6.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 238/32


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1100 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Iúil 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach, agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar tháirgí comhréidhe teo-rollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 14 Bealtaine 2020, chuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) tús le himscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile (“HRFS” nó “an táirge faoi imscrúdú”) ar de thionscnamh na Tuirce iad (“an tír lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán (2).

(2)

An 12 Meitheamh 2020, thionscain an Coimisiún imscrúdú frith-fhóirdheontais maidir le hallmhairí an táirge chéanna ar de thionscnamh na Tuirce é (3).

1.2.   Clárúchán

(3)

Tar éis iarraidh arna déanamh ag an ngearánach agus an fhianaise riachtanach de thaca léi, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1686 ón gCoimisiún (4) (“an Rialachán clárúcháin”) faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

1.3.   Bearta sealadacha

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an Déardaoin 17 Nollaig 2020, chuir an Coimisiún achoimre ar na dleachta sealadacha beartaithe ar fáil do pháirtithe agus mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach atá leormhaith chun an díobháil do thionscal an Aontais a bhaint. Faoi mar a mhínítear in aithris (215) agus aithris (216) den Rialachán sealadach, ní raibh aon athrú ar na corrlaigh mar níor measadh gur den chléireachas na barúlacha a chuir na páirtithe isteach.

(5)

An 7 Eanáir 2021, d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála shealadach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/9 ón gCoimisiún (5) (“an Rialachán sealadach”).

1.4.   An nós imeachta a bhí ann ina dhiaidh sin

(6)

Tar éis nochtadh na bhfíoras agus na mbreithnithe riachtanacha ar an mbonn a forchuireadh dleacht shealadach frithdhumpála (“nochtadh sealadach”), rinne na gearánaigh, is é sin cuibhreannas a dhéanann ionadaíocht ar leasanna roinnt de na húsáideoirí, úsáideoir a d’allmhairigh táirgí fada cruach, na táirgeoirí onnmhairithe a sampláladh, allmhaireoir a bhain le ceann de na táirgeoirí onnmhairithe a sampláladh comhlachas na nOnnmhaireoirí Cruach Turcach (“cuibhreannas”) agus Rialtas na Tuirce (“GOT”) aighneachtaí i scríbhinn inar cuireadh a dtuairim in iúl maidir leis na torthaí sealadacha. D’iarr dhá tháirgeoir onnmhairithe tuilleadh sonraí maidir le ríomh a gcorrlach díobhála agus tugadh na sonraí sin dóibh.

(7)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Bhí éisteachtaí ann leis na trí tháirgeoir easpórtála a sampláladh agus le GOT (Rialtas na Tuirce).

(8)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh na dtorthaí deiridh. Nuair a bhí na torthaí cinntitheacha á gcnuasach ag an gCoimisiún, sin í an uair a mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus sin í an uair a rinne sé athbhreithniú ar a chuid conclúidí sealadacha nuair ab iomchuí.

(9)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas faoi na fíricí agus na breithnithe riachtanacha ar an mbonn ar a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí táirgí cothroma teo-rollta áirithe iarainn, neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce (“nochtadh críochnaitheach”). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh.

(10)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht chomh maith. Bhí éisteachtaí ann leis na trí tháirgeoir onnmhairíochta a sampláladh. Mar aon leis sin, d’iarr táirgeoir onnmhairithe amháin a sampláladh idirghabháil an Oifigigh Éisteachta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(11)

Tar éis an nochta dheiridh, chinn an Coimisiún go raibh earráid chléireachais ann nuair a bhí an corrlach cinntitheach dumpála á ríomh ag ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, seoladh nochtadh deiridh breise chuig an táirgeoir onnmhairiúcháin i dtrácht, agus thug seisean tuilleadh barúlacha maidir leis an nochtadh breise a fuarthas.

(12)

Breithníodh na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus cuireadh san áireamh iad sa Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí.

1.5.   Sampláil

(13)

In éagmais barúlacha maidir le sampláil, deimhníodh aithrisí (7) go (18) den Rialachán sealadach.

1.6.   Scrúdú aonair

(14)

In éagmais barúlacha maidir leis an roinn seo, deimhníodh aithrisí (19) den Rialachán sealadach.

1.7.   An tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse atá á breithniú

(15)

In éagmais barúlacha maidir leis an tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse atá á breithniú, deimhníodh aithris (27) den Rialachán sealadach.

1.8.   Athrú ar an raon feidhme geografach agus ar na héilimh nós imeachta

(16)

Ón 1 Eanáir 2021 i leith, níl Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) ina cuid den Aontas a thuilleadh. Dá bhrí sin, tá an rialachán seo bunaithe ar shonraí a bhaineann leis an Aontas Eorpach d’uireasa na Ríochta Aontaithe (“AE-27”). Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar an ngearánach agus ar na táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu codanna áirithe dá gcuid freagraí bunaidh i gceistneoir a chur isteach le sonraí le haghaidh AE-27 amháin. Chuir an gearánach agus na táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu isteach na sonraí a iarradh. Ós rud é gurb é is cúis leis an difríocht idir na táscairí maicreacnamaíocha a fhoilsítear sa Rialachán sealadach agus na sonraí maicreacnamaíocha AE-27 na sonraí ó tháirgeoir aonair amháin de chuid na Ríochta Aontaithe a bheith arna n-eisiamh, cuirtear táblaí áirithe sa Rialachán seo ar fáil ina raonta ionas nach nochtfar faisnéis rúnda a bhaineann leis an bpáirtí leasmhar sin.

(17)

I ndáil le dumpáil, níor déanadh ach díolacháin onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairithe sampláilte chuig AE-27 a mheas chun na corrlaigh dhumpála chinntitheacha a ríomh.

(18)

Ar deireadh, ar mhaithe le meas ar leas an Aontais, d’fhiosraigh an Coimisiún tionchar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ar fhreagraí na gceistneoirí a chuir na húsáideoirí agus na hallmhaireoirí isteach, eadhon Marcegaglia Carbon Steel SpA, San Polo Lamiere agus iad siúd a ndearna an Grúpa Líonra Cruach ionadaíocht orthu. Níor thug San Polo Lamiere freagra ar iarratas an Choimisiúin. Is éard a dúirt na páirtithe eile nach raibh aon tionchar ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ar an bhfaisnéis a bhí curtha ar fáil acu cheana féin.

(19)

An 12 Eanáir 2021, trí bhíthin nóta a bhí ag gabháil leis an gcomhad (6), chuir an Coimisiún in iúl do chuideachtaí agus do chomhlachais ón Ríocht Aontaithe nach mbeidís cáilithe a thuilleadh mar pháirtithe leasmhara in imeachtaí cosanta trádála. Níor thug ach an Comhlachas Trádála Idirnáisiúnta Cruach, páirtí atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe a dhéanann ionadaíocht ar leasanna allmhaireoirí agus úsáideoirí a bhí cláraithe mar pháirtí leasmhar, freagra ar an nóta trí iarraidh chuí-réasúnaithe a chur isteach maidir le fanacht ina pháirtí leasmhar san imeacht seo. Tá mol ag an bpáirtí sa Ghearmáin a dhéanann ionadaíocht ar ghnólachtaí ábhartha AE in AE-27, agus ós amhlaidh atá d’aontaigh an Coimisiún leis an iarraidh.

(20)

Mheas GOT gur fhága tarraingt siar na Ríochta Aontaithe nach bhfuil bunús leis na bearta sealadacha a forchuireadh an 7 Eanáir 2021 agus rud neamhdhleathach toisc gur ar shonraí AE28 a bhí siad bunaithe. An 29 Eanáir 2021, d’iarr GOT ar an gCoimisiún deireadh a chur leis na bearta sealadacha agus anailís a dhéanamh a bheadh bunaithe ar shonraí nach mbeadh an Ríocht Aontaithe san áireamh iontu. Chinn an Coimisiún go raibh an iarraidh ó GOT gan bhunús mar na bearta sealadacha is as na torthaí a nochtadh do pháirtithe leasmhara in 2020 a tháinig siad, tráth a bhí 28 mBallstát fós ag an Aontas.

(21)

Ina theannta sin, mhaígh GOT agus péire de na táirgeoirí onnmhairíochta a sampláladh nár cheart go bhfanfadh aon bhearta sealadacha i bhfeidhm níos faide ná 3 mhí i bhfianaise Airteagal 11(2) den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus Poblacht na Tuirce maidir le trádáil táirgí a chumhdaítear leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (“Comhaontú na Tuirce/CEGC”) (7). Bhí an Coimisiún den tuairim áfach nach bhfuil na forálacha in Airteagal 11 de Chomhaontú na Tuirce/CEGC ábhartha ach amháin má dhéanann an Páirtí díobhálaithe an tAirteagal seo a agairt go sonrach. San imscrúdú sin, níor agair an Coimisiún forálacha Airteagal 10 ná Airteagal 11 de Chomhaontú na Tuirce/CEGC agus dá bhrí sin ní raibh sé de cheangal ar an gCoimisiún bearta sealadacha a fhorchur ar feadh tréimhse is giorra ná sé mhí, faoi mar a fhoráiltear sa bhun-Rialachán.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Éilimh maidir leis an raon táirge

(22)

Le linn na céime sealadaí, d’iarr monaróir forc-ardaitheoirí agus comhpháirteanna le haghaidh forc-ardaitheoirí agus meaisíní tógála go n-eisiafaí táirgí cruach barra teo-rollta fada ó raon táirgí an imscrúdaithe. Sa Rialachán sealadach, bhí sé suite go sealadach ag an gCoimisiún go dtiteann táirgí cruach fada le barra teo-rollta lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe seo toisc gur táirge fada é barra teo-rollta fada atá 6-12 méadar ar fhad agus nach táirge cruach comhréidh é.

(23)

Tar éis nochtadh sealadach, rinne an páirtí a iarraidh a athdhearbhú. Thug sé dá aire go raibh na táirgí i dtrácht cumhdaithe fós faoin sainmhíniú ar an táirge agus, dá bhrí sin, go raibh siad faoi réir beart. Dá bhrí sin, d’iarr sé go n-eisiafaí “táirgí is faide ná 6 000 mm” d’fhonn na táirgí céanna a eisiamh, i.e. táirgí áirithe teo-rollta fada a thagann faoi chód AC 7226 91 91, ceann de na cóid AC atá faoi réir beart. Chinn an Coimisiún nach raibh an t-eisiamh infheidhme faoi mar a mhol an páirtí é mar go n-áireofaí ann táirgí áirithe HRFS a raibh sé d’aidhm a gcumhdach faoi na bearta. I dtaca leis sin, thug an gearánach faoi deara gur féidir fad 10 000 mm a chur i bhfeidhm ar chornaí HRFS agus fiú ar tháirgí áirithe den HRFS gearrtha go fad ar leith, agus dá bhrí sin nach saintréith eisiach de chuid na dtáirgí a bhí i gceist san iarratas ar eisiamh. Mar sin féin, d’aontaigh an gearánach nach raibh sé i gceist na táirgí cruach fada teo-rollta sin a chuimsiú faoi raon an imscrúdaithe.

(24)

Mheas an Coimisiún go bhfuil buntréithe éagsúla ag na táirgí a bhí in iarratas an mhonaróra forc-ardaitheoirí thar mar atá ag HRFS, ní mar gheall ar an bhfad atá iontu, ach i ngeall ar an tiús agus an leithead atá iontu, rud a fhágann go bhfuil táirgí éagsúla acu, agus úsáid eile á baint astu. Dá bhrí sin, deonaíodh eisiamh do “táirgí a bhfuil (a) leithead suas go 350 mm iontu agus an leithead sin san áireamh, agus (b) a bhfuil tiús 50 mm nó níos mó iontu, beag beann ar an bhfad atá sa táirge”.

(25)

Nuair a bhí an nochtadh sealadach déanta, d’iarr Erdemir Romania S.R.L. go n-eisiafaí táirgí teo-rollta neamhghráinneacha sileacain, mar a thugtar orthu, rud a thagann faoi chód AC 7225 19 10 toisc go gceannaíonn sé na táirgí sin óna máthairchuideachta Erdemir sa Tuirc amháin, mar gheall ar chleachtais líomhnaithe tháirgeoirí an Aontais (i.e. praghsanna arda agus soláthar teoranta) agus an easpa líomhnaithe iomaíochta le táirgeoirí an Aontais. Is éard a mhaígh Erdemir Rómáin, S.R.L, go mbeadh tionchar diúltach ar an gcuideachta féin agus ar gheilleagar na Rómáine ina iomláine mura ndéanfaí na táirgí atá i dtrácht a eisiamh.

(26)

An iarraidh ar eisiamh thuas, is le soláthar ionchuir HRFS do mhonaróir cruach leictreach sa Rómáin a bhaineann sé, soláthar óna mháthairchuideachta Erdemir sa Tuirc. Is éard a chinn an Coimisiún nach iad na gnéithe céanna atá ag baint le hábhair ionchuir den sórt sin agus atá ag cineálacha eile HRFS, faoi réir ag bearta i dtéarmaí a mbuntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha, maille lena n-úsáidí deiridh agus a gcuid idirmhalartaithe. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh ar eisiamh ar tháirgí teo-rollta sileacain neamhghráin “maighnéadach” a thagann faoi chód AC 7225 19 10. Thairis sin, déanann roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais táirgí teo-rollta neamhghráin sileacain “maighnéadach” a tháirgeadh, táirgí atá in iomaíocht dhíreach le táirgí allmhairithe. Maidir leis an tionchar ar an bpáirtí iarratach, níor léir don Choimisiún cén fáth go mbeadh an neamheisiamh ina rud “tubaisteach” faoi mar a mhaíghirtí, i bhfianaise leibhéal na dleachta frithdhumpála is infheidhme i leith na máthar.

2.2.   Conclúid

(27)

In éagmais aon bharúlacha eile maidir le raon feidhme na dtáirgí, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (28) go (33) den Rialachán sealadach, de réir mar a leasaíodh iad in aithris (24) thuas.

3.   DUMPÁIL

(28)

I ndiaidh nochtadh sealadach agus nochtadh deiridh, fuair an Coimisiún barúlacha i scríbhinn ó na trí tháirgeoir onnmhairíochta a sampláladh agus ón ngearánach maidir leis na torthaí sealadacha agus na torthaí críochnaitheacha dumpála.

3.1.   Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

(29)

In aithrisí (26) agus (56) go (59) den Rialachán sealadach, leagadh amach mionsonraí maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán maidir le faisnéis arna soláthar ag dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin lena mbaineann, maidir leis na costais iompair a thuairiscítear i ndáil le díolacháin ar an margadh intíre.

(30)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin lena mbaineann i gcoinne chur i bhfeidhm sealadach Airteagal 18 den bhun-Rialachán maidir lena gcostais intíre iompair, agus mhaígh siad nár comhlíonadh na coinníollacha maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm sa chás seo. D’áitigh siad freisin, dá mba é a mhalairt de chonclúid a bheadh ag an gCoimisiún, nach bhféadfadh sé ach na costais iompair intíre a bhaineann leis na bealaí seachadta sin a measadh go raibh faisnéis na gcuideachtaí mícheart ina leith a choigeartú.

(31)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis an nochta shealadaigh, chuir sé i gcoinne an méid a mhaígh an tairgeoir onnmhairiúcháin, agus thacaigh sé le cur i bhfeidhm sealadach an Choimisiúin ar Airteagal 18 den bhun-Rialachán maidir le costais iompair a thabhaíonn na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtrácht.

(32)

Tar éis an nochta dheiridh, rinne na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtrácht athdhearbhú a gcuid maíomh. Ar an gcéad dul síos, d’áitigh siad nach raibh gá a thuilleadh le sainaithint na gcostas arna dtabhú chun acmhainní daonna a iompar idir táirgeoir agus cuideachta eile sa ghrúpa ós rud é gur chinn an Coimisiún ríomhanna corrlaigh dumpála ar leith a dhéanamh ar son an dá tháirgeoir onnmhairithe a bhí sa ghrúpa. Ar an dara dul síos, chuir siad i dtíolaic gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a soláthraíodh mar fhreagra ar litir Airteagal 18 agus nár cheart dó ach an costas iompair do bhealaí seachadta a bhaineann le stóras/calafort cuideachta gaolmhaire laistigh den ghrúpa a oiriúnú mar phointe díolacháin nó pointe seachadta idirghabhálaí. Maidir leis sin, d’iarr an chuideachta freisin go dtiocfadh an tOifigeach Éisteachta chun idirghabhála, agus bhí éisteacht ann an 6 Bealtaine 2021.

(33)

Rinne an Coimisiún an maíomh a anailís, agus is é conclúid ar ar tháinig sé go raibh bonn cirt le cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán maidir leis na costais iompair intíre a thabhaíonn na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Ar an gcéad dul síos, cé go ndearnadh ríomhanna ar leith don dá chuideachta tar éis dóibh a dtuairim a nochtadh go sealadach, bhí na cuideachtaí fós ina bpáirtithe gaolmhara agus mar sin ba ábhartha fós na costais inmheánacha iompair. Ar an dara dul síos, ní raibh aon fhaisnéis nua sna doiciméid a chuir na cuideachtaí isteach mar thaca lena n-éileamh, agus ní raibh aon mhiondealú soiléir iomlán iontu ar na bealaí seachadta go léir a bhaineann le díolacháin intíre an táirge atá faoi imscrúdú, rud a chuirfeadh ar chumas an Choimisiúin na hidirbhearta go léir ina raibh trádstóras nó calafort de chuid cuideachta gaolmhaire a bhí páirteach ann ina phointe dáileacháin nó ina phointe díolacháin eatramhach a shainaithint go soiléir agus a chros-seiceáil dá bhrí sin. De réir na faisnéise sa chomhad, ní fhéadfaí a eisiamh go leorchinnte nach raibh aon bhealach seachadta eile ann ina gcaithfí roinnt de na costais inmheánacha iompair a eisiamh freisin.

(34)

Mar thoradh ar mholtaí an Oifigigh Éisteachta, rinne an Coimisiún athmheasúnú ar chomhréireacht an choigeartaithe a rinneadh ar chostais iompair intíre na dtáirgeoirí is onnmhaireoirí. Thug an Coimisiún dá aire nach mbaineann cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán ach le líon teoranta idirbheart díolacháin ar an margadh intíre (thart ar 10 % i gcás táirgeoir onnmhairithe amháin, thart ar 20 % i gcás táirgeoir onnmhairithe eile laistigh den ghrúpa) agus nach gceartaíonn an Coimisiún ach idirbhearta díolacháin a seachadadh chuig an gcustaiméir. Dá bhrí sin, ní dhearnadh aon difear do na lamháltais i gcás fhormhór na n-idirbheart díolacháin intíre. Ina theannta sin, cé gur chuir an Coimisiún na fíricí a bhí ann i bhfeidhm, níor dhiúltaigh sé go hiomlán don liúntas costais iompair. In áit sin a dhéanamh, d’úsáid sé na sonraí iarbhír a sholáthair na cuideachtaí chun meastachán a dhéanamh ar chostais iompair na mbealaí i gcás nach raibh baint ag pointe idirghabhálaí gaolmhar leis. Dá bhrí sin, i bhfianaise na bhfíoras, agus ós gá do na táirgeoirí onnmhairiúcháin bunús a lua leis na liúntais atá á n-éileamh, is éard a mheas an Coimisiún go raibh an cur chuige a glacadh i ndáil leis an liúntas costais iompair le haghaidh idirbheart díolacháin intíre a chinneadh comhréireach agus nach raibh sé míréasúnta.

(35)

Dá bhrí sin, diúltaíodh don éileamh, agus dhearbhaigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (56) go (59) den Rialachán sealadach.

3.2.   Gnáthluach

(36)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (38) go (49) den Rialachán sealadach.

(37)

Nuair atá a chostas táirgthe á bhunú ag an gCoimisiún, is éard a mhaígh táirgeoir onnmhairithe amháin gur cheart dó an costas athríofa a bhaineann le hionchur ceannaithe a thabhairt chun réitigh lena chuid taifead cuntasaíochta féin.

(38)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an éileamh agus chinn sé go raibh údar cuí leis. Is é toradh a bhí ar an modheolaíocht a chuir an Coimisiún i bhfeidhm ag an gcéim shealadach chun costas an ionchuir a ceannaíodh a ath-leithdháileadh d’fhonn an difríocht sa chostas ba thoradh ar dhifríochtaí idir na saintréithe teicniúla a léiriú ná costas iomlán níos airde ar an ionchur sin nach raibh ag teacht le taifid chuntasaíochta an táirgeora onnmhairíochta. Dá bhrí sin, glacadh leis an éileamh agus rinne an Coimisiún athbhreithniú dá réir ar chostas an ionchuir a ceannaíodh sa ríomh cinntitheach.

(39)

Mhaígh táirgeoir onnmhairithe amháin gur cheart don Choimisiún glacadh leis an bhfritháireamh leictreachais a bhí tuairiscithe aige nuair atá a chostas táirgthe á bhunú aige. D’áitigh sé ina chuid conclúidí sealadacha go raibh an Coimisiún míshásta le ról na cuideachta i margadh leictreachais na Tuirce agus le feidhmiú foriomlán chóras YEKDEM, sásra tacaíochta don fhuinneamh in-athnuaite sa Tuirc. Mhínigh an táirgeoir onnmhairiúcháin go ndíolann an t-oibreoir margaidh (EPIAS) leictreachas a ghintear ó fhoinsí inathnuaite le rannpháirtithe sa mhargadh ar phraghas áirithe. Mar sin féin, má bhí praghas an mhargaidh ar ar cheannaigh EPIAS an leictreachas sin níos ísle ina dhiaidh sin, is amhlaidh a aisíocadh an difríocht le ceannaitheoirí an leictreachais. Dá bhrí sin, d’éiligh an chuideachta go bhfuil gá le fritháireamh leictreachais chun a ghlanchostas leictreachais féin a léiriú, an aisíocaíocht san áireamh.

(40)

Rinne an Coimisiún anailís ar na mínithe nua a tugadh, agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh údar cuí leis an maíomh. Dá bhrí sin, glacadh leis an éileamh agus cuireadh an fritháireamh leictreachais san áireamh i gcostas táirgthe i ríomh cinntitheach dumpála na cuideachta.

(41)

D’éiligh táirgeoir onnmhairithe amháin nár cheart don Choimisiún, chun costas táirgthe HRFS a ríomh, ach an costas a bhain le hacmhainní daonna agus acmhainní daonna a dhíol sa tír, costas a chuir sé ar fáil ar leithligh ó chostas an HRFS a onnmhairíodh chuig an Aontas, seachas costas táirgthe HRFS aonair a bhunú tríd an dá thacar sonraí costas a cuireadh ar fáil a chumasc. Mhaígh an chuideachta go raibh neamhaird sa chur chuige sin ar an meascán táirgí a d’fhéadfadh a bheith i gcineál amháin táirge atá sainithe san Uimhir Rialaithe Táirgí (“PCN”) ag brath ar cheann scríbe an mhargaidh.

(42)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis an nochta shealadaigh, chuir sé i gcoinne éileamh an táirgeora onnmhairíochta áit a luaitear, má tá dhá tháirge nó níos mó laistigh den PCN céanna, gur cheart go mbeadh an costas táirgthe céanna orthu, fiú má mheasann an táirgeoir go bhfuil siad éagsúil ina chóras cuntasaíochta costála féin. Dá bhrí sin, ba cheart iad a thuairisc in aon tábla costas táirgthe amháin.

(43)

Tar éis an nochta dheiridh, d’athdheimhnigh an táirgeoir onnmhairiúcháin an t-éileamh nár cheart a mheas agus an gnáthluach á ríomh ach costas an táirgthe le haghaidh díolacháin intíre, costas a tuairiscíodh ar leithligh ó chostas an táirgthe le haghaidh díolacháin chuig an Aontas.

(44)

Mheas an Coimisiún nár léirigh táirgeoir onnmhairithe aon difríochtaí fíorasacha sa chostas táirgthe in aghaidh an chinn scríbe mhargaidh, rud a thabharfadh údar le ríomh ar leithligh na gcostas. Tháinig na difríochtaí líomhnaithe costais chun cinn toisc gur chuir an chuideachta costais táirgthe ar fáil ar bhonn a códaithe inmheánaigh seachas ar bhonn PCNanna. Mheas an Coimisiún nach bhfuil aon chúis ann idirdhealú a dhéanamh idir an costas táirgthe ar tháirgí a dhíoltar sa bhaile agus táirgí a onnmhairítear mura bhfuil aon difríochtaí fíorasacha sa phróiseas táirgthe. Ós rud é nár chuir táirgeoir an onnmhairithe fianaise ar fáil go raibh an próiseas táirgthe le haghaidh onnmhairiú agus le haghaidh díolacháin intíre laistigh den PCN céanna difriúil, chinn an Coimisiún nach bhféadfadh sé glacadh le dhá shraith costas. Dá bhrí sin, diúltaíodh an mhaíomh sin.

(45)

Rinne na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin trácht ar ríomh a SGA intíre, go háirithe maidir le heisiamh nó le hath-leithdháileadh sealadach roinnt ítimí airgeadais mar ioncaim airgeadais, gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí agus ioncaim agus caillteanais urghnácha chun críche SGA a ríomh.

(46)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis an nochta shealadaigh, chuir sé i gcoinne éilimh na dtáirgeoirí onnmhairithe, á rá nach raibh na méideanna eisiata nasctha le táirgeadh ná díolachán an táirge atá faoi imscrúdú ach mar thoradh ar ghníomhaíochtaí eile a rinne na cuideachtaí, taiscí bainc agus oibríochtaí athluachála mar shampla.

(47)

Tar éis an nochta dheiridh, d’athdhearbhaigh na trí tháirgeoir onnmhairithe a n-éilimh maidir le ríomh SGA.

(48)

Cheistigh dhá tháirgeoir onnmhairíochta ghaolmhara an t-athaicmiú a rinne an Coimisiún ar roinnt speansas ó chostais na n-earraí a dhíoltar le SGA nó ó chostas an táirgthe (speansais acmhainne díomhaoin nó soláthar d’ábhar neamhghníomhach mar shampla) cé nárbh ionann luach dó agus speansas áirithe eile a tuairiscíodh faoi chostais na n-earraí a díoladh. D’áitigh na cuideachtaí freisin gur cheart don Choimisiún na gnóthachain/caillteanais malairte eachtraí réadaithe a chur san áireamh chomh maith leis na gnóthachain/caillteanais a eascraíonn as difríochtaí luachála. Ar deireadh, mhaígh na cuideachtaí nár cheart athaicmiú páirteach ar speansais SGA a bhaineann le hiompar ar speansais iomlána SGA a dhéanamh i gcás an trádálaí ghaolmhair sa ghrúpa arae níor thabhaigh sé costais ar iompar inmheánach. Athdhearbhaíodh an t-éileamh sin tar éis an nochta dheiridh bhreise. Go háirithe, mhaígh na táirgeoirí onnmhairiúcháin nach bhféadfadh an tsaincheist a bheith bainteach leis an trádálaí gaolmhar mar is é an chéim dheiridh sa sreabhadh iompair é.

(49)

Maidir le hathaicmiú na gcaiteachas a tuairiscíodh faoi chostais na n-earraí a díoladh, bhí speansais áirithe tuairiscithe ag an gcuideachta, costais nár áiríodh i gcostas táirgthe ná i gcostais SGA. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nár cheart na speansais sin a eisiamh go ó chinneadh an ghnáthluacha gan iad a athaicmiú faoi cheachtar de na catagóirí sin. Ag an am céanna, mheas an Coimisiún nach raibh baint ag na speansais sin gan athrangú le táirgeadh agus/nó díolacháin an táirge atá faoi imscrúdú (e.g. idirbhearta díorthacha) nó leis an nasc le táirgeadh agus/nó díolachán an táirge atá faoi imscrúdú (e.g. difríochtaí i bpraghsanna na n-amhábhar).

(50)

Maidir leis na gnóthachain/caillteanais sa mhalairt eachtrach, mheas an Coimisiún gur toradh iad ar oibríochtaí dúnta na gnóthachain/caillteanais luachála agus dá bhrí sin nach raibh baint acu le táirgeadh agus/nó díolacháin an táirge atá faoi imscrúdú. Thairis sin, mhínigh na cuideachtaí gur as oibríochtaí in EUR nó in TRY a tháinig na gnóthachain/caillteanais malairte eachtraí ós ina USD a bhí a n-airgeadra cuntasaíochta. Ós ina USD a rinneadh na díolacháin intíre, mheas an Coimisiún nach bhféadfaí na gnóthachain/caillteanais malairte eachtraí réadaithe a leagan ar an díolachán intíre agus, dá bhrí sin gur cheart iad a áireamh nuair atá an SGA a úsáidtear i ngnáthchúrsa tástála trádála á chinneadh.

(51)

Ar deireadh, maidir le hathaicmiú na gcostas iompair inmheánaigh, costais ar cuireadh forálacha Airteagal 18 den bhun-Rialachán i bhfeidhm ina leith faoi mar a mhínítear in aithrisí (29) go (35) thuas, a mhéid a bhaineann leis an trádálaí gaolmhar, mheas an Coimisiún gur ar leibhéal an ghrúpa cuideachta a bhí an tsaincheist, lena n-áirítear oibríochtaí an trádálaí lena mbaineann. Maidir leis an trádálaí gaolmhar, thug an Coimisiún dá aire go raibh a háitreabh ag an gcuideachta i gceithre shuíomh. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir a chur as an áireamh gur iompraíodh na hearraí chuig ceann de na suíomhanna eile den chéad uair sular seoladh chuig an gcustaiméir iad nó sular phioc an custaiméir suas iad.

(52)

Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún a chur chuige ag an gcéim shealadach, agus dhiúltaigh sé do na héilimh a thíolaic an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin lena mbaineann.

(53)

Bhí táirgeoir onnmhairithe amháin ann nár aontaigh leis an diúltú a rinne an Coimisiún do ghnóthachain/caillteanais malairte eachtraí, ioncam urghnách, agus ioncam airgeadais a thuairiscigh an chuideachta ina CGT. Ina theannta sin, mhaígh sé gur chuir an Coimisiún deireadh le hioncam airgeadais ach nár bhain sé costais airgeadais as SGA.

(54)

I ndiaidh a cleachtas cuntasaíochta, ní raibh an chuideachta i gceist in ann gnóthachain/caillteanais in airgeadra eachtrach réadaithe a thuairisciú ar leithligh, dhá rud atá nasctha go díreach le táirgeadh agus/nó díolacháin an táirge atá faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, ní raibh an Coimisiún in ann méid iarbhír na ngnóthachan/na gcaillteanas arna dtuairisciú i malairt eachtrach a chinneadh, méid iarbhír a d’fhéadfaí a chur san áireamh agus SGA á ríomh.

(55)

Maidir leis an ioncam urghnách, thug an Coimisiún dá aire gur éiligh an chuideachta ina bharúlacha maidir leis an nochtadh sealadach gur le díolachán agus le gníomhaíochtaí táirgthe a bhaineann ioncam urghnách an táirge atá faoi imscrúdú. Mar sin féin, níor chuir an chuideachta aon fhianaise ar fáil a chruthódh an t-éileamh seo. Ina theannta sin, shoiléirigh an Coimisiún nár dhiúltaigh sé ach don ítim a tuairiscíodh faoin ioncam urghnách, ítim nach bhféadfaí a shuíomh céard ba chineál dó bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir an chuideachta ar fáil.

(56)

Ar deireadh, rinne an Coimisiún breithniú cúramach freisin ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh faoi ioncam airgeadais agus faoi chostas airgeadais. Dhiúltaigh an Coimisiún éileamh na cuideachta faoi ioncam airgeadais mar ní raibh baint aige le gníomhaíochtaí táirgthe agus díolacháin na cuideachta ó lá go lá, ach le hoibríochtaí airgeadais nach mbaineann le táirgeadh agus/nó díolachán an táirge atá faoi imscrúdú. Ina choinne sin, de réir na faisnéise a chuir an chuideachta ar fáil, mheas an Coimisiún gur gníomhaíochtaí táirgthe agus díolacháin HRFS a bhí sna costais airgeadais arna dtabhú ag an gcuideachta lena mbaineann.

(57)

Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún a chur chuige ag an gcéim shealadach, agus dhiúltaigh sé na héilimh a thíolaic an táirgeoir is onnmhaireoir.

(58)

Mhaígh táirgeoir onnmhairithe amháin nár cheart don Choimisiún neamhaird a dhéanamh den fhaisnéis a chuir sé isteach ag an gcéim shealadach, ós amhlaidh nach bhfuil aon fhasach ama ann a cheadódh don Choimisiún sin a dhéanamh, fad a chuirtear an fhaisnéis isteach laistigh de theorainneacha ama an imscrúdaithe agus má tá an páirtí leasmhar a thíolaic an fhaisnéis ag comhoibriú leis an gCoimisiún.

(59)

Ag an gcéim shealadach, chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin atá i gceist in aghaidh cheartuithe sealadacha an Choimisiúin ar a SGA cros-seiceáilte, agus chuir sé tuilleadh sonraí isteach ina leith sin. Rinne an Coimisiún costais áirithe SGA a ath-leithdháileadh ar an gcuideachta ar dtús, lena n-áirítear ionchuir i dtáirgeadh HRFS arna monarú ag an gcuideachta féin. Is cúramach a scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis bhreise a soláthraíodh, agus tháinig sé ar an gconclúid nár chruthaigh an fhaisnéis sin go raibh an modh a d’úsáid an Coimisiún chun SGA a ath-leithdháileadh míréasúnta nó míchuí, go háirithe ó theip ar an táirgeoir na speansais SGA sin a chlárú agus a leithdháileadh i gceart le linn na cian-chros-seiceála (“RCC”), agus ó chomhaontaigh sé, ina bharúlacha ar an nochtadh sealadach, go bhféadfaí an SGA a bhaineann leis na hionchuir a úsáideadh i dtáirgeadh an táirge atá faoi imscrúdú a leithdháileadh ar an táirge sin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(60)

Bhí grúpa táirgeoirí onnmhairithe amháin ann a chuir i gcoinne an chinnidh shealadaigh sonraí costais agus díolacháin an dá eintiteas táirgthe sa ghrúpa a chumasc chun corrlach dumpála an ghrúpa a ríomh. Is éard a mhaígh sé gur cheart don Choimisiún corrlaigh dumpála aonair a ríomh don dá tháirgeoir ina ionad sin, rud a bheadh bunaithe ar a ngnáthluachanna agus a ngnáthphraghsanna onnmhairiúcháin féin, agus ansin meánchorrlach dumpála ualaithe amháin a ríomh le haghaidh an ghrúpa ar fad ar an mbonn sin.

(61)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis an nochta shealadaigh, chuir sé i gcoinne éileamh an táirgeora onnmhairíochta ag rá go raibh an Coimisiún ceart agus é ag déileáil leis na cuideachtaí mar eintiteas amháin i bhfianaise chineál ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an ghrúpa.

(62)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ó sholáthair an dá tháirgeoir onnmhairithe sa ghrúpa a gcuid sonraí féin ar chostas agus ar dhíolacháin ar bhealach inar féidir idirdhealú a dhéanamh idir costais agus sreabhadh díolacháin na dtáirgí arna dtáirgeadh ag an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin faoi seach, sin agus an sreabhadh a leanúint, gur indéanta agus gur chruinne dhá chorrlach dumpála ar leith a ríomh agus iad a chumasc ansin in aon mheánchorrlach ualaithe amháin dumpála don ghrúpa ar fad. Dá bhrí sin, glacadh le maíomh an ghrúpa agus ríomhadh a chorrlach dumpála dá réir sin.

(63)

Mhaígh táirgeoir onnmhairithe amháin go raibh an Coimisiún mícheart ó bhí roinnt speansais acmhainne díomhaoine san áireamh sa chostas táirgthe, agus mhaígh sé nach mbaineann na speansais sin ach le táirgí eile seachas an táirge atá faoi imscrúdú.

(64)

Rinne an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a sholáthair an táirgeoir is onnmhaireoir agus chinn sé go raibh údar maith leis an maíomh. Go deimhin, is mar thoradh ar mhíthuiscint maidir leis an gcatagóir táirgí lena mbaineann na speansais acmhainne díomhaoine sin a cuireadh san áireamh go sealadach iad i gcostas an táirge atá faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, glacadh leis an éileamh agus baineadh costais ghaolmhara na n-acmhainní díomhaoine ó chostas táirgthe an táirgeora is onnmhaireoir.

(65)

Bhí táirgeoir onnmhairithe amháin ann a d’athdheimhnigh an t-éileamh go mbreithneofaí an costas iarbhír a bhaineann le táirgeadh na leacacha (ábhar ionchuir don HRFS) de réir mar a thabhaigh an soláthraí gaolmhar é, seachas an praghas ceannaigh a ghearrann an soláthróir gaolmhar. Ina theannta sin, thug an chuideachta dá haire gur cur chuige iomchuí a bhí ann nó ag an gcéim shealadach rinne an Coimisiún na sonraí a chuir an dá tháirgeoir ghaolmhara ar fáil a chumasc gur ríomh aon chorrlach dumpála amháin.

(66)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis an nochta shealadaigh, chuir sé i gcoinne éileamh an táirgeora onnmhairíochta áit a luaitear gur cheart costas na leacacha a thuairisc mar chostas a thabhaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin. Ós rud é nár aistríodh leacacha ag leibhéal costais ach thuas, bheadh saobhadh ar chostas an tsoláthróra ghaolmhair i bhfianaise costas leacacha an tsoláthróra ghaolmhair.

(67)

Maidir leis na costais a úsáideadh i ríomh an ghnáthluacha, thug an Coimisiún dá aire, de bhun Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán, gur costais iad féin a léireoidh go réasúnta na costais a bhaineann le táirgeadh agus le díol an táirge atá faoi imscrúdú faoi mar a thaifeadtar iad i dtaifid chuntasaíochta na cuideachta. I dtaifid chuntasaíochta an táirgeora onnmhairithe a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh aige, is ar leibhéal an phraghais cheannaigh a íocadh leis an soláthraí lena mbaineann a breacadh costas na leacacha sa leabhar. Praghas díolacháin na leacacha leis an táirgeoir onnmhairiúcháin, is praghas é a bhí inchomparáide leis an bpraghas díolacháin le páirtithe neamhghaolmhara, agus dá bhrí sin is éard a mheas an Coimisiún go léiríonn siad go réasúnta na costais a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge atá faoi imscrúdú. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún gur dhá eintiteas ar leithligh a bhí sa dá tháirgeoir, agus rinne dhá ríomh dumpála ar leith, agus dá bhrí sin ní raibh baint ag an argóint bhreise leis an ríomh cumaisc ag an gcéim shealadach. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún na torthaí a fuair siad ag an gcéim shealadach.

(68)

Mhaígh táirgeoir onnmhairithe amháin go raibh an Coimisiún mícheart i gcoigeartú sealadach costas millíní amhiarainn nuair a bhí sé ag suíomh chostais táirgthe HRFS – coigeartú a rinneadh toisc go raibh costas na millíní sin bunaithe ar na praghsanna ceannaigh ó pháirtithe gaolmhara, i.e. gan praghas iarbhír an mhargaidh a léiriú. Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin freisin, dá ndéanfaí coigeartú, nach bhféadfaí ach cuid de na costais bhreise a leithdháileadh ar tháirgeadh an táirge atá faoi imscrúdú mar úsáidtear millíní iarainn mianra i dtáirgeadh táirgí eile freisin.

(69)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis an nochta shealadaigh, chuir sé i gcoinne mhaíomh an táirgeora onnmhairíochta, agus thacaigh sé le coigeartú an Choimisiúin ar chostas millíní amhiarainn ós rud é nach ar neamhthuilleamaí a bhí na praghsanna ceannaigh a íocadh le heintitis ghaolmhara.

(70)

De bhun Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán, dhearbhaigh an Coimisiún a chonclúid shealadach go raibh gá le coigeartú ar chostas millíní amhiarainn an táirgeora onnmhairiúcháin toisc gur ó pháirtithe gaolmhara a ceannaíodh iad ar fad nach mór ar phraghsanna ar tuigeadh ina dtaobh nach ar neamhthuilleamaí a bhí siad. Dá bhrí sin, cuireadh an praghas ceannaigh in áit na bpraghsanna sin, de réir mar a chuir an chuideachta ar fáil é. Maidir leis an maíomh nár cheart ach cuid de na costais bhreise a leithdháileadh ar tháirgeadh an táirge atá faoi imscrúdú, níor léiríodh é i bhfreagra ceistneora na cuideachta, agus ní fhéadfaí cruinneas na faisnéise sin a chros-seiceáil ag an gcéim dheireanach sin den imscrúdú. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(71)

Tar éis an nochta dheiridh, rinne an táirgeoir onnmhairithe athrá ar an argóint go raibh praghas ceannaigh millíní amhiarainn ó pháirtithe gaolmhara ar neamhthuilleamaí, agus chuir sé in aghaidh an bhealaigh a rinne an Coimisiún an coigeartú sin a ríomh trí na costais bhreise uile a leithdháileadh ar an táirge atá faoi imscrúdú, á mhaíomh go bhfuil millíní iarainn amh-mhianaigh á n-úsáid freisin i dtáirgeadh táirgí eile. Maidir leis an bpointe deireanach, chuir an chuideachta in aghaidh chonclúid an Choimisiúin gur faisnéis nua í an fhaisnéis a cuireadh ar fáil don leithdháileadh speansas, faisnéis nárbh fhéidir a chros-seiceáil.

(72)

Rinne an Coimisiún athmheasúnú cúramach ar na hargóintí agus ar an bhfaisnéis a chuir an chuideachta ar fáil ina chuid barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh. Thug an Coimisiún faoi deara go deimhin gur ndearna soláthróir gaolmhar millíní amhiarainn an t-amhábhar a dhíol leis an táirgeoir onnmhairiúcháin lena mharcáil suas. Mar sin féin, bhí an mharcáil suas i bhfad faoi bhun an leibhéil a mhaíonn an táirgeoir is onnmhaireoir, agus i bhfad faoi bhun na marcála suas a cuireadh i bhfeidhm ar na díolacháin idir na cuideachtaí grúpa i gcomhréir le beartas praghsála aistrithe an ghrúpa agus, dá bhrí sin, ba chosúil nár léirigh sé gur mharcáil suas ar idirbheart ar neamhthuilleamaí a bhí ann. Ina theannta sin, níor chuir an chuideachta aon fhianaise bhreise ar fáil a thabharfadh le fios gur léiriú é an mharcáil suas sin ar leibhéal réasúnta a d’iarr cuideachta trádála neamhspleách. Maidir leis an sciar de mhillíní amhiarainn ceannaithe a úsáideadh i dtáirgeadh HRFS, thug an Coimisiún dá aire gur thuairiscigh an chuideachta ar leithligh gur ceannaíodh amhiarann i bhfoirmeacha éagsúla. Fós féin, rinne an chuideachta costas an amhiarainn a úsáidtear i dtáirgeadh HRFS a thuairisciú gan a thuilleadh miondealaithe, agus dá bhrí sin níorbh fhéidir tomhaltas níos gráinní na millíní amhiarann i dtáirgeadh HRFS a dheimhniú. Ina theannta sin, bhí sé le tuiscint ó na sonraí sa tuarascáil Acmhainneachta a chuir an táirgeoir onnmhairithe isteach mar iarscríbhinn a ghabhann lena chéad cheistneoir freagra go raibh gach millíní amhiarainn ceannaithe in úsáid go hiomlán chun HRFS a tháirgeadh sa chainníocht a thuairiscigh an chuideachta. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh go mór.

(73)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh táirgeoir onnmhairithe amháin nár cheart don Choimisiún costais bhreise SGA a chur leis an díolacháin intíre a dhéanann sé trí tháirgeoir gaolmhar sa ghrúpa, chun rannpháirtíocht trádálaí ghaolmhair a léiriú. Mhaígh an táirgeoir onnmhairíochta sin go háirithe gur i gcomhréir le beartas praghsála aistrithe an ghrúpa a thug an chuideachta ghaolmhar a raibh baint aici leis na díolacháin intíre sin sonrasc faoi na díolacháin thabhaithe agus na speansais ghinearálta lena n-áirítear marcáil suas. Dá bhrí sin, de réir tháirgeoir an onnmhairithe, na costais a thabhaigh an trádálaí gaolmhar, is costais iad a bhí léirithe ina SGA cheana féin. Chun na críche sin, thagair an táirgeoir onnmhairiúcháin do chostas seirbhíse grúpa a ghearrann an chuideachta ghaolmhar.

(74)

Thug an Coimisiún dá aire, ar an gcéad dul síos, gur ghlac sé cur chuige coimeádach chun SGA an trádálaí a bhí páirteach i ndíolacháin intíre a léiriú trí gan SGA iarbhír an táirgeora onnmhairíochta lena mbaineann a úsáid ach trí SGA cuideachta eile sa ghrúpa a úsáid, grúpa a bhí ag gníomhú mar thrádálaí glan i gcás idirbheart áirithe díolacháin intíre. I ndáil leis sin, mheas an Coimisiún go mbeadh díréir in airde SGA an táirgeora onnmhairiúcháin ghaolmhair, sin agus go bhféadfaí a mheas go bhfuil SGA an trádálaí lena mbaineann ag leibhéal réasúnta le haghaidh na bhfeidhmeanna a rinne an táirgeoir gaolmhar ar dhíolacháin intíre. Ina theannta sin, chinn an Coimisiún gur fíor gur ghearr an táirgeoir onnmhairiúcháin gaolmhar muirear ar an táirgeoir onnmhairiúcháin atá i gceist ar sheirbhísí grúpa. Ar bhonn na faisnéise a chuir na cuideachtaí ar fáil, ní raibh an Coimisiún in ann a chinneadh ar bhain na seirbhísí faoi shonrasc a cuireadh chuig an táirgeoir onnmhairiúcháin leis na costais a tabhaíodh in athdhíol an táirge atá faoi imscrúdú ar an margadh intíre, ós rud é gur marcáladh na hidirbhearta ar fad a cuireadh sna cuntais agus/nó na sonraisc a eisíodh mar sheirbhísí grúpa amháin. Ina theannta sin, na speansais ar sheirbhísí grúpa a cuireadh in áirithe i gcuntais an táirgeora onnmhairíochta, speansais a leithdháiltear ar an táirge atá faoi imscrúdú, ní raibh iontu ach codán diomaibhseach den glandíolachán. I bhfianaise na héiginnteachta maidir le cineál na seirbhísí grúpa atá curtha in áirithe i gcuntais an táirgeora onnmhairiúcháin atá i gceist, agus i bhfianaise chur chuige coimeádach an Choimisiúin ón tús, dhiúltaigh an Coimisiún don éileamh.

3.3.   Praghas onnmhairiúcháin

(75)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithrisí (50) agus (51) den Rialachán sealadach. In éagmais aon trácht maidir leis an roinn seo, dhearbhaigh an Coimisiún a chuid conclúidí sealadacha.

3.4.   Comparáid

(76)

Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aithrisí (52) go (68) den Rialachán sealadach.

(77)

D’athdhearbhaigh táirgeoir onnmhairithe amháin a éileamh gur eintiteas eacnamaíoch aonair é maille lena thrádálaí gaolmhar atá lonnaithe sa Tuirc, eintiteas a dhíol an táirge atá faoi imscrúdú leis an Aontas le linn IP agus, dá bhrí sin, eintiteas a chuir in aghaidh na gcoigeartuithe a rinneadh go sealadach ar a phraghas onnmhairiúcháin faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán. Rinne an chuideachta tagairt do chásanna Cúirte a bhí ann roimhe seo, go háirithe maidir le honnmhairí díreacha teoranta ón táirgeoir a bheith ann, agus mhaígh siad nár leor iad chun diúltú do mhaíomh an aon eintitis eacnamaíoch amháin. D’éiligh an chuideachta freisin nach mbaineann díolacháin dhíreacha intíre a bheadh ag an táirgeoir le hábhar agus cinneadh an ann d’eintiteas eacnamaíoch amháin ó thaobh an onnmhairithe de, agus gur gné bhunriachtanach é go bhfuil rialú ag an táirgeoir ar an trádálaí gaolmhar agus an t-éileamh á mheasúnú.

(78)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis an nochta shealadaigh, chuir sé i gcoinne maíomh an táirgeora onnmhairithe agus dúirt gur léirigh na díolacháin dhíreacha a rinne an t-eintiteas táirgthe go ngníomhaíonn an trádálaí ina athdhíoltóir gaolmhar, agus gur thacaigh sé le coigeartuithe an Choimisiúin ar an bpraghas onnmhairiúcháin.

(79)

Rinne an Coimisiún anailís ar na barúlacha agus ar an bhfianaise faoin gcomhad, go háirithe an creatchonradh idir an táirgeoir agus a thrádálaí gaolmhar. Thug an Coimisiún dá aire go mbunaítear leis an gcreatchonradh seo coimisiún a bheidh le híoc ar earraí a díoladh, agus thug sé faoi deara gurb é an monaróir a choinnigh na dualgais a bhaineann de ghnáth le roinn díolacháin, cé go raibh dualgais an trádálaí ghaolmhair ar aon dul le dualgais gníomhaire atá i mbun seirbhíse maidir le honnmhairí an mhonaróra. Bhí sé sin ag teacht freisin leis na costais díola a bhí i bhfad níos airde ar an táirgeoir is onnmhaireoir. Níor soláthraíodh aon fhaisnéis bhreise faoin gcaidreamh conarthach idir an táirgeoir agus an trádálaí gaolmhar. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid mar sin go raibh clásail sa chreatchonradh nach raibh i gcomhréir leis an maíomh gur léirigh réaltacht eacnamaíoch an chaidrimh idir an trádálaí gaolmhar agus an monaróir an gaol idir monaróir agus roinn inmheánach díolacháin. Seachas sin, bhí an monaróir ag déileáil go díreach leis na díolacháin, cé go ndearna an trádálaí gaolmhar gníomhaíochtaí a bhain le honnmhairí thar ceann an mhonaróra, sin mar mhalairt ar tháille choimisiúin. Nuair a cuireadh san áireamh leis na torthaí ag an gcéim shealadach go ndearna an monaróir díolacháin dhíreacha freisin, is é conclúid ar ar tháinig an Coimisiún gur ghá an t-éileamh ar eintiteas eacnamaíoch aonair a dhiúltú. Dá bhrí sin, dhearbhaigh an Coimisiún a chinntí sealadacha faoi mar a leagtar amach iad in aithrisí (54) go (55) den Rialachán sealadach.

(80)

Maidir le hábharthacht díolachán díreach onnmhairiúcháin, tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, go bunúsach d’athdhearbhaigh an táirgeoir onnmhairithe na hargóintí a rinneadh ina bharúlacha maidir leis an nochtadh sealadach, argóintí ar tugadh aghaidh orthu in aithris (54) den Rialachán sealadach agus in aithris (79) thuas.

(81)

Chuir an táirgeoir onnmhairithe i dtásc freisin nach ionann na díolacháin onnmhairiúcháin sin, an chuid is mó díobh, agus fíordhíolacháin onnmhairiúcháin ach gur le ceannaitheoirí intíre a dhéanfaí iad faoi chórais dhlíthiúla nó custaim speisialta. Thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil an córas dlí a ghabhann le díolacháin onnmhairiúcháin cinntitheach maidir le measúnú a dhéanamh an díolacháin onnmhairiúcháin iad na díolacháin nó nach ea; agus ó rinneadh díolacháin dhíreacha den sórt sin, sa bhreis ar na cinn a rinneadh ar an margadh intíre, sin fianaise go raibh feidhmeanna díolacháin ag an táirgeoir fós.

(82)

Ina theannta sin, mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin ós gan rannpháirtíocht an trádálaí ghaolmhair agus ós go díreach a rinne an tairgeoir na díolacháin intíre ina n-iomláine, nach rud é atá ábhartha don chinneadh an ann d’eintiteas eacnamaíoch aonair maidir leis na díolacháin onnmhairiúcháin. Thug an Coimisiún dá aire gur léirigh an fíoras sin go bhfuil roinn lánfheidhme inmheánach díolacháin ag an táirgeoir, rud is fachtóir ábhartha, agus gur thug an Chúirt Ghinearálta aitheantas dó amhlaidh (8).

(83)

Chuaigh an táirgeoir onnmhairithe i muinín roinnt argóintí maidir leis an gcreat-chomhaontú a chuir sé i gcrích lena thrádálaí lena mbaineann. D’áitigh sé gurb é an fáth a bhfuil conradh den sórt sin ann idir an táirgeoir is onnmhaireoir agus an trádálaí gaolmhar gurb é “fianaise dhoiciméadach a bheith ann i gcás iniúchadh rialtais/cáin agus rialacha maidir le praghsáil aistrithe” é. I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire, cé go bhféadfadh an comhaontú idir an táirgeoir onnmhairithe agus a thrádálaí gaolmhar a bheith ábhartha ar chúiseanna cánach freisin, nach lúide is fíor sin go sonraítear go soiléir sa gcomhaontú go ndearna an trádálaí gaolmhar seirbhísí onnmhairiúcháin in aghaidh coimisiún a íoc ar bhonn díolacháin a rinneadh. Dheimhnigh an táirgeoir onnmhairíochta freisin go sonraítear go soiléir sa chomhaontú gurb é an táirgeoir onnmhairiúcháin (an monaróir) atá freagrach as custaiméirí a aimsiú agus na conarthaí agus na socruithe is gá a dhéanamh leis na custaiméirí sin. Is é tuairim an Choimisiúin gur léirigh an méid sin go bhfuil a roinn díolacháin féin ag an táirgeoir onnmhairiúcháin a fheidhmíonn go hiomlán le haghaidh díolacháin onnmhairiúcháin agus, dá bhrí sin, nach raibh an trádálaí gaolmhar ag feidhmiú mar roinn inmheánach díolacháin an táirgeora onnmhairíochta. Ina theannta sin, dealraíonn sé go dtugann argóint an táirgeora onnmhairithe le tuiscint nach bhféadfaí coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán a dhéanamh ach amháin i gcásanna ina gcuirtear an tsraith iomlán gníomhaíochtaí a dhéanann roinn díolacháin de ghnáth de chúram ar an trádálaí gaolmhar. Níl sé sin ceart. Pléann Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán le “coimisiúin arna n-íoc i leith díolacháin atá faoi chaibidil” (díolacháin onnmhairiúcháin sa chás seo) gan aon cháiliú breise maidir leis an gcineál seirbhísí a chuirtear i gcrích. Is é cuspóir atá le coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán a áirithiú go ndéanfar an coigeartú cuí ar aon choimisiún a íoctar le gníomhaire as díolacháin onnmhairiúcháin chun luach saothair a thabhairt do na seirbhísí a dhéanann an gníomhaire sin i ndáil leis na gníomhaíochtaí díolacháin sin, beag beann ar na seirbhísí sin atá i gceist, d’fhonn an inchomparáideacht le díolacháin intíre a áirithiú. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh.

(84)

An soláthar sa chonradh nach féidir aon bhrabús nó caillteanas ó na hoibríochtaí a bhaineann le honnmhairiú táirgí fanacht laistigh den trádálaí gaolmhar, d’éiligh an táirgeoir onnmhairiúcháin freisin nach réitíonn sin leis an gcoincheap go mbeadh feidhmeanna ag an trádálaí gaolmhar atá cosúil le feidhmeanna gníomhaire a oibríonn ar bhonn coimisiúin, toisc nach nglacfadh gníomhaire leis go n-aistreofaí a bhrabúis (iomlána) ar ais chuig an gcuideachta táirgthe agus nach ndéanfaí é a chúiteamh ach as costais atá nasctha le seiceáil litreacha creidmheasa, le doiciméid a shocrú le haghaidh imréiteach custaim, lena n-áiritheofaí go n-ullmhófaí an íocaíocht onnmhairiúcháin is gá. Thug an Coimisiún dá aire go léiríonn na socruithe airgeadais idir an táirgeoir onnmhairiúcháin agus an trádálaí gaolmhar na gníomhaíochtaí agus na feidhmeanna atá geallta ag an trádálaí gaolmhar, de réir an chomhaontaithe, a ghabháil de láimh ar luach saothair. An coigeartú a rinne an Coimisiún, agus Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán á chur i bhfeidhm de réir analaí, calabraíodh é chun freastal ar na feidhmeanna sin agus chun an luach saothair cuí i leith na seirbhíse a thugtar ar bhonn neamhthuilleamaí a léiriú. Dá bhrí sin, má fhaigheann an trádálaí gaolmhar luach saothair ar bhonn táille coimisiúin a chumhdaíonn na seirbhísí onnmhairiúcháin arna soláthar don táirgeoir onnmhairiúcháin, léiríonn sin gur thar ceann an táirgeora onnmhairithe a dhéanann an trádálaí gaolmhar na seirbhísí comhaontaithe ach nach ndéanann sé luach saothair leordhóthanach lena n-áirítear brabús réasúnta. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh.

(85)

D’áitigh an táirgeoir onnmhairíochta freisin nach gcuirtear cosc ar eintiteas eacnamaíoch amháin a bheith ann toisc gur choinnigh sé roinnt dualgas a bhaineann le roinn díolacháin de ghnáth. De réir an táirgeora onnmhairíochta, is é an cásdlí seanbhunaithe é go bhféadfadh monaróir agus cuideachta trádála a bheith ina n-eintiteas eacnamaíoch amháin fiú nuair a dhéanann an monaróir féin feidhmeanna díolacháin áirithe. Thug an Coimisiún dá aire, de réir théarmaí an chomhaontaithe, gur choinnigh táirgeoir na n-onnmhairí formhór na ndualgas a bhaineann le roinn díolacháin, sin nó na dualgais go léir. Faoi mar a luadh cheana in aithris (83) thuas, tagann sé sin salach ar éileamh an táirgeora onnmhairithe gur mar roinn inmheánach díolacháin atáthar le féachaint ar an trádálaí gaolmhar. Seachas sin, déanann an trádálaí gaolmhar, faoi mar a mheabhraigh an táirgeoir onnmhairiúcháin féin iad, feidhmeanna breise a chomhlíonadh maidir le díolacháin onnmhairiúcháin ar luach saothair nó coimisiúin. Ba faoi na coimisiúin sin a rinneadh an coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán.

(86)

Thug an Coimisiún faoi deara go ndearna táirgeoir onnmhairithe tagairtí iomadúla do na cúinsí fíorasacha atá i réim in imscrúdú agus i mbreithiúnas Musim Mas (9). Go bunúsach, is cosúil gurbh éard a bhí an táirgeoir onnmhairithe a thabhairt le tuiscint, toisc nach bhfuil a staid fíorasach féin cosúil le staid Musim Mas, nach bhfuil údar leis an gcoigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán. Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. An tuillteanas a bheadh le coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán, ní mór sin a scrúdú ar bhonn na bhfíoras atá i ngach cás faoi seach, agus ar bhonn iomláine na fianaise atá ar fáil don Choimisiún. Níor leagadh síos i mbreithiúnas Musim Mas íoschaighdeán a chaithfí a shásamh i ngach cás. Seachas sin, d’aontaigh an Chúirt in Musim Mas leis an measúnú a rinne an Chomhairle bunaithe ar na fíricí a tugadh faoi deara sa chás sin. I gcás ar bith, faoi mar a meabhraíodh thuas, tá roinnt fíricí ábhartha in Musim Mas le sonrú freisin i staid an táirgeora onnmhairiúcháin agus thar aon ní eile is ábhartha go bhfuil comhaontú ann nach bhfuil ag teacht leis an tuairim gurbh é an trádálaí gaolmhar de facto roinn díolacháin inmheánach an ghrúpa.

(87)

D’éiligh an táirgeoir onnmhairiúcháin freisin gur tosca ábhartha agus eintiteas eacnamaíoch aonair á chinneadh gurb ann do rialú an táirgeora onnmhairithe ar an trádálaí gaolmhar, nach mbíonn an trádálaí gaolmhar ag ceannach ó sholáthraithe neamhghaolmhara, agus go bhfuil an táirgeoir onnmhairiúcháin agus an trádálaí gaolmhar lonnaithe ag aon seoladh amháin.

(88)

I ndáil leis an méid sin, thug an Coimisiún dá aire nach gá go dtaispeánfadh na tosca ar fad ina n-aonar nach ann d’aon eintiteas eacnamaíoch amháin ann idir an táirgeoir onnmhairiúcháin agus an trádálaí gaolmhar. Seachas sin, ní mór don Choimisiún na coinníollacha lena rialaítear an caidreamh idir an táirgeoir onnmhairiúcháin agus an trádálaí gaolmhar a chur san áireamh go hiomlán. Rialú a bheith á dhéanamh ní rud diúscartach sin don chinneadh nach bhfuil an trádálaí gaolmhar ina roinn díolacháin inmheánach, ach rud a sholáthraíonn cineálacha éagsúla seirbhísí laistigh den ghrúpa, sa chás seo seirbhísí a bhaineann le honnmhairiú. Má sholáthraíonn an trádálaí gaolmhar seirbhísí onnmhairiúcháin mar mhalairt ar tháille choimisiúin don táirgeoir onnmhairiúcháin agus don táirgeoir sin amháin chomh maith lena shuíomh, ní thaispeánann sin ach nach ndéanann an trádálaí gaolmhar na seirbhísí céanna do chustaiméirí eile ag an gcéim seo. Ní chiallaíonn sé sin gurb é an trádálaí gaolmhar roinn inmheánach díolacháin an táirgeora onnmhairíochta.

(89)

Ar bhonn an mhéid thuas, is éard a mheas an Coimisiún dá bhrí sin, sa chás seo, go raibh an trádálaí gaolmhar ag comhlíonadh feidhmeanna gníomhaire a bhíonn ag déileáil le gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin an táirgeora onnmhairithe, go háirithe na litreacha creidmheasa a fuarthas a sheiceáil, doiciméid a bhaineann le himréiteach agus luchtú custaim a shocrú agus obair leantach a dhéanamh orthu, na doiciméid onnmhairiúcháin is gá a ullmhú tar éis iad a lódáil agus nósanna imeachta a bhaineann le honnmhairiú a chur i gcrích, amhail bailiú chostas na n-earraí a áirithiú. Íocadh an trádálaí gaolmhar trí choimisiún ar bhonn na ndíolachán a rinneadh. Ós rud é go ndearna an caidreamh laistigh de ghrúpa difear don luach saothair sin, agus toisc gur cuireadh Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán i bhfeidhm de réir analaí, measadh gurbh iomchuí corrlach réasúnach brabúis a úsáid chun aon éifeachtaí saofa a d’fhéadfadh eascairt as socruithe inmheánacha idir an táirgeoir onnmhairiúcháin agus an trádálaí gaolmhar a sheachaint (10).

(90)

Mar fhocal scoir, diúltaíodh an maíomh ar na cúiseanna ar fad a leagtar amach in aithris (54) den Rialachán sealadach agus in aithrisí (79) go (88) thuas.

(91)

D’athdhearbhaigh dhá tháirgeoir onnmhairithe an maíomh gur ar bhonn ráithiúil ba cheart don Choimisiún dumpáil a ríomh.

(92)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis an nochta shealadaigh, chuir sé i gcoinne maímh na dtáirgeoirí onnmhairithe agus dúirt nach raibh luach ar ríomh ráithiúil dumpála sa chás seo mar bhí mionathruithe costais ann chomh maith le boilsciú agus dímheas lira na Tuirce agus nár údar maith dá réir sin dul i muinín an chur chuige ráithiúil.

(93)

Ós rud é nár chuir an dá chuideachta aon fhianaise nua ar fáil a léireodh go raibh bunús lena maíomh agus a d’athródh measúnú an Choimisiúin, ba é conclúid an Choimisiúin deimhniú na dtorthaí sealadacha a leagtar amach in aithrisí (64) go (68) den Rialachán sealadach agus diúltú don mhaíomh.

(94)

Tar éis an nochta dheiridh, rinne táirgeoir onnmhairiúcháin amháin an t-éileamh ar ríomh ráithiúil dumpála arís. Ina theannta sin, rinne an chuideachta comparáid idir an luaineacht costas, agus meánrátaí boilscithe agus díluacháil lira na Tuirce ar na corrlaigh sladghearrtha a aimsíodh, chun tábhacht líomhnaithe na gcorrlach a luadh a léiriú. Ar deireadh, thug an chuideachta dá haire, cé go ndéanann an Coimisiún foráil maidir le meicníocht innéacsaithe praghsanna amhábhar in aon nós imeachta gnóthais, nár cuireadh luaineacht praghsanna den sórt sin san áireamh sa chás seo le haghaidh ríomh an chorrlaigh dumpála.

(95)

Níor chuir an chuideachta aon fhaisnéis nua ar fáil chun an bunús a bhí lena mhaíomh a léiriú. Faoi mar a leagadh amach in aithris (68) den Rialachán sealadach, mheas an Coimisiún, murab ionann agus éileamh an táirgeora onnmhairithe, go ndearna an luaineacht i gcostas ráithiúil an táirgthe difear don cheathrú cuid de IP den chuid is mó, agus gur díoladh an táirge atá faoi imscrúdú ar fud an IP ar fad, agus nach raibh an ráta boilscithe ná díluacháil lira na Tuirce chomh mór go n-imeofaí ó chleachtas comhsheasmhach an Choimisiúin corrlach dumpála a ríomh ar bhonn bliantúil. An chomparáid a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin idir leibhéal na gcorrlach sladghearrtha agus na ndifríochtaí costais, an boilsciú agus an díluacháil le linn an IP, ba chomparáid gan dlisteanacht é mar is le dhá mheasúnú iomlán difriúil bhain sé, dhá mheasúnú nach raibh baint dhíreach acu lena chéile. Maidir leis na sásraí innéacsaithe praghsanna i ngnóthais, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil siad riachtanach chun íosphraghas allmhairiúcháin iomchuí a choimeád d’fhonn mí-úsáid agus imghabháil a sheachaint, agus ar an gcaoi sin deireadh leordhóthanach a chur leis an dumpáil agus leis an díobháil arna suí. Is le scrúdú ar thréimhse atá caite a bhaineann suí na dumpála agus na díobhála agus dá bhrí sin ní dhá chás inchomparáide iad.

(96)

Chuir táirgeoir onnmhairithe amháin agus dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin ghaolmhara i gcoinne diúltú sealadach coigeartú comhshó airgeadra a d’éiligh siad mar gheall ar chonarthaí fálaithe atá gaolmhar lena gcuid díolachán leis an Aontas. Baineann an t-éileamh leis an ráta malairte eachtraí atá le húsáid agus leis an luach díolacháin ina airgeadraí eachtracha (euro sa chás seo) á thiontú go hairgeadra na tíre onnmhairithe (lira na Tuirce nó TRY). Is éard a d’agair na cuideachtaí forálacha Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán “[...] nuair a bhíonn díol airgeadra eachtraigh ar mhargaí réamhdhíola nasctha go díreach leis an díolachán onnmhairiúcháin lena mbaineann, is é an ráta malartaithe a úsáidfear sa réamhdhíol”.

(97)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis an nochta shealadaigh, chuir sé i gcoinne mhaíomh na dtáirgeoirí gur próiseas inmheánach atá san fhálú, agus nach féidir leis na cuideachtaí a áitiú gurbh airde don phraghas díolacháin gan an fálú, mar ní léir go mbeadh praghas ní ba airde íoctha ag na custaiméirí.

(98)

Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán infheidhme i gcásanna ina bhfuil gá le comhshó airgeadra chun comparáid a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin. Is é an cleachtas buan comparáid den sórt sin a dhéanamh in airgeadra na tíre lena mbaineann. Dá bhrí sin, sa chás seo, d’úsáid an Coimisiún lira na Tuirce mar airgeadra comparáide. Rinne an dá chuideachta a éilíonn an coigeartú comhshó airgeadra na hidirbhearta díolacháin onnmhairiúcháin sin a bhí ainmnithe ina euro a fhálú. I ngach cás, an riosca comhshó airgeadra a eascraíonn as na hidirbhearta sin, is riosca é a rinneadh a chomhshó le dollar na Stát Aontaithe. Ós i lira na Tuirce a rinneadh an chomparáid, agus ó tiontaíodh gach idirbheart euro go lira na Tuirce gan comhshó idirmheánach go dollar SAM, faoi mar a rinneadh gach díolachán intíre i lira na Tuirce, mheas an Coimisiún nach raibh an ráta comhshó idir an euro agus dollar na Stát Aontaithe a comhaontaíodh sna conarthaí fálaithe ábhartha chun críche na comparáide. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún maíomh na dtrí tháirgeoir onnmhairiúcháin.

(99)

Tar éis an nochta dheiridh, rinne na trí tháirgeoir onnmhairithe a éileamh eile ar choigeartú comhshó airgeadra ar dhíolacháin leis an Aontas, chun cuntas a thabhairt i leith oibríochtaí fálaithe ar an riosca airgeadra a eascraíonn as idirbhearta in euro. D’áitigh siad athuair, beag beann ar an airgeadra a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna, go bhfuil tionchar suntasach ag an ngnóthú nó ag an gcaillteanas a eascraíonn as an ráta comhshó tráth an fhálaithe ar an gcomparáid idir na praghsanna. Go háirithe, thug siad sampla teoiriciúil d’ordú díolacháin intíre le praghas aonaid i ndollair SAM a comhaontaíodh ar lá ar leith agus d’ordú díolacháin onnmhairiúcháin leis an bpraghas aonaid céanna i gcoibhéis EUR a comhaontaíodh an lá céanna. Nuair a dhéantar na horduithe díolacháin a sheachadadh ar an lá céanna, agus nuair a aistrítear an luach sonraisc go díreach ó airgeadra an tsonraisc go TRY, tharlódh dumpáil mar thoradh ar an gcomparáid ainneoin go raibh an praghas a comhaontaíodh sa dá ordú díolacháin mar an gcéanna ar dháta na n-orduithe díolacháin. Is éard a mhaígh siad ansin gur cheart coigeartú le haghaidh fálaithe a dhéanamh ar bhonn Airteagal 2(10)(j) nó Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán.

(100)

Rinne an Coimisiún anailís ar an maíomh, go háirithe an sampla teoiriciúil, áit a líomhnaítear gur cheart an ráta malairte sna conarthaí fálaithe a chur san áireamh chun críche comparáid idir na praghsanna. Ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún faoi deara, cé go raibh an sampla ceart ó thaobh na matamaitice de, níor léirigh sé fírinne ghníomhaíochtaí gnó na gcuideachtaí ná na ríomhanna corrlaigh dumpála. Go háirithe, tugtar le tuiscint leis an sampla go ríomhtar an corrlach dumpála trí chomparáid a dhéanamh idir dhá idirbheart aonair a dhéantar ag an am céanna, rud nach ionann agus an gnáthluach agus an meánphraghas onnmhairiúcháin arna chinneadh le linn an IP do gach cineál táirge á chur i gcomparáid ag an gCoimisiún. Ar an dara dul síos, ghlac an sampla leis gur ag am céanna mórán a chomhlíontar gach ordú díolacháin a thugtar i gcrích ar lá áirithe, rud ar léiríodh é a bheith mícheart. Go deimhin, rinne ceann amháin de na táirgeoirí onnmhairiúcháin maíomh ar leith go raibh an t-aga tionscanta idir an táirgeadh a thabhairt chun críche agus an bailiú earraí a dhéanann an custaiméir i bhfad níos faide ar an margadh intíre i gcomparáid leis na díolacháin onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, fuarthas go raibh an sampla a thug na cuideachtaí míchruinn maidir leis an gcás atá idir lámha. Ina theannta sin, níor chuir aon cheann de na cuideachtaí fianaise ar fáil faoin idirbheartaíocht gur i bpraghas dollar SAM a bhí a gcuid díolachán onnmhairiúcháin arna n-ainmniú in EUR an chéad lá. A mhalairt go deimhin, mar bhí conarthaí díolacháin agus/nó orduithe díolacháin na n-idirbheart díolacháin onnmhairiúcháin sin ainmnithe go díreach in EUR gan aon tagairt do dhollar SAM. Dá bhrí sin, measadh nach mbaineann comhshó ó EUR go TRY trí dhollar SAM le hábhar. Mar thoradh air sin, is amhlaidh a dhiúltaigh an Coimisiún don choigeartú a éilítear ar bhonn Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán.

(101)

Ina theannta sin, cé gur maíodh go raibh na cuideachtaí in ann na hidirbhearta onnmhairiúcháin a nascadh le hoibríochtaí fálaithe aonair, d’fhéadfaí iad sin a choigeartú tar éis an díolacháin, agus ina lán cásanna, ag brath ar an gcaoi ar fhorbair an t-ionchas airgeadais agus chun an tairbhe is fearr is féidir a bhaint as toradh na gcuideachtaí. Dá bhrí sin, níor mheas an Coimisiún go bhféadfaí an fálú a nascadh go díreach leis an díolachán onnmhairiúcháin lena mbaineann, agus go mbeadh baol ann go ndéanfaí an praghas onnmhairiúcháin iarbhír a shaobhadh dá gcuirfí an réamhphraghas díolacháin san áireamh.

(102)

Dhiúltaigh an Coimisiún don éileamh freisin ar bhonn Airteagal 2(10)(k), ó nár chuir na cuideachtaí aon fhianaise ar fáil gur íoc custaiméirí praghsanna éagsúla go comhsheasmhach ar an margadh baile mar thoradh ar a gcuid gníomhaíochtaí fálaithe.

(103)

Chuir dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin i gcoinne diúltú sealadach do roinnt coigeartuithe a d’éiligh siad ar dhíolacháin intíre, ceann amháin a bhain le scéim aisíoca dleachta, agus ceann eile a bhain le fardal ina mbeadh coigeartú ar chostais. Chuir ceann amháin acu in aghaidh na dtéarmaí íocaíochta a úsáideann an Coimisiún chun a chostais chreidmheasa intíre a ríomh.

(104)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis an nochta shealadaigh, chuir sé i gcoinne mhaímh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Maidir le haisíoc dleachta, luaigh sé nach féidir ach costais theoiriciúla a úsáid mar choigeartú ós rud é nach féidir nasc soiléir a bhunú idir na táirgí a onnmhairíodh agus na dleachtanna nár íocadh ar ionchuir allmhairithe. Maidir leis an bhfardal ina n-iompraítear costas, thacaigh an gearánach leis an diúltú a rinne an Coimisiún do choigeartú den sórt sin mar gur theip ar an gcuideachta atá i gceist a shuí go bhfuil na praghsanna intíre níos airde i gcás táirgí a fhágtar níos faide sa stóras.

(105)

Ós rud é nár chuir na cuideachtaí aon fhianaise nua ar fáil maidir leis an gcoigeartú ar aisíocaíocht dleachta a d’athraigh measúnú sealadach an Choimisiúin, deimhníodh na torthaí a leagtar amach in aithrisí (60) go (63) den Rialachán sealadach, agus diúltaíodh an maíomh. Baineann an fardal ina n-éilítear coigeartú costas arna éileamh ag táirgeoir onnmhairiúcháin amháin faoi Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán leis an bhfíric go raibh moill ar na custaiméirí, i gcás roinnt dá dhíolacháin intíre, ag bailiú na n-earraí, agus fágadh níos faide i stóras na cuideachta iad dá bhrí sin. Maidir leis an maíomh sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ós rud é nach raibh an chuideachta in ann an costas líomhnaithe sin a nascadh le hidirbhearta díolacháin aonair nó le custaiméirí sonracha, ní raibh sé in ann a léiriú go raibh tionchar ag an bhfardal ar chostas iompair ar phraghsanna intíre, gur ghá an t-éileamh a dhiúltú. Maidir leis na téarmaí íocaíochta a úsáideadh chun costais chreidmheasa intíre a ríomh, níor chuir an chuideachta lena mbaineann aon fhianaise nua ar fáil a d’athródh cur chuige sealadach an Choimisiúin, i.e. chun teacht in ionad na dtéarmaí íocaíochta a tuairiscíodh, téarmaí a cinneadh le linn RCC a bheith ar neamhréir leis na téarmaí a comhaontaíodh ar na conarthaí díolacháin gaolmhara, le sraith téarmaí íocaíochta níos cruinne arna soláthar ag an gcuideachta agus cros-seiceáilte le linn RCC. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(106)

Tar éis an nochta dheiridh, d’athdhearbhaigh táirgeoir onnmhairithe amháin gur cheart coigeartuithe ar aisíocaíocht dleachta agus ar fhardal lena ngabhann costais a chur san áireamh maidir lena dhíolacháin intíre, agus agóid a dhéanamh arís i gcoinne na dtéarmaí íocaíochta a d’úsáid an Coimisiún chun a chostais chreidmheasa intíre a ríomh.

(107)

Maidir leis an gcoigeartú ar aisíocaíocht dleachta, d’áitigh siad arís, is cuma má íocadh dleacht ar allmhairí nó murar íocadh, go mbeidh tionchar ag dleacht ar allmhairí ar ábhar ionchuir ar an bpraghas a ghearrann soláthraithe intíre an ábhair ionchuir sin.

(108)

Maidir leis an gcoigeartú d’fhardal lena n-iompraítear costais, dúirt an chuideachta arís go bhfuil coigeartú ar na costais sin cosúil le coigeartú i leith costas creidmheasa mar go bhfuil an dá cheann nasctha le moill ar íocaíocht. D’áitigh sí freisin go raibh diúltú an liúntais baile sin ar neamhréir le glacadh le liúntas onnmhairiúcháin le haghaidh costais moillráta ar a dhíolacháin leis an Aontas, agus d’áitigh sí go raibh moill sa dá chás ar theacht isteach na n-earraí a mbeadh costais bhreise mar thoradh air.

(109)

Ar na téarmaí íocaíochta a úsáidtear chun costais creidmheasa intíre a ríomh, arís agus arís eile, thug an chuideachta le fios gur cheart don Choimisiún costais chreidmheasa a ríomh de bhun na dtéarmaí íocaíochta a comhaontaíodh agus ní ar bhonn na dtéarmaí íocaíochta iarbhír, toisc nach féidir ach le téarmaí íocaíochta comhaontaithe tionchar a imirt ar chinneadh an phraghais.

(110)

Mar fhreagairt ar na barúlacha sin, maidir leis an gcoigeartú líomhnaithe i leith aisíoc dleachta, mar thoradh ar bhreithnithe sealadacha an Choimisiúin nach bhféadfaí costas teoiriciúil a chur san áireamh sa ríomh, ba léir, murab ionann agus líomhaintí na cuideachta, nár cuireadh san áireamh sna praghsanna díola intíre a bhí á muirearú ag an táirgeoir is onnmhaireoir méid na haisíocaíochta dleachta a éilíodh, rud a d’fhágfadh caillteanas na ndíolachán murach sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(111)

Maidir leis an gcoigeartú d’fhardal ina n-iompraítear costais, thug an Coimisiún dá aire, cé go bhfuil speansais bhreise stórais d’earraí a fhaigheann custaiméirí go déanach san áireamh i gcostas foriomlán na ndíolachán, mhaígh an coigeartú go raibh an íocaíocht iarchurtha a chlúdach, íocaíocht a d’fhéadfaí a dheonú don chuideachta i gcomparáid le coigeartú i leith costas creidmheasa, toisc nár chuir an chuideachta san áireamh an bailiú déanach a d’fhéadfadh a bheith ann nuair a thug sí an conradh díolacháin i gcrích agus toisc nach raibh sí in ann í a nascadh le custaiméir ar bith ná le haon idirbheart ar leith, rud a dheimhníonn nár léiríodh an coigeartú a éilíodh sa díolachán. Murab ionann agus na costais moillráta nach ndearna an chuideachta a leithdháileadh ach amháin ar na hidirbhearta onnmhairithe ina n-íoctar táillí moillráta iarbhír, ní raibh an chuideachta in ann aon chomhfhreagras a thaispeáint idir costais iompar an fhardail a bhí a maíomh agus na hidirbhearta a líomhnaíodh tionchar a bheith orthu. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(112)

Ar na téarmaí íocaíochta a úsáideadh chun costais chreidmheasa intíre a ríomh, mheas an Coimisiún go raibh na téarmaí íocaíochta iarbhír a chuir an chuideachta ar fáil níos cruinne, ós rud é go bhfuarthas amach nach raibh na téarmaí íocaíochta a tuairiscíodh ar na téarmaí a comhaontaíodh sna horduithe díolacháin ar comhréir leis na téarmaí íocaíochta a comhaontaíodh sna horduithe díolacháin gaolmhara le haghaidh sampla d’idirbhearta. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(113)

Chuir grúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin amháin i gcoinne dhiúltú sealadach an éilimh ar choigeartú billeála ar dhíolacháin intíre a rinneadh faoi Airteagal 2(10)(c) den bhun-Rialachán, chun lacáistí a líomhnaítear a deonaíodh tar éis eisiúint na sonrasc a léiriú.

(114)

Le linn an imscrúdaithe, an uair a rinne RCC iarraidh san áireamh, mhínigh an chuideachta nach raibh sí in ann an coigeartú billeála atá taifeadta ina cuntais a nascadh le hidirbhearta aonair. Mar shampla, níorbh fhéidir nótaí creidmheasa nó dochair a aithint a bhaineann leis na sonraisc shonracha a raibh luach na gcoigeartuithe billeála in ainm a cheartú. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh bunús leordhóthanach leis an gcoigeartú a iarradh agus dheimhnigh sé diúltú an éilimh.

(115)

Cheistigh dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin ghaolmhara ríomh sealadach na gcostas creidmheasa ar dhíolacháin leis an Aontas. Go háirithe, d’éiligh na cuideachtaí go raibh an Coimisiún mícheart na rátaí úis céanna le haghaidh EUR agus USD a chur i bhfeidhm ó Bhanc Ceannais na Tuirce ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin go léir a sampláladh, ar an bhforas nár léirigh sé go raibh rátaí úis le haghaidh iasachtaí ag brath ar shaintréithe sonracha agus ar staid airgeadais na gcuideachtaí. Mhaígh siad gurbh na rátaí úis iarbhír is infheidhme maidir le hiasachtaí na gcuideachtaí ba cheart a úsáid ina ionad.

(116)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis an nochta shealadaigh, chuir sé i gcoinne mhaíomh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin agus dúirt maidir le cinneadh sealadach an Choimisiúin rátaí úis Bhanc Ceannais na Tuirce a chur i bhfeidhm go cothrom gur chinneadh trédhearcach oibiachtúil a bhí ann ba cheart a choinneáil ar bun.

(117)

Scrúdaigh an Coimisiún an maíomh sin, agus is é conclúid a bhain sé as, i gcás na n-iasachtaí a fuair ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin gaolmhara ar phraghas an mhargaidh ó bhainc neamhspleácha, go raibh údar maith ann an ráta úis dollair SAM conarthach a d’íoc an táirgeoir iarbhír d’iasachtaí gearrthéarmacha a úsáid lena chuid costas creidmheasa a ríomh. Dá bhrí sin, cuireadh an t-athrú chun feidhme sa ríomh cinntitheach. I gcás na hiasachta ó bhanc a bhaineann leis an táirgeoir, áfach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh údar cuí le húsáid an mheánráta úis EUR a chuir Banc Ceannais na Tuirce ar fáil ós rud é nár léirigh an ráta conarthach dálaí an mhargaidh. Ní raibh aon iasacht gan aisíoc ag an táirgeoir onnmhairithe eile sa ghrúpa sa IP, agus dá bhrí sin ní raibh aon ráta úis a bhaineann go sonrach le cuideachta ar fáil le húsáid mar ionadaí chun an liúntas costas creidmheasa a ríomh. Dá bhrí sin, bhí bonn cirt le húsáid a bhaint as na meánrátaí úis a chuir Banc Ceannais na Tuirce ar fáil.

(118)

Tar éis an nochta dheiridh, d’áitigh an dá tháirgeoir onnmhairíochta gaolmhara gur cheart go mbeadh an ráta úis céanna dollar SAM curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún don dá tháirgeoir sa ghrúpa agus a gcoinníollacha maoinithe. Go háirithe, chuir táirgeoir onnmhairiúcháin amháin faisnéis bhreise ar fáil a léirigh go raibh ceann de na hiasachtaí arna dtuairisciú ag an táirgeoir onnmhairiúcháin gaolmhar in úsáid iarbhír ag an táirgeoir onnmhairiúcháin lena mbaineann.

(119)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an éileamh, agus thug faoi deara nárbh ionann na coinníollacha maoinithe don táirgeoir onnmhairiúcháin i dtrácht agus na coinníollacha don chuideachta eile sa ghrúpa, rud a léiríonn go raibh an ráta úis is infheidhme maidir le hiasacht an táirgeora onnmhairiúcháin i dtrácht níos airde ná meánráta úis na n-iasachtaí eile, agus níor áiríodh fós sa ráta sin an mharcáil suas a ghearrtar ar sheirbhísí ceanncheathrú, faoi mar a mhínigh na cuideachtaí le linn RCC, rud a athdhearbhaíodh ina dtuairimí maidir le nochtadh deiridh. I bhfianaise na bhfíoras sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(120)

Ina theannta sin, d’áitigh táirgeoir onnmhairithe amháin gur cheart don Choimisiún rátaí úis iasachtaí na cuideachta a úsáid, ós rud é gur ghlac an Coimisiún le cur chuige den sórt sin le haghaidh táirgeoir onnmhairithe eile a sampláladh.

(121)

Mheas an Coimisiún gur dhá chás éagsúla a bhí ann. Chuir an táirgeoir onnmhairithe eile faisnéis ar fáil ar a chuid iasachtaí féin ina fhreagra tosaigh ar an gceistneoir, agus theip ar an gcuideachta atá i gceist aon iasacht gearrthéarmach a nochtadh. Ina ionad sin, mhol an chuideachta rátaí úis idirbhainc a úsáid chun costais chreidmheasa a chinneadh. Mheas an Coimisiún nach mbeadh an chuideachta in ann iasacht a fháil ar rátaí úis idirbhainc agus dá bhrí sin chuir sé an meánráta úis d’iasachtaí gearrthéarmacha tráchtála arna bhfoilsiú ag Banc Ceannais na Tuirce in ionad na rátaí úis sin.

(122)

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis nua a sholáthair an táirgeoir onnmhairiúcháin i dtrácht ina chuid barúlacha maidir le nochtadh sealadach, agus rinne sé a chuid barúlacha a fhorlíonadh ina chuid barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh. I bhfianaise na faisnéise contrártha a tugadh sa chéad fhreagra ceistiúcháin agus ag céim níos déanaí den imscrúdú, mheas an Coimisiún nach bhféadfaí cinneadh sealadach an Choimisiúin na rátaí úis a d’fhoilsigh Banc Ceannais na Tuirce a úsáid chun costais chreidmheasa a chinneadh a mheas mar chinneadh mhíréasúnta. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(123)

Mhaígh dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin ghaolmhara go raibh neamhréireacht sna rátaí comhshó airgeadra idir na sonraí costais agus na sonraí díolacháin. Maidir lena sonraí díolacháin, úsáideadh meán-chomhshó airgeadra míosúil, agus cuireadh meánsó bliantúil i bhfeidhm ar a gcuid sonraí costas.

(124)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis an nochta shealadaigh, chuir sé i gcoinne mhaíomh na dtáirgeoirí onnmhairithe sna barúlacha a chuir sé isteach tar éis an nochta shealadaigh, agus thacaigh sé le cur chuige sealadach an Choimisiúin maidir leis na rátaí comhshó a úsáideadh. Dar leis, is ar bhonn bliantúil ba cheart costais a ríomh agus a chomhshó (costais atá socraithe i gcuntais cuideachtaí ar feadh tréimhse níos faide) ag baint úsáide as meánráta malairte don IP, cé gur cheart an t-ioncam a bhaineann le díolacháin a chomhshó tráth a ghintear an t-ioncam ag baint úsáide as rátaí malairte míosúla nó laethúla fiú.

(125)

Rinne an Coimisiún anailís ar an maíomh, agus is éard a chinn sé go raibh údar maith leis. Dá bhrí sin, glacadh leis an éileamh, agus sa ríomh cinntitheach baineadh úsáid as meánrátaí malairte míosúla chun sonraí costas agus díolacháin na gcuideachtaí araon a chomhshó.

(126)

Tar éis an nochta dheiridh, d’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin, ós rud é gur i ndollair SAM athuairiscigh siad na sonraí uile a bhain leis an ríomh dumpála, nach raibh aon ghá faoi Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán chun iad a thiontú ó dhollair SAM go TRY chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna. Rinne na cuideachtaí tagairt ansin d’Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán go “déanfar costais a ríomh de ghnáth ar bhonn taifead arna gcoimeád ag an bpáirtí atá faoi imscrúdú”, agus trí dhollair SAM go TRY a chomhshó ó dhollair SAM go TRY, bhí méideanna na gcostas táirgthe a d’úsáid an Coimisiún agus a ngnáthluachanna á ríomh éagsúil leis na méideanna a tuairiscíodh ina dtaifid chuntasaíochta.

(127)

Ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún dá aire go ndearna na táirgeoirí onnmhairiúcháin idirbhearta in USD, in EUR agus in TRY. Dá bhrí sin, bhí comhshó airgeadra riachtanach chun na luachanna a léiriú in aon airgeadra amháin a d’fhágfadh go bhféadfaí comparáid a dhéanamh. Ar an dara dul síos, níor chuir an Coimisiún ina choinne go ndearna na cuideachtaí na luachanna uile a chomhshó go dollair SAM iad féin, mar is é an dollar SAM airgeadra cuntasaíochta na gcuideachtaí. Mar sin féin, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí airgeadra na tíre lena mbaineann a úsáid chun comparáid a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin. Ar deireadh, ós rud é gur thuairiscigh na cuideachtaí an costas táirgthe i ndollair SAM, chinn an Coimisiún go raibh údar leis sin, de réir na mbarúlacha ó na cuideachtaí maidir le nochtadh sealadach freisin, chun na sonraí a thiontú go TRY ag baint úsáide as rátaí comhshó míosúla. Ós rud é nár chuir na cuideachtaí sraith iomlán faisnéise ar fáil maidir le costas táirgthe in TRY, ní fhéadfaí aon difríocht leis na luachanna in TRY mar airgeadra forlíontach a úsáidtear ina dtaifid chuntasaíochta a chur san áireamh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(128)

Tar éis an nochta dheiridh, mhaígh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin nár cheart go mbeadh liúntais áirithe asbhainte ag an gCoimisiún, i.e. táille comhlachais onnmhairiúcháin agus asbhaint cnapshuime onnmhairiúcháin, nuair a bhí praghas a chuid díolachán leis an Aontas á ríomh.

(129)

Thug an Coimisiún dá aire go ndearna an táirgeoir onnmhairiúcháin an t-éileamh sin freisin ina bharúlacha ar nochtadh sealadach, agus pléadh na lamháltais san éisteacht a eagraíodh tar éis an nochta shealadaigh.

(130)

Le linn na héisteachta, dheimhnigh an chuideachta gur íocadh táille an chomhlachais easpórtála as a bhallraíocht in ÇİB. Mhínigh an chuideachta ina theannta sin gur íocadh an táille mar chéatadán de luach gach idirbhirt onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur chostas a bhí sa táille comhlachais onnmhairiúcháin nár thabhaigh an chuideachta ach i ndáil lena hidirbhearta onnmhairiúcháin, sin agus go raibh a leibhéal ag brath ar leibhéal onnmhairithe na cuideachta. Thairis sin, d’fhéadfaí luach an liúntais a chinneadh do gach idirbheart onnmhairiúcháin ar leithligh agus é bunaithe ar a luach.

(131)

Maidir leis an asbhaint cnapshuime onnmhairiúcháin, d’éiligh an chuideachta nach raibh sé iomchuí a luach a asbhaint ón bpraghas onnmhairiúcháin ós rud é nach raibh inti ach sochar cánach seachas caiteachas iarbhír de chuid na cuideachta. Ina nótaí tráchta maidir leis an nochtadh deiridh, an chuideachta dá dtagraítear i reachtaíocht na Tuirce (11) a chuireann ar chumas onnmhaireora 0,5 % dá ioncam ó dhíolacháin onnmhairiúcháin a asbhaint chun na speansais a tabhaíodh a léiriú ach nárbh fhéidir a chur in áirithe ar shlí eile mar gheall ar an easpa doiciméadachta iomchuí. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh ionann asbhaint na cnapshuime onnmhairiúcháin agus costas a tabhaíodh go hiarbhír i ndáil le hidirbhearta díolacháin onnmhairiúcháin na cuideachta, rud nach raibh doiciméadú cuí ag an gcuideachta air, agus rud nárbh fhéidir a chur in áirithe faoi aon chuntas costais eile. Ina theannta sin, bhí an Coimisiún in ann luach na hasbhainte a chinneadh do gach idirbheart ar leithligh.

(132)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don éileamh maidir leis an táille comhlachais onnmhairiúcháin a asbhaint agus maidir leis an gcnapshuim onnmhairiúcháin a asbhaint.

3.5.   Corrlaigh dhumpála

(133)

Faoi mar a shonraítear in aithrisí (28) go (132) thuas, chuir an Coimisiún barúlacha páirtithe leasmhara a cuireadh isteach tar éis an nochta shealadaigh san áireamh agus rinne sé na corrlaigh dhumpála a athríomh dá réir.

(134)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Çolakoğlu Metalurji A.Ş.

7,3 %

Grúpa Erdemir:

Ereğli Demir ve Çelik Fabrikalari T.A.S.

İskenderun Demir ve Çelik A.Ş.

5,0 %

Habaş Sinai Ve Tibbi Gazlar İstihsal Endüstrisi A.Ş.

4,7 %

Ağir Haddecilik

5,7 %

Borçelik Çelik Sanayii Ticaret A.Ş.

5,7 %

Gach cuideachta eile

7,3 %

(135)

Nochtadh na ríomhanna ar na corrlaigh dumpála aonair, lena n-áirítear ceartúcháin agus coigeartuithe a rinneadh tar éis barúlacha a thug na páirtithe leasmhara tar éis nochtadh sealadach agus deiridh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeadh an Aontais

(136)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe in AE-27, bhí an táirge comhchosúil á mhonarú 21 táirgeoir aitheanta a bhain le 14 ghrúpa. Is ionann na táirgeoirí sin agus an “tionscal an Aontais” de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(137)

I gcás AE-27, suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe idir 71 agus 74,5 milliún tona, lena n-áirítear an táirgeacht le haghaidh an mhargaidh faoi chuing.

(138)

B’ionann na trí tháirgeoir chomhoibríocha ón Aontas a roghnaíodh sa sampla agus 34 % go 38 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil in AE-27. B’ionann iad agus 40 % go 44 % de mhéideanna díolacháin an Aontais na dtáirgeoirí a tháinig chun cinn i gcomhthéacs na hanailíse measúnaithe réamhthionscanta.

4.2.   Margadh ábhartha an Aontais a chinneadh

(139)

Mheas GOT (Rialtas na Tuirce) nár mhínigh an Coimisiún go sásúil cén fáth gur ghá scrúdú ar leithligh a dhéanamh ar an margadh saor agus ar na figiúirí faoi chuing. I dtuairim GOT, bhí na mínithe an Choimisiúin in aghaidh an Phainéil i Maracó – cruach theo-rollta (an Tuirc) agus an Comhlacht Achomhairc i SAM – cruach theo-rollta, agus is dá réir sin ba cheart do na húdaráis imscrúdaithe scrúdú a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach cuid de thionscal, chomh maith leis an tionscal ina iomláine, nó míniú sásúil a thabhairt ar cén fáth nach bhfuil.

(140)

Chun léargas atá chomh hiomlán agus is féidir a thabhairt ar thionscal an Aontais, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh tháirgeacht iomlán an táirge atá i dtrácht, agus chinn sé ar úsáid faoi chuing nó ar an margadh saor a bhí an táirgeacht dírithe. I gcás na dtáscairí díobhála a luaitear in aithris (82) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún anailís ar leithligh ar shonraí a bhaineann leis an margadh saor agus an margadh faoi chuing agus rinne sé anailís chomparáideach nuair ab fhéidir agus i gcás ina raibh údar maith leis. Maidir leis na táscairí eacnamaíocha a luaitear in aithris (83) den Rialachán sealadach, ní fhéadfadh an Coimisiún measúnú fóinteach a dhéanamh ach trí thagairt do ghníomhaíocht iomlán thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh a anailís i gcomhréir le cásdlí chúirteanna an Aontais agus na hEagraíochta Domhanda Trádála (12).

(141)

Tar éis an nochta dheiridh, d’áitigh GOT go raibh an Coimisiún tar éis gníomhú ar neamhréir le dlí-eolaíocht na hEagraíochta Domhanda Trádála toisc i) nach ndearna sé anailís ar leithligh ar shonraí maidir le praghsanna díola, costas táirgthe, fáis, toirte onnmhairithe agus praghsanna, brabúsacht, toradh ar infheistíocht agus sreabhadh airgid, ii) ná níor chuir sé aon mhíniú ar fáil cén fáth nár scrúdaigh sé ach sonraí an mhargaidh shaoir seachas scrúdú ar leith agus inchomparáide a dhéanamh. Tar éis a mínítear san aithris thuas, d’easaontaigh an Coimisiún toisc go rabhthas in ann anailís a dhéanamh ar phraghsanna díola, ar mhéideanna díolacháin agus ar bhrabúsacht sa margadh saor agus i margaí eile leis na freagraí ceistiúcháin a cuireadh isteach le táirgeoirí de chuid an Aontais. Ní chiallaíonn tábla 10 praghsanna díola sa margadh saor nach ndearnadh scrúdú ar phraghsanna díola sa mhargadh faoi chuing.

(142)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí faoi mar atá leagtha amach in aithrisí (78) go (83) den Rialachán sealadach.

4.3.   Tomhaltas an Aontais

4.3.1.   Tomhaltas ar an margadh saor san Aontas

(143)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar an thomhaltas san Aontas in AE-27 ar an margadh saor le linn na tréimhse atá á breithniú:

Tábla 1

Tomhaltas an mhargaidh shaoir ar mhargadh an Aontais (tonaí)

 

2016

2017

2018

IP

Tomhaltas an Aontais ar an margadh saor

33-34 mhilliún

32-33 mhilliún

34-35 mhilliún

33-34 mhilliún

Innéacs

100

96

102

99

Foinse: Eurofer, táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu agus Eurostat

(144)

Idir 2016 agus 2018, tháinig ardú 2 % ar an tomhaltas sa margadh saor ach tháinig laghdú air dá dheasca sin. Tharla titim 1 % sa tomhaltas foriomlán ar an margadh saor le linn na tréimhse atá á breithniú.

4.3.2.   Tomhaltas faoi chuing ar mhargadh an Aontais

(145)

In AE-27, is mar a leanas a tháinig forbairt ar an tomhaltas faoi chuing san Aontas le linn na tréimhse atá á breithniú:

Tábla 2

Tomhaltas faoi chuing ar mhargadh an Aontais (tonaí)

 

2016

2017

2018

IP

An tomhaltas faoi chuing san Aontas

42,5 – 45,5 milliún

44 – 47 milliún

43,5 – 46,5 milliún

39,5 – 42,5 milliún

Innéacs

100

103

102

93

Foinse: Eurofer agus táirgeoirí de chuid Aontais a ndearnadh sampláil orthu

(146)

D’ardaigh an tomhaltas margaidh faoi chuing beagán sa chéad chuid den tréimhse imscrúdaithe, agus ina dhiaidh sin is laghdú a tháinig air. Tharla titim 7 bpointe céatadáin sa tomhaltas foriomlán faoi chuing le linn na tréimhse atá á breithniú.

4.3.3.   An tomhaltas foriomlán

(147)

In AE-27, tharla éabhlóid mar a leanas ar an tomhaltas foriomlán le linn na tréimhse atá á breithniú – an tomhaltas faoi chuing agus an tomhaltas ar an margadh saor ina iomláine:

Tábla 3

An tomhaltas foriomlán (an margadh saor agus an margadh faoi chuing) (tonaí)

 

2016

2017

2018

IP

Tomhaltas foriomlán an Aontais

78-81 mhilliún

78-81 mhilliún

80-83 mhilliún

74-77 milliún

Innéacs

100

100

102

95

Foinse: Eurofer, táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu agus Eurostat

(148)

Léirítear sa tábla thuas gur tháinig ardú beag ar an tomhaltas foriomlán in 2018 ach gur tharla titim 5 % air go foriomlán i gcomparáid le 2016. B’ionann luach an tomhaltais faoi chuing agus beagnach 59 % den tomhaltas foriomlán le linn na tréimhse imscrúdaithe.

4.4.   Allmhairí as an Tuirc

4.4.1.   Méid na n-allmhairí ón Tuirc agus a sciar den mhargadh

(149)

Allmhairí ón Tuirc in AE-27 isteach, is mar a leanas a tháinig forbairt orthu:

Tábla 4

Méid na n-allmhairí agus a sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

IP

Méid na n-allmhairí as an Tuirc (tonaí)

934 651

1 738 017

2 779 174

2 767 658

Innéacs

100

186

297

296

An sciar den mhargadh ar an margadh saor (%)

2,8-3,1

5,3-5,6

7,8-8,1

8,2-8,5

Innéacs

100

190-220

270-300

270-300

Foinse: Eurofer, táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu agus Eurostat

(150)

Tháinig méadú 196 % ar allmhairí as an Tuirc le linn na tréimhse atá á breithniú, rud a chuir méadú faoi thrí nach mór ar an sciar den saormhargadh a bhí aici.

(151)

Tar éis nochtadh sealadach, dúirt GOT nach dtógann allmhairí as an Tuirc an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais, ach go dtógann siad sciar áirithe de ó na tríú tíortha, rud nach bhféadfadh aon éifeacht a imirt ar tháirgeoirí an Aontais.

(152)

Tar éis an nochta dheiridh, dúirt GOT gur anailís ó chríochphointe go críochphointe a bhí in anailís an Choimisiúin ar an méid allmhairí as an Tuirc agus d’iarr sé ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an éabhlóid ar bhonn sonraí ráithiúla ó 2019 agus 2020 agus titim san allmhairiú tar éis na tréimhse imscrúdaithe. Thug an Coimisiún dá aire nach féidir le cur chuige GOT amhras a chur ar an bhfíric gur tháinig méadú 196 % ar allmhairí ón Tuirc bliain i ndiaidh bliana idir 2016 agus 2018 le linn na tréimhse atá á breithniú agus gur beagnach méadú faoi thrí a bhí ar a sciar féin den mhargadh saor.

(153)

Ós tuairimí den chineál sin atá i gceist, tugtar aghaidh orthu i roinn 5 thíos.

4.4.2.   Praghsanna na n-allmhairí as an Tuirc agus sladghearradh na bpraghsanna

(154)

Is ar bhonn sonraí ó Eurostat a bhunaigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí. Tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí ón Tuirc chuig AE-27 mar a leanas:

Tábla 5

Praghsanna allmhairí (EUR/tona)

 

2016

2017

2018

IP

an Tuirc

363

490

538

492

Innéacs

100

135

148

136

Foinse: Eurostat

(155)

Tháinig méadú ar mheánphraghsanna na n-allmhairí ón Tuirc ó EUR 363/tona in 2016 go EUR 492/tona le linn na tréimhse imscrúdaithe, is é sin méadú 36 %. Ba shuntasach (7,8 %) an difear idir meánphraghsanna na n-allmhairí dumpáilte agus meánphraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe, mar a léirítear i dTábla 10.

(156)

Tar éis nochtadh sealadach, mheas GOT nach bhféadfadh praghsanna allmhairí Turcach díobháil a dhéanamh do tháirgeoirí an Aontais. Ós tuairimí den chineál sin atá i gceist, tugtar aghaidh orthu i roinn 5 thíos.

(157)

Rinneadh athbhreithniú ar na ríomhanna corrlaigh sladghearrtha chun an staid ar bhonn AE-27 a léiriú, agus shuigh an Coimisiún gur léirigh allmhairí dumpáilte na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh meán ualaithe na gcorrlach gearrtha idir 1,2 % agus 2 %. Ó tá an margadh HRFS an-íogair ó thaobh praghsanna de agus an iomaíocht bunaithe den chuid is mó ar an bpraghas, mheas an Coimisiún gur rud suntasach corrlaigh shladghearrtha den sórt sin.

(158)

Tar éis an nochta dheiridh, chuir Eurofer i bhfios go láidir gur féidir le Eurofer, i bhfianaise nádúr an mhargaidh agus iomaíocht shuntasach na bpraghsanna, fiú leibhéal sladghearrtha a bheadh réasúnta íseal a bheith suntasach. Dúirt GOT áfach nach raibh ann ach líomhain a rá gur corrlaigh shuntasacha a bhí sna corrlaigh dhumpála arae ní raibh aon mheastóireacht ná critéir chuí ann lena suífí na corrlaigh a measadh a bheith suntasach. Dhiúltaigh an Coimisiún maíomh seo ós maíomh gan bhunús atá ann dar leis. Dearbhaíonn an éabhlóid sa mhargadh agus an t-athrú ar fhoinsí allmhairiúcháin i dTábla 14 an tábhacht a bhaineann le praghas i margadh HRFS. Thairis sin, faoi mar a d’admhaigh GOT é féin, is difríocht bheag sna praghsanna a thug ann do mhéadú ar sciar an mhargaidh d’allmhairí na Tuirce (13).

(159)

Tar éis an nochta dheiridh, is éard a mhaígh na grúpaí Erdemir agus Colakoglu, nuair a shocraigh an Coimisiún an sladghearradh ar 66,1 % (grúpa Colakoglu) nó ar 69,5 % (grúpa Erdemir) de dhíolacháin tháirgeoirí an Aontais a ndearnadh sampláil orthu, nach ar an táirge ina iomláine a bhunaigh sé an sladghearradh agus dá bhrí sin gur sháraigh sé Airteagal 3(3) den bhun Rialachán. Dar leo féin, níorbh fhéidir a chur as an áireamh go mbeadh na corrlaigh sladghearrtha a aimsíodh éagsúil dá ndéanfadh an Coimisiún scrúdú ar éifeacht an phraghais bunaithe ar dhíolacháin gach ceann de na táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu. Dhiúltaigh an Coimisiún an t éileamh sin ó bhí sé gan bhunús dar leo, ós rud é nach gceanglaítear leis an mbun Rialachán go ndéanfaí cinneadh faoi shladghearradh a bhunú ar dhíolacháin na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu. Ina ionad sin, tá an anailís ar phraghsanna bunaithe ar chomparáid idir na samhlacha arna n onnmhairiú chuig an Aontas agus an táirge comhchosúil, agus is éard atá i gceist léi comparáid a dhéanamh idir díolacháin onnmhairí táirgeoirí onnmhairiúcháin agus díolacháin thionscal an Aontais nach ndéanann gach táirgeoir onnmhairiúcháin ar leith a n onnmhairiú chuig an Aontas freisin, gan na samhlacha go léir a dhíolann na trí tháirgeoir sampláilte de chuid an Aontais a bheith á n onnmhairiú chuig an Aontas. Pé ar domhan é, thug an Coimisiún chun cuimhne gur shuntasach (7,8 %) an difear idir praghsanna na n allmhairí dumpáilte agus praghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe faoi mar a léirítear i dTábla 10.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha Ginearálta

(160)

Thug an Coimisiún chun cuimhne gur iarr an gearánach ar an gCoimisiún i dtús ama tosú ar anailís ar threochtaí díobhála ó 2017 ar na forais gur “bhliain neamhionadaíoch” ab ea 2016 (an chéad bhliain den tréimhse atá á breithniú san imscrúdú seo) ós rud é gur cinneadh go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte agus fóirdheonaithe ó roinnt tionscnamh. D’admhaigh an Coimisiún go raibh an éabhlóid a tháinig ar na táscairí díobhála a thosaigh in 2016 curtha ó shoiléire mar bhí tionchar fós ag allmhairí dumpáilte agus allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ar staid thionscal an Aontais in 2016 agus in 2017 léirigh tionscal an Aontais go soiléir comharthaí maidir le gnóthú i ndiaidh fhorchur bearta cinntitheacha frithdhumpála agus frithchúitimh i gcoinne na n-allmhairí sin an bhliain sin. Mar sin féin, chinn an Coimisiún na sonraí a chur i láthair de bhun a ghnáthchleachtais, sonraí nach mór a bhreithniú sa bhreis ar an tréimhse imscrúdaithe 3 bliana féilire roimh an tréimhse imscrúdaithe. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún an bhliain 2016 sa tréimhse atá á breithniú.

(161)

Tar éis nochtadh sealadach a dhéanamh, d’áitigh an Bord go raibh an chuma ar an scéal go raibh gnéithe áirithe den anailís ar dhíobháil ag eisiamh sonraí 2016 agus gur chuir sé sin measúnú an Choimisiúin ar dhíobháil ar míthreoir. Tar éis an nochta dheiridh, shoiléirigh an páirtí go raibh sé ag cur in aghaidh na heaspa measúnaithe ar tháscairí ó 2016, go háirithe na táscairí sin a léiríonn treocht dhearfach i ndiaidh 2016 (e.g. méid díola margaidh saor ó thionscal an Aontais agus sciar den mhargadh), rud a meastar é a bheith ina léiriú ar easpa díobhála ábhartha do thionscal an Aontais. Tar éis nochtadh sealadach, d’éiligh GOT, ar an gcaoi chéanna, gur ar an tréimhse 2016-2019 ba cheart an scrúdú ar an díobháil líomhnaithe ar an tionscal intíre a bhunú, rud nár tháinig i gceist i gcás gach táscaire díobhála de réir mar a mhaígh sé. Go háirithe, mheas GOT go raibh sé dodhéanta san am a chuaigh thart aon fheabhas nó meath ar an tionscal a nascadh le bearta cosanta trádála arbh ann dóibh nó nárbh ann dóibh. Cháin GOT aithris (104) in fine an Rialacháin shealadaigh toisc dar leis gur foilsíodh bearta cinntitheacha frithdhumpála agus dleachtanna frithchúitimh i gcoinne na Síne i mí Aibreáin agus i mí an Mheithimh 2017 (14) agus go raibh bearta frithdhumpála cinntitheacha i bhfeidhm i gcoinne na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine i mí Dheireadh Fómhair 2017 (15) go raibh éifeachtaí díobhálacha uile na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha sin fós le brath in 2017. Mar thaca leis an éileamh sin, chuir GOT in iúl go raibh allmhairithe ó na cúig thír sin fós cothrom le 26 % d’allmhairí HRFS in 2017.

(162)

Maidir le héilimh a bhaineann leis an mbliain 2016 a áireamh nó gan iad a áireamh i ndáil le roinnt de na táscairí díobhála, shoiléirigh an Coimisiún go raibh na táblaí ábhartha, roinn 1.8 agus na torthaí eile sa Rialachán sealadach, iad cumhdaithe faoin tréimhse 2016-2019, faoi mar a luaitear sa Rialachán. Na tuairimí faoi na táblaí a bhaineann leis an tréimhse atá á breithniú a chur san áireamh ar threochtaí ag tosú in 2016, is cuma cé acu iad dearfach nó diúltach. Is amhlaidh atá fós, fiú sa chás atá i gceist anseo, nuair a rinne an Coimisiún breithniú ar theagmhais a tharla laistigh de thréimhse shonrach laistigh den tréimhse atá á breithniú, lena n-áirítear bearta cosanta trádála, agus inar bhreithnigh sé na himeachtaí sin.

(163)

Maidir leis na bearta frithdhumpála i gcoinne na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine, is í an tréimhse ón 1 Iúil 2015 go dtí an 30 Meitheamh 2016 cumhdaíodh san imscrúdú. Maidir leis na bearta frithdhumpála agus frithchúitimh i gcoinne na Síne, is í an tréimhse ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Nollaig 2015 a cumhdaíodh leis an imscrúdú ar dhumpáil, ar fhóirdheonú agus ar dhíobháil. Is míthreorach an chaint ó GOT a rá gurbh ionann na cúig thír agus 26 % d’allmhairí an táirge lena mbaineann in 2017, agus dá bhrí sin go bhfuil díobháil á déanamh acu fós do thionscal an Aontais. Faoi mar a léirítear i dTábla 14 sa Rialachán sealadach, tháinig laghdú 68 % ar líon na n-allmhairí ó na cúig thír lena mbaineann (i.e. ó 5 724 303 thona go 1 810 518 dtona) idir 2016 agus 2017 agus ar a sciar iomlán den mhargadh ó 16,1 % go 5,2 %. Deimhnítear na treochtaí sin ar bhonn AE-27. Léirítear i dTábla 14 sa Rialachán seo go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar mhéid na n-allmhairí ó na cúig thír lena mbaineann (i.e. ó 5 611 020 tona go dtí 1 565 303 thona) idir 2016 agus 2019, cosúil leis an sciar iomlán den mhargadh atá acu (i.e. ó 16-17 % go 4-5 %). Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach raibh bunús leis an maíomh gur léirigh imscrúduithe a rinneadh roimhe seo go raibh éifeachtaí díobhálacha uile na n-allmhairí dumpáilte ón tSín, ón mBrasaíl, ón Iaráin, ón Rúis agus ón Úcráin fós ann in 2017.

(164)

Tar éis an nochta dheiridh, mheabhraigh GOT a bharúlacha maidir le huainiú na mbeart cinntitheach frithdhumpála agus na ndleachtanna frithchúitimh i gcoinne na Síne, agus maidir leis na bearta cinntitheacha frithdhumpála i gcoinne na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine. Líomhnaigh sé nach n-athraíonn an laghdú ar allmhairí ó na tíortha an fíoras gur cuid shuntasach d’allmhairí AE-27 iad na hallmhairí sin fós agus go raibh siad díobhálach in 2017. I dtuairim GOT, shíl an Coimisiún an scrúdú ar éifeachtaí díobhálacha den sórt sin a sheachaint trí bhrath ar fhigiúirí a léiríonn laghdú glan. Mheas an Coimisiún gur éileamh gan bhunús a bhí ann sin. Le linn tréimhsí imscrúdaithe na n-imscrúduithe a rinneadh cheana, ní rud é a suíodh go raibh dumpáil dhíobhálach ann in 2017, tráth a tháinig laghdú mór ar sciartha margaidh na dtíortha is ábhar don triail cheana féin. Ina theannta sin, áirítear i roinn 5.2.1 den rialachán seo anailís ar fhorás an mhargaidh agus ar scaireanna margaidh na bhfoinsí allmhairiúcháin éagsúla.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid na hacmhainneachta

(165)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht iomlán, acmhainneacht táirgeachta iomlán agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú:

Tábla 6

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2016

2017

2018

IP

Méid na táirgeachta (tonaí)

74 – 77,5 milliún

77 – 80,5 milliún

76 – 79,5 milliún

71 – 74,5 milliún

Innéacs

100

104

102

96

An acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

88 – 93 milliún

89 – 94,5 milliún

90 – 95,5 milliún

91 – 96 milliún

Innéacs

100

102

103

104

Úsáid na hacmhainneachta (%)

84

86

84

78

Innéacs

100

102

99

93

Foinse: Eurofer, táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu agus Eurostat

(166)

Le linn na tréimhse atá á breithniú, tháinig laghdú 4 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais, agus tháinig méadú 4 % ar an acmhainneacht táirgeachta. Dá bhrí sin, tháinig laghdú 7 % ar úsáid na hacmhainne, ó 84 % in 2016 go 78 % sa tréimhse imscrúdaithe.

(167)

Tar éis nochtadh sealadach, mheas GOT gur léirigh an méadú ar acmhainneacht thionscal an Aontais gach bliain ó 2016 i leith go bhfuil caoi mhaith air. Níor aontaigh an Coimisiún leis sin, faoi mar a luadh in aithris (107) den Rialachán sealadach, agus thug dá aire go léiríonn an méadú acmhainneachta idir 2016 agus 2017 feabhas ar dhálaí margaidh an Aontais tar éis bearta cinntitheacha frithdhumpála agus frithchúitimh a fhorchur i gcoinne allmhairí ó chúig thír, agus gur tháinig méadú ar an acmhainneacht ó 2017 i leith mar thoradh ar éifeachtúlachtaí méadaithe agus díchúpláil.

(168)

Cháin GOT easpa anailíse ar leith idir an margadh faoi chuing agus margadh saor faoin mír seo, easpa nach bhféadfaí údar an laghdaithe iomláin sa táirgeacht a aithint dá bharr. Mheas an Coimisiún nach mbeadh brí le deighilt tábla 6 idir an margadh faoi chuing agus an margadh saor. Go deimhin, úsáideann táirgeoirí an Aontais an trealamh céanna agus na línte céanna chun an táirge atá faoi imscrúdú a tháirgeadh, is cuma cé acu d’úsáid faoi chuing é nó a mhalairt. Mar sin féin, tugtar tuilleadh sonraí maidir leis méid an mhargaidh faoi chuing i dTábla 8 thíos.

4.5.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(169)

Tháinig forbairt ar mhéid díolachán an Aontais in AE-27 agus ar a sciar den margadh saor le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 7

An méid díolachán ar an margadh saor agus an sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

IP

Díolacháin thionscal an Aontais (tonaí)

24 – 27 milliún

24 – 27,5 milliún

25 – 28,4 milliún

24,5 – 27,5 milliún

Innéacs

100

101

103

103

Sciar an mhargaidh (%)

75-76

79-80

76-77

78-79

Innéacs

100

105

102

104

Foinse: Eurofer, táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu agus Eurostat

(170)

Tháinig méadú 3 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar an margadh saor le linn na tréimhse atá á breithniú agus tháinig méadú 4 % ar a sciar den mhargadh.

(171)

Tháinig forbairt ar mhéid faoi chuing thionscal AE-27 agus ar a sciar de mhargadh an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 8

An méid faoi chuing agus sciar an mhargaidh

 

2016

2017

2018

IP

Méid faoi chuing de mhargadh an Aontais (tonaí)

42,5 – 45,5 milliún

44 – 47 milliún

43,5 – 46,5 milliún

39,5 – 42,5 milliún

Innéacs

100

103

102

93

Táirgeacht iomlán thionscal an Aontais (tonaí)

73 – 76 milliún

76 – 79 milliún

75 – 78 milliún

70 – 73 milliún

Innéacs

100

104

102

96

An sciar den mhargadh faoi chuing roinnte ar tháirgeacht iomlán an Aontais (%)

61

61

61

59

Innéacs

100

99

99

96

Foinse: Eurofer, táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu agus Eurostat

(172)

Maidir le margadh faoi chuing thionscal an Aontais (comhdhéanta de HRFS arna choimeád ag thionscal an Aontais le haghaidh úsáid iartheachtach) san Aontas, tháinig laghdú 7 % nó thart ar 3 mhilliún tona air le linn na tréimhse atá á breithniú. Tháinig laghdú ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh faoi chuing (arna shloinneadh mar chéatadán de tháirgeadh iomlán an Aontais) ó 61 % in 2016 go 59 % le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(173)

An míniú a thug an Coimisiún in aithris (109) den Rialachán sealadach ar an méadú a tháinig ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh saor idir 2018 agus 2019, mar atá gurb é ba chúis leis sin na méideanna móra díolacháin a aistríodh ón margadh faoi chuing chuig an margadh saor i ngeall ar an dífheistiú, is rud é a cháin GOT tar éis nochtadh sealadach. Mheas sé go raibh cur chuige claonta ó thaobh an Choimisiúin ag baint leis an míniú sin, mar gur “de réir mar ba chuí leis” a rinne sé idir na margaí sin. Tar éis nochtadh deireanach, rinne GOT an maíomh sin a athdhearbhú agus cheistigh sé oibiachtúlacht na slí ina bhfuarthas amach cé mar a tháinig athrú ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh. Dhiúltaigh an Coimisiún don líomhain go raibh cur chuige claonta ann. Margadh saor a dhéanamh den táirgeadh faoi chuing i gcás ina dtarlaíonn dífheistiú, is rud é a mheasann an Coimisiún a bheith dlisteanach, agus go deimhin féin a bheith riachtanach. Fiú más rud é, mar a luaigh GOT, gur tháinig méadú ar an sciar den mhargadh atá ag táirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú, thug an Coimisiún dá aire go raibh an méadú sin i bhfad níos ísle ná an méadú ar an sciar den mhargadh atá ag allmhairí ón Tuirc le linn na tréimhse atá á breithniú. I gcomhthéacs tomhaltais measartha cobhsaí san Aontas, líon allmhairí ón Tuirc an bhearna a d’fhág roinnt tríú tíortha eile atá faoi réir dleachtanna frithdhumpála agus/nó frithchúitimh trádála ó bhí 2017 ann.

(174)

Tar éis nochtadh sealadach, dúirt GOT nach raibh aon anailís ann maidir le méid táirgeachta na línte táirgeachta a díoladh mar a mhínítear in aithris (111) den Rialachán sealadach. D’áitigh ÇİB gur ceisteanna straitéise agus tráchtála ba chúis le díol na línte sin. Maidir le díol na línte, thug an Coimisiún dá aire gur thug táirgeoir amháin de chuid an Aontais an úinéireacht uaidh agus gur táirgeoir eile de chuid an Aontais a ghlac an úinéireacht ar láimh, agus mar sin nach raibh aon tionchar aige ar thábla 6. Níor tháinig an Coimisiún ar aon nasc idir díol na línte sin agus allmhairí ón Tuirce.

(175)

Tar éis nochtadh sealadach, cuid de na príomhtháscairí díobhála, méid an díolacháin agus an sciar den mhargadh sa mhargadh saor mar shampla, dúirt ÇİB gur léirigh na táscairí sin nach raibh tionscal an Aontais ag feidhmiú go dona. Dar leis an gCoimisiún gur ráiteas gan bhunús a bhí ansin, mar in aithrisí (109) agus (150) den Rialachán sealadach, míníodh cheana gur de bharr dífheistithe a tháinig méadú ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh, agus gurb é an toradh a bhí ar an dífheistiú sin líon suntasach idirbheart a measfaí san am atá caite gur idirbhearta faoi chuing iad, rinneadh idirbhearta sa mhargadh saor díobh. Chomh maith leis sin, an cinneadh faoi dhíobháil, is rud é atá bunaithe ar mheastóireacht ar na fachtóirí eacnamaíocha agus na hinnéacsanna eacnamaíocha ábhartha uile a mbíonn tionchar acu ar staid an tionscail agus an méid sin á mheas i dteannta a chéile, mar a fhoráiltear in Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

(176)

Tar éis an nochta dheiridh, dúirt ÇİB nár mhínigh barúlacha an Choimisiúin faoin roinn seo cén fáth ar fhás tionscal an Aontais ná cén fáth nach bhfuil tábhacht le méadú ar mhéid an díolacháin sa mhargadh agus ar an sciar den mhargadh sa chás áirithe seo. Ós barúlacha den chineál sin atá i gceist, tugtar aghaidh orthu in aithris (217) thíos.

4.5.2.3.   Fás

(177)

Tar éis nochtadh sealadach, dúirt GOT gur líomhaintí gan taca a bhí in aithris (112) den Rialachán sealadach, agus cháin sé cuid den fhoclaíocht. Dar leis an gCoimisiún gur maíomh gan bhunús a bhí ansin, mar déantar tagairt shainráite san aithris atá i gceist do shonraí agus torthaí atá sa Rialachán sealadach.

(178)

An treocht a léiríonn figiúirí maidir le AE-27 i ndáil leis an táirgeadh ó 2017, is treocht é atá ag dul i laghad go mór, ach bhí an díolachán agus an sciar den mhargadh cobhsaí agus tháinig méadú beag ar thomhaltas margaidh shaoir le linn na tréimhse céanna. Níor tháinig fás ar thionscal an Aontais in AE-27 ach amháin más é 2016, bliain ina ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte ó thíortha eile, a ghlactar mar thúsphointe, agus ansin féin níl ann ach fás an-bheag.

(179)

Tar éis an nochta dheiridh, chuir GOT amhras in iúl go mb’fhéidir go raibh conclúidí áirithe maidir leis an bhfás ann nach raibh oibiachtúil, mar is laghdú “mór” a dúirt an Coimisiún roimhe sin a bhí sa laghdú ar an táirgeadh, agus os a choinne sin, dúirt sé roimhe sin gur méadú “beag” a bhí sa mhéadú ar dhíolachán margaidh shaoir. Is é an chéad rud a thug an Coimisiún dá aire, na céatadáin a luaigh GOT sa mhaíomh ar rinne sé, ní hiad na céatadáin a bhaineann le AE-27 a bhí iontu agus dá bhrí sin bhí siad as dáta; agus thug sé dá aire ar an dara hiarraidh gur gá méid coibhneasta an luacha fholuitigh atá faoi réir athrú céatadáin a chur san áireamh i bplé comparáideach maidir le conas athrú céatadáin a cháiliú.

4.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(180)

Maidir le AE-27, is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse atá á breithniú:

Tábla 9

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2016

2017

2018

IP

An líon fostaithe

38 000 -40 000

42 000 -44 000

38 000 -40 000

37 000 -39 000

Innéacs

100

112

103

100

Táirgiúlacht (tonaí in aghaidh an bhaill foirne)

1 900 -2 000

1 700 -1 800

1 900 -2 000

1 800 -1 900

Innéacs

100

92

99

96

Foinse: Eurofer agus táirgeoirí de chuid Aontais a ndearnadh sampláil orthu

(181)

Maidir le leibhéal fostaíochta thionscal an Aontais i ndáil le HRFS a tháirgeadh, luainigh sé le linn na tréimhse atá á breithniú ach d’fhan sé cobhsaí ar an bhforiomlán. I bhfianaise an laghdaithe sa táirgeacht, táirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais arna tomhas de réir líon na dtonaí a tháirgeann gach fostaí in aghaidh na bliana, tháinig laghdú 4 % uirthi le linn na tréimhse atá á breithniú.

(182)

Tar éis nochtadh sealadach agus nochtadh deireanach, cuid de na príomhtháscairí díobhála, an fhostaíocht mar shampla, dúirt ÇİB gur léirigh na táscairí sin nach raibh tionscal an Aontais ag feidhmiú go dona. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, gur laghdaigh líon na bhfostaithe go mór idir 2017 agus 2019 in ainneoin a chobhsaí a bhí líon na bhfostaithe le linn na tréimhse atá á breithniú. In aon chás, mar a léiríodh i roinn 4.5.4 den Rialachán sealadach agus i roinn 4.6 thíos, ba shoiléir an díobháil ábhartha a d’fhulaing tionscal an Aontais.

(183)

Tar éis nochtadh sealadach, cinneadh faoi dhíobháil ábhartha agus gan de chúis leis ach laghdú ar líon na bhfostaithe, dúirt ÇİB gur rud é an cinneadh sin atá ar neamhréir le cásdlí na hEagraíochta Domhanda Trádála agus nach bhféadfaí an laghdú ar líon na bhfostaithe ó 2017 a chur i leith allmhairí dumpáilte ón Tuirc. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Cinneadh maidir le díobháil ábharach agus gan de chúis leis ach laghdú ar líon na bhfostaithe, ní rud é a rinne an Coimisiún in áit ar bith. Maidir leis athrú a tháinig ar líon na bhfostaithe, is rud é a raibh dlúthcheangal aige leis an táirgeadh.

(184)

Tar éis nochtadh sealadach, dúirt GOT nár cheart an táirgiúlacht a scrúdú ina haonar toisc gur tháinig laghdú ar an táirgiúlacht in 2017 de bharr an mhéadaithe shuntasaigh ar an bhfostaíocht idir 2016 agus 2017. Ós rud é go bhfuil an táirgiúlacht ar cheann de na fachtóirí a dtugtar cuntas uirthi san anailís ar dhíobháil, dheimhnigh an Coimisiún nach ndearnadh aon fhachtóir a bhreithniú ina aonar.

(185)

Tar éis an nochta dheiridh, mheas GOT gurbh ionann an abairt dheireanach san aithris thuas agus dearbhú gur mar gheall ar an méadú ar an bhfostaíocht in 2017 a tharla an laghdú táirgiúlachta. D’easaontaigh an Coimisiún le GOT, cé gur admhaigh sé gur rud é an méadú ar an bhfostaíocht idir 2016 agus 2017 a raibh lámh aige sa laghdú táirgiúlachta idir 2016 agus 2017. Mar sin féin, tá sé suntasach gur tháinig laghdú ar an táirgiúlacht arís idir 2018 agus an tréimhse imscrúdaithe tráth a raibh laghdú ag teacht ar an bhfostaíocht freisin, rud a d’fhág gur tharla caillteanas foriomlán 4 % sa táirgiúlacht thar an tréimhse atá á breithniú, mar a léirítear in aithris (181).

4.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ón dumpáil a rinneadh roimhe sin

(186)

Maidir le AE-27, bhí gach corrlach dumpála i bhfad ní b’airde ná an leibhéal de minimis. Ba mhór an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón Tuirc.

(187)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir GOT in aghaidh bharúlacha an Choimisiúin maidir le téarnamh thionscal an Aontais in 2017 mar thoradh ar leigheasanna trádála. Ós rud é go gcumhdaítear leis an roinn seo “aisghabháil ó dhumpáil roimhe seo”, chinn an Coimisiún go raibh údar maith ann a mheabhrú, i bhfianaise thorthaí na n-imscrúduithe a rinneadh roimhe seo ar an táirge céanna, go raibh tionchar ag cleachtais dumpála ar chás thionscal an Aontais in 2016, gur tháinig cuma an téarnaimh ar an tionscal in 2017, agus go ndeachaigh na leibhéil bhrabúsachta níos folláine a baineadh amach i léig le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(188)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (115) go (117) den Rialachán sealadach.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.5.3.1.   Praghsanna agus fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(189)

Meánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas, is mar a leanas a tháinig forbairt orthu le linn na tréimhse atá á breithniú:

Tábla 10

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas

 

2016

2017

2018

IP

An meánphraghas díola aonaid ar an margadh saor (EUR/tona)

393

532

574

534

Innéacs

100

135

146

136

Costas aonaid an táirgthe (EUR/tona)

413

497

540

560

Innéacs

100

121

131

136

Foinse: Táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu

(190)

Tháinig méadú mór ar mheánphraghsanna díola aonaid in 2017 i gcomparáid le 2016, agus ansin arís in 2018. Mar sin féin, meánphraghas díola aonaid thionscal an Aontais, thit sé ó EUR 574/tona in 2018 chuig EUR 534/tona le linn na tréimhse imscrúdaithe, agus chuaigh costas táirgthe an tionscail in airde ó EUR 540/tona in 2018 chuig EUR 560/tona le linn na tréimhse imscrúdaithe. Dá bhrí sin, cé go raibh tionscal an Aontais in ann na méaduithe costais a thabhaigh sé a thabhairt ar aghaidh dá chustaiméirí agus a bheith brabúsach go fóill in 2017 agus in 2018, ní fhéadfadh sé sin a dhéanamh a thuilleadh le linn na tréimhse imscrúdaithe. Is ionann an fhaisnéis faoin gcostas táirgthe atá sa tábla seo agus an fhaisnéis atá i dtábla 10 den Rialachán sealadach.

(191)

Tar éis nochtadh sealadach, thug GOT faoi deara gurb é an méadú céanna (+ 36 %) a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid thionscal an Aontais ar an margadh saor agus a tháinig ar chostas aonaid an táirgthe le linn na tréimhse atá á breithniú, ionas gurbh fhéidir le tionscal an Aontais méaduithe ar phraghsanna amhábhar a léiriú ina chuid phraghsanna. Tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil i measúnú GOT ach anailís críochphointe go críochphointe, anailís nach gcuirtear san áireamh inti na hathruithe bliantúla, ná an fíoras gurb é an toradh a bhí ar an imscrúdú frithdhumpála as ar eascair bearta in aghaidh na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine in 2017, gurb é an toradh a bhí air go bhfuarthas go ndearnadh díobháil le linn na tréimhse ón 1 Iúil 2015 go dtí an 30 Meitheamh 2016. Go deimhin, bhí praghsanna díola san Aontas thíos le spealadh go fóill in 2016 (16) de dheasca allmhairí ón mBrasaíl, ón Iaráin, ón Rúis agus ón Úcráin, agus níor éirigh le tionscal an Aontais a chuid praghsanna díola a thabhairt ar ais chuig gnáthleibhéil go dtí 2017 (17). Tugann an Coimisiún dá aire freisin gur thit praghsanna díola thionscal an Aontais ó EUR 574/tona in 2018 chuig EUR 534/tona le linn na tréimhse imscrúdaithe, agus go ndeachaigh costais aonaid in airde ó EUR 540/tona chuig EUR 560/tona le linn na tréimhse céanna. Dá bhrí sin, cé go raibh tionscal an Aontais in ann na méaduithe costais a thabhaigh sé a thabhairt ar aghaidh dá chustaiméirí agus a bheith brabúsach go fóill in 2017 agus in 2018, ní fhéadfadh sé sin a dhéanamh a thuilleadh le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(192)

Tar éis an nochta dheiridh, dúirt GOT gur theip ar an gCoimisiún a léiriú conas a bhí tionscal an Aontais in ann na méaduithe costais a tabhaíodh in 2017 a léiriú ina chuid phraghsanna díola. Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Na cros-seiceálacha cianda ar na freagairtí ceistneora a thug na táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu, iad sin agus Tábla 10 thuas, dheimhnigh siad gurb é an toradh a bhí ar na méaduithe costais idir 2016 agus 2017 go raibh praghsanna díola ní b’airde ar an margadh saor in AE-27 idir 2016 agus 2017.

4.5.3.2.   Costais saothair

(193)

Meánchostais saothair na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu, is mar seo a leanas a tháinig forbairt orthu le linn na tréimhse atá á breithniú:

Tábla 11

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2016

2017

2018

IP

(EUR)

74 295

78 101

79 241

83 187

Innéacs

100

105

107

112

Foinse: Na táirgeoirí ón Aontas a sampláladh

(194)

Le linn na tréimhse atá á breithniú, tháinig méadú 12 % ar na meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí. Is ionann an tábla seo agus tábla 11 sa Rialachán sealadach.

(195)

Tar éis nochtadh sealadach, dúirt GOT nach bhféadfaí an méadú ar chostais saothair a leagan ar allmhairí ón Tuirc agus orthu sin amháin. Rinne an páirtí gearán nach ndearnadh scrúdú sa Rialachán sealadach ar na cúiseanna a bhí leis an athrú a tháinig ar na costais saothair. Chuir an Coimisiún in iúl do GOT nach ndearna sé anailís ar aon fhachtóir ina aonar, agus go bhfuil na costais saothair ar cheann amháin de na fachtóirí a dtugtar cuntas orthu san anailís maidir le díobháil. Bhí an iliomad cúiseanna leis an méadú ar chostais saothair, lena n-áirítear gealltanais a rinneadh le ceardchumainn a dhéanann ionadaíocht thar ceann lucht saothair. Mheabhraigh an Coimisiún, áfach, gurb í an tsaincheist thábhachtach san anailís seo a mhéid a d’fhéadfadh tionscal an Aontais méaduithe costas a chur ar aghaidh, rud a scrúdaíodh sa roinn roimhe seo.

4.5.3.3.   Fardail

(196)

Leibhéil stoic na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu, is mar a leanas a tháinig forbairt orthu le linn na tréimhse atá á breithniú:

Tábla 12

Fardail

 

2016

2017

2018

IP

Stoic dheiridh (tonaí)

1 033 364

1 207 363

843 448

862 918

Innéacs

100

117

82

84

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht (%)

4,5-5,5

5-6

4-5

4-5

Innéacs

100

110

81

85

Foinse: Na táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu

(197)

Le linn na tréimhse atá á breithniú, tháinig laghdú 16 % ar leibhéal na stoc deiridh. Maidir leis an athrú a tháinig ar na stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeadh, bhí an táscaire sin réasúnta cobhsaí i rith na tréimhse atá á breithniú, agus is é a bhí ann thart ar 5 % de mhéid na táirgeachta. Is ionann an tábla seo agus tábla 12 sa Rialachán sealadach.

(198)

Tar éis nochtadh sealadach, bhreithnigh GOT na torthaí ón gCoimisiún atá in aithris (125) den Rialachán sealadach, torthaí atá mionsaothraithe go cuí agus arb é a mheastar leo nach táscaire tábhachtach díobhála atá sna stoic. Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Mar a mhínítear sa Rialachán sealadach, an chuid is mó de na cineálacha éagsúla den táirge sin, is de réir orduithe sonracha a thairgtear iad, agus dá bhrí sin is tar éis a dtáirgthe a dhéantar iad a sholáthar, agus ní choinnítear sa stoc iad. Is ar chonclúid cosúil leis sin a tháinig an Coimisiún maidir le stoic in imscrúduithe a rinneadh roimhe seo maidir leis an táirge céanna (18). Ina theannta sin, dhearbhaigh an t-imscrúdú seo gurb amhlaidh gur de réir orduithe sonracha úsáideoirí a thairgtear an chuid is mó de na cineálacha éagsúla den táirge sin.

(199)

Tar éis an nochta dheiridh, cheistigh GOT barúlacha an Choimisiúin maidir leis an laghdú ar na stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeadh. An céatadán de mhéid na táirgeachta a bhí sna stoic dhúnta, mheabhraigh an Coimisiún go raibh sé réasúnta cobhsaí agus gur thart ar 5 % a bhí ann i rith na tréimhse atá á breithniú, agus mheabhraigh ina theannta sin nach meastar gur táscaire tábhachtach é an fachtóir sin. De réir an Choimisiúin, ós rud é gur de réir orduithe sonracha ó úsáideoirí a thairgtear an chuid is mó de na cineálacha éagsúla den táirge sin, níl údar ann lena mheas gurb ionann stoic chobhsaí (mar chéatadán den mhéid táirgeachta) easpa díobhála ó thaobh thionscal an Aontais de.

4.5.3.4.   An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(200)

Brabúsacht na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu, an sreabhadh airgid atá acu, a gcuid infheistíochtaí, agus an toradh atá siad a fháil ar a gcuid infheistíochtaí, is rudaí iad sin ar tháinig forbairt orthu le linn tinn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 13

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2016

2017

2018

IP

Brabúsacht díolacháin san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas an díolacháin)

- 3,4

6,8

6,7

- 6,1

Innéacs

- 100

197

197

- 178

An sreabhadh airgid (EUR)

-140 233 454

441 132 791

621 327 297

-308 067 291

Innéacs

- 100

315

443

- 220

Infheistíochtaí (EUR)

144 626 230

234 309 366

210 822 274

156 161 956

Innéacs

100

162

146

108

An toradh ar infheistíochtaí (%)

- 3,1

9,7

10,2

- 13,0

Innéacs

- 100

317

331

- 424

Foinse: Na táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu

(201)

Is athrú diúltach a tháinig ar an mbrabúsacht le linn na tréimhse atá á breithniú, in ainneoin gur tháinig méadú ar bhrabúis a tharla ar dtús in 2017 agus 2018. Thit an bhrabúsacht ó 6,8 % in 2017 go - 6,1 % le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(202)

Bhí an glansreabhadh airgid dearfach ó 2017 go 2018, shroich sé a bhuaic in 2018, agus d’iompaigh sé ina shreabhadh diúltach le linn na tréimhse imscrúdaithe, tráth a bhí an bhrabúsacht ag an bpointe ab ísle dá raibh sé le linn na tréimhse á breithniú. Cuireadh bac ar an gcumas caipiteal a chruinniú mar gheall ar thitim na mbrabús.

(203)

Tháinig méadú 8 % ar leibhéal na n-infheistíochtaí bliantúla le linn na tréimhse atá á breithniú, ach tháinig laghdú air le linn na tréimhse imscrúdaithe ionas gur ar éigean ab airde é ná an leibhéal a bhí ann in 2016. Ba é a fhearacht sin é ag an treocht maidir leis an toradh ar an infheistíochtaí, ach oiread leis an treocht maidir leis an mbrabúsacht. A mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí agus leis an toradh ar infheistíochtaí, is ionann an chuid seo de thábla 13 agus tábla 13 den Rialachán sealadach.

(204)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh GOT gur leibhéil ollmhóra iad na leibhéil infheistíochta i dtábla 13 den Rialachán sealadach, agus gur cruthúnas soiléir iad nach ndearnadh díobháil. D’easaontaigh an Coimisiún le conclúid GOT toisc gur in 2017 agus 2018 a tharla infheistíochtaí den chuid is mó, is é sin le rá gur tharla siad nuair a thosaigh tionscal an Aontais ag teacht chuige féin arís tar éis dó a bheith thíos leis cleachtais dumpála a bhí ann roimhe seo. Mar a mhínítear in aithris (167) den Rialachán sealadach, ní raibh táirgeoirí an Aontais in ann oiread infheistíochta a dhéanamh agus ba mhian leo le linn na tréimhse atá á breithniú. Ós rud é gur gnó é tionscal an Aontais atá dian ar chaipiteal, ní hé gur infheistíochtaí ollmhór a bhí ann i dtéarmaí coibhneasta. Cuireadh bac ar an gcumas caipiteal a chruinniú mar gheall ar thitim na mbrabús.

(205)

Tar éis an nochta dheiridh, d’iarr GOT míniú ar an méadú 62 % a tháinig ar infheistíochtaí idir 2016 agus 2017, mar is i nDeireadh Fómhair 2017 a tháinig bearta HRFS i bhfeidhm in aghaidh cúig cinn de thríú tíortha. Ag an tús, an fíoras go bhfuil allmhairí dumpáilte ar an margadh a dhéanann dochar do thionscal an Aontais, thug an Coimisiún dá aire an prionsabal nach féidir an fíoras sin a úsáid chun cinntí infheistíochta de chuid thionscal an Aontais a dhícháiliú, mar is éard a bheadh ansin cúiteamh intuigthe don chleachtas éagórach trádála atá i gceist. Maidir leis an tsubstaint, na bearta sealadacha frithdhumpála i gcoinne ceann de na príomhfhoinsí d’allmhairí HRFS ag an am, mar atá an tSín, mheabhraigh an Coimisiún gur ar an 7 Deireadh Fómhair 2016 (19) a foilsíodh iad, agus gur te sna sála air sin, in Aibreán 2017, a tháinig na bearta cinntitheacha (20). Ina theannta sin, léirítear i dtábla 14 den Rialachán seo gur tháinig laghdú soiléir ar allmhairí dumpáilte ón tSín, ón Rúis, ón mBrasaíl, ón Úcráin agus ón Iaráin idir 2016 agus 2017, rud a d’fhág gurbh fheiliúnach infheistíochtaí moillithe a chur chun feidhme in 2017.

(206)

Tar éis nochtadh sealadach, infheistíochtaí áirithe a bhaineann le cúrsaí sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil, dúirt GOT nach mbíonn brabús ná toradh dá mbarr. Mheas an Coimisiún gur cheart go mbeadh tionscal an Aontais in ann brabús a dhéanamh fiú agus a chuid ghealltanas sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil á gcomhlíonadh aige. Faoi ghnáthchúinsí margaidh, infheistíochtaí a bhaineann le cúrsaí sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil, ní chuireann siad cosc ar ghnólachtaí brabúis nach beag a dhéanamh. Cé gur aontaigh GOT leis an gconclúid sin, tar éis an nochta dheiridh mheas sé gur theip ar an gCoimisiún scrúdú oibiachtúil a dhéanamh ar an mbrabúsacht agus ar an toradh a bhí ar infheistíochtaí, mar infheistíochtaí a bhaineann le cúrsaí sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil, is infheistíochtaí iad a mbíonn an-chostas ag roinnt leo an bhliain a dhéantar iad, agus ní bhíonn cuideachta ar bith ag súil le toradh ar na hinfheistíochtaí sin. Níor aontaigh an Coimisiún leis sin, mar ionas gur folláin é tionscal an Aontais, ní foláir di a bheith láidir ó thaobh na brabúsachta agus ó thaobh an toraidh a fhaigheann sí ar infheistíochtaí sa tslí gur féidir costais a bheith ann nach mbíonn toradh airgid orthu ach a bhfuil géarghá leo ar chúiseanna sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil.

(207)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (126) go (131) den Rialachán sealadach.

4.6.   Conclúid maidir le díobháil

(208)

Cé gur tháinig laghdú beag ar an tomhaltas sa mhargadh saor le linn na tréimhse atá á breithniú (- 1 %), tháinig méadú ar mhéideanna díolachán thionscal an Aontais ar an margadh saor, agus mhéadaigh a sciar den mhargadh ó [75-76 %] go [78-79 %]. Mar sin féin, na feabhsuithe beaga sin i dtéarmaí méideanna díolachán agus an sciar den mhargadh, ní féidir iad a fheiceáil ach nuair a dhéantar comparáid le 2016, tráth a bhí tionscal an Aontais thíos le díobháil a d'eascair as dumpáil allmhairí ó thíortha eile. Ina dhiaidh sin féin, tháinig laghdú 4 % agus 7 % faoi seach ar aschur táirgthe agus úsáid acmhainne thionscal an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú. Idir 2018 agus an tréimhse imscrúdaithe bhí laghduithe ní ba shuntasaí ann ó thaobh aschur táirgthe agus úsáid acmhainne, agus tháinig laghdú freisin ar an díolachán ar an margadh saor. Tháinig fás ar thionscal an Aontais in 2017 agus é ag teacht chuige féin tar éis a bheith thíos leis na hallmhairí éagóracha atá faoi réir bearta frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, ach is meath a tháinig ar an tionscal le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(209)

Tháinig ardú mór ar chostas táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú (+ 36 %) agus is í an phríomhchúis a bhí leis sin gur tháinig méadú mór ar phraghsanna na n-amhábhar.

(210)

Ba mhó an méadú a tháinig ar phraghsanna díola thionscal an Aontais ná mar a tháinig ar chostais in 2017 agus in 2018, rud a d’fhág go raibh táirgeoirí an Aontais in ann téarnamh ó chleachtais dumpála díobhálaí a bhí ann roimhe sin agus brabúsacht 6,7 % a bhaint amach. Mar sin féin, idir 2018 agus an tréimhse imscrúdaithe, chun a sciar den mhargadh a chosaint tráth a bhí sé ag dul i ngleic le hallmhairí dumpáilte ón Tuirc, bhí ar thionscal an Aontais a chuid praghsanna díola a laghdú in ainneoin costais a bheith ag méadú (+ 4 %). Ba thubaisteach an tionchar a bhí aige sin ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, brabúsacht a thit ó + 6,7 % in 2018 go - 6,1 % le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(211)

Is treocht den chineál céanna a bhí ann i gcás táscairí airgeadais eile (an sreabhadh airgid, an toradh ar infheistíochtaí), go háirithe le linn na tréimhse imscrúdaithe, agus dá bhrí sin tháinig laghdú mór ar leibhéal na n-infheistíochtaí sa tréimhse imscrúdaithe i gcomparáid leis na blianta roimhe sin.

(212)

Mar a mhínítear in aithris (16) thuas, is rud é tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as ar eascair athbhreithniú ar tháscairí maicreacnamaíocha agus ar roinnt sonraí eile. Mar sin féin, na difríochtaí idir táblaí 1-13 den Rialachán sealadach agus táblaí 1-13 den Rialachán seo, ní difríochtaí móra iad i dtéarmaí aonad ná i dtéarmaí treochtaí. Bhí leibhéil shuntasacha ann maidir leis an sladghearradh i gcaitheamh an ama. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil athrú ar an gconclúid maidir le díobháil ar ar thángthas sa Rialachán sealadach de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe.

(213)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid chinntitheach gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Tionchair na n-allmhairí dumpáilte

(214)

Tar éis nochtadh sealadach, níor aontaigh ÇİB ná GOT leis na conclúidí atá i roinn 5.1 den Rialachán sealadach. Chuir GOT in iúl nach bhféadfadh na míniúcháin atá ann údar maith a thabhairt le nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil líomhnaithe idir 2018 agus 2019 ar an bhforas go raibh méideanna allmhairí na Tuirce cobhsaí agus gur tháinig laghdú ar phraghsanna allmhairí na Tuirce agus ar chostas táirgthe thionscal an Aontais araon le linn na tréimhse sin. Thug an Coimisiún míchruinneas ráitis GOT dá aire. Ar thaobh amháin, ní laghdú a tháinig ar chostas táirgthe thionscal an Aontais sa tréimhse sin. Ní hea, ach méadú ó EUR 540/tona in 2018 go EUR 560/tona in 2019, mar a léirítear i dtábla 10 den Rialachán sealadach agus i dTábla 10 den Rialachán seo. Ar an taobh eile, idir 2018 agus 2019 bhí méideanna na n-allmhairí ón Tuirce cobhsaí go leor i gcaitheamh an ama (cé go raibh siad ar leibhéil níos airde i gcomparáid le 2016 agus 2017), agus tháinig laghdú 8,5 % ar phraghsanna na n-allmhairí sin mar a léirítear i dtáblaí 4 agus 5 den Rialachán seo. Thug an Coimisiún dá aire gur mheas GOT nach leibhéil shuntasacha a bhí i leibhéil an tsladghearrtha ar ar thángthas sa Rialachán sealadach, ach nár chuir sé ina choinne gur táirge é HRFS atá an-íogair ó thaobh an phraghais de. Go deimhin féin, d’admhaigh GOT féin gur difríocht bheag sa phraghas ba chúis leis an méadú a tháinig ar an sciar den mhargadh atá ag allmhairí ón Tuirc (21). Dá bhrí sin, diúltaítear do na héilimh. Ar chaoi ar bith, is cuma an sladghearradh ann nó as, toisc an spealadh praghsanna a bhí ann mar gheall ar mhéideanna na n-allmhairí ón Tuirc ar phraghsanna níos ísle, b’éigean do thionscal an Aontais a chuid praghsanna a choimeád i bhfad ní b’ísle ná a chuid costas táirgthe le linn na tréimhse imscrúdaithe ionas go gcosnódh sé an sciar den mhargadh a bhí aige.

(215)

Dúirt GOT freisin nár bhain allmhairí ón Tuirc a sciar féin den mhargadh de thionscal an Aontais agus nár ghlac siad ach sciar áirithe dá raibh ag tríú tíortha, rud nach bhféadfadh aon tionchar a bheith aige ar tháirgeoirí an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, mhaígh ÇİB nár chuimhnigh an Coimisiún gurb éard a rinne allmhairí ón Tuirc an bhearna a d’fhág tíortha soláthair eile ina ndiaidh a líonadh. Líomhnaigh an páirtí go raibh easpa comhghaoil ama ann idir feidhmíocht thionscal an Aontais agus teacht chun cinn allmhairí na Tuirce, toisc, nuair a chuaigh staid tháirgeoirí an Aontais in olcas idir an dara agus an tríú ráithe de 2019, de réir mar a d’éiligh an gearánach, tháinig laghdú ar líon na n-allmhairí ón Tuirc agus níor tháinig aon athrú ar na praghsanna a bhí orthu. Tar éis an nochta dheiridh, dúirt GOT gur léirigh anailís ráithiúil gur thosaigh líon na n-allmhairí ón Tuirc ag dul i laghad go mór i dtús 2019. Ar an gcaoi chéanna, tar éis an nochta shealadaigh agus deiridh, dúirt ÇİB nár mhínigh an Coimisiún cén fáth ar fheabhsaigh roinnt príomhtháscairí eacnamaíocha de chuid thionscal an Aontais nó ar fhan siad cobhsaí sa tréimhse 2016-2019 tráth a bhí méadú ag teacht ar líon na n-allmhairí ón Tuirc de réir a chéile. Tar éis an nochta dheireanaigh, dúirt ÇİB gur fachtóirí eile seachas allmhairí ón Tuirc ba chúis leis an díobháil ábhartha, mar cé gur tháinig méadú ar líon na n-allmhairí ón Tuirc idir 2016 agus 2018, tháinig méadú freisin ar na praghsanna a bhí orthu.

(216)

D’aontaigh an Coimisiún nach fadhb a bheadh in allmhairí ón Tuirc bearna a líonadh; mar sin féin, is praghsannna dumpáilte éagóracha a bhí ar na hallmhairí sin ar theacht isteach san Aontas dóibh. Maidir leis an easpa comhghaoil ama, níor aontaigh an Coimisiún gur mar sin a bhí. Go deimhin féin, san anailís a rinne ÇİB, thug sé neamhaird ar éifeachtaí an bhrú praghsanna a cuireadh i bhfeidhm de bharr allmhairí ón Tuirc. An fíoras gur sna táscairí a bhaineann le praghsanna is soiléire atá an díobháil, ní rud é a bhaineann an bonn den chonclúid fhoriomlán maidir le dumpáil dhíobhálach. Mar a deirtear in aithris (139) den Rialachán sealadach, an brú praghsanna a cuireadh i bhfeidhm de bharr allmhairí ón Tuirc ar phraghsanna ní b’ísle, is in 2019 a thug an brú sin ar thionscal an Aontais a chuid praghsanna a shocrú ar leibhéal go maith faoi bhun leibhéil na gcostas ionas go gcoinneodh sé a sciar den mhargadh. Dá bhrí sin, tá comhghaol soiléir idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(217)

Tar éis an nochta dheiridh, thug GOT faoi deara gur sa mhargadh saor thar aon áit eile a bhíonn tionscal an Aontais in iomaíocht le hallmhairí. An méadú a tháinig ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais sa mhargadh saor, líomhnaigh GOT go gcruthaíonn sé nach é go bhfuil díobháil ann de dheasca allmhairí ón Tuirc. An méadú ar dhíolacháin thionscal an Aontais ar an margadh saor agus an méadú ar a sciar den mhargadh in ainneoin allmhairí Turcacha a bheith ann, dúirt ÇİB gur rudaí iad sin nach dtacaíonn leis an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú. Is é tuairim an Choimisiúin go ndearna an dá pháirtí faillí sa mhéid a mhaígh siad ar éifeachtaí an bhrú praghsanna a cuireadh i bhfeidhm de dheasca allmhairí ón Tuirc, agus go léiríonn na táscairí a bhaineann le praghsanna go bhfuil díobháil shoiléir inléirithe ann. Le linn na tréimhse imscrúdaithe fuair tionscal an Aontais seilbh ar roinnt de na scaireanna margaidh a bhí i seilbh foinsí áirithe allmhairiúcháin roimhe sin. Mar sin féin, is trí bhíthin praghsanna díola go maith ní ba lú ná na costais a rinneadh sin, agus is éard ba chúis leis an gcur chuige sin an brú praghsanna a cuireadh i bhfeidhm de dheasca allmhairí ón Tuirc agus na bpraghsanna ní b’ísle a bhí orthu.

(218)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (138) go (139) den Rialachán sealadach.

5.2.   Tionchar fachtóirí eile

5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(219)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse atá á breithniú:

Tábla 14

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2016

2017

2018

IP

Cónaidhm na Rúise

Méid (tonaí)

1 935 269

720 339

1 587 740

1 340 462

Innéacs

100

37

82

69

An sciar den mhargadh (%)

5-6

2-3

4-5

3-4

Innéacs

100

39

81

70

Meánphraghas

(EUR/tona)

335

468

496

443

Innéacs

100

140

148

132

An tSeirbia

Méid (tonaí)

348 619

465 158

733 711

860 953

Innéacs

100

133

210

247

An sciar den mhargadh (%)

0-1

1-2

2-3

2-3

Innéacs

100

139

207

249

Meánphraghas (EUR/tona)

386

498

547

479

Innéacs

100

129

142

124

An India

Méid (tonaí)

430 713

1 098 632

884 455

847 584

Innéacs

100

255

205

197

An sciar den mhargadh (%)

1-2

3-4

2-3

2-3

Innéacs

100

266

202

199

Meánphraghas (EUR/tona)

403

494

531

464

Innéacs

100

122

132

115

An Bhrasaíl

Méid (tonaí)

654 633

369 251

266 555

114 142

Innéacs

100

56

41

17

An sciar den mhargadh (%)

1-2

1-2

0-1

0-1

Innéacs

100

59

40

18

Meánphraghas (EUR/tona)

362

494

531

485

Innéacs

100

136

147

134

An Úcráin

Méid (tonaí)

1 078 716

606 830

131 928

106 797

Innéacs

100

56

12

10

An sciar den mhargadh (%)

3-4

1-2

0-1

0-1

Innéacs

100

59

12

10

Meánphraghas (EUR/tona)

331

466

472

424

Innéacs

100

141

142

128

An Iaráin

Méid (tonaí)

917 783

76 707

56 026

3 377

Innéacs

100

8

6

0

An sciar den mhargadh (%)

2-3

0-1

0-1

0-1

Innéacs

100

9

6

0

Meánphraghas (EUR/tona)

305

428

489

504

Innéacs

100

140

160

165

An tSín

Méid (tonaí)

1 024 619

8 456

579

525

Innéacs

100

0,83

0,06

0,05

An sciar den mhargadh (%)

2-3

0-1

0-1

0-1

Innéacs

100

1

0

0

Meánphraghas (EUR/tona)

325

667

3 760

3 177

Innéacs

100

205

1 158

978

Tríú tíortha eile

Méid (tonaí)

935 804

1 560 157

1 507 414

1 242 177

Innéacs

100

167

161

133

An sciar den mhargadh (%)

2-3

4-5

4-5

3-4

Innéacs

100

174

159

134

Meánphraghas (EUR/tona)

384

493

562

523

Innéacs

100

128

146

136

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas an Tuirc

Méid (tonaí)

7 326 155

4 905 531

5 168 408

4 516 016

Innéacs

100

67

71

62

An sciar den mhargadh (%)

21-22

15-16

15-16

12,5-13,5

Innéacs

100

70

69

62

Meánphraghas (EUR/tona)

344

480

530

477

Innéacs

100

141

154

139

Foinse: Eurostat

(220)

Le linn na tréimhse atá á breithniú, tháinig laghdú 38 % ar allmhairí ó thíortha eile seachas an Tuirc; tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh atá acu ó 21-22 % go 12,5-13,5 %.

(221)

Tar éis nochtadh sealadach, mheas GOT go ndearnadh neamhaird sa Rialachán sealadach ar phraghas (íseal) na n-allmhairí ó thríú tíortha áirithe agus nach bhféadfadh praghsanna allmhairí na Tuirce díobháil a dhéanamh do tháirgeoirí an Aontais. Bhunaigh GOT an chonclúid seo ar an bhfíoras gur laghdaigh praghsanna allmhairí foriomlána, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise na sonraí a cuireadh i láthair i dTábla 14 den Rialachán sealadach, níos mó ná praghsanna allmhairí ón Tuirc amháin ó 2018 go dtí an tréimhse imscrúdaithe agus, ar an dara dul síos, go raibh luaineacht mhór i bpraghsanna HRFS. Méid carnach na n-allmhairí ó na tríú tíortha ar fad, seachas an Tuirc, dúirt GOT go raibh go raibh dhá oiread mhéid na n-allmhairí ón Tuirc ann. Ós rud é go raibh a gcuid praghsanna níos ísle ná praghsanna allmhairí ón Tuirc, chuir GOT iúl nach bhféadfaí neamhaird a thabhairt ar an tionchar a bhí acu. I ndáil leis an méid sin, an titim mhear a tháinig ar phraghas allmhairí Indiacha, dúirt ÇİB gur san aon am amháin a tharla an titim sin agus a tháinig laghdú ar bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais.

(222)

Rinne an Coimisiún anailís ar mhéideanna, luachanna agus treochtaí na n-allmhairí ó thríú tíortha eile, ach chinn sé nár mhaolaigh an tionchar a bhí acu an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón Tuirc agus díobháil ábhartha a bhain do tháirgeoirí an Aontais. Maidir leis an gcomparáid praghsanna a rinne GOT idir praghsanna allmhairiúcháin ón Tuirc agus allmhairiúcháin iompórtála ó fhoinsí eile, tugann an Coimisiún dá aire nach gcuirtear faisnéis iomlán in iúl maidir leis na hallmhairí bhfoinsí eile, ós rud é gur thug GOT neamhaird ar an bhfíoras go bhfuil praghsanna dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh a íocadh gan áireamh i sonraí Eurostat. A mhéid a bhaineann le hallmhairí ón India, mar a luaitear in aithris (144) den Rialachán sealadach, ní féidir a dheimhniú cén meascán táirgí áirithe a bhí sna hallmhairí sin, agus dá ní bhrí sin ní féidir a dheimhniú bunaithe ar mheánphraghsanna Eurostat amháin an fíor gur bhain siad an bonn de phraghsanna thionscal an Aontais. Níor sholáthair aon pháirtí fianaise de réir chineál an táirge ar fianaise í thabharfadh le tuiscint go ndearnadh sladghearradh mór de dheasca allmhairí ón India. Níos tábhachtaí fós, níor chuir aon pháirtí ina aghaidh nach raibh i méid na n-allmhairí ón India ach an ceathrú cuid de na hallmhairí ón Tuirc agus, dá bhrí sin, nach féidir gur mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a tugadh faoi deara sa chás sin. Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh an gearánach nach raibh sé ar an eolas faoi aon fhaisnéis a thabharfadh le tuiscint gur díoladh na hallmhairí ón India ar phraghsanna dumpáilte san Aontas nó ar phraghsanna lena ndéanfaí aon díobháil do tháirgeoirí an Aontais. Dá bhrí sin, agus an sciar measartha beag d’allmhairí ón India á chur san áireamh, ní féidir gur chuir na hallmhairí sin brú a chur ar tháirgeoirí an Aontais a mhéid a rinne allmhairí dumpáilte ón Tuirc.

(223)

Tar éis an nochta dheiridh, chuir ÇİB in aghaidh na hanailíse agus na gconclúidí a rinneadh faoin roinn seo, agus dúirt GOT gur roghnaigh an Coimisiún “gan scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí” allmhairí ó thríú tíortha eile agus nár léirigh sé nach ndearna na hallmhairí sin díobháil do tháirgeoirí an Aontais. Níor aontaigh an Coimisiún leis na páirtithe toisc gur scrúdaigh sé an fhaisnéis ábhartha ar fad maidir leis an ábhar atá sa chomhad. Mar shampla, níor sholáthair páirtí ar bith, GOT ná ÇİB fiú amháin, fianaise de réir chineál an táirge ag aon chéim den imscrúdú ar fianaise í a thugann le tuiscint go ndearnadh sladghearradh mór de dheasca allmhairí ón India (nó allmhairí ón tSeirbia, de réir mar atá maíte ag ÇİB). Chinn an Coimisiún nár thacaigh an fhianaise atá ar comhad leis an maíomh maidir leis na héifeachtaí a líomhnaítear a bhí ag allmhairithe ó thríú tíortha eile. Ní bhaineann an chonclúid sin an bonn den chinneadh maidir le méid an bhrú a chuireann allmhairí den sórt sin ar tháirgeoirí an Aontais i gcomhthráth le hallmhairí dumpáilte ón Tuirc. Dearbhaíodh an cinneadh nach féidir gur mhaolaigh allmhairí ó thríú tíortha an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón Tuirc agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Bunaithe ar na cúinsí sin, deimhníodh freisin an chonclúid fhoriomlán maidir le cúisíocht.

(224)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (140) go (146) den Rialachán sealadach.

5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(225)

Tháinig forbairt ar mhéid agus praghsanna onnmhairiúcháin thionscal an Aontais chuig páirtithe neamhghaolmhara le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 15

Díolacháin onnmhairí

 

2016

2017

2018

IP

An méid onnmhairí (tonaí)

1 go 2 mhilliún

1 go 2 mhilliún

1 go 2 mhilliún

1 go 2 mhilliún

Innéacs

100

102

102

121

Meánphraghas (EUR/tona)

376

502

554

468

Innéacs

100

133

147

124

Foinse: Eurofer (méideanna) agus táirgeoirí de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu (meánphraghsanna)

(226)

Rinne táirgeoirí ón Aontas méadú 21 % ar na méideanna onnmhairí le linn na tréimhse atá á breithniú ionas gur beagán faoi bhun 2 milliún tona a bhí sna méideanna sin in 2019. Ar an iomlán, b’ionann na méideanna a d’onnmhairigh tionscal an Aontais agus níos lú ná 6 % dá mhéid díolacháin ar mhargadh saor an Aontais.

(227)

In éagmais aon bharúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (147) go (149) den Rialachán sealadach.

5.2.3.   Tomhaltas faoi chuing

(228)

I ndiaidh nochtadh sealadach, d’iarr GOT ar an gCoimisiún tuilleadh sonraí a bhailiú agus an t-éileamh sa mhargadh faoi chuing a scrúdú tuilleadh. Thug GOT dá aire miondealuithe áirithe i bhfoilseachán an ghearánaí dar teideal “European Steel in Figures 2020”, chomh maith leis na drochthorthaí a d’fhoilsigh Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa i dtuarascáil 2019 aige.

(229)

Tá dhá phríomhchineál úsáide a bhaintear as na táirgí cruach comhréidhe teo-rollta. Ar an gcéad dul síos, is iad an t-ábhar príomhúil iad chun táirgí cruach éagsúla breisluacha iartheachtacha a tháirgeadh, arb iad na táirgí is túisce a thairgtear as a measc táirgí cruach fuar-rollta comhréidhe agus táirgí cruach brataithe. Ar an dara dul síos, is ionchur tionsclaíoch iad a cheannaíonn úsáideoirí deiridh le haghaidh feidhmeanna éagsúla, lena n-áirítear a n-úsáid sa tógáil (táirgeadh feadán cruach), an longthógáil, coimeádáin gháis, gluaisteáin, soithí brú agus píblínte fuinnimh. Na sonraí a chuir GOT ar aghaidh, níorbh fhéidir iad a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an éileamh sa réimse leathan earnálacha tomhaltais lena mbaineann. An ghníomhaíocht táirgthe iomlán sna hearnálacha a úsáideann cruach san Aontas, chinn an Coimisiún gur tháinig laghdú 0,2 % uirthi in 2019 – tar éis méadú 2,9 % in 2018 – agus sin é an chéad laghdú aschuir a tharla ó bhí 2013 ann. An fás diúltach a tharla in 2019, is toradh a bhí ann ar mhéadú ar an aschur tógála agus ar laghdú i ngach earnáil eile ina n-úsáidtear cruach (is san earnáil mótarfheithiclí ba ghéire an laghdú sin) (22). An fás diúltach a bhí ann in 2019 san iliomad earnálacha ina n-úsáidtear cruach, d’admhaigh an Coimisiún gur rud é a thug dúshlán táirgeoirí HRFS. Mar sin féin, an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón Tuirc agus staid dhíobhálach thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe, cinneadh nár mhaolaigh an cás sin an nasc céanna, cinneadh a rinneadh i bhfianaise mhéid na n-allmhairí sin, an tionchar a bhí acu ar phraghsanna Thionscal an Aontais, agus fachtóirí díobhálacha eile a sainaithníodh thuas.

(230)

Tar éis an nochta dheiridh, líomhnaigh GOT nár scrúdaíodh éifeachtaí an tomhaltais faoi chuing, agus gur rud é atá neamh-chomhoiriúnach le EDT gan an scrúdú sin a dhéanamh. Dúirt GOT go gur roghnaigh an Coimisiún “gan scrúdú a dhéanamh” ar an “meath neamhghnách sna tionscail ina n-úsáidtear cruach san Aontas”. Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Níor chuir GOT aon fhianaise ar fáil chun bunús a thabhairt lena mhaíomh. Na foilseacháin i bhfonóta 16 den Rialachán sealadach, ní léirítear iontu an “meath neamhghnách sna tionscail ina n-úsáidtear cruach san Aontas” a líomhnaigh GOT. Le linn an imscrúdaithe, ní dhearna aon úsáideoir maíomh den chineál céanna. Mar a thugtar chun suntais in aithris (195) den Rialachán sealadach, níor tháinig úsáideoirí ó na príomh-mhargaí iartheachtacha chun tosaigh, is é sin úsáideoirí ó mhargaí amhail an tionscal gluaisteán, réimse na bhfearas tionscail nó an earnáil tógála.

(231)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (150) go (151) den Rialachán sealadach.

5.2.4.   Mar a d’athraigh an t-éileamh

(232)

Tar éis an nochta dheiridh, chuir ÇİB in iúl gur cúis díobhála ab ea an laghdú foriomlán ar an tomhaltas san Aontas, agus dúirt GOT gurb é an toradh a bhí ar an laghdú ar an tomhaltas gur tháinig laghdú ar mhéideanna táirgeachta thionscal an Aontais. Thug an Coimisiún dá aire, mar a léirítear i dtábla 1, gur tháinig laghdú 1 % ar an tomhaltas ar an margadh saor, i.e. an margadh arb ann go príomha a bhítear in iomaíocht le hallmhairí, le linn na tréimhse atá á breithniú. A mhéid a tháinig laghdú ar an tomhaltas san Aontas, measann an Coimisiún nach rud é a mhaolaigh an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón Tuirc agus staid dhíobhálach thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(233)

I bhfianaise an mhéid a breithníodh sa roinn thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (152) go (153) den Rialachán sealadach. An t-athrú éilimh atá le sonrú i sonraí AE-27, ní rud é a athraíonn na conclúidí sin.

5.2.5.   Praghsanna amhábhar

(234)

In éagmais aon bharúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (154) go (155) den Rialachán sealadach.

5.2.6.   Fachtóirí eile

(235)

Tar éis an nochta dheiridh, d’áitigh ÇİB gur cúis díobhála a bhí in athruithe a tháinig ar mhargadh an Aontais, in iarrachtaí athstruchtúraithe agus cuíchóirithe a rinne táirgeoirí an Aontais, i mbeartas ceannaigh áirithe agus in allmhairí ar phraghas íseal ó thríú tíortha eile. Is maíomh gan taca a bhí ansin agus diúltaíodh dó dá bharr.

(236)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (147) go (149) den Rialachán sealadach.

5.3.   An chonclúid maidir le cúisíocht

(237)

Ar bhonn a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile, na tosca a ndearnadh anailís orthu ina n-aonar nó i dteannta a chéile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh aon cheann de na tosca sin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais sa tslí nach fíor-nasc substainitúil a bheadh ann a thuilleadh, rud a dhearbhaíonn an chonclúid in aithrisí (159) go (161) den Rialachán sealadach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

6.1.   Corrlach gearrdhíola

(238)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir an gearánach i gcoinne na húsáide a bhain an Coimisiún as an meánbhrabús a baineadh amach le linn na bliana 2017, mar atá 6,8 %, mar bhonn leis an spriocbhrabús a úsáideadh chun an corrlach gearrdhíola a ríomh. D’áitigh an gearánach go raibh tionscal an Aontais fós thíos le hallmhairí dumpáilte ó fhoinsí eile in 2017, gur theip ar an gCoimisiún cloí lena chleachtas caighdeánach agus go raibh corrlach brabúis ní b’airde molta ag ÇİB fiú. Mhaígh an gearánach go daingean gur sa raon 10-15 % ba cheart don spriocbhrabús a bheith, fearacht an 12,9 % a úsáideadh in imscrúdú eile roimhe sin maidir le hallmhairí den táirge céanna (23), cé gur admhaigh sé go bhféadfaí gur 7,9 % a bheadh sa bhonn íosta don spriocbhrabús, mar is é sin an spriocbhrabús a úsáideadh san imscrúdú is déanaí maidir leis an táirge seo.

(239)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an éileamh. Mar a mhínítear in aithrisí (164) agus (166) den Rialachán sealadach, bhunaigh an Coimisiún cinneadh an spriocbhrabúis ar fhorálacha Airteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, cé nach bhféadfaí bliain ina raibh “gnáthchoinníollacha iomaíochta” roimh mhéadú na n-allmhairí ón Tuirc a shainaithint laistigh de thréimhse réasúnach ama. Ina theannta sin, mar a luadh cheana i roinn 4.5.1 thuas, ní raibh an Coimisiún in ann teacht ar an gconclúid go raibh tionscal an Aontais fós thíos le hallmhairí dumpáilte in 2017, mar a mhaígh an gearánach. San imscrúdú frithdhumpála i gcoinne na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine, is tréimhse ón 1 Iúil 2015 go dtí an 30 Meitheamh 2016 a cumhdaíodh leis an imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil. Cé gur forchuireadh bearta cosanta cinntitheacha i nDeireadh Fómhair 2017 i gcoinne allmhairí a tionscnaíodh sna háiteanna sin, ní hionann é sin agus a rá go raibh cleachtais dumpála díobhálaí fós ann in 2017. An titim ghéar a bhain d’allmhairí ó na cúig thír sin in 2017, is rud í a chomhthacaíonn leis sin, mar a luadh cheana in aithris (163) thuas. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún gurb í an bhliain 2017 an bunús ab fhearr chun an spriocbhrabús a bhunú i gcomhthéacs an imscrúdaithe reatha. Ar aon chuma, i bhfianaise na gcorrlach dumpála a tugadh faoi deara sa chás seo, fiú amháin dá nglacfaí leis an éileamh ar spriocbhrabús ní b’airde, ní bheadh aon tionchar aige sin ar leibhéal na mbeart.

(240)

Nuair a bhí an chéim shealadach ann, d’úsáid an Coimisiún sonraí de chuid Bloomberg New Energy Finance chun praghsanna lamháltais réamh-mheasta chóras trádála astaíochtaí an Aontais chun costais chomhshaoil sa todhchaí a ríomh. Tugadh na praghsanna sin cothrom le dáta ag an gcéim chinntitheach agus is ar an 15 Feabhra 2020 a baineadh na sonraí.

(241)

Tagraítear in Aithris (216) den Rialachán sealadach do thráchtaí i ndáil leis na ríomhanna díobhála a fuarthas ó tháirgeoir amháin de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil air i gcomhthéacs Airteagal 19a den bhun-Rialachán. Mhaígh an páirtí gurb é meán na cainníochta de HRFS a tháirgeofar amach anseo, seachas meán na dtáirgí réamhtheachtacha a úsáidfear amach anseo i dtáirgeadh HRFS, ba cheart a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar na costais chomhlíontachta a bhainfidh amach anseo le tionscal an Aontais a thabhairt i gcomhréir le costais chomhshaoil agus shóisialta an táirgthe de réir mar a shocrófar na costais sin le comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil nó le oibleagáidí sóisialta iltaobhacha. I gcomhthéacs na himeachta seo, i bhfianaise na faisnéise a chuir na trí tháirgeoir de chuid an Aontais a ndearnadh sampláil orthu ar fáil agus a d’fhíoraigh an Coimisiún, chinn an Coimisiún gurb iad na táirgí réamhtheachtacha ba chiontach go díreach le hastú truailleán go díreach, agus dá bhrí sin gur ar leibhéal na dtáirgí réamhtheachtacha ba cheart measúnú a dhéanamh ar na costais chomhlíonta a bheadh ann amach anseo. Cuireadh na costais sin i bhfeidhm ina dhiaidh sin maidir le táirgeadh an táirge atá faoi imscrúdú bunaithe ar an gcóimheas tomhaltais den táirge iartheachtach a ghineann na hastaíochtaí i dtáirgeadh an táirge atá faoi imscrúdú.

(242)

Mar a mhínítear i roinn 1.8 thuas, tháinig athrú ar chomhdhéanamh an Aontais in 2021, rud as ar eascair athrú ar an tacar sonraí a úsáideadh chun an corrlach gearrdhíola a bhunú. Léirítear leibhéal an díothaithe díobhála do AE-27 sa tábla thíos:

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála

Corrlach gearrdhíola

An Tuirc

Çolakoğlu Metalurji A.Ş.

7,3 %

19,5 %

Grúpa Erdemir:

Ereğli Demir ve Çelik Fabrikalari T.A.S.

İskenderun Demir ve Çelik A.Ş.

5,0 %

21 %

Habaş Sinai Ve Tibbi Gazlar İstihsal Endüstrisi A.Ş.

4,7 %

20,5 %

Ağir Haddecilik A.Ş.

5,7 %

20,3 %

Borçelik Çelik Sanayii Ticaret A.Ş.

5,7 %

20,3 %

Gach cuideachta eile

7,3 %

21 %

(243)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (163) go (170) den Rialachán sealadach agus a mhodhnaítear sa tábla thuas.

6.2.   Scrúdú ar an gcorrlach leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais

(244)

In éagmais aon bharúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (171) go (172) den Rialachán sealadach.

6.3.   Conclúid

(245)

Tar éis an mheasúnaithe thuas, chinn an Coimisiún gurb iomchuí méid na ndleachtanna cinntitheacha a chinneadh i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) agus da dara mír d’Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán. Dá bharr sin, ba cheart dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála a shocrú mar a leanas:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

An Tuirc

Çolakoğlu Metalurji A.Ş.

7,3 %

Grúpa Erdemir:

Ereğli Demir ve Çelik Fabrikalari T.A.S.

İskenderun Demir ve Çelik A.Ş.

5,0 %

Habaş Sinai Ve Tibbi Gazlar İstihsal Endüstrisi A.Ş.

4,7 %

Ağir Haddecilik A.Ş.

5,7 %

Borçelik Çelik Sanayii Ticaret A.Ş.

5,7 %

Gach cuideachta eile

7,3 %

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(246)

Tar éis nochtadh sealadach, na pleananna méadaithe a fógraíodh le gairid atá ag onnmhaireoirí de chuid na Tuirce, dúirt an gearánach gur chúis bhreise fós iad sin a fhágann gur chun leas an Aontais iad bearta frithdhumpála. Níor chuir aon pháirtí ina choinne gur chun leas an Aontais a bheadh na bearta. Na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (175) go (179) den Rialachán sealadach, rinneadh iad a dhearbhú dá bhrí sin.

7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara

(247)

Tar éis nochtadh sealadach, dúirt GOT agus ÇİB go raibh cosaint ag táirgeoirí an Aontais ar allmhairí cheana. D’áitigh ÇİB go raibh laghdú mór tagtha ar allmhairí ón Tuirc sa ráithe dheireanach de 2019 i gcomparáid leis an gcéad ráithe den bhliain sin. I ndáil leis sin, thagair GOT do na bearta coimirce cinntitheacha le huasteorainneacha cainníochtúla (“cuótaí” nó “Cuótaí Ráta Taraife”) agus do na dleachtanna breise 25 % a bheidh le híoc a luaithe a bheidh an cuóta ídithe. Mheabhraigh GOT gur luaigh allmhaireoirí agus úsáideoirí sula raibh bearta sealadacha ann go ndearna leigheasanna trádála difear mór do shlándáil an tsoláthair agus go raibh gníomhaíochtaí na n-allmhaireoirí níos dúshlánaí dá mbarr. Le cois an mhéid sin, na bearta sealadacha frithdhumpála agus na cuótaí tírshonracha atá ann i gcomhthéacs beart coimirce a bheidh i bhfeidhm go dtí deireadh Mheitheamh 2021, dúirt GOT go bhfágfaidh siad nach mbeidh allmhaireoirí ná úsáideoirí in ann teacht ar fhoinse nua allmhairí chun freastal ar an éileamh san Aontas.

(248)

An méid a maíodh faoi ghanntanais líomhnaithe soláthair, lena n-áirítear an maíomh thuas a rinne GOT tar éis nochtadh sealadach, is éard a mheas an Coimisiún go ndéanann aithrisí (188) go (193) den Rialachán sealadach an méid sin a bhréagnú go láidir. Thug an Coimisiún dá aire freisin nach mar a chéile ná cásanna ar a dtugtar aghaidh le bearta coimirce agus na cásanna ar a dtugtar aghaidh le bearta frithdhumpála. Sa chás sin, is amhlaidh gur cuireadh bearta coimirce i bhfeidhm i bhfoirm cuóta ráta taraife, ach ní fhágann sé sin go bhfuil cosc ar bhearta a fhorchur chun deireadh a chur le cleachtais éagóracha trádála, go háirithe laistigh de theorainneacha an chuóta ráta taraife, i.e. sula mbeadh feidhm ag aon dleacht choimirce.

(249)

Chomh maith leis sin, mar a mhínítear in aithris (192) den Rialachán sealadach, ní chiallaíonn forchur na mbeart frithdhumpála go scoirfear d’allmhairí ón Tuirc, ná fiú go dtiocfaidh laghdú orthu ar bhealach fiúntach. Tacaíonn torthaí an imscrúdaithe leis an gconclúid sin. Tar éis nochtadh sealadach, na bearta frithdhumpála a thiocfadh as an imeacht reatha, níor thíolaic aon allmhaireoir sonraí cainníochtúla a léireodh go mbeadh tionchar díréireach ag na bearta sin ar a gcuid ngníomhaíochtaí. Níor cheart go gcuirfeadh leibhéal na mbeart cosc ar dhéantóirí cruach de chuid na Tuirce a HRFS a dhíol san Aontas ná le hallmhaireoirí de chuid an Aontais. Go deimhin, i dtuarascáil phreasa ó 2021 le Steel Business Briefing tugadh chun suntais go raibh an tAontas fós ar an bpríomhmhargadh ollmhairiúcháin a bhí ag an Tuirc maidir le cornaí teo-rollta in 2020 (24). San fhoinse chéanna tá tuairisc ann maidir le hacmhainneacht bhreise HRFS sa Tuirc (25).

(250)

In éagmais aon bharúlacha eile maidir le leas allmhaireoirí neamhghaolmhara, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (180) go (182) den Rialachán sealadach.

7.3.   Leas na n-úsáideoirí

(251)

Bhí a barúlacha maidir le húsáideoirí a thug Rialtas na Tuirce tar éis an nochta shealadaigh ar aon dul leis an barúlacha a bhain le hallmhaireoirí neamhghaolmhara agus tugadh aghaidh orthu cheana féin i roinn 7.2.

(252)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir ÇİB á ábhar imní in iúl faoi laghdú cáilíochta agus nuálaíochta i margadh an Aontais mar thoradh ar na bearta. Mheas an Coimisiún go raibh an maíomh, a bhí an-ghinearálta agus gan fianaise ar bith, gan bhunús. Chinn an Coimisiún, in ainneoin imthosca deacra an mhargaidh, gur lean táirgeoirí de chuid an Aontais de tháirgí ardcháilíochta a chur ar fáil le linn na tréimhse ar fad. Tá an Coimisiún ag súil go mbeidh chun cothrom na Féinne ann mar gheall ar na bearta frithdhumpála ionas go mbeidh tionscal an Aontais in ann táirgí ardcháilíochta agus níos nuálaí a thairiscint chun leas na ngníomhaithe uile.

(253)

Chuir Cuibhreannas úsáideoirí agus allmhaireoirí tháirgí HRFS (“an Cuibhreannas”) barúlacha isteach maidir leis an rialachán sealadach (26). Ar an gcéad dul síos, d’áitigh an Cuibhreannas gur líomhnaíodh gur laghdaigh táirgeoirí an Aontais, tar éis na tréimhse imscrúdaithe, an méid táirgeachta a chuireann siad ar fáil i margadh saor an Aontais. Thug an Cuibhreannas le fios gur tháinig méadú ar phraghsanna i margadh an Aontais mar gheall ar an gcleachtas líomhnaithe sin, mar aon leis na bearta cosanta trádála atá i bhfeidhm faoi láthair i gcoinne tíortha tionscnaimh eile. Mhaígh an Cuibhreannas nach raibh úsáideoirí neamhspleácha san Aontas in ann, dá bhrí sin, amhábhar riachtanach (HRFS) a fháil ó tháirgeoirí de chuid an Aontais. Mar thoradh ar an méadú ar phraghsanna, bheadh táirgeoirí an Aontais in ann a gcorrlaigh bhrabúis a fheabhsú chun teacht slán as aon díobháil líomhnaithe a rinneadh le linn na tréimhse imscrúdaithe. Mheas an Cuibhreannas go raibh an Coimisiún, i gcomhréir le dlí-eolaíocht Chúirteanna an Aontais, in ann measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe faoi chuimsiú na hