9.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 243/37


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1121 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Iúil 2021

lena sonraítear mionsonraí comhlíontachta agus sábháilteachta táirgí na sonraí staidrimh atá le tíolacadh ag na Ballstáit maidir le rialuithe ar tháirgí a thugtar isteach i margadh an Aontais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 25(9) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialuithe a dhéanann na húdaráis a d’ainmnigh na Ballstáit de bhun Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 i ndáil le táirgí atá faoi réir dhlí an Aontais agus a thugtar isteach i margadh an Aontais, le hAirteagal 25(6) den Rialachán céanna ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí staidrimh mionsonraithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena gcumhdaítear na rialuithe sin. Ceanglaítear go háirithe le Rialachán (AE) 2019/1020 go gcumhdóidh na sonraí staidrimh líon na n-idirghabhálacha i réimse na rialuithe ar na táirgí sin a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus comhlíontacht táirgí.

(2)

Ní mór mionsonraí na sonraí staidrimh sin a shonrú.

(3)

Na húdaráis a ainmníodh faoi Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, i gcás ina ndearna na húdaráis sin idirghabháil agus i gcás inarb é toradh a bhí air sin gur leag údaráis faireachais margaidh ceanglas síos de bhun Airteagal 28(1) agus (2) den Rialachán sin gan táirge a scaoileadh chun saorchúrsaíochta, ba cheart faisnéis níos mionsonraithe faoin táirge lena mbaineann a chur leis na sonraí staidrimh maidir le líon na n-idirghabhálacha chun tuiscint ní b’fhearr a fháil ar shaincheisteanna agus treochtaí i ndáil le sábháilteacht agus comhlíontacht táirgí. Na sonraí staidrimh a thíolacfar, is féidir gur cabhair a bheadh iontu freisin maidir le feabhas a chur ar an mbainistiú riosca.

(4)

Na sonraí staidrimh a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin maidir le hidirghabhálacha i réimse na rialuithe, bíodh gur cheart gach rialú ar tháirgí a thugtar isteach i margadh an Aontais a chumhdach leo, níor cheart a chumhdach leo ach na rialuithe inarb amhlaidh a rinne na húdaráis ainmnithe idirghabháil. Dá bhrí sin, sonraí maidir le rialuithe ar trí theicnící leictreonacha próiseála sonraí a rinneadh iad ina n-iomláine, níor cheart iad sin a chuimsiú sna sonraí staidrimh.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2019/1020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Na sonraí staidrimh atá le tíolacadh faoi Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) 2019/1020, cuimseofar iontu na mionsonraí sábháilteachta agus comhlíontachta táirgí a leanas maidir le hidirghabhálacha i réimse na rialuithe ar tháirgí atá faoi réir dhlí an Aontais:

(a)

líon iomlán na n-idirghabhálacha;

(b)

líon iomlán na n-idirghabhálacha arb é an toradh a bhí orthu gur cuireadh an scaoileadh chun saorchúrsaíochta ar fionraí de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2019/1020;

(c)

maidir le gach idirghabháil arb é an toradh a bhí uirthi gur leag na húdaráisábhartha ceanglas síos go gcuirfeadh na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann gníomhaíochtaí sonracha i gcrích, nó gur leag údarás faireachais margaidh ceanglas síos de bhun Airteagal 28(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/1020 gan táirge a scaoileadh chun saorchúrsaíochta:

(i)

an dáta a ghlac na húdaráis custaim leis an dearbhú custaim;

(ii)

táscaire maidir leis an gcineál dearbhaithe custaim i gcás dearbhú custaim lena mbaineann tacar sonraí laghdaithe de bhun Airteagail 143a agus 144 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (2);

(iii)

an tír thionscnaimh (eilimint sonraí 16 08 000 000), nó mura bhfuil fáil ar an eolas sin, tír an onnmhaireora (fo-eilimint sonraí 13 01 018 020);

(iv)

cód fo-cheannteidil an Chórais Chomhchuibhithe (fo-eilimint sonraí 18 09 056 000);

(v)

an cód Ainmníochta Comhcheangailte, ach é a bheith ar fáil (fo-eilimint sonraí 18 09 057 000);

(vi)

na haonaid fhorlíontacha (eilimint sonraí 18 02 000 000) nó, mura bhfuil fáil ar an eolas sin, an ghlanmhais (fo-eilimint sonraí 18 01 000 000);

(vii)

an modh iompair ag an teorainn (eilimint sonraí 19 03 000 000);

(viii)

an phríomhchatagóir táirgí lena mbaineann;

(ix)

reachtaíocht an Aontais is minice a sáraíodh de réir an eolais atá ag na húdaráis faireachais margaidh;

(x)

táscaire i dtaobh arbh fhéidir an táirge a scaoileadh chun saorchúrsaíochta ach na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann gníomhaíochtaí sonracha a chur i gcrích de réir mar a cheanglaíonn na húdaráis ábhartha.

2.   Na sonraí dá dtagraítear i mír 1, cuimseofar na sonraí maidir le gach rialú iontu, cé is moite de rialuithe ar trí theicnící leictreonacha próiseála sonraí a rinneadh iad ina n-iomláine.

3.   Chun críocha mhír 1, i gcás ina gcumhdóidh dearbhú custaim táirgí a thagann faoi scáth dhá ítim nó níos mó sa dearbhú sin, is éard a mheasfar gur idirghabháil ar leith atá san idirghabháil maidir le gach ítim faoi seach.

4.   Chun críocha phointí (iii) go (vii) de phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, an fhaisnéis atá le fáil sa dearbhú custaim faoin eilimint sonraí chomhfhreagrach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, sin í an fhaisnéis atá sna sonraí atá le tíolacadh. Mar sin féin, sa chás go gcuirfidh na Ballstáit ceanglais sonraí éagsúla i bhfeidhm maidir leis an dearbhú custaim, agus sin á dhéanamh acu i gcomhréir le hAirteagail 2, 143a agus 144 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 nó le rialacha idirthréimhseacha ar bith eile a leagtar amach sa Rialachán sin, sá chás sin is éard a bheidh sna sonraí atá le tíolacadh an fhaisnéis choibhéiseach sa dearbhú custaim atá faoi réir na gceanglas sonraí sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 16 Iúil 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 169, 25.6.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe a bhaineann le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).