13.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 248/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1133 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (e) d’Airteagal 78(2), pointe (d) d’Airteagal 82(1), pointe (a) d’Airteagal 87(2) agus Airteagal 88(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle (3), bunaíodh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) le bheith ina réiteach teicneolaíoch do mhalartú sonraí víosaí idir Ballstáit. Le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagadh síos cuspóir, feidhmiúlachtaí agus freagrachtaí VIS, mar aon leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le malartú sonraí faoi víosaí gearrfhanachta idir Ballstáit d’fhonn scrúdú ar iarratais ar víosaí gearrfhanachta agus na cinntí a bhaineann leo a éascú. Le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagadh amach na rialacha faoi chlárú na n-aitheantóirí bithmhéadracha in VIS. Le Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle (6), bunaíodh an rochtain atá ag údaráis fhorfheidhmithe dlí sna Ballstáit agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) ar VIS. Ba cheart an Cinneadh sin a lánpháirtiú i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, chun é a chur i gcomhréir le creat an Chonartha atá ann faoi láthair.

(2)

Le Rialacháin (AE) 2019/817 (7) agus 2019/818 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh idir-inoibritheacht idir córais áirithe faisnéise AE ionas go ndéanfadh na córais sin agus a gcuid sonraí forlíonadh ar a chéile d’fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na seiceálacha teorann ag teorainneacha seachtracha an Aontais a fheabhsú, d’fhonn rannchuidiú le hinimirce neamhdhleathach a chosc agus a chomhrac agus d’fhonn rannchuidiú le leibhéal ard slándála laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, lena n-áirítear caomhnú na slándála poiblí agus an bheartais phoiblí agus coimirciú na slándála i gcríocha na mBallstát.

(3)

A bhuí leis an idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE, tá na córais sin in ann a bheith ag forlíonadh a chéile chun ceart-sainaithint daoine a éascú, chun rannchuidiú leis an gcalaois chéannachta a chomhrac, chun ceanglais cáilíochta sonraí na gcóras faisnéise AE ábhartha a fheabhsú agus a chomhchuibhiú, chun cur chun feidhme teicniúil agus oibríochtúil na gcóras faisnéise AE ábhartha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a éascú do na Ballstáit, chun na coimircí i dtaca le slándáil sonraí agus cosaint sonraí a rialaíonn na córais faisnéise AE ábhartha a neartú agus a shimpliú, chun rochtain údaráis forfheidhmithe dlí ar VIS, an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus Eurodac a shruthlíniú, agus chun tacú le cuspóirí VIS, Chóras Faisnéise Schengen (SIS), EES, ETIAS, Eurodac, agus an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla le haghaidh náisiúnaigh tríú tír (ECRIS-TCN).

(4)

Leis na comhchodanna idir-inoibritheachta, cumhdaítear VIS, SIS, EES, ETIAS, Eurodac agus ECRIS-TCN, mar aon le sonraí Europol chun go gcumasófar cuardach a dhéanamh ar shonraí Europol san am céanna leis na córais faisnéise AE sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, na comhchodanna idir-inoibritheachta sin a úsáid chun na cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh agus, le linn VIS a cheadú, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Ba cheart an tairseach chuardaigh Eorpach (ESP) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/818 a úsáid chun cur ar chumas údaráis na mBallstát rochtain thapa, rianúil, éifeachtúil, chórasach, rialaithe a bheith acu ar chórais faisnéise AE, ar shonraí Europol agus ar bhunachair sonraí Interpol a bhíonn ag teastáil chun a gcuid cúraimí a dhéanamh, i gcomhréir lena gcearta rochtana, agus chun tacú le cuspóirí VIS.

(5)

Le ESP, beifear in ann na sonraí a stóráiltear in VIS agus na sonraí a stóráiltear sna córais faisnéise AE eile lena mbaineann a chuardach i gcomhthráth.

(6)

Ba cheart an chomparáid idir na sonraí a stóráiltear in VIS agus na sonraí a stóráiltear i gcórais faisnéise eile agus i mbunachair sonraí eile a uathoibriú. Má léirítear le comparáid den sórt sin gurb ann do cheangal comhfhreagrach, ar a dtugtar “amas”, idir aon cheann de na sonraí pearsanta nó cumasc díobh in iarratas agus i dtaifead, i gcomhad nó i bhfoláireamh sna córais faisnéise eile sin nó sna bunachair sonraí sin, nó le sonraí pearsanta i liosta faire ETIAS, ba cheart d’oibreoir ón údarás inniúil an t-iarratas a fhíorú de láimh. Agus an cinneadh á dhéanamh i dtaobh víosa gearrfhanachta, víosa fadfhanachta nó cead cónaithe a eisiúint nó gan é a eisiúint, ba cheart an measúnú a dhéanann an t-údarás inniúil ar amais a chur san áireamh.

(7)

Leagtar síos sa Rialachán seo an modh ar a gcuirfear chun feidhme an idir-inoibritheacht agus na coinníollacha faoina mbeidh sonraí a stóráiltear in SIS, Eurodac agus ECRIS-TCN, mar aon le sonraí Europol, á gceadú ag próiseas uathoibrithe VIS chun críche amais a shainaithint. Mar thoradh air sin, tá sé riachtanach Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013 (9), (AE) 2016/794 (10), (AE) 2018/1862 (11), (AE) 2019/816 (12) agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú chun VIS a nascadh le córais faisnéise AE eile agus le sonraí Europol.

(8)

Maidir leis na coinníollacha faoina bhfuil na húdaráis víosaí, de pháirt amháin, in ann sonraí a stóráiltear in Eurodac a cheadú, agus, faoina bhfuil údaráis ainmnithe VIS, den pháirt eile, in ann sonraí Europol, sonraí áirithe SIS agus sonraí a stóráiltear in ECRIS-TCN a cheadú chun críocha VIS, ba cheart iad a choimirciú le rialacha soiléire, beachta maidir le rochtain na n-údarás sin ar na sonraí sin, maidir le cineál na gcuardach agus na gcatagóirí sonraí, agus ba cheart an méid sin go léir a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach chun dualgais na n-údarás sin a chomhlíonadh. Ar an dul céanna, níor cheart na sonraí a stóráiltear i gcomhad iarratais VIS a bheith le feiceáil ach ag na Ballstáit sin a oibríonn na córais faisnéise fholuiteacha i gcomhréir leis na socruithe dá gcuid rannpháirtíochta.

(9)

Le Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), déantar cúraimí nua a leithdháileadh ar Europol amhail tuairimí a chur ar fáil tar éis d’údaráis ainmnithe VIS agus d’Aonaid Náisiúnta ETIAS iarrataí ar cheadú a dhéanamh. Chun na cúraimí sin a chur chun feidhme, is gá, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/794 a leasú dá réir sin.

(10)

Chun tacú le cuspóir VIS measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh iarratasóir ar víosa gearrfhanachta, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí, ba cheart VIS a bheith in ann a fhíorú an bhfuil ceangal comhfhreagrach ar bith ann idir sonraí sna comhaid iarratais VIS agus sonraí ECRIS-TCN sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (CIR) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/818 maidir leis na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát i dtaca le ciontuithe i gcion sceimhlitheoireachta nó in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) má tá sé inphionóis le pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta.

(11)

Níor cheart talamh slán a dhéanamh de, uaidh féin, i gcás ina bhfaightear amas i gcóras ECRIS-TCN, gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann sna Ballstáit a léirítear. Níor cheart ciontuithe arna ndéanamh roimhe sin a dheimhniú ach amháin ar bhonn faisnéis a fhaightear as taifid choiriúla na mBallstát lena mbaineann.

(12)

Ní dochar an Rialachán seo do Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(13)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(14)

A mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (16). Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann sé le Europol, Eurodac agus ECRIS-TCN, i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(15)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (17), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (18).

(16)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1862, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (19), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (20).

(17)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS arna rialú le Rialachán (AE) 2018/1862, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (21), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe G, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (22).

(18)

Ionas go mbeidh an Rialachán seo ag luí leis an gcreat dlí atá ann cheana, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 603/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach:

“CAIBIDIL Via

ROCHTAIN AG ÚDARÁIS VÍOSAÍ

Airteagal 22a

Rochtain ar Eurodac ag na húdaráis inniúla víosaí

Beidh rochtain ar Eurodac ag na húdaráis inniúla víosaí chun sonraí a cheadú i bhformáid inléite amháin chun fíorú de láimh a dhéanamh ar amais a spreagtar mar thoradh ar na cuardaigh uathoibrithe a dhéanann VIS de bhun Airteagal 9a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus chun iarratais ar víosaí a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

Airteagal 22b

Idir-inoibritheacht le VIS

Ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), beidh Eurodac nasctha leis an tairseach chuardaigh Eorpach a bunaíodh le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) chun gur féidir an uathphróiseáil de bhun Airteagal 9a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60)."

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11)."

(*4)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).”;"

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 28a

Taifid nó logaí a choimeád chun críocha idir-inoibritheachta le VIS

Nuair atá Eurodac á cheadú, dá dtagraítear in Airteagal 22a den Rialachán seo, coimeádfar taifead nó log ar gach oibríocht phróiseála sonraí a dhéantar in Eurodac agus VIS i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo agus Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/794

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(q)

tuairim a chur ar fáil tar éis iarraidh ar cheadú a fháil dá dtagraítear in Airteagal 9e(4), Airteagal 9g(4) agus Airteagal 22b(14) agus (16) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Rochtain ag Eurojust, ag OLAF agus, chun críocha ETIAS amháin, ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus, chun críocha VIS amháin, ag údaráis ainmnithe VIS ar fhaisnéis arna stóráil ag Europol”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1b.   Glacfaidh Europol na bearta iomchuí go léir chun cur ar chumas údaráis ainmnithe VIS, chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, rochtain indíreach a bheith acu ar bhonn córas braite/neamhbhraite ar shonraí arna gcur ar fáil chun críocha phointe (a) d’Airteagal 18(2) den Rialachán seo, gan dochar d’aon srianta arna sonrú ag an mBallstát, ag an gcomhlacht de chuid an Aontais, ag an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta a chuireann an fhaisnéis i gceist ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 19(2) den Rialachán seo.

I gcás braite, tionscnóidh Europol an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis ba chúis leis an mbrath a chomhroinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ó sholáthraí na faisnéise do Europol. Ní fhéadfar faisnéis den sórt sin a chomhroinnt ach amháin a mhéid a bhfuil gá leis na sonraí is cúis leis an mbrath chun go ndéanfadh údaráis ainmnithe VIS a gcuid cúraimí a bhaineann le VIS a chomhlíonadh, agus a mhéid sin amháin.

Beidh feidhm ag míreanna 2 go 7 den Airteagal seo dá réir.”.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1862

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 18a

Logaí a choinneáil chun críocha idir-inoibritheachta le VIS

Coinneofar logaí ar gach oibríocht próiseála sonraí a dhéantar in SIS agus VIS de bhun Airteagal 50a den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo agus le hAirteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

(*6)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).”;"

(2)

in Airteagal 44(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(g)

amais a spreagadh mar thoradh ar chuardaigh uathoibrithe ó VIS a fhíorú de láimh agus measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí, i gcomhréir le hAirteagail 9d agus 9g nó le hAirteagal 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 50a

Idir-inoibritheacht le VIS

Ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), déanfar SIS Láir a cheangal le ESP chun gur féidir an uathphróiseáil de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh.

(*7)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).”."

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/816

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/816 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(d)

na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis ainmnithe VIS dá dtagraítear in Airteagal 9d agus in Airteagal 22b(13) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) na sonraí in ECRIS-TCN a úsáid chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 2(1) agus pointe (a) d’Airteagal 2(2) den Rialachán sin.

(*8)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).”;"

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Leis an Rialachán seo, tacaítear freisin le cuspóir VIS maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”;

(3)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

“(6)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis lárnacha, Eurojust, Europol agus OIPE, agus údaráis ainmnithe VIS dá dtagraítear in Airteagal 9d agus Airteagal 22b(13) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, atá inniúil chun ECRIS-TCN a rochtain nó a cheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo;”;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(c)

bratach lena léirítear, chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann i gcion sceimhlitheoireachta nó in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 má tá sé inphionóis le pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear cód an Bhallstáit chiontaithigh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:

“1a.   Beidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, agus na sonraí seo a leanas ó phointe (a) de mhír 1, in CIR: sloinne (ainm an teaghlaigh); céadainmneacha (ainmneacha baiste); dáta breithe; áit bhreithe (baile agus tír); náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne; ainmneacha roimhe sin, más infheidhme, ainmneacha bréige nó ailiasanna i gcás fáil a bheith orthu, cineál agus uimhir dhoiciméid taistil an duine, i gcás fáil a bheith orthu, chomh maith le hainm an údaráis eisiúna.

Féadfaidh na sonraí dá dtagraítear i mír 3 agus, sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, cód an Bhallstáit chiontaithigh a bheith in CIR. Stórálfar sonraí eile ECRIS-TCN sa lárchóras.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   I gcás ina sainaithneofar amais tar éis na huathphróiseála dá dtagraítear in Airteagal 27a de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, beidh na bratacha agus cód an Bhallstáit chiontaithigh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo inrochtana agus inchuardaithe ag VIS Láir amháin chun críocha na bhfíoruithe de bhun Airteagal 7a den Rialachán seo i gcomhar le pointe (e) d’Airteagal 9a(4) nó le pointe (e) d’Airteagal 22b(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh na bratacha ná cód an Bhallstáit chiontaithigh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 infheicthe ag aon údarás seachas údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh a chruthaigh an taifead ar cuireadh bratach leis.”;

(5)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

"7.   I gcás amais, cuirfidh an lárchóras nó CIR faisnéis ar fáil go huathoibríoch don údarás inniúil faoi na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i ndáil leis an náisiúnach tríú tír, mar aon leis na huimhreacha tagartha gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus aon fhaisnéis chéannachta chomhfhreagrach. Ní úsáidfear an fhaisnéis chéannachta sin ach chun críche céannacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a fhíorú. Ní úsáidfear toradh cuardaigh sa lárchóras ach amháin chun na críche seo a leanas:

(a)

iarraidh a dhéanamh de bhun Airteagal 6 de Chinneadh Réime 2009/315/CGB;

(b)

iarraidh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 17(3) den Rialachán seo; nó

(c)

measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”;

(6)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

"Airteagal 7a

ECRIS-TCN a úsáid le haghaidh fíoruithe VIS

1.   Ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9), beidh ECRIS-TCN nasctha le ESP chun gur féidir an uathphróiseáil de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh chun ECRIS-TCN a cheadú agus chun na sonraí ábhartha in VIS a chur i gcomparáid le sonraí ábhartha ECRIS-TCN in CIR ar cuireadh bratach leo de bhun phointe (c) d’Airteagal 5(1) den Rialachán seo.

2.   Chun na cúraimí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a dhéanamh, ní bheidh ceart rochtana ag údaráis ainmnithe VIS, dá dtagraítear in Airteagal 9d agus in Airteagal 22b(13) den Rialachán sin, ach ar shonraí ECRIS-TCN in CIR ar cuireadh bratach leo de bhun phointe (c) d’Airteagal 5(1) den Rialachán seo.

(*9)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).”;"

(7)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Nuair a rachaidh an tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1 in éag, léirscriosfaidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh an taifead sonraí, lena n-áirítear aon sonraí méarlorg, aon íomhánna den aghaidh nó aon bhratacha dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1), ón lárchóras agus ó CIR. I gcásanna ina ndéantar na sonraí a bhain le ciontú i gcion sceimhlitheoireachta nó in aon chion coiriúil eile dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) a léirscriosadh ón taifead coiriúil náisiúnta, ach ina gcoinnítear faisnéis faoi chiontuithe eile an duine chéanna, ní bhainfear den taifead sonraí ach an bhratach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1). I gcás inar féidir, déanfar an léirscriosadh go huathoibríoch, agus in aon chás tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dhul in éag na tréimhse coinneála.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, léirscriosfar na bratacha dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) go huathoibríoch 25 bliana tar éis an bhratach a chruthú, a mhéid a bhaineann le ciontuithe a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta, agus 15 bliana tar éis an bhratach a chruthú, a mhéid a bhaineann le ciontuithe a bhaineann le cionta coiriúla eile.”;

(8)

in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ní dhéanfar na sonraí a iontráiltear sa lárchóras agus in CIR a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla i ndáil le náisiúnaigh tríú tír, nó chun tacú le cuspóir VIS maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an t-iarratasóir ar víosa, ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe a bheith ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Na sonraí a iontráiltear in CIR, déanfar iad a phróiseáil chomh maith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/818 d’fhonn ceart-sainaithint daoine atá cláraithe in ECRIS-TCN a éascú agus cuidiú le ceart-sainaithint na ndaoine sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.”;

(9)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 31a

Logaí a choinneáil chun críoch idir-inoibritheachta le VIS

I dtaca leis na ceaduithe dá dtagraítear in Airteagal 7a den Rialachán seo, coinneofar loga i gcás gach oibríocht próiseála sonraí ECRIS-TCN a dhéantar in CIR agus VIS i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.”.

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4,cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 20:

“(20)

ciallaíonn ‘údaráis ainmnithe’ na húdaráis arna n-ainmniú ag na Ballstáit mar a shainmhínítear i bpointe (3a) d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, i bpointe (26) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus i bpointe (21) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1240;”;

(2)

in Airteagal 18, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Chun críocha Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, stórálfar in CIR freisin, arna scaradh go loighciúil ó na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/816. Ní bheidh rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/816 ach ar an mbealach dá dtagraítear in Airteagal 5(7) den Rialachán sin, agus ar an mbealach sin amháin.”;

(3)

in Airteagal 68, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh ESP tús le hoibríochtaí, chun críocha na huathphróiseála de bhun Airteagail 9a agus 22b de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus chun na gcríoch sin amháin, ón dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10).

(*10)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).”."

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a chuirfear tús le hoibriú VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Strasbourg, 7 Iúil 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 154.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (IO C 23, 21.1.2021, lch. 286) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 27 Bealtaine 2021 (IO C 227, 14.6.2021, lch. 20). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(6)  Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chomhairliúcháin ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath, agus a imscrúdú (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129).

(7)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

(8)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 56).

(12)  Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(15)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(16)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(17)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(18)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(19)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(20)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(21)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(22)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).