad.

(18)

Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit sin ar mian leo é foráil ina gcláir go bhféadfaí garghaolta náisiúnach tríú tír a bheith san áireamh i mbearta lánpháirtíochta agus tacú le haontacht teaghlaigh ar an gcaoi sin, a mhéid a bhfuil sé riachtanach chun na bearta sin a chur chun feidhme go héifeachtach. Tuigtear go gciallóidh “garghaol” céile, páirtí agus aon duine ag a bhfuil nasc díreach teaghlaigh sa líne shliochtach nó sa líne shinsearach leis an náisiúnach tríú tír ar a bhfuil an beart maidir le lánpháirtíocht dírithe agus nach gclúdófaí an té sin seachas sin faoi raon feidhme an Chiste.

(19)

I bhfianaise ról ríthábhachtach údaráis na mBallstát agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i réimse na lánpháirtíochta agus chun rochtain na n-eintiteas sin ar chistiú ar leibhéal an Aontais a éascú, ba cheart don Chiste éascaíocht a dhéanamh d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun gníomhaíochtaí i réimse na lánpháirtíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an tsaoráid théamach agus trí ráta cómhaoinithe níos airde do na gníomhaíochtaí sin. I ndáil leis sin, ba cheart íosmhéid 5 % den leithdháileadh tosaigh ar an tsaoráid théamach a dhíriú ar chur chun feidhme na mbearta lánpháirtíochta ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha.

(20)

Sa bhreis ar an ráta cómhaoinithe dá bhforáiltear leis an gCiste le haghaidh tionscadal, moltar do na Ballstáit maoiniú ó bhuiséid a n-údarás poiblí a chur ar fáil i gcás ina mbeidh an cistiú sin riachtanach chun tionscadal a chur i gcrích, go háirithe nuair is ag eagraíocht sa tsochaí shibhialta atá an tionscadal á chur chun feidhme.

(21)

I bhfianaise na ndúshlán eacnamaíoch agus déimeagrafach atá roimh an Aontas san fhadtéarma agus i bhfianaise dhomhandú breise na himirce, tá sé ríthábhachtach bealaí dea-fheidhmiúla imirce dleathaí chuig an Aontas a bhunú ionas go mbeidh an tAontas ina cheann scríbe tarraingteach don imirce dhleathach i gcónaí, i gcomhréir le riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta na mBallstát, agus chun inbhuanaitheacht na gcóras leasa shóisialta agus forbairt gheilleagar an Aontais a áirithiú, agus cosaint ar dhúshaothrú a thabhairt ag an am céanna d’oibrithe imirceacha.

(22)

Ba cheart don Chiste tacú leis na Ballstáit straitéisí a chur ar bun don imirce dhleathach agus beartais don imirce dhleathach a neartú agus a fhorbairt, agus chun a n-acmhainneacht a fheabhsú maidir le forbairt, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar straitéisí, beartas agus bearta inimirce agus lánpháirtíochta maidir le náisiúnaigh tríú tír a bheidh ag fanacht go dleathach, ionstraimí de chuid an Aontais maidir le himirce dhleathach go háirithe. Ba cheart don Chiste tacú le malartú faisnéise, na gcleachtas is fearr agus comhair idir ranna éagsúla riaracháin agus idir leibhéil éagsúla rialtais, agus idir na Ballstáit.

(23)

Tá beartas éifeachtúil agus díniteach maidir le filleadh ina dhlúthchuid den chur chuige cuimsitheach atá á shaothrú ag an Aontas agus ag na Ballstáit maidir leis an imirce. Ba cheart don Chiste tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát d’fhonn caighdeáin choiteanna maidir le filleadh a chur chun feidhme go héifeachtach agus a fhorbairt a thuilleadh, go háirithe mar a leagtar amach i dTreoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus béim a leagan ar an bhfilleadh deonach, agus cur chuige comhtháite comhordaithe i leith bainistiú ar fhilleadh a chur chun feidhme go héifeachtach agus a fhorbairt a thuilleadh. Ar mhaithe le beartais inbhuanaithe i leith filleadh, ba cheart an Ciste a bheith ag tabhairt tacaíocht chomhionann do bhearta gaolmhara i dtríú tíortha, amhail bearta chun filleadh agus athligean isteach sábháilte agus díniteach a éascú agus a ráthú agus hath-lánpháirtiú inbhuanaithe na bhfillithe, soláthar thacaíocht airgeadais nó chomhchineáil san áireamh.

(24)

Ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt don fhilleadh deonach agus ba cheart dóibh filleadh éifeachtach, sábháilte agus díniteach a áirithiú. Chun an filleadh deonach a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit dreasachtaí a bheartú amhail cóir fhabhrach i bhfoirm cúnamh níos fearr leis an bhfilleadh agus tacaíocht tosaigh don ath-lánpháirtiú. Tá filleadh deonach den sórt sin chun leas na bhfillithe agus na n-údarás araon ó thaobh a chost-éifeachtúlachta de.

(25)

Cé gur cheart go mbeadh tosaíocht ag an bhfilleadh deonach ar an bhfilleadh éigeantach, mar sin féin, bíonn siad idirnasctha agus éifeacht atreisithe acu ar a chéile agus ba cheart, dá bhrí sin, na Ballstáit a spreagadh chun na comhlántachtaí idir an dá chineál fillte sin a atreisiú. Tá an deis asbhaint a dhéanamh ina heilimint thábhachtach a chuireann le sláine na gcóras tearmainn agus imirce dleathaí. Dá bhrí sin, ba cheart don Chiste tacú le gníomhaíochtaí ó na Ballstáit chun asbhaintí a éascú agus a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, i gcás inarb infheidhme, agus cearta bunúsacha agus dínit na bhfillithe á n-urramú go hiomlán.

(26)

Le bearta tacaíochta sonracha d’fhillithe, agus aird ar leith ar a riachtanais dhaonnúla agus chosanta sna Ballstáit agus sna tíortha a bhfilleann siad orthu, is féidir feabhas a chur ar na dálaí fillte agus ar ath-lánpháirtiú na bhfillithe. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine leochaileacha.

(27)

Is cuid lárnach de bheartas an Aontais maidir le filleadh go mbeadh náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach á n-athligean isteach go héifeachtúil ag tríú tíortha, agus is uirlis lárnach é sa bhainistiú éifeachtúil ar shreabha imirce, mar go n-éascaítear filleadh tapa na n-imirceach neamhrialta. Tá comhar maidir le hathligean isteach ina ghné thábhachtach faoi chuimsiú idirphlé agus comhair le tríú tíortha tionscnaimh agus idirthurais i gcás imirceach neamhrialta, agus ba cheart tacaíocht a thabhairt dá chur chun feidhme i dtríú tíortha ar mhaithe le beartais éifeachtacha maidir le filleadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

(28)

De bhreis ar thacú le filleadh daoine mar a fhoráiltear sa Rialachán seo, ba cheart, leis an gCiste, tacú le bearta eile chun an imirce neamhrialta agus an gháinneáil ar imircigh a chomhrac agus comhlíontacht le rialacha na himirce dleathaí a spreagadh, agus sláine chórais inimirce na mBallstát a chosaint ar an gcaoi sin.

(29)

Baintear an bonn ó fhorbairt bheartais soghluaisteachta lucht saothair bunaithe ar scéimeanna imirce dleathaí nuair a dhéantar imircigh neamhrialta a fhostú, agus cuirtear cearta oibrithe imirceach i mbaol, ionas go mbeidh siad i gcontúirt a gcearta a bheith á sárú agus i gcontúirt mí-úsáide. Dá bhrí sin, ba cheart, leis an gCiste, tacú leis na Ballstáit, go díreach nó go hindíreach, agus Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) á cur chun feidhme acu, ar treoir í lena gcuirtear toirmeasc ar náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhostú agus lena bhforáiltear do smachtbhannaí i gcoinne fostóirí a sháraíonn an toirmeasc sin.

(30)

Ba cheart, leis an gCiste, tacú leis na Ballstáit, go díreach nó go hindíreach, agus Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) á cur chun feidhme acu, lena leagtar amach forálacha maidir le cúnamh, tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine. Ba cheart gné inscneshonrach na gáinneála ar dhaoine agus ar íospartaigh ar leanaí iad a chur san áireamh sna bearta sin, lena n-áirítear bearta chun iad a shainaithint go luath agus iad a tharchur chuig seirbhísí speisialaithe.

(31)

Ba cheart, leis an gCiste, na gníomhaíochtaí i réimse an fhillte a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, arna rialú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), a chomhlánú, gan sruth breise cistiúcháin á chur ar fáil don Ghníomhaireacht sin.

(32)

I gcomhréir le prionsabal na héifeachtúlachta, ba cheart sineirgí agus comhsheasmhacht a lorg le cistí eile de chuid an Aontais agus ba cheart forluí idir na gníomhaíochtaí a sheachaint.

(33)

Chun an breisluach is fearr a fháil ó infheistíochtaí a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt trí bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg go háirithe idir an Ciste agus cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear iad siúd faoi bhainistíocht roinnte. Chun an leas is mó is féidir a bhaint as na sineirgí sin, ba cheart príomhshásraí cumasúcháin a áirithiú, lena n-áirítear cistiú carnach do ghníomhaíocht ón gCiste agus ó chlár eile de chuid an Aontais, chomh fada agus nach mó an cistiú carnach sin ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Chun na críche sin, ba cheart rialacha iomchuí a leagan amach sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht an costas nó an caiteachas céanna a dhearbhú faoin gCiste agus faoi chlár eile de chuid an Aontais araon, ar bhonn pro rata.

(34)

Ba cheart gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste a bheith á ndéanamh i sineirge agus comhleanúnach le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme go háirithe, ba cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta bheartas seachtrach an Aontais, le prionsabal an chomhleanúnachais beartais maidir le forbairt agus comhsheasmhacht le doiciméid chlársceidealaithe straitéisigh le haghaidh na tíre nó an réigiúin i dtrácht, agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais. Maidir leis an ngné sheachtrach, ba cheart don Chiste a bheith dírithe ar thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí nach ndíríonn ar an bhforbairt agus a bhíonn ag fónamh do leas bheartais inmheánacha an Aontais agus ba cheart dóibh a bheith comhsheasmhach le gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den Aontas. Ba cheart an Ciste a dhíriú ar an gcomhar le tríú tíortha a fheabhsú agus ar phríomhghnéithe bhainistiú na himirce a threisiú i réimsí ar díol suime iad ó thaobh bheartas imirce an Aontais de.

(35)

Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíochtaí ag na Ballstáit amháin. Ba cheart, leis an tacaíocht airgeadais arna tabhairt faoin Rialachán seo, rannchuidiú go háirithe, le cumas na mBallstát agus an Aontais i réimsí an tearmainn agus na himirce a neartú i gcomhréir le hAirteagal 80 CFAE.

(36)

Agus na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste á gcur chun cinn, ba cheart d’fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas faisnéis a chur ar fáil i dteanga nó i dteangacha an spriocphobail. Chun infheictheacht chistiú an Aontais a áirithiú, ba cheart d’fhaighteoirí an chistithe sin tagairt dá bhunús agus cumarsáid á déanamh acu maidir leis an ngníomhaíocht. Chuige sin, ba cheart do na faighteoirí a áirithiú go léireofar suaitheantas an Aontais ar aon teachtaireacht chuig na meáin nó chuig an bpobal, agus go luafar an tacaíocht airgeadais ón Aontas go sainráite.

(37)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann acmhainní airgeadais a úsáid faoin gCiste chun dea-chleachtais a chur chun cinn agus chun faisnéis a mhalartú a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste.

(38)

Ba cheart don Choimisiún faisnéis maidir leis an tacaíocht arna soláthar ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach a fhoilsiú ar bhealach tráthúil agus ba cheart dó faisnéis den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí. Ba cheart a bheith in ann na sonraí a shórtáil de réir cuspóir sonrach, ainm an tairbhí, an mhéid a gealladh go dlíthiúil agus chineál agus chuspóir an bhirt.

(39)

Féadfar a mheas nach bhfuil an acquis ábhartha de chuid an Aontais á chomhlíonadh ag Ballstát, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le húsáid tacaíochta oibriúcháin faoin gCiste seo, murar chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí i réimse an tearmainn agus na himirce, más léir go bhfuil baol ann go sáróidh an Ballstát luachanna an Aontais agus an acquis maidir le tearmann agus filleadh á chur chun feidhme aige, nó má sainaithníodh easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (15).

(40)

Leis an gCiste, ba cheart a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Chun ceanglais trédhearcachta a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún faisnéis a fhoilsiú maidir le cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla na saoráide téamaí. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), ba cheart do gach Ballstát a áirithiú, faoi 6 mhí tar éis ó fhormheasadh a chláir, go bhfuil suíomh gréasáin curtha ar bun, ar a bhfuil fáisnéis maidir lena chlár ar fáil, lena gcumhdaítear cuspóirí, gníomhaíochtaí, deiseanna cistithe atá ar fáil agus an méid atá bainte amach.

(41)

Ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo na méideanna tosaigh do chlár na mBallstát, méideanna ina mbeidh méid socraithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 agus méid arna ríomh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos san Iarscríbhinn sin agus ar léiriú í ar riachtanais na mBallstát éagsúil agus ar an mbrú a bhíonn orthu i réimsí an tearmainn, na himirce, na lánpháirtíochta agus an fhillte. I bhfianaise na riachtanas speisialta atá ag na Ballstáit sin ina ndearnadh an líon is airde iarratais ar thearmann per capita in 2018 agus 2019, is iomchuí na méideanna socraithe don Chipir, Málta agus an Ghréig a mhéadú.

(42)

Ba cheart na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát a bheith mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát. Chun athruithe ar shreabha imirce a chur san áireamh, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais i leith bainistiú tearmainn agus na gcóras glactha agus i leith lánpháirtiú náisiúnach tríú tír a fhanann go dleathach, agus chun an imirce dhleathach a fhorbairt agus an imirce neamhrialta a chomhrac le cur ar ais éifeachtúil, sábháilte agus dínitiúil, ba cheart méid breise a leithdháileadh ar na Ballstáit ag meántéarma na tréimhse clársceidealaithe agus critéir oibiachtúla á gcur san áireamh. Ba cheart an méid sin a bheith bunaithe ar shonraí staidrimh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, chun na hathruithe ar staid bhunlíne na mBallstát a léiriú.

(43)

Chun rannchuidiú le cuspóir beartais an Chiste a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí mar chuid dá gclár lena dtabharfar aghaidh ar chuspóirí sonracha an Chiste, go mbeidh na tosaíochtaí a roghnófar i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus go n-áirithíonn an leithdháileadh acmhainní idir na cuspóirí go mbeidh sé indéanta an cuspóir beartais foriomlán a ghnóthú. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit, i bprionsabal, leithdháileadh íosta a áirithiú chun an Comhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, chun an imirce dhleathach chuig na Ballstáit a neartú agus a fhorbairt i gcomhréir lena riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta, agus chun lánpháirtiú éifeachtach agus cuimsiú sóisialta na náisiúnach tríú tír a chur chun cinn agus rannchuidiú leis.

(44)

Ós rud é go mbíonn athrú de shíor ag teacht ar na dúshláin i réimse na himirce, is gá leithdháileadh an chistithe a chur in oiriúint do na hathruithe ar na sreabha imirce. Chun freagairt ar riachtanais phráinneacha agus ar athruithe ar bheartais agus ar thosaíochtaí an Aontais, agus chun an cistiú a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a mbaineann ardleibhéal breisluacha Aontais leo, ba cheart cuid den chistiú a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, gníomhaíochtaí Aontais, gníomhaíochtaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, cúnamh éigeandála, athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil agus chun tacaíocht bhreise a thabhairt do na Ballstáit a rannchuidíonn le hiarrachtaí dlúthpháirtíochta agus freagrachta. Tugann an tsaoráid théamach solúbthacht maidir le bainistiú an Chiste agus féadfar í a chur chun feidhme trí chláir na mBallstát freisin.

(45)

Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chistiú trí leas a bhaint as ranníocaíocht níos mó ón Aontas.

(46)

D’fhéadfaí cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste a leithdháileadh freisin ar chláir na mBallstát chun gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme i dteannta a leithdháilte tosaigh. Ba cheart na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainaithint ar leibhéal an Aontais agus ba cheart iad a bheith bainteach le gníomhaíochtaí a éilíonn comhoibriú nó gníomhaíocht a bhfuil gá leo chun dul i ngleic le forbairtí san Aontas óna dteastaíonn breis cistiúcháin a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó.

(47)

Ba cheart don Chiste rannchuidiú le tacaíocht do na costais oibriúcháin a bhaineann le cuspóirí sonracha an Chiste chun a chur ar chumas na mBallstát na hinniúlachtaí atá ríthábhachtach chun na cúraimí agus na seirbhísí arb ionann iad agus seirbhís phoiblí don Aontas ina iomláine a choinneáil ar bun. Ba cheart a bheith i gceist le tacaíocht den sórt sin costais shonracha a bhaineann le cuspóirí an Chiste a aisíoc ina n-iomláine agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát.

(48)

Chun cur chun feidhme chuspóir beartais an Chiste a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil leis an gCiste freisin le haghaidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críoch straitéiseach foriomlán a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála an Chiste i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí, agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais.

(49)

Chun go neartófar acmhainneacht an Aontais aghaidh a thabhairt láithreach ar chásanna eisceachtúla imirce i mBallstát amháin nó níos mó arb é a bpríomhthréith insreabhadh mór nó díréireach náisiúnach tríú tír a dhéanann éilimh shuntasacha agus phráinneacha ar shaoráidí glactha agus coinneála na mBallstáit agus ar a gcórais agus ar a nósanna imeachta tearmainn agus imirce, nó chun dul i ngleic le cásanna eisceachtúla imirce i dtríú tíortha de thoradh forbairtí polaitiúla nó coinbhleachtaí, ba cheart a bheith in ann cúnamh éigeandála a chur ar fáil i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo.

(50)

Leis an Rialachán seo, ba cheart a áirithiú go leantar de Ghréasán Imirce na hEorpa a bunaíodh le Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle (17), agus ba cheart cúnamh airgeadais a thabhairt i gcomhréir leis na cuspóirí atá aige agus leis na cúraimí atá air.

(51)

Tabharfar aghaidh ar chuspóir beartais an Chiste seo freisin trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíochtaí buiséadacha faoi ionuithe beartais an chláir InvestEU arma bhunú ag Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar mhodh comhréireach agus níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbláil nó a phlódú mar gheall ar ghníomhaíochtaí a dhéantar ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir de chuid an Aontais a bheith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar.

(52)

Is ar bhonn deonach a dhéantar oibríochtaí measctha agus is oibríochtaí iad a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-in-aisíoctha tacaíochta, foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta, nó iad araon, ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta ó institiúidí cur chun cinn/forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, mar aon le tacaíocht ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí.

(53)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chiste arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (19) do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(54)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) (an “Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gCiste. Leagtar síos leis an Rialachán Airgeadais rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistiú indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha,.

(55)

Chun críche gníomhaíochtaí faoi bhainistíocht roinnte a chur chun feidhme, ba cheart an Ciste a bheith ina chuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) 2021/1060.

(56)

Le Rialachán (AE) 2021/1060, bunaítear an creat gníomhaíochta do CFRE, do CSE+, don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, don Chiste um Aistriú Cóir, don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, don Chiste Slándála Inmheánaí, agus don Ionstraim le haghaidh Cúnamh Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, agus leagtar síos leis, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht, bainistiú agus rialú maidir le cistí an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte. Ina theannta sin, is gá cuspóirí an Chiste sa Rialachán seo a shonrú, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú faoin gCiste.

(57)

Leagtar amach scéim réamh-mhaoiniúcháin le haghaidh an chiste i Rialachán (AE) 2021/1060 agus leagtar amach ráta sonrach réamh-mhaoiniúcháin sa Rialachán seo. Ina theannta sin, chun a áirithiú gur féidir freagairt go pras ar staideanna éigeandála a áirithiú, is iomchuí ráta réamh-mhaoinithe sonrach a bhunú le haghaidh cúnamh éigeandála. Leis an scéim réamh-mhaoiniúcháin, ba cheart a áirithiú gurb acmhainn do na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil do thairbhithe ó thús chur chun feidhme a gclár.

(58)

Ba cheart na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialuithe, na hualaí riaracháin, agus an baol a bhaineann le neamh-chomhlíonadh á gcur san áireamh. Agus an rogha sin á dhéanamh, ba cheart úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costais aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a bhreithniú.

(59)

Chun an leas is fearr a bhaint as prionsabal na hiniúchóireachta aonair, is iomchuí rialacha sonracha a shocrú maidir le rialú agus iniúchadh tionscadal i gcás inarb iad eagraíochtaí idirnáisiúnta a ndearna an Coimisiún measúnú dearfach ar a gcórais rialaithe inmheánaigh na tairbhithe. I gcás tionscadal den sórt sin, ba cheart do na húdaráis bhainistíochta a bheith in ann teorainn a chur lena bhfíoruithe bainistíochta ar choinníoll go ndéanann an tairbhí na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá maidir le dul chun cinn an tionscadail agus maidir le hincháilitheacht an chaiteachais fholuitigh a sholáthar go tráthúil. Ina theannta sin, i gcás tionscadal a dhéanann eagraíocht idirnáisiúnta den sórt sin a chur chun feidhme mar chuid de shampla iniúchóireachta, ba cheart don údarás iniúchóireachta a bheith in ann a chuid oibre a dhéanamh i gcomhréir le prionsabail an Chaighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Seirbhísí Gaolmhara (ISRS) 4400, Engagements to Perform Agreed-upon Procedures Regarding Financial Information [Cúraimí a Dhéanamh i ndáil le Nósanna Imeachta Arna gComhaontú maidir le Faisnéis Airgeadais].

(60)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (22), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (23) agus (AE) 2017/1939 (24) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le haisghabháil na gcistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú go hiomlán le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, agus gach cúnamh is gá a thabhairt dóibh, i dtaobh leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(61)

Ba cheart cead rannpháirtíochta sa Chiste a thabhairt do thríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu leis an Aontas maidir leis na critéir agus na sásraí lena suitear an Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann a taisceadh i mBallstát nó a taisceadh sa tríú tír a scrúdú, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.

(62)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(63)

De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (26), beidh daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha nó críocha thar lear incháilithe le haghaidh cistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chiste agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(64)

De bhun Airteagal 349 CFAE agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal A stronger and renewed strategic partnership with the EU’s outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas], arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúidí an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir agus ina straitéisí náisiúnta ar na dúshláin shonracha atá roimh na réigiúin is forimeallaí maidir le bainistiú na himirce de. Leis an gCiste, ba cheart tacú leis na Ballstáit sin le hacmhainní leordhóthanacha chun cuidiú leis na réigiúin sin an imirce a bhainistiú go hinbhuanaithe agus chun aon chásanna brú a láimhseáil.

(65)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (27), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste seo ar bhonn na faisnéise a bhailítear i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna, ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus rórialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chiste ar an talamh. Chun an méid atá bainte amach ag an gCiste a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonracha de chuid an Chiste. Ar na táscairí sin, ba cheart táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a áireamh.

(66)

Trí tháscairí agus trí thuairisciú airgeadais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060 agus leis an Rialacháin seo. Ó 2023 ar aghaidh, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht lena gcumhdófar an bhliain chuntasaíochta is déanaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart faisnéis a bheith sna tuarascálacha sin faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme chláir na mBallstát. Ba cheart do na Ballstáit achoimrí ar na tuarascálacha sin a chur chuig an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún na hachoimrí sin a aistriú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus iad a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin, in éineacht leis na naisc chuig suíomhanna gréasáin na mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/1060.

(67)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (28) a chur chun feidhme, agus le gealltanas do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo rannchuidiú le sprioc 30 % de chaiteachas uile an chreat airgeadais ilbhliantúil a bheith á caitheamh ar phríomhshruthú na gcuspóirí aeráide agus ar oibriú i dtreo uaillmhian faoina léireofaí caiteachas bithéagsúlachta le 7,5 % den bhuiséad in 2024 agus 10 % in 2026 agus in 2027, agus na forluíonna atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus spriocanna na bithéagsúlachta á gcur san áireamh. Ba cheart, leis an gCiste, tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófaí caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus nach ndéanfaí aon díobháil shuntasach leo do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

(68)

Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) agus le haon ghníomh is infheidhme do chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir le cláir agus tionscadail lena dtacaítear leo faoin gCiste le linn clárthréimhse 2014-2020. Ós rud é go mbeidh forluí ann idir tréimhse chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus an chlárthréimhse a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme tionscadal áirithe arna bhformheas faoin Rialachán sin, ba cheart forálacha maidir le céimniú na dtionscadal a leagan síos. Ba cheart gach céim ar leith den tionscadal a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na clárthréimhse faoina bhfaigheann sé cistiú.

(69)

Chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi Iarscríbhinn III; liosta na ngníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh rátaí cómhaoinithe níos airde faoi Iarscríbhinn IV; tacaíocht oibriúcháin faoi Iarscríbhinn VII agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(70)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe oibleagáidí maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na socruithe mionsonraithe a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún i gcreat an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, os rud é nach bhfuil iontu ach socruithe teicniúla. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a bhaineann le cinntí maidir le dámhachtain cúnaimh éigeandála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cineál agus cuspóir cúnaimh den sórt sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(71)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo,, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an Aontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach d’fhonn na cuspóirí sin a ghnóthú.

(72)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(73)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(74)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll go bhféadfaidh an t-iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe na costais do mhaoiniú an Aontais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun nach gcuirfí isteach ar thacaíocht an Aontais ar bhealach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart a bheith in ann a mheas, ar feadh tréimhse theoranta ama ag tús an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, go mbeidh na costais, arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí a dtacófar leo faoin Rialachán seo faoi bhainistíocht dhíreach agus ar cuireadh tús leo cheana, incháilithe do mhaoiniú an Aontais amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh.

(75)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (32).

(76)

Chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar tús a chur leis an gcur chun feidhme amhail ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne, agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (an “Ciste”), don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Leis an Rialachán seo, leagtar síos cuspóirí an Chiste, an buiséad don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta” iarratasóir mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (c), de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);

(2)

ciallaíonn “tairbhí de chosaint idirnáisiúnta” tairbhí de chosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (b) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);

(3)

ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí measctha de réir bhrí Airteagal 2, pointe (6), den Rialachán Airgeadais;

(4)

ciallaíonn “ball teaghlaigh” aon náisiúnach tríú tír a sainmhínítear mar bhall teaghlaigh faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a bhfuiltear ag tacú leis faoin gCiste;

(5)

ciallaíonn “ligean isteach ar fhoras daonnúil” náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a ligean isteach ar chríoch na mBallstát ó thríú tír ar easáitíodh chuici go foréigneach iad, tar éis tarchur, arna iarraidh sin ag Ballstát, ón Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe (“UNHCR”) nó ó chomhlacht idirnáisiúnta ábhartha eile, agus cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil faoin dlí náisiúnta a dheonú dóibh faoin dlí idirnáisiúnta lena bhforáiltear do chearta agus oibleagáidí atá coibhéiseach leo sin in Airteagail 20 go 34 de Threoir 2011/95/AE do thairbhithe cosanta coimhdí;

(6)

ciallaíonn “tacaíocht oibriúcháin” cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid mar thacaíocht leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí a dhéanamh agus as na seirbhísí a chur ar fáil ar cuid de sheirbhís phoiblí don Aontas iad;

(7)

ciallaíonn “aistriú” aistriú mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (5), de Threoir 2008/115/CE;

(8)

ciallaíonn “athlonnú” náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát ó thríú tír ar easáitíodh chuici iad a ligean isteach chuig críoch na mBallstát tar éis tarchur ó UNHCR, agus a ndéantar cosaint idirnáisiúnta a dheonú dóibh agus a bhfuil rochtain acu ar réiteach inmharthana i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta;

(9)

ciallaíonn “filleadh” filleadh mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe 3, de Threoir 2008/115/CE;

(10)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí sonracha” tionscadail thrasnáisiúnta nó náisiúnta a thugann breisluach Aontais i gcomhréir le cuspóirí an Chiste, a bhféadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir;

(11)

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine, lena n-áirítear duine gan stát nó duine a bhfuil náisiúntacht neamhchinntithe aige nó aici, nach saoránach den Aontas é nó í, mar a shainmhínítear in Airteagal 20(1) CFAE;

(12)

ciallaíonn “mionaoiseach neamhthionlactha” mionaoiseach neamhthionlactha mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (l), de Threoir 2011/95/AE;

(13)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí Aontais” tionscadail trasnáisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas agus a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí an Chiste;

(14)

ciallaíonn “duine leochaileach” aon duine a shainmhínítear mar dhuine leochaileach faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a dtacaítear leis faoin gCiste.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chiste

1.   Is é atá i gcuspóir beartais an Chiste, rannchuidiú le bainistiú éifeachtach na sreabh imirce agus leis an mbeartas coiteann tearmainn agus an beartas coiteann imirce a chur chun feidhme, a neartú agus a fhorbairt i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus lánurraim á tabhairt d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtí iontu.

2.   Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an gCiste rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

gach gné den Chomhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, lena n-áirítear a ghné sheachtrach;

(b)

an imirce dhleathach chuig na Ballstáit a neartú agus a fhorbairt i gcomhréir lena riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta, agus lánpháirtiú éifeachtach agus cuimsiú sóisialta na náisiúnach tríú tír a chur chun cinn agus rannchuidiú leis an méid sin;

(c)

rannchuidiú chun an imirce neamhrialta a chomhrac, filleadh agus athligean isteach a bheidh éifeachtach, sábháilte agus díniteach a fheabhsú, an t-ath-lánpháirtiú éifeachtach tosaigh i dtríú tíortha a chur chun cinn agus rannchuidiú leis an ath-lánpháirtiú sin;

(d)

an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus comhroinnt chóir na freagrachta eatarthu a fheabhsú, lena n-áirítear trí chomhar praiticiúil, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit sin is mó a ndéanann dúshláin na himirce agus an tearmainn difear dóibh.

3.   Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an Ciste a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 4

Comhpháirtíocht

Chun críocha an Chiste, áireofar sna comhpháirtíochtaí, de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, údaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile nó comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar údaráis den sórt sin, eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, eagraíochtaí neamhrialtasacha amhail eagraíochtaí dídeanaithe agus eagraíochtaí faoi threoir imirceach, institiúidí náisiúnta um chearta an duine mar aon le comhlachtaí náisiúnta um chomhionannas, agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta.

Airteagal 5

Raon feidhme na tacaíochta

1.   Faoi chuimsiú a chuspóirí agus i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II, tacóidh an Ciste, go háirithe, leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun an liosta gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn III a leasú, d’fhonn gníomhaíochtaí nua a chur leis.

2.   Chun a chuspóirí a leagtar síos in Iarscríbhinn III a bhaint amach, féadfaidh an Ciste tacú, i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais, leis na gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i dtaca le tríú tíortha, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 7 nó 24, de réir mar is infheidhme.

3.   Maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, comhordú le beartais, straitéisí agus ionstraimí ábhartha an Aontais. Áiritheoidh siad na nithe seo a leanas go háirithe, maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha:

(a)

go ndéanfar iad i sineirge le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí eile de chuid an Aontais agus ar bhealach atá comhleanúnach leo;

(b)

go mbeidh siad comhleanúnach le beartas seachtrach an Aontais, go n-urramóidh siad prionsabal an chomhleanúchais beartais ar mhaithe le forbairt, agus go mbeidh siad comhsheasmhach leis na doiciméid chlársceidealaithe straitéisigh le haghaidh an réigiúin nó na tíre i dtrácht;

(c)

go ndíreofar leo ar bhearta nach bhfuil dírithe ar fhorbairt; agus

(d)

go rachaidh siad chun leas bheartais inmheánacha an Aontais agus go mbeidh siad comhsheasmhach le gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den Aontas.

4.   Tacófar le cuspóirí an Chiste le bearta lena ndíreofar ar spriocghrúpa amháin nó níos mó faoi raon feidhme Airteagail 78 agus 79 CFAE.

Airteagal 6

Comhionannais inscne agus neamh-idirdhealú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndéanfar gné na hinscne a lánpháirtiú agus go gcuirfear peirspictíocht an chomhionannais inscne agus príomhshruthú inscne san áireamh agus go gcuirfear chun cinn iad i rith ullmhú, chur chun feidhme, fhaireachán, thuairisciú agus mheastóireacht na gclár agus na dtionscadal a dtacaítear leo faoin gCiste.

2.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí chun aon chineál idirdhealaithe a thoirmisctear le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) a eisiamh le linn cláir agus tionscadail a dtacaítear leo faoin gCiste a ullmhú agus a chur chun feidhme, agus le linn faireachán, tuairisciú agus meastóireacht a dhéanamh ar na cláir agus na tionscadail sin.

Airteagal 7

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gCiste

1.   Beidh an Ciste ar oscailt do thríú tíortha a chomhlíonfaidh na critéir a liostaítear i mír 2, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír sa Chiste.

2.   Chun go mbeidh tríú tír incháilithe le bheith comhlachaithe leis an gCiste amhail dá dtagraítear i mír 1, beidh comhaontú tugtha i gcrích aici leis an Aontas maidir leis na critéir agus na sásraí lena suitear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó arna taisceadh sa tríú tír sin.

3.   Sa chomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na tríú tíre sa Chiste, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

comhar a chumasú leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i réimse an tearmainn, na himirce agus an fhillte de mheon phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na freagrachta;

(b)

prionsabail an non-refoulement, an daonlathais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine a bheith mar bhonn taca acu le linn ré an Chiste;

(c)

cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí a rinne agus le sochair a fuair an tríú tír atá rannpháirteach sa Chiste a áirithiú;

(d)

coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sa Chiste, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais leis an gCiste, agus a gcostais riaracháin, a leagan síos;

(e)

gan aon chumhacht chinntitheach a thabhairt don tríú tír i leith an Chiste;

(f)

cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint a ráthú;

(g)

a fhoráil go ndeonóidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí i gcomhréir le hAirteagal 8.

Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír.

Airteagal 8

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chiste trí bhíthin cinnidh arna ghlacadh de bhun chomhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a gcuid inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

ROINN 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 9

Prionsabail ghinearálta

1.   Leis an tacaíocht arna soláthar faoin gCiste, comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus leagfar béim ar bhreisluach Aontais a chur le cuspóirí an Chiste a bhaint amach.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin gCiste agus a bheidh á cur ar fáil ag na Ballstáit comhsheasmhach le gníomhaíochtaí, beartais agus tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlántach le tacaíocht a chuirtear ar fáil faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe na hionstraimí seachtracha, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE).

3.   Déanfar an Ciste a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, roinnte nó indíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b), agus (c), den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 10

An buiséad

1.   Is EUR 9 882 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chiste don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Úsáidfear an t-imchlúdach airgeadais mar a leanas:

(a)

déanfar EUR 6 270 000 000 a leithdháileadh ar chláir na mBallstát;

(b)

déanfar EUR 3 612 000 000 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 11.

3.   Déanfar suas le 0,42 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar suas le 5 % den leithdháileadh tosaigh ar Bhallstát ó aon cheann de na cistí faoin Rialachán sin faoi bhainistíocht roinnte a aistriú chuig an gCiste faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach ar iarraidh ón mBallstát sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 11

Forálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na saoráide téamaí

1.   Déanfar an méid dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b), a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí shaoráid théamach, lena úsáidtear bainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre. I bhfianaise chineál inmheánach an Chiste inmheánach, fónfaidh an tsaoráid théamach go príomha do bheartas inmheánach an Aontais i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2).

Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena comhpháirteanna, agus is iad seo a leanas na comhpháirteanna sin:

(a)

gníomhaíochtaí sonracha;

(b)

gníomhaíochtaí de chuid an Aontais;

(c)

cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 31;

(d)

athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil;

(e)

tacaíocht do Bhallstáit chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe den chosaint idirnáisiúnta a aistriú mar chuid d’iarrachtaí dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 20; agus

(f)

Gréasán Imirce na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 26.

As an méid dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b), den Rialachán seo, tabharfar tacaíocht don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Le cistiú ón tsaoráid théamach déanfar aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a bhfuil ardbhreisluach Aontais ag baint leo nó úsáidfear é chun freagairt do riachtanais phráinneacha i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a léirítear in Iarscríbhinn II.

Is do na gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Iarscríbhinn III amháin, lena n-áirítear athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil i gcomhréir le hAirteagal 19 mar chuid de ghné sheachtrach bheartas imirce an Aontais, a thabharfar tacaíocht ón gcistiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, cé is moite de chistiú le haghaidh cúnaimh éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 31(1), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b).

3.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le líonraí ábhartha, go háirithe d’fhonn na cláir oibre do ghníomhaíochtaí Aontais a mhaoinítear faoin gCiste a ullmhú agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

4.   Déanfar íosmhéid 20 % de na hacmhainní ón leithdháileadh tosaigh ar an tsaoráid théamach a leithdháileadh ar an gcuspóir sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (d).

5.   Nuair a sholáthraítear cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach do na Ballstáit, áiritheoidh an Coimisiún nach roghnófar tionscadail a bhfuil tionchar orthu ag tuairim réasúnaithe arna tabhairt ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear in amhras dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas nó fheidhmíocht na dtionscadal sin.

6.   Chun críocha Airteagal 23 agus Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás ina gcuirtear cistiú ón tsaoráid théamach chun feidhme faoin mbainistíocht roinnte, áiritheoidh an Ballstát nach ndéanfar difear do ghníomhaíochtaí atá beartaithe le tuairim réasúnaithe arna tabhairt ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear in amhras dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas nó fheidhmíocht na ngníomhaíochtaí, agus measúnóidh an Coimisiún cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an difear sin.

7.   Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán atá le cur ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na cinntí maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a ghlacadh don tsaoráid théamach, lena sainaithneofar na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a mbeidh á dtacú agus lena sonrófar na méideanna do gach ceann de na comhpháirteanna dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Leagfar amach i gcinntí maoiniúcháin, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. Féadfaidh cinntí bliantúla nó ilbhliantúla a bheith sna cinntí maoiniúcháin agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na saoráide téamaí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a chumhdach leo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(3) den Rialachán seo.

9.   Beidh an tsaoráid théamach ag tacú le gníomhaíochtaí a thagann faoi bheart cur chun feidhme 2(d) d’Iarscríbhinn II go háirithe, a dhéanann na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun feidhme. Chuige sin, déanfar íosmhéid 5 % den leithdháileadh tosaigh ar an tsaoráid théamach a dhíriú ar chur chun feidhme bearta lánpháirtíochta ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha.

10.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh dáileadh acmhainní ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2) cóir trédhearcach. Tuairisceoidh an Coimisiún maidir le húsáid agus dáileadh na saoráide téamaí ar na comhpháirteanna dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear maidir leis an tacaíocht a thugtar do ghníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha faoi ghníomhaíochtaí an Aontais.

11.   Tar éis dó cinneadh maoiniúcháin a ghlacadh dá dtagraítear i mír 8, féadfaidh an Coimisiún cláir na mBallstát a leasú dá réir sin.

ROINN 2

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte

Airteagal 12

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an méid dá dtagraítear i bpointe (a) Airteagal 10(2), agus maidir le hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir leis an gcinneadh maoiniúcháin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 11.

2.   Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 13

Acmhainní buiséadacha

1.   Déanfar an méid dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (a), a leithdháileadh ar chláir na mBallstát go táscach mar a leanas:

(a)

EUR 5 225 000 000 i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(b)

EUR 1 045 000 000 le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar chláir na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 17(1).

2.   I gcás nach leithdháiltear go hiomlán an méid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar an méid atá fágtha a chur leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b).

Airteagal 14

Réamh-mhaoiniú

1.   I gcomhréir le hAirteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an réamh-mhaoiniú don Chiste a íoc i dtráthchodanna bliantúla roimh an 1 Iúil gach bliain, faoi réir na cistí a bheith ar fáil, mar a leanas:

(a)

2021: 4 %;

(b)

2022: 3 %;

(c)

2023: 5 %;

(d)

2024: 5 %;

(e)

2025: 5 %;

(f)

2026: 5 %;

2.   I gcás ina nglacfar clár Ballstáit tar éis an 1 Iúil 2021, is i mbliain a ghlactha a íocfar na tráthchodanna is luaithe.

Airteagal 15

Rátaí cómhaoinithe

1.   Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tionscadail.

2.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tionscadal a chuirfear chun feidhme faoi ghníomhaíochtaí sonracha.

3.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

4.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán do thacaíocht oibriúcháin.

5.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán maidir le cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 31.

6.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán maidir le cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát laistigh de na teorainneacha arna leagan amach in Airteagal 36(5), pointe (b)(iv), de Rialachán (AE) 2021/1060.

7.   Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár Ballstáit, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón gCiste le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta a chumhdaítear leis an ranníocaíocht dá dtagraítear i míreanna 1 go 6.

8.   Leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár Ballstáit i gcás gach cineál gníomhaíochta cé acu an gcuirtear an ráta cómhaoinithe i bhfeidhm:

(a)

i dtaca leis an ranníocaíocht iomlán, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí poiblí agus príobháideacha; nó

(b)

i dtaca leis an ranníocaíocht phoiblí amháin.

Airteagal 16

Cláir na mBallstát

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na tosaíochtaí a dtabharfar aghaidh orthu ina chlár comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse an tearmainn agus bhainistiú na himirce agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir iomlán le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais, agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu á lánurramú acu. Agus tosaíochtaí a gclár á sainaithint acu, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ina gcláir ar na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

I bhfianaise chineál inmheánach an Chiste, fónfar go príomha do bheartas inmheánach an Aontais i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Rialachán seo ag cláir na mBallstát.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chláir na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Laistigh de na hacmhainní a leithdháiltear in Airteagal 13(1), agus gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh gach Ballstát leithdháileadh mar a leanas ina chlár:

(a)

íosmhéid 15 % dá acmhainní leithdháilte ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (a); agus

(b)

íosmhéid 15 % dá acmhainní leithdháilte ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b).

3.   Ní fhéadfaidh na Ballstáit méid níos lú ná na híoschéatadáin dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh ach i gcás ina dtabharfaidh sé míniú mionsonraithe ar fáil ina chlár ag míniú an fáth nach gcuirfear baint amach an chuspóra ábhartha i mbaol dá ndéanfaí acmhainní faoi bhun an leibhéil sin a leithdháileadh.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún, agus cláir na mBallstát á bhforbairt, go gcuirfear eolas agus saineolas na ngníomhaireachtaí díláraithe ábhartha, go háirithe ESAO, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (35) a chur san áireamh a mhéid a bhaineann lena réimsí inniúlachta, go luath agus go tráthúil, i bhforbairt chláir na mBallstát.

5.   Féadfaidh an Coimisiún ról a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, do ghníomhaireachtaí ábhartha díláraithe, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear i mír 4, sna cúraimí faireacháin agus meastóireachta mar a shonraítear i Roinn 5, go háirithe d’fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme le tacaíocht ón gCiste i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais.

6.   Tar éis moltaí a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, scrúdóidh an Ballstát lena mbaineann, i gcomhar leis an gCoimisiún, conas mar a thabharfar aghaidh ar na torthaí agus ar na moltaí trína chlár le tacaíocht ón gCiste, i gcás inarb iomchuí.

Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint freisin as saineolas na ngníomhaireachtaí díláraithe maidir le saincheisteanna sonracha a thagann faoi raon inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí sin.

7.   I gcás inar gá, déanfar clár an Bhallstáit faoi thrácht a leasú i gcomhréir le Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060 chun na moltaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a chur san áireamh.

8.   I gcomhar agus i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis na gníomhaireachtaí díláraithe ábhartha a mhéid a bhaineann le réimsi inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí sin, mar is infheidhme, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann acmhainní faoina chlár a ath-leithdháileadh, agus é d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na moltaí dá dtagraítear i mír 6 i gcás ina a mbaineann impleachtaí airgeadais leis na moltaí sin.

9.   Go háirithe, saothróidh na Ballstáit ina gcláir na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV atá i dteideal rátaí cómhaoinithe níos airde a fháil. I gcás imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun a áirithiú go ndéanfar an cistiú a chur chun feidhme go héifeachtach, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun liosta na ngníomhaíochtaí a bheidh incháilithe le haghaidh rátaí cómhaoinithe níos airde in Iarscríbhinn IV a leasú.

10.   D’fhéadfaí a áireamh i gcláir na mBallstát garghaolta daoine a chumhdaítear faoi na bearta lánpháirtíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a mhéid is gá chun na bearta sin a chur chun feidhme go héifeachtach.

11.   Cibé uair a chinnfidh Ballstát tionscadal a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír nó i dtríú tír le tacaíocht ón gCiste, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula ndéanfar an tionscadal a fhormheas.

12.   Bunófar an clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/1060, ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo agus cuimseofar leis briseadh síos táscach ann ar na hacmhainní clársceidealaithe de réir cineál idirghabhála laistigh de gach cuspóir sonracha leagtar amach in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

Airteagal 17

Athbhreithniú meántéarma

1.   In 2024 déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus i míreanna 2 go 5 d’Iarscríbhinn I. Beidh éifeacht leis an gcistiú amhail ón 1 Eanáir 2025.

2.   I gcás nach gcumhdaítear 10 % ar a laghad de leithdháileadh tosaigh ar chlár dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (a), den Rialachán seo trí iarratais ar íocaíochtaí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2021/1060, ní bheidh an Ballstát lena mbaineann incháilithe chun an leithdháileadh breise a fháil i leith a chláir dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), den Rialachán seo.

3.   Agus na cistí ón tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo á leithdháileadh amhail ón 1 Eanáir 2025, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le clocha míle an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/1060 a bhaint amach agus cuirfidh sé san áireamh aon laigí a sainaithníodh maidir leis an gcur chun feidhme.

Airteagal 18

Gníomhaíochtaí sonracha

1.   Féadfaidh Ballstát cistiú a fháil do ghníomhaíochtaí sonracha de bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 13(1), ar choinníoll go mbeidh an cistiú sin curtha in iúl amhlaidh ina dhiadh sin ina chlár agus go n-úsáidfear é chun rannchuidiú le cur chun feidhme chuspóirí an Chiste.

2.   Ní úsáidfear an cistiú do ghníomhaíochtaí sonracha eile i gClár an Bhallstáit, ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus de réir mar a dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí leasú ar chlár oibre an Bhallstáit.

Airteagal 19

Acmhainní le haghaidh athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil

1.   De bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 13(1), pointe (a), gheobhaidh na Ballstáit méid EUR 10 000 le haghaidh gach duine a ligtear isteach trí athlonnú.

2.   De bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 13(1), pointe (a), gheobhaidh na Ballstáit méid EUR 6 000 le haghaidh gach duine a ligtear isteach trí fhoras daonnúil.

3.   Déanfar na méideanna dá dtagraítear i mír 2 a mhéadú go EUR 8 000 le haghaidh gach duine a ligeadh isteach trí ligean isteach daonnúil, agus a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na grúpaí leochaileacha seo a leanas:

(a)

mná agus leanaí i mbaol;

(b)

mionaoisigh neamhthionlactha;

(c)

daoine a bhfuil riachtanais leighis acu nach féidir aghaidh a thabhairt orthu ach trína ligean isteach ar fhoras daonnúil;

(d)

daoine a bhfuil ligean isteach ar fhoras daonnúil de dhíth orthu mar gheall ar riachtanais cosanta dhlíthiúla nó fisiciúla, lena n-áirítear íospartaigh fhoréigin nó céasta.

4.   I gcás ina ligeann Ballstát duine isteach a bhaineann le níos mó ná ceann amháin de na catagóirí dá dtagraítear faoi mhíreanna 2 agus 3, ní bhfaighidh sé an méid ach aon uair amháin i dtaca leis an duine sin.

5.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Ballstáit a bheith incháilithe freisin chun na méideanna faoi seach a fháil do bhaill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 má dhéantar na baill teaghlaigh sin a ligean isteach chun aontacht teaghlaigh a áirithiú.

6.   Beidh na méideanna dá dtagraítear san Airteagal seo i bhfoirm maoiniúcháin nach mbeidh nasctha le costais i gcomhréir le hAirteagal 125 den Rialachán Airgeadais.

7.   Déanfar na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 3 agus 5 a leithdháileadh ar chlár an Bhallstáit, den chéad uair sa chinneadh maoiniúcháin lena bhformheastar an clár sin. Ní úsáidfear na méideanna sin le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár an Bhallstáit ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo, a ndéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí leasú ar an gclár sin. Féadfar na méideanna sin a chur san áireamh sna hiarratais ar íocaíocht chuig an gCoimisiún, ar choinníoll go ndearnadh an duine ar leithdháileadh an méid ina leith a athlonnú nó a ligean isteach i bhfírinne.

8.   Chun críoch rialaithe agus iniúchta, coinneoidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun go mbeifear in ann na daoine a athlonnaíodh nó a ligeadh isteach agus dáta a n-athlonnaithe nó a ligin isteach a shainaithint i gceart.

9.   Chun na rátaí boilscithe reatha, forbairtí ábhartha i réimse an athlonnaithe, agus tosca eile lenarbh fhéidir an úsáid is fearr a bhaint as an dreasacht airgeadais a ghabhann leis na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun coigeartú a dhéanamh, má mheastar é a bheith iomchuí, agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, ar na méideanna sin.

Airteagal 20

Acmhainní le haghaidh aistriú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó aistriú tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta

1.   De bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 13(1) den Rialachán seo, gheobhaidh Ballstát méid breise EUR 10 000 le haghaidh gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) nó de thoradh cineálacha comhchosúla athshocraithe.

2.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Ballstáit bheith incháilithe freisin chun na méideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil maidir le gach ball teaghlaigh de chuid na ndaoine dá dtagraítear sa mhír sin, ar choinníoll gur aistríodh na baill teaghlaigh sin chun aontacht teaghlaigh a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 nó gur aistríodh iad de thoradh cineálacha comhchosúla athshocraithe.

3.   De bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 13(1), gheobhaidh na Ballstáit méid breise EUR 10 000 le haghaidh gach tairbhí de chosaint idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát eile.

4.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Ballstáit a bheith incháilithe freisin chun na méideanna faoi seach a fháil maidir le baill teaghlaigh de chuid na ndaoine dá dtagraítear i mír 3, más rud é gur aistríodh na baill teaghlaigh sin chun aontacht teaghlaigh a áirithiú.

5.   Gheobhaidh an Ballstát a chumhdóidh costas na n-aistrithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 ranníocaíocht EUR 500 le haghaidh gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhí de chosaint idirnáisiúnta a aistrítear go Ballstát eile.

6.   Beidh na méideanna dá dtagraítear san Airteagal seo i bhfoirm maoiniúcháin nach mbeidh bainteach le costais i gcomhréir le hAirteagal 125 den Rialachán Airgeadais.

7.   Leithdháilfear na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo ar chlár an Bhallstáit ar choinníoll go ndearnadh an duine ar leithdháileadh an méid ina leith, de réir mar is infheidhme, a aistriú i bhfírinne go Ballstát, nó a chlárú mar iarratasóir sa Bhallstát atá freagrach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, de réir mar is infheidhme. Ní úsáidfear na méideanna sin le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gClár an Bhallstáit ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo a ndearna an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár sin.

8.   Chun críoch rialaithe agus iniúchta, coinneoidh Ballstáit an fhaisnéis is gá chun go mbeifear in ann na daoine a aistríodh agus dáta a n-aistrithe a shainaithint i gceart.

9.   Chun na rátaí boilscithe reatha, forbairtí ábhartha i réimse an athshocraithe a chur san áireamh chomh maith le tosca eile lena bhféadfaí an úsáid is fearr a bhaint as an dreasacht airgeadais a ghabhann leis na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 5 den Airteagal seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun coigeartú a dhéanamh, má mheastar gurb iomchuí sin, agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, ar na méideanna sin.

Airteagal 21

Tacaíocht oibriúcháin

1.   Féadfaidh Ballstát suas le 15 % den mhéid a leithdháilfear ar a chlár a úsáid faoin gCiste chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú faoi chuspóirí sonracha an Chláir.

2.   Agus úsáid á baint aige as tacaíocht oibriúcháin, comhlíonfaidh Ballstát acquis ábhartha an Aontais agus an Chairt.

3.   Míneoidh Ballstát, ina chlár agus sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán seo, an chaoi a rannchuidíonn úsáid na tacaíochta oibriúcháin le cuspóirí an Chiste a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid bhonnlíne sna Ballstáit a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil rún acu tacaíocht oibriúcháin a úsáid, sula ndéanfar clár an Bhallstáit a fhormheas. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit sin ar fáil a chur san áireamh agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis sin a bheidh ar fáil mar thoradh na mbeart faireacháin mar a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

4.   Díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le caiteachas mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

5.   Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun leasú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 22

Fíoruithe agus iniúchtaí bainistíochta ar thionscadail arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó lena ngníomhaireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii), den Rialachán Airgeadais, ar mheasúnaigh an Coimisiún a gcórais, a rialacha agus a nósanna imeachta a bheith dearfach de bhun Airteagal 154(4) agus (7) den Rialachán sin chun críche deontais arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais a chur chun feidhme go hindíreach (“eagraíochtaí idirnáisiúnta”).

2.   Gan dochar d’Airteagal 83, an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1060 agus d’Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais, i gcás inar tairbhí an eagraíocht idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad fhomhír, pointe (9), de Rialachán (AE) 2021/1060, ní cheanglófar ar an údarás bainistíochta na fíoruithe bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 74(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1060 a dhéanamh ar choinníoll go gcuirfidh an eagraíocht idirnáisiúnta na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 155(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán Airgeadais faoi bhráid an údaráis bainistíochta.

3.   Gan dochar d’Airteagal 155(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán Airgeadais, daingneofar leis an dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta go gcomhlíonann an tionscadal an dlí is infheidhme agus na coinníollacha maidir le tacaíocht don tionscadal.

4.   Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh costais le haisíoc de bhun Airteagal 53(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1060, daingneofar leis an dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta, an méid seo a leanas:

(a)

rinneadh na sonraisc agus an cruthúnas gur íoc an tairbhí iad a fhíorú;

(b)

na taifid chuntasaíochta nó na cóid chuntasaíochta arna gcoinneáil ag an tairbhí le haghaidh idirbhearta atá nasctha leis an gcaiteachas a dearbhaíodh don údarás bainistíochta, rinneadh iad a fhíorú.

5.   I gcás ina mbeidh na costais le haisíoc de bhun Airteagal 53(1), pointí (b), (c) nó (d), de Rialachán (AE) 2021/1060, daingneofar leis an dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le caiteachas a aisíoc.

6.   Cuirfear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 155(1), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (c), den Rialachán Airgeadais ar fáil don údarás bainistíochta mar aon le gach éileamh ar íocaíocht arna thíolacadh ag an tairbhí.

7.   Déanfaidh an tairbhí na cuntais a thíolacadh chuig an údarás bainistíochta gach bliain faoin 15 Deireadh Fómhair. Beidh tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta a tarraingíodh suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta ag gabháil leis na cuntais sin. Suífear leis an tuairim sin, cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn na córais rialaithe a cuireadh ar bun mar is ceart, agus cibé an bhfuil siad costéifeachtach agus an bhfuil na hidirbhearta foluiteacha dlíthiúil agus rialta nó nach bhfuil. Luafar sa tuairim freisin an gcuireann an obair iniúchóireachta in amhras na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistíochta a chuir an eagraíocht idirnáisiúnta isteach, lena n-áirítear faisnéis maidir le drochamhras faoi chalaois. Tabharfar dearbhú sa tuairim sin go bhfuil an caiteachas a áirítear sna héilimh ar íocaíocht arna gcur faoi bhráid an údaráis bainistíochta ag an eagraíocht idirnáisiúnta dlíthiúil agus rialta.

8.   Gan dochar do na féidearthachtaí atá ann cheana chun tuilleadh iniúchtaí a dhéanamh amhail dá dtagraítear in Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh an t-údarás bainistíochta suas an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 74(1), an chéad fhomhír, pointe (f), den Rialachán (AE) 2021/1060. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid sin trí bheith ag brath ar na doiciméid a chuirfidh an eagraíocht idirnáisiúnta ar fáil de bhun mhíreanna 2 go 5 agus 7 den Airteagal seo, seachas dul i muinín na bhfíoruithe bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 74(1) den Rialachán (AE) 2021/1060.

9.   Áireofar sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 73(3) den Rialachán (AE) 2021/1060 na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

10.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, agus dá bhrí sin, ceanglófar ar údarás bainistíochta fíoruithe bainistíochta a dhéanamh, sna cásanna seo a leanas:

(a)

sainaithníonn an t-údarás bainistíochta sin riosca sonrach neamhrialtachta nó léiriú calaoise i ndáil le tionscadal arna thionscnamh nó arna chur chun feidhme ag an eagraíocht idirnáisiúnta;

(b)

teipeann ar an eagraíocht idirnáisiúnta na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus 7 a chur faoi bhráid an údaráis bainistíochta sin;

(c)

tá na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus 7 a chuir an eagraíocht idirnáisiúnta isteach neamhiomlán.

11.   I gcás tionscadal, ina bhfuil eagraíocht idirnáisiúnta mar thairbhí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) 2021/1060, ar cuid de shampla é dá dtagraítear in Airteagal 79 den Rialachán sin, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta a chuid oibre a dhéanamh ar bhun fhoshampla de na hidirbhearta a bhaineann leis an tionscadal sin. I gcás ina n-aimsítear earráidí san fhoshampla, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta, más ábhartha, a iarraidh ar iniúchóir na heagraíochta idirnáisiúnta raon feidhme iomlán agus líon iomlán na n-earráidí sa tionscadal sin a mheasúnú.

ROINN 3

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach

Airteagal 23

Raon feidhme

Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht faoin roinn seo chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin.

Airteagal 24

Eintitis incháilithe

1.   Tá na heintitis seo a leanas incháilithe do mhaoiniú ón Aontas:

(a)

eintitis dhlítheanacha atá bunaithe:

(i)

i mBallstát nó i dtír nó críoch thar lear atá bainteach leis;

(ii)

i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gCiste de bhun comhaontú sonrach faoi Airteagal 7, faoi réir í a bheith cumhdaithe ag an gclár oibre agus na coinníollacha ann;

(iii)

i dtríú tír a liostaítear sa chlár oibre, faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 3;

(b)

eintitis dlítheanacha arna gcruthú faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta is ábhartha chun críocha an Chiste.

2.   Níl daoine nádúrtha incháilithe do mhaoiniú ón Aontas.

3.   Eintitis amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) den mhír 1, beidh siad rannpháirteach mar chuid de chuibhreannas atá comhdhéanta de dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, a bhfuil ceann amháin acu ar a laghad bunaithe i mBallstát.

Áiritheoidh eintitis atá rannpháirteach mar chuid de chuibhreannas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo go gcomhlíonfar, leis na gníomhaíochtaí ina bhfuil siad rannpháirteach, na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt agus go rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí sin le baint amach chuspóirí an Chiste.

Airteagal 25

Gníomhaíochtaí Aontais

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ciste a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Aontais a bhaineann le cuspóirí an Chiste, i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí Aontais in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe i bhfoirm deontas, duaiseanna agus soláthair. Féadfaidh siad cistiú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.

3.   Déanfar deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

4.   Féadfaidh saineolaithe seachtracha bheith ina mbaill den choiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí, dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais.

5.   Féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach trí ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach iad faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Airteagal 37(7) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37).

Airteagal 26

Gréasán Imirce na hEorpa

1.   Tacóidh an Ciste le Gréasán Imirce na hEorpa agus soláthróidh sé cúnamh airgeadais atá ag teastáil dá chuid gníomhaíochtaí agus dá chuid forbartha amach anseo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún an méid atá le cur ar fáil do Ghréasán Imirce na hEorpa faoi leithreasaí bliantúla an Chiste agus faoin gclár oibre lena leagtar síos na tosaíochtaí maidir lena chuid gníomhaíochtaí tar éis don Bhord Stiúrtha í a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 4(5), pointe (a), de Chinneadh 2008/381/CE. Beidh cinneadh an Choimisiúin ina chinneadh maoiniúcháin i gcomhréir le Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Chun a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil go tráthúil, féadfaidh an Coimisiún an clár oibre do Ghréasán Imirce na hEorpa a ghlacadh mar chinneadh maoiniúcháin ar leithligh.

3.   Beidh an cúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil do ghníomhaíochtaí Ghréasán Imirce na hEorpa i bhfoirm deontas do na Pointí Teagmhála Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh 2008/381/CE nó soláthair phoiblí, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Airteagal 27

Oibríochtaí measctha

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523 agus Teideal X den Rialachán Airgeadais a dhéanfar oibríochtaí measctha arna gcinneadh faoin gCiste.

Airteagal 28

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an Ciste tacú le cúnamh teicniúil arna chur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, ar ráta maoinithe 100 %.

Airteagal 29

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta Aontais, arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear ag daoine nó eintitis seachas iad siúd a bhfuil sainordú ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí nó ó ghníomhaireachtaí an Aontais acu, a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht foriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 30

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistithe sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bheidh na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach, fiúntach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal,. Déanfar infheictheacht chistithe de chuid an Aontais a áirithiú agus déanfar faisnéis den sórt sin a sholáthar seachas i gcásanna a mbeidh údar cuí leo nuair nach féidir an taispeáint phoiblí a dhéanamh nó ina mbeadh scaoileadh na faisnéise srianta de réir dlí, go háirithe ar chúiseanna slándála, oird phoiblí, imscrúduithe coiriúla nó cosaint sonraí pearsanta. Chun infheictheacht chistithe de chuid an Aontais a áirithiú go mbeidh cistiú ón Aontas infheicthe, déanfaidh faighteoirí chistithe de chuid an Aontais tagairt d’fhoinse an chistithe sin agus iad i mbun cumarsáide poiblí faoin ngníomhaíocht lena mbaineann, agus cuirfidh siad suaitheantas an Aontais ar taispeáint.

2.   Chun an oiread daoine agus is féidir a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCiste, le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun an Chiste agus le torthaí an Chiste, a chur chun feidhme.

Leis na hacmhainní airgeadais a leithdháiltear ar an gCiste, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le cuspóirí an Chiste.

3.   Foilseoidh an Coimisiún cláir oibre na saoráide téamaí dá dtagraítear in Airteagal 11. Maidir le tacaíocht arna cur ar fáil faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(2) den Rialachán Airgeadais ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí agus déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Foilseofar an fhaisnéis sin i bhformáid oscailte mheaisín-inléite faoinar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint agus a chur i gcomparáid lena chéile.

ROINN 4

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach

Airteagal 31

Cúnamh éigeandála

1.   Leis an gCiste, soláthrófar cúnamh airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha shonracha i staideanna éigeandála a mbeidh údar cuí leo de bharr ceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a)

cás imirce eisceachtúil faoina mbeadh insreabhadh mór nó díréireach náisiúnach isteach i dtríú tír in aon Bhallstát amháin nó níos mó, ag cur brú suntasach agus práinneach ar shaoráidí glactha agus coinneála na mBallstát sin, agus ar a gcórais agus nósanna imeachta maidir le tearmann agus imirce;

(b)

insreabhadh ollmhór daoine easáitithe de réir bhrí Threoir 2001/55/CE ón gComhairle (38);

(c)

cás imirce eisceachtúil i dtríú tír, lena n-áirítear tíortha ina mbeadh fuireach ar dhaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu de bharr forbairtí polaitiúla nó coinbhleachtaí, go háirithe i gcás ina bhféadfadh impleachtaí a bheith aici do shreabha imirce i dtreo an Aontais.

Mar fhreagairt ar chásanna éigeandála den sórt sin a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh cúnamh éigeandála a chur ar fáil, lena n-áirítear cúnamh le haghaidh athshocrú deonach, faoi theorainn na n-acmhainní a bheadh ar fáil. Sna cásanna sin, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthúil.

2.   Déanfar bearta i dtríú tíortha a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 5(2) agus (3).

3.   Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 13(1) agus Iarscríbhinn I ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh ina dhiaidh sin i gclár an Bhallstáit. Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár an Bhallstáit ach amháin in imthosca bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar chlár an Bhallstáit. Féadfaidh suas le 95 % de ranníocaíocht an Aontais a bheith sa réamh-mhaoiniú i gcomhair cúnamh éigeandála, ach cistí a bheith ar fáil.

4.   Deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, déanfar iad a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

5.   I gcás inar gá chun gníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar a chumhdach le cúnamh éigeandála caiteachas arna thabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh don ghníomhaíocht sin ar chúnamh, ar choinníoll nár tabhaíodh an caiteachas sin roimh an 1 Eanáir 2021.

6.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo agus chun a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil go tráthúil le haghaidh cúnaimh éigeandála, féadfaidh an Coimisiún cinneadh maoiniúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, a ghlacadh ar leithligh le haghaidh cúnaimh éigeandála trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(4). Fanfaidh gníomh den sórt sin i bhfeidhm ar feadh thréimhse nach faide ná 18 mí.

Airteagal 32

Maoiniú carnach agus malartach

1.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoin gCiste, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear cistí faoi bhainistíocht roinnte, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 73(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh CFRE nó CSE+ tacú le gníomhaíochtaí ar sannadh an lipéad Séala Barr Feabhais dóibh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (45), den Rialachán sin. Ionas go ndéanfar lipéad Séala Barr Feabhais a shannadh dóibh, comhlíonfaidh na gníomhaíochtaí na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gCiste;

(b)

comhlíontar leo na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)

ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

ROINN 5

Faireachán, Tuairisciú agus Meastóireacht

foroinn 1

Forálacha Coiteanna

Airteagal 33

Faireachán agus tuairisciú

1.   I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe ar an gCoimisiún de bhun Airteagal 41(3), an chéad fhomhír, pointe (h)(iii), den Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faisnéis maidir leis na príomhtháscairí feidhmíochta a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun Iarscríbhinn V a leasú d’fhonn na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na príomhtháscairí feidhmíochta a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chiste maidir le baint amach chuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2) a shocraítear in Iarscríbhinn VIII. Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna clocha míle a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029.

4.   Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta go ndéanfar na sonraí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir agus ar na torthaí a bhailiú ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb iomchuí, ar na Ballstáit.

5.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chiste i ndáil lena chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 37, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena n-áirítear maidir le faisnéis tionscadail atá le cur ar fáil ag na Ballstáit. Ní bheidh feidhm ag aon leasú ar Iarscríbhinn VIII ach i gcás tionscadail a roghnófar tar éis theacht i bhfeidhm an leasaithe sin.

Airteagal 34

Meastóireacht

1.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar an Rialachán seo. De bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar measúnú sa mheastóireacht mheántéarma ar an méid seo a leanas:

(a)

éifeachtacht an Chiste, lena n-áirítear an dul chun cinn a bheidh déanta i ndáil lena chuspóirí a bhaint amach, agus an fhaisnéis ábhartha uile a bheidh ar fáil cheana, go háirithe na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 35 agus na táscairí aschuir agus toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, á cur san áireamh;

(b)

éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní arna leithdháileadh ar an gCiste agus éifeachtúlacht na mbeart bainistíochta agus rialaithe a bheidh curtha ar bun chun é a chur chun feidhme;

(c)

ábharthacht agus oiriúnacht leanúnach na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(d)

an comhordú, an comhleanúnachas agus an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gCiste agus an tacaíocht a sholáthraítear le cistí eile ón Aontas;

(e)

breisluach Aontais na ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gCiste.

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht mheántéarma sin torthaí meastóireachta cúlghabhálaí ar éifeachtaí an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht don tréimhse 2014-2020.

2.   De bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar sa mheastóireacht chúlghabhálach na heilimintí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo. Thairis sin, déanfar meastóireacht ar thionchar an Chiste freisin.

3.   Déanfar an mheastóireacht mheántéarma agus an mheastóireacht chúlghabhálach go tráthúil chun cur leis an bpróiseas cinnteoireachta, lena n-áirítear athbhreithnithe ar an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí.

4.   Tabharfaidh an Coimisiún, sa mheastóireacht mheántéarma agus sa mheastóireacht chúlghabhálach, aird ar leith ar mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme le tríú tíortha, iontu, nó i dtaca leo, i gcomhréir le hAirteagal 7, Airteagal 16(11) agus Airteagal 24.

foroinn 2

rialacha maidir le bainistíocht roinnte

Airteagal 35

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.   Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin 15 Feabhra gach bliain ina dhiaidh sin go 2031 agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faoi bhráid an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 41(7) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Leis an tréimhse tuairiscithe, cumhdófar an bhliain chuntasaíochta deiridh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29), de Rialachán (AE) 2021/1060, roimh bhliain tíolactha na tuarascála. Leis an tuarascáil a thíolacfar faoin 15 Feabhra 2023, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2021.

2.   Leagfar amach go háirithe sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

dul chun cinn maidir le cur chun feidhme chlár an Bhallstáit agus maidir le clocha míle agus spriocanna a leagtar amach ann a bhaint amach agus na sonraí is déanaí mar a cheanglaítear faoi Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/1060 á gcur san áireamh;

(b)

aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht chlár an Bhallstáit agus an ghníomhaíocht a rinneadh chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear faisnéis maidir le haon tuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an gCoimisiún i ndáil le himeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste;

(c)

an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gCiste seo agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil ó chistí eile de chuid an Aontais, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a rinneadh i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha;

(d)

rannchuidiú chlár an Bhallstáit le cur chun feidhme acquis ábhartha an Aontais agus pleananna gníomhaíochta ábhartha an Aontais agus le comhar agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit;

(e)

cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)

comhlíonadh na gcoinníollacha cumasaithe is infheidhme agus a gcur i bhfeidhm ar feadh na clárthréimhse, comhlíonadh cearta bunúsacha go háirithe;

(g)

an líon daoine a ligfear isteach trí athlonnú agus trí ligean isteach daonnúil faoi threoir na méideanna a leagtar amach in Airteagal 19;

(h)

líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó líon tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta arna n-aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 20;

(i)

cur chun feidhme tionscadal i dtríú tír nó i dtaca le tríú tír.

Áireofar sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht achoimre ina gcumhdófar na pointí ar fad a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na hachoimrí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil a aistriú go gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad.

3.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a chur in iúl maidir leis na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaigheann sé iad. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl faoin spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

4.   Ar a shuíomh gréasáin, cuirfidh an Coimisiún na naisc ar fáil chuig na suíomhanna gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) den Rialachán (AE) 2021/1060.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

Airteagal 36

Ceanglais faireacháin agus tuairiscithe faoi bhainistíocht roinnte

1.   Le faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) 2021/1060 úsáidfear, mar is iomchuí, na cóid do na cineálacha idirghabhála a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo,. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun a áirithiú go ndéanfar an cistiú a chur chun feidhme go héifeachtach, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán seo chun Iarscríbhinn VI a leasú.

2.   Úsáidfear na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus le hAirteagail 22 agus 42 de Rialachán (AE) 2021/1060.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 37

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(1), an dara fomhír, Airteagal 16(9), Airteagal 19(9), Airteagal 20(9), Airteagal 21(5), Airteagal 33(2) agus (5) agus Airteagal 36(1) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1), an dara fomhír, Airteagal 16(9), Airteagal 19(9), Airteagal 20(9), Airteagal 21(5), Airteagal 33(2) agus (5) agus Airteagal 36(1) a chúlghairm aon tráth. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(1), an dara fomhír, Airteagal 16(9), Airteagal 19(9), Airteagal 20(9), Airteagal 21(5), Airteagal 33(2) nó (5) nó Airteagal 36(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 38

Nós imeachta coiste

1.   Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste do Chistí um Ghnóthaí Baile arna bhunú le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39). Beidh an coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 39

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí, ná do mhodhnú gníomhaíochtaí, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 516/2014, ar rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Speansais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin is gá chun an t-aistriú idir an Ciste agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 516/2014, a áirithiú, féadfar na speansais sin a chumhdach freisin leis an imchlúdach airgeadais don Chiste.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais, agus é á chur san áireamh go mbeidh moill ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus chun leanúnachas a áirithiú, féadfar a mheas, ar feadh tréimhse theoranta, go mbeidh na costais arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí faoi bhainistíocht dhíreach arna dtacú faoin Rialachán seo agus ar cuireadh tús leo cheana, incháilithe don mhaoiniú amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh.

4.   Féadfaidh na Ballstáit leanúint ar aghaidh tar éis an 1 Eanáir 2021 tacú le tionscadal arna roghnú agus arna thosú faoi Rialachán (AE) Uimh. 516/2014, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

baineann dhá chéim leis an tionscadal, ar féidir iad a shainaithint ó thaobh airgeadais de, le rianta iniúchóireachta ar leith;

(b)

is mó ná EUR 500 000 costas iomlán an tionscadail;

(c)

áireofar íocaíochtaí arna ndéanamh ag an údarás freagrach le tairbhithe don chéad chéim den tionscadal in iarrataí ar íocaíocht chuig an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus áireofar caiteachas don dara céim den tionscadal in iarratais ar íocaíocht faoi Rialachán (AE) 2021/1060;

(d)

leis an dara céim den tionscadal, comhlíonfar an dlí is infheidhme agus tá sí incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gCiste faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2021/1060;

(e)

geallfaidh an Ballstát go dtabharfaidh sé an tionscadal chun críche, féachfaidh sé chuige go mbeidh sé oibríochtúil agus déanfaidh sé é a thuairisciú sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht arna tíolacadh faoin 15 Feabhra 2024.

Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo agus ag forálacha Rialachán (AE) 2021/1060 maidir leis an dara céim de thionscadal dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach le tionscadail a roghnaíodh faoi bhainistíocht roinnte de bhun Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 7 Iúil 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 184.

(2)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 147.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (IO C 23, 21.1.2021, lch. 356) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 14 Meitheamh 2021 (IO C 259, 2.7.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena gcruthaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe don tréimhse 2008 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/904/CE ón gComhairle (IO L 144, 6.6.2007, lch. 1).

(5)  Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach chun náisiúnaigh tríú tíortha a Lánpháirtiú don tréimhse 2007 go 2013 mar chuid den chlár ginearálta um “Dhlúthpháirtíocht agus um Bainistiú Sreabha Imirce” (IO L 168, 28.6.2007, lch. 18).

(6)  Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhilleadh don tréimhse 2008 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” (IO L 144, 6.6.2007, lch. 45).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 168).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (IO L 132, 29.5.2010, lch. 11).

(9)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(10)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(11)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(12)  Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena bhforáiltear do chaighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24).

(13)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(16)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo siúd agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Thacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorann agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(17)  Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa (IO L 131, 21.5.2008, lch. 7).

(18)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(19)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(20)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(22)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(23)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(24)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(25)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(26)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (“Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(27)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(28)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(29)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(30)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).

(31)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(32)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(33)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coitianta chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

(34)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).

(35)  Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

(36)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

(37)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha do rannpháirtíocht agus do scaipeadh, lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(38)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(39)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le hAghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (Féach leathanach 48 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

CRITÉIR MAIDIR LE LEITHDHÁILEADH CISTÍ AR CHLÁIR NA mBALLSTÁT

1.   

Déanfar na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil faoi Airteagal 13 a mhiondealú idir na Ballstáit mar a leanas:

(a)

ag tús na clárthréimhse, gheobhaidh gach Ballstát méid seasta EUR 8 000 000 ón gCiste, cé is moite den Chipir, de Mhálta agus den Ghréig, a bhfaighidh gach ceann acu méid seasta EUR 28 000 000;

(b)

leithdháilfear fuílleach na n-acmhainní buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 13 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

35 % le haghaidh tearmainn;

30 % le haghaidh imirce dhleathach agus lánpháirtíochta;

35 % chun cur i gcoinne imirce neamhrialta, filleadh san áireamh.

2.

Cuirfear na critéir a leanas sa réimse um thearmann san áireamh agus déanfar iad a ualú mar a leanas:

(a)

30 % i gcomhréir le líon na ndaoine atá in aon cheann de na catagóirí seo a leanas:

aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a bhfuil an stádas arna shainmhíniú ag Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 maidir le Stádas Dídeanaithe arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 dáfa dó;

aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a bhfuil ceart aige nó aici chun cineál cosanta coimhdí de réir bhrí Threoir 2011/95/AE;

aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a bhfuil ceart aige nó aici chun cosaint shealadach de réir bhrí Threoir 2001/55/CE (1);

(b)

60 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a chuir isteach ar chosaint idirnáisiúnta;

(c)

10 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát atá á n-athlonnú nó a athlonnaíodh i mBallstát.

3.

Tabharfar na critéir seo a leanas sa réimse um imirce dhleathach san áireamh agus déanfar iad a ualú mar a leanas:

(a)

50 % i gcomhréir le líon iomlán na náisiúnach tríú tír atá ina gcónaí go dleathach i mBallstát;

(b)

50 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír a fuair an chéad chead cónaithe; ní chuirfear na catagóirí daoine seo a leanas san áireamh, áfach:

náisiúnaigh tríú tír a bhfuil an chéad chead cónaithe obair-bhainteach a bheidh bailí ar feadh níos lú ná 12 mhí á eisiúint dóibh;

náisiúnaigh tríú tír a ligtear isteach chun críocha staidéir, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí i gcomhréir le Treoir 2004/114/CE ón gComhairle (2) nó, i gcás inarb infheidhme, le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

náisiúnaigh tríú tír a ligtear isteach chun críocha taighde eolaíoch i gcomhréir le Treoir 2005/71/CE ón gComhairle (4) nó, i gcás inarb infheidhme, le Treoir (AE) 2016/801.

4.

Tabharfar na critéir seo a leanas sa réimse maidir le himirce neamhrialta, lena n-áirítear filleadh, a throid san áireamh agus déanfar iad a ualú mar a leanas:

(a)

70 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha chun teacht isteach agus fanacht i gcríoch an Bhallstáit nó nach gcomhlíonann na coinníollacha sin a thuilleadh agus atá faoi réir cinneadh um fhilleadh faoin dlí náisiúnta, i.e. cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach, ina luaitear nó ina ndearbhaítear gur fanacht neamhdhleathach í agus lena bhforchuirtear oibleagáid um fhilleadh;

(b)

30 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír a d’fhág críoch an Bhallstáit go hiarbhír tar éis ordú riaracháin nó breithiúnach chun imeacht, cibé acu an ar bhonn deonach nó faoi chomhéigean a d’fhág siad.

5.

Bunófar na figiúirí tagartha don leithdháileadh tosaigh ar na sonraí staidrimh bliantúla ón gCoimisiún (Eurostat) i ndáil leis na blianta 2017, 2018 agus 2019 ar bhonn sonraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le dlí an Aontais. Maidir leis an athbhreithniú meántéarma, is ar na sonraí staidrimh bliantúla ón gCoimisiún (Eurostat) i ndáil leis na blianta 2021, 2022 agus 2023, ar bhonn sonraí arna gcur ar fáil ag Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais a bhunófar na figiúirí tagartha. I gcás nach bhfuil na staidrimh lena mbaineann curtha ar fáil ag Ballstáit don Choimisiún (Eurostat), cuirfidh siad na sonraí sealadacha ar fáil chomh luath agus is féidir.

6.

Sula nglactar na sonraí sin dá dtagraítear i mír 5 mar fhigiúirí tagartha, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht, ar chomparáideacht agus ar chríochnúlacht na faisnéise staidrimh i gcomhréir le gnáthnósanna imeachta oibríochta. Ar iarraidh ón gCoimisiún (Eurostat), déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis riachtanach ar fad a chur ar fáil dó chun na críche sin.

(1)  Sonraí nár cheart a chur san áireamh ach sa chás go ndéantar Treoir 2001/55/CE a ghníomhachtú.

(2)  Treoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí (IO L 375, 23.12.2004, lch. 12).

(3)  Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha dul isteach agus cónaithe náisiúnach tríú tíortha chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).

(4)  Treoir 2005/71/CE ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2005 maidir le nós imeachta sonrach chun náisiúnaigh tríú tír a ligean isteach chun críche taighde eolaíoch (IO L 289, 3.11.2005, lch. 15).


IARSCRÍBHINN II

BEARTA CUR CHUN FEIDHME

1.   

Rannchuideoidh an Ciste leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (a), trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme a leanas:

(a)

feidhmiú aonfhoirmeach acquis an Aontais agus na dtosaíochtaí a bhaineann leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a áirithiú;

(b)

tacaíocht d’acmhainneacht chórais tearmainn na mBallstát maidir le bonneagair agus seirbhísí i gcás inar gá, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

(c)

comhar agus comhpháirtíocht le tríú tíortha a fheabhsú chun críche bainistiú a dhéanamh ar an imirce, lena n-áirítear trína n-acmhainneachtaí a fheabhsú chun cosaint daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a fheabhsú i gcomhthéacs na n-iarrachtaí maidir le comhar domhanda;

(d)

cúnamh teicniúil agus cúnamh oibríochtúil a sholáthar do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát eile, lena n-áirítear i gcomhar le EASO.

2.   

Rannchuideoidh an Ciste leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b), trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

tacú le forbairt agus cur chun feidhme beartas lena ndéantar an imirce dhleathach a chur chun cinn agus lena ndéantar acquis an Aontais um imirce dhleathach a chur chun feidhme, lena n-áirítear athaontú teaghlaigh agus forfheidhmiú caighdeán saothair;

(b)

tacú le bearta chun dul isteach rialta san Aontas agus cónaí ann a éascú;

(c)

comhar agus comhpháirtíocht le tríú tíortha a fheabhsú chun críche bainistiú a dhéanamh ar an imirce, lena n-áirítear trí bhealaí dleathacha dul isteach san Aontas, i gcomhthéacs iarrachtaí i ndáil le comhar domhanda i réimse na himirce;

(d)

bearta lánpháirtíochta a chur chun cinn maidir le cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch na náisiúnach tríú tír agus bearta cosanta le haghaidh daoine leochaileacha i gcomhthéacs na mbeart lánpháirtíochta, athaontú teaghlaigh a éascú, ullmhú do rannpháirtíocht ghníomhach na náisiúnach tríú tír sa tsochaí ghlactha agus dá nglacacht aici, le rannpháirtíocht údarás náisiúnta agus, go háirithe, údarás réigiúnach nó áitiúil agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí dídeanaithe agus eagraíochtaí faoi cheannas imirceach agus comhpháirtithe sóisialta.

3.   

Rannchuideoidh an Ciste leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (c), trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

a áirithiú go ndéanfar acquis an Aontais agus na tosaíochtaí beartais maidir le bonneagar, nósanna imeachta agus seirbhísí a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach;

(b)

tacú le cur chuige comhtháite agus comhordaithe maidir le bainistiú ar fhilleadh, ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, maidir le hacmhainneachtaí a fhorbairt chun filleadh éifeachtach, díniteach agus inbhuanaithe a dhéanamh agus maidir le laghdú ar na dreasachtaí le haghaidh imirce neamhrialta;

(c)

tacú le filleadh cuidithe deonach, le baill teaghlach a lorg agus leis an ath-lánpháirtiú, agus leasanna an linbh á urramú freisin;

(d)

neartú ar an gcomhar le tríú tíortha agus ar a n-acmhainneacht maidir le hathligean isteach agus filleadh inbhuanaithe.

4.   

Rannchuideoidh an Ciste leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (d), trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

an dlúthpháirtíocht agus an comhar le tríú tíortha a ndéanann sreabha imirce difear dóibh a fheabhsú, lena n-áirítear trí athlonnú san Aontas agus trí bhealaí dlíthiúla eile i ndáil le cosaint san Aontas;

(b)

tacú le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.


IARSCRÍBHINN III

RAON FEIDHME NA TACAÍOCHTA

1.   

Leis an gCiste, laistigh den chuspóir beartais a leagtar amach in Airteagal 3(1), tacófar go háirithe:

(a)

le straitéisí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhunú agus a fhorbairt maidir le tearmann, imirce dhleathach, lánpháirtíocht, filleadh agus imirce neamhrialta i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais;

(b)

le struchtúir, uirlisí agus córais riaracháin a chur ar bun, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC), agus an fhoireann a oiliúint, lena n-áirítear fhoireann na n-údarás áitiúla agus geallsealbhóirí ábhartha eile i gcomhar le gníomhaireachtaí díláraithe ábhartha, i gcás inarb iomchuí;

(c)

le pointí teagmhála a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun treoir neamhchlaonta, faisnéis phraiticiúil agus cúnamh a sholáthar do thairbhithe féideartha agus d’eintitis incháilithe maidir le gach gné den Chiste seo;

(d)

le beartais agus nósanna imeachta a fhorbairt agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu lena n-áirítear faisnéis agus sonraí a bhailiú, a mhalartú agus a anailísiú, lena n-áirítear scaipeadh sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus staidrimh i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta, agus uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh coitianta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun dul chun cinn a thomhas agus forbairtí beartais a mheasúnú;

(e)

le faisnéis, na cleachtais is fearr agus straitéisí a mhalartú; le foghlaim fhrithpháirteach, staidéir agus taighde; le gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus oibríochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme; agus le líonraí comhair thrasnáisiúnta a chur ar bun;

(f)

le seirbhísí cúnaimh agus tacaíochta a chur ar fáil ar bhealach inscne-íogair agus atá comhsheasmhach le stádas agus riachtanais an duine lena mbaineann, daoine leochaileacha go háirithe;

(g)

le gníomhaíochtaí a dhírítear ar chosaint éifeachtach d’imircigh linbh, lena n-áirítear cur chun feidhme measúnuithe ar leas an linbh, neartú na gcóras caomhnóireachta, chomh maith le forbairt beartas agus nósanna imeachta maidir le cosaint leanaí agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu;

(h)

le gníomhaíochtaí a dhírítear ar fheasacht a fheabhsú i measc na ngeallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne i dtaca le beartais maidir le tearmann, lánpháirtíocht, imirce dhleathach agus filleadh, agus aird ar leith ar dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear mionaoisigh;

2.   

Leis an gCiste, laistigh den chuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (a), tacófar go háirithe:

(a)

le cabhair ábhartha a chur ar fáil, lena n-áirítear cúnamh ag an teorainn;

(b)

le nósanna imeachta tearmainn a sheoladh i gcomhréir leis an acquis tearmainn, lena n-áirítear soláthar seirbhísí tacaíochta amhail aistriúchán agus ateangaireacht, cúnamh dlí, rianú teaghlaigh agus seirbhísí eile atá comhsheasmhach le stádas an duine lena mbaineann;

(c)

le hiarratasóirí a shainaithint a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta nó ghlactha acu, lena n-áirítear sainaithint luath na n-íospartach gáinneála d’fhonn iad a chur chuig sainseirbhísí amhail seirbhísí síceasóisialta agus athshlánaithe;

(d)

le sainseirbhísí amhail seirbhísí cáilithe síceasóisialta agus athshlánaithe a sholáthar d’iarratasóirí a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta nó ghlactha acu;

(e)

le bonneagar cóiríochta glactha a bhunú nó a fheabhsú, amhail bonneagar ar mhionscála a thugann aghaidh ar riachtanais teaghlach a bhfuil mionaoisigh iontu, lena n-áirítear an soláthar ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus lena n-áirítear go bhféadfadh níos mó ná aon Bhallstát amháin na saoráidí sin a úsáid ar bhonn comhpháirteach;

(f)

le cur le hacmhainneacht na mBallstát faisnéis faoin tír thionscnaimh a bhailiú, a anailísiú agus a chomhroinnt i measc a gcuid údarás inniúil;

(g)

le gníomhaíochtaí a bhaineann le cláir Athlonnaithe an Aontais nó le scéimeanna náisiúnta athlonnaithe agus scéimeanna um ligean isteach daonnúil lena n-áirítear nósanna imeachta a sheoladh chun iad a chur chun feidhme;

(h)

le cur le hacmhainneachtaí tríú tíortha chun feabhas a chur ar chosaint daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt chun córais chosanta a fhorbairt do leanaí ar imirce;

(i)

le roghanna malartacha éifeachtacha ar an gcoinneáil a bhunú, a fhorbairt agus a fheabhsú, go háirithe i ndáil le mionaoisigh neamhthionlactha agus teaghlaigh, agus lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cúram neamh-institiúidithe arna lánpháirtiú i gcórais náisiúnta cosanta leanaí.

3.   

Faoi chuimsiú an chuspóra shonraigh a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b), leis an gCiste, tacófar:

(a)

le pacáistí faisnéise agus feachtais chun feasacht ar bhealaí dleathacha imirce chuig an Aontas a mhúscailt, lena n-áirítear faoi acquis an Aontais um imirce dhleathach;

(b)

le scéimeanna soghluaisteachta chuig an Aontas a fhorbairt, amhail scéimeanna imirce ciorclaí nó sealadaí, lena n-áireofaí oiliúint chun fostaitheacht a fheabhsú;

(c)

le comhar idir tríú tíortha agus na gníomhaireachtaí earcaíochta, na seirbhísí fostaíochtaí agus seirbhísí imirce na mBallstát;

(d)

le measúnú ar scileanna agus cáilíochtaí, lena n-áirítear taithí ghairmiúil, a fuarthas i dtríú tír, agus aitheantas dóibh, mar aon le measúnú ar a dtrédhearcacht agus a gcoibhéis leo siúd de chuid Bhallstát;

(e)

le cúnamh i gcomhthéacs iarratais ar athaontú teaghlaigh chun cur chun feidhme comhchuibhithe a áirithiú i gcás Treoir 2003/86/CE ón gComhairle (1);

(f)

le cúnamh, lena n-áirítear cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil i ndáil le hathrú stádais le haghaidh náisiúnach tríú tír atá ina gcónaí go dleathach cheana féin i mBallstát, go háirithe i ndáil le stádas cónaithe dleathach faoi mar a shainítear é ar leibhéal an Aontais a fháil;

(g)

le cúnamh do náisiúnaigh tríú tír atá ag iarraidh a gcearta a fheidhmiú, go háirithe maidir le soghluaisteacht, faoi ionstraimí an Aontais i ndáil le himirce dhleathach;

(h)

le bearta lánpháirtíochta amhail tacaíocht shaincheaptha i gcomhréir le riachtanais na náisiúnach tríú tír agus cláir lánpháirtíochta a dhíríonn ar chomhairleoireacht, oideachas, teagasc teanga agus oiliúint eile amhail cúrsaí insealbhaithe saoránachta agus treoir ghairmiúil;

(i)

le gníomhaíochtaí lena gcuirtear comhionannas chun cinn i ndáil leis an rochtain ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha ag náisiúnaigh tríú tír agus lena soláthar do na seirbhisí sin do náisiúnaigh tríú tír, lena n-áirítear rochtain ar oideachas, cúram sláinte agus tacaíocht shíceasóisialta agus seirbhisí den sórt sin a chur in oiriúint do riachtanais an spriocghrúpa;

(j)

le comhar idir comhlachtaí rialtais agus neamhrialtais ar dhóigh chomhtháite, lena n-áirítear trí ionaid tacaíochta chomhordaithe um lánpháirtíocht, amhail ionaid ilfhreastail;

(k)

le gníomhaíochtaí lena gcumasaítear agus lena dtacaítear le teacht isteach agus rannpháirtíocht ghníomhach náisiúnach tríú tír sa tsochaí ghlactha agus gníomhaíochtaí lena gcuirtear glacadh sa tsochaí ghlactha chun cinn;

(l)

le malartuithe agus idirphlé a chur chun cinn idir náisiúnaigh tríú tír, an tsochaí ghlactha agus údaráis phoiblí, lena n-áirítear trí chomhairliúchán le náisiúnaigh tríú tír, agus trí idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh;

(m)

le tógáil ar acmhainneacht na seirbhísí lánpháirtíochta arna soláthar ag údaráis áitiúla agus geallsealbhóirí ábhartha eile.

4.   

Faoi chuimsiú an chuspóra shonraigh a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (c), leis an gCiste, tacófar go háirithe:

(a)

le bonneagar oscailte glactha nó coinneála a bhunú nó a fheabhsú, lena n-áirítear go bhféadfadh níos mó ná Ballstát amháin na saoráidí sin a úsáid ar bhonn comhpháirteach;

(b)

le bearta ar roghanna éifeachtacha ar an gcoinneáil iad a thionscnamh, a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a fheabhsú lena n-áirítear bainistiú pobalbhunaithe de réir cáis, i dtaca le mionaoisigh neamhthionlactha agus teaghlaigh go háirithe;

(c)

le córais neamhspleácha agus éifeachtacha chun faireachán a dhéanamh ar an bhfilleadh éigeantach a thionscnamh agus a atreisiú, mar a leagtar síos in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE;

(d)

le cur i gcoinne na ndreasachtaí don imirce neamhrialta, lena n-áirítear imircigh neamhrialta a fhostú, trí chigireachtaí éifeachtacha agus imleora bunaithe ar mheasúnú riosca, foireann a chur faoi oiliúint, sásraí a chur ar bun agus a chur chun feidhme trínar féidir le himircigh neamhrialta íocaíochtaí a éileamh ar ais agus gearáin a dhéanamh in aghaidh a bhfostóirí, agus feachtais faisnéise agus múscailte feasachta chun fostóirí agus imircigh neamhrialta a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí de bhun Threoir 2009/52/CE;

(e)

le hullmhúchán maidir le filleadh, lena n-áirítear bearta a ndéantar cinntí um fhilleadh mar gheall orthu, náisiúnaigh tríú tír a shainaithint, doiciméid taistil a eisiúint agus baill teaghlaigh a lorg;

(f)

le comhar leis na húdaráis chonsalacha agus le seirbhísí inimirce nó le húdaráis agus le seirbhísí ábhartha eile de thríú tíortha d’fhonn doiciméid taistil a fháil, filleadh a éascú agus athligean isteach a áirithiú lena n-áirítear trí oifigigh idirchaidrimh tríú tír a imlonnú;

(g)

le cúnamh maidir le filltí, go háirithe maidir le filleadh deonach cuidithe agus faisnéis maidir le cláir um fhilleadh deonach cuidithe, lena n-áirítear trí threoir shonrach a sholáthar maidir le leanaí i nósanna imeachta um fhilleadh;

(h)

le hoibríochtaí um dhíbirt, lena n-áirítear bearta gaolmhara, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, cé is moite de thacaíocht do threalamh comhéigneach;

(i)

le bearta chun tacú le filleadh inbhuanaithe an fhillí agus lena ath-lánpháirtiú, lena n-áirítear dreasachtaí airgid, oiliúint, socrúchán agus cúnamh fostaíochta agus tacaíocht tosaithe do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha;

(j)

le háiseanna agus seirbhísí tacaíochta i dtríú tíortha a áirithíonn cóiríocht shealadach iomchuí agus glacadh ar theacht do na fillithe agus, i gcás inarb iomchuí, aistriú tapa chuig cóiríocht phobalbhunaithe;

(k)

le comhar le tríú tíortha a bhaineann le cur i gcoinne na himirce neamhrialta agus a bhaineann le filleadh agus athligean isteach éifeachtach;

(l)

le bearta a bhfuil d’aidhm leo eolas a thabhairt ar na bealaí dleathacha imirce is iomchuí agus ar na rioscaí a ghabhann leis an inimirce neamhrialta;

(m)

le cúnamh agus gníomhaíochtaí i dtríú tíortha a chuidíonn chun feabhas a chur ar an gcomhar éifeachtach idir tríú tíortha agus an tAontas agus a Bhallstáit a bhaineann le filleadh agus athligean isteach agus chun tacú le hath-lánpháirtiú sa tsochaí tionscnaimh.

5.   

Faoi chuimsiú an chuspóra shonraigh a leagtar in Airteagal 3(2), pointe (d), leis an gCiste, tacófar go háirithe:

(a)

le haistrithe deonacha ó Bhallstát amháin go Ballstát eile a chur chun feidhme i gcás iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta;

(b)

le tacaíocht oibriúcháin i dtéarmaí baill foirne ar iasacht nó cúnamh airgeadais arna sholáthar ag Ballstát do Bhallstát eile a ndéanann dúshláin imirce difear dó, lena n-áirítear tacaíocht a chuirtear ar fáil don Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn;

(c)

le cur chun feidhme deonach scéimeanna náisiúnta um athlonnú nó um ligean isteach ar fhoras daonnúil;

(d)

le tacaíocht ó Bhallstát do Bhallstát eile a ndéanann dúshláin imirce difear dó, ó thaobh bonneagar glactha a bhunú nó a fheabhsú.


(1)  Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003 lch. 12.).


IARSCRÍBHINN IV

GNÍOMHAÍOCHTAÍ ATÁ INCHÁILITHE LE hAGHAIDH RÁTAÍ CÓMHAOINITHE NÍOS AIRDE I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAIL 15(3) AGUS 16(9)

Bearta lánpháirtíochta arna gcur chun feidhme ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí dídeanaithe agus eagraíochtaí faoi threoir imirceach;

Gníomhaíochtaí chun roghanna malartacha éifeachtacha ar choinneáil a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

Cláir um fhilleadh cuidithe deonach agus ath-lánpháirtíocht agus gníomhaíochtaí eile lena mbaineann;

Bearta lena spriocdhírítear ar dhaoine leochaileacha agus ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a bhfuil riachtanais speisialta glacachta agus/nó nós imeachta acu, lena n-áirítear bearta chun cosaint éifeachtach ar mhionaoisigh a áirithiú, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha, lena n-áirítear trí chórais chúraim mhalartacha, neamh-institiúidithe.


IARSCRÍBHINN V

CROÍTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 33(1)

Déanfar gach táscaire a bhaineann le daoine a thuairisciú de réir aoisghrúpaí (< 18, 18-60, > 60) agus de réir inscne.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (a)

1.

Líon na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil an oiliúint úsáideach dá gcuid oibre.

2.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn 3 mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil na scileanna agus na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na hoiliúna á n-úsáid acu.

3.

An líon daoine a cuireadh i roghanna malartacha ar choinneáil, ina sonrófar, ar leithligh:

3.1.

an líon díobh ar mionaoisigh neamhthionlactha iad a cuireadh i roghanna malartacha ar choinneáil;

3.2.

an líon díobh ar teaghlaigh iad a cuireadh i roghanna malartacha ar choinneáil.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b)

1.

Líon na rannpháirtithe a raibh cúrsa teanga ar bun acu a raibh feabhas leibhéal amháin ar a laghad, de réir an Chreata Chomhchoitinn Tagartha Eorpaigh le haghaidh Teangacha nó a choibhéis náisiúnta, tagtha ar a leibhéal inniúlachta i dteanga na tíre óstaí tar éis dóibh an cúrsa teanga a chríochnú;

2.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn gur chabhraigh an ghníomhaíocht lena lánpháirtiú;

3.

Líon na rannpháirtithe a rinne iarratas aitheantas nó measúnú a fháil ar a gcáilíocht nó scileanna a fuarthas i dtríú tír;

4.

Líon na rannpháirtithe a rinne iarratas ar stádas fadtéarmach cónaithe.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (c)

1.

Líon na bhfillithe a filleadh go deonach;

2.

Líon na bhfillithe a díbríodh;

3.

Líon na bhfillithe atá faoi réir roghanna malartacha ar choinneáil.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (d)

1.

Líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó na dtairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a aistríodh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

2.

Líon na ndaoine a athlonnaíodh.

3.

Líon na ndaoine a ligeadh isteach ar fhoras daonnúil.

IARSCRÍBHINN VI

CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA

TÁBLA 1: CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

I.

An Comhchóras Eorpach Tearmainn

001

Coinníollacha glactha

002

Nósanna imeachta tearmainn

003

Cur chun feidhme acquis an Aontais

004

Imircigh ar leanaí iad

005

Daoine a bhfuil riachtanais ghlactha agus nós imeachta speisialta acu

006

Cláir athlonnaithe de chuid an Aontais nó scéimeanna náisiúnta athlonnaithe nó ligin isteach ar fhoras daonnúil (Iarscríbhinn II, pointe 2(g))

007

Tacaíocht oibriúcháin

II.

Imirce dhleathach agus lánpháirtiú

001

Straitéisí lánpháirtíochta a fhorbairt

002

Íospartaigh na gáinneála ar dhaoine

003

Bearta lánpháirtíochta – faisnéis agus treoraíocht, ionaid ilfhreastail

004

Bearta lánpháirtíochta – oiliúint teanga

005

Bearta lánpháirtíochta – saoránaíocht agus oiliúint eile

006

Bearta lánpháirtíochta – tabhairt isteach, rannpháirtíocht, malartuithe sa tsochaí óstach

007

Bearta lánpháirtíochta – bunriachtanais

008

Bearta réamhimeachta

009

Scéimeanna soghluaisteachta

010

Cónaí dleathach a fháil

011

Daoine leochaileacha, lena n-áirítear mionaoisigh neamhthionlactha

012

Tacaíocht oibriúcháin

III.

Filleadh

001

Roghanna malartacha ar choinneáil

002

Coinníollacha glactha/coinneála

003

Nósanna imeachta um fhilleadh

004

Filleadh cuidithe deonach

005

Cúnamh ath-lánpháirtíochta

006

Oibríochtaí um Dhíbirt/Fhilleadh

007

Córas faireacháin ar fhilleadh éigeantach

008

Daoine leochaileacha, lena n-áirítear mionaoisigh neamhthionlactha

009

Bearta a thugann aghaidh ar dhreasachtaí le haghaidh imirce neamhrialta

010

Tacaíocht oibriúcháin

IV.

Dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir freagrachta

001

Aistrithe chuig Ballstát eile (“athshocrú”)

002

Tacaíocht ó Bhallstát amháin le Ballstát eile, lena n-áirithítear tacaíocht arna tabhairt do EASO

003

Athlonnú (Airteagal 19)

004

Ligean isteach ar fhoras daonnúil (Airteagal 19)

005

Tacaíocht, i dtéarmaí bhonneagar glactha, do Bhallstát eile

006

Tacaíocht oibriúcháin

V.

Cúnamh teicniúil

001

Faisnéis agus cumarsáid

002

Ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

003

Meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

004

Fothú acmhainneachta


TÁBLA 2: CÓID DO DHIMINSEAN AN CHINEÁIL GHNÍOMHAÍOCHTA

001

Straitéisí náisiúnta a fhorbairt

002

Fothú acmhainneachta

003

Oideachas agus oiliúint do náisiúnaigh tríú tír

004

Uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt

005

Faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú

006

Gníomhaíochtaí/oibríochtaí comhpháirteacha idir na Ballstáit

007

Feachtais agus faisnéis

008

Saineolaithe a mhalartú agus a thabhairt ar iasacht

009

Staidéir, treoirthionscadail, measúnuithe riosca

010

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla

011

Cúnamh agus seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír

012

Bonneagar

013

Trealamh


TÁBLA 3: CÓID DO DHIMINSEAN NA RIALAITHE MIONSONAITHE MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME

001

Gníomhaíochtaí atá faoi chumhdach Airteagal 15(1)

002

Gníomhaíochtaí sonracha

003

Gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV

004

Tacaíocht oibriúcháin

005

Cúnamh éigeandála


TÁBLA 4: CÓID DO DHIMINSEAN NA dTÉAMAÍ SONRACHA

001

Comhar le tríú tíortha

002

Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le triú tíortha

003

Ní ceachtar díobh seo thuas


IARSCRÍBHINN VII

CAITEACHAS ATÁ INCHÁILITHE LE hAGHAIDH TACAÍOCHT OIBRIÚCHÁIN

Faoi na cuspóirí sonracha uile a leagtar amach in Airteagal 3(2), cumhdófar le tacaíocht oibriúcháin iad seo a leanas:

costais foirne;

costais seirbhíse, amhail trealamh a chothabháil nó a athsholáthar, lena n-áirítear córais TFC;

costais seirbhíse, amhail bonneagar a chothabháil agus a dheisiú.


IARSCRÍBHINN VIII

TÁSCAIRÍ ASCHUR AGUS TORTHAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 33(3)

Déanfar gach táscaire a bhaineann le daoine a thuairisciú de réir aoisghrúpa (< 18, 18-60, > 60) agus de réir inscne.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (a)

Táscairí aschuir

1.

Líon na rannpháirtithe a fuair tacaíocht, ina sonrófar, ar leithligh:

1.1.

líon na rannpháirtithe sin a fuair cúnamh dlíthiúil;

1.2.

líon na rannpháirtithe sin a thairbhigh de chineálacha eile tacaíochta seachas cúnamh dlíthiúil, lena n-áirítear faisnéis agus cúnamh i rith an nós imeachta tearmainn (1);

1.3.

líon na rannpháirtithe leochaileacha sin a fuair cúnamh.

2.

Líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna;

3.

Líon na n-áiteanna nuachruthaithe sa bhonneagar glactha i gcomhréir le acquis an Aontais, ina sonrófar, ar leithligh:

3.1.

líon na n-áiteanna nuachruthaithe sin do mhionaoisigh neamhthionlactha;

4.

Líon na n-áiteanna a athchóiríodh/athfheistíodh sa bhonneagar glactha i gcomhréir le acquis an Aontais, ina sonrófar, ar leithligh.

4.1.

líon na n-áiteanna sin a athchóiríodh nó a athfheistíodh do mhionaoisigh neamhthionlactha;

Táscairí toraidh

5.

Líon na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil an oiliúint úsáideach dá gcuid oibre.

6.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn 3 mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil na scileanna agus na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na hoiliúna á n-úsáid acu;

7.

An líon daoine a cuireadh i roghanna malartacha ar choinneáil, ina sonrófar, ar leithligh:

7.1.

an líon díobh ar mionaoisigh neamhthionlactha iad a cuireadh i roghanna malartacha ar choinneáil;

7.2.

an líon díobh ar teaghlaigh iad a cuireadh i roghanna malartacha ar choinneáil.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b)

Táscairí aschuir

1.

Líon na rannpháirtithe i mbearta réamhimeachta,

2.

Líon na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar tugadh tacaíocht dóibh chun bearta lánpháirtíochta a chur chun feidhme,

3.

Líon na rannpháirtithe a fuair tacaíocht, ina sonrófar, ar leithligh:

3.1.

líon na rannpháirtithe sin a bhfuil cúrsa teanga ar bun acu;

3.2.

líon na rannpháirtithe sin a bhfuil cúrsa insealbhaithe saoránachta ar bun acu;

3.3.

líon na rannpháirtithe sin a fuair treoir phearsantaithe ghairmiúil.

4.

Líon na bpacáistí agus na bhfeachtas faisnéise chun feasacht a mhúscailt maidir le bealaí dleathacha imirce chuig an Aontas;

5.

Líon na rannpháirtithe a fhaigheann faisnéis nó cúnamh chun iarratas a dhéanamh ar athaontú teaghlaigh;

6.

Líon na rannpháirtithe a thairbhíonn de scéimeanna soghluaisteachta;

7.

Líon na dtionscadal lánpháirtíochta arb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an tairbhí;

Táscairí toraidh

8.

Líon na rannpháirtithe a raibh cúrsa teanga ar bun acu a raibh feabhas leibhéal amháin ar a laghad, de réir an Chreata Chomhchoitinn Tagartha Eorpaigh le haghaidh Teangacha nó a choibhéis náisiúnta, tagtha ar a leibhéal inniúlachta i dteanga na tíre óstaí tar éis dóibh an cúrsa teanga a chríochnú.

9.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn gur chabhraigh an ghníomhaíocht lena lánpháirtiú.

10.

Líon na rannpháirtithe a rinne iarratas aitheantas nó measúnú a fháil ar a gcáilíocht nó scileanna a fuarthas i dtríú tír.

11.

Líon na rannpháirtithe a rinne iarratas ar stádas cónaithe fadtéarmach.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (c)

Táscairí aschuir

1.

Líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna.

2.

Líon na n-ítimí trealaimh arna gceannach, lena n-áirítear líon na gcóras TFC arna gceannach/nuashonrú.

3.

Líon na bhfillithe a fuair cúnamh ath-lánpháirtíochta.

4.

Líon na n-áiteanna a cruthaíodh in ionaid choinneála.

5.

Líon na n-áiteanna a athfheistíodh/nó athchóiríodh in ionaid choinneála.

Táscairí toraidh

6.

Líon na bhfillithe a filleadh go deonach.

7.

Líon na bhfillithe a díbríodh.

8.

Líon na bhfillithe atá faoi réir roghanna malartacha ar choinneáil.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (d)

Táscairí aschuir

1.

An líon ball foirne arna n-oiliúint.

2.

Líon na rannpháirtithe a fuair tacaíocht réamhimeachta.

Táscairí toraidh

3.

Líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó na dtairbhithe cosanta idirnáisiúnta a aistríodh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

4.

Líon na ndaoine a athlonnaíodh.

5.

Líon na ndaoine a ligeadh isteach ar fhoras daonnúil.

(1)  Is táscaire é sin a ghineann an córas go huathoibríoch chun críoch tuairiscithe, trí líon na rannpháirtithe a fuair cúnamh dlíthiúil a dhealú ó líon na rannpháirtithe a fuair tacaíocht. Is SFC2021 a ghineann na sonraí don táscaire chun críoch tuairiscithe. Ní gá do na Ballstáit sonraí a thuairisciú don táscaire seo, ná ní gá dóibh clocha míle ná spriocanna a shocrú.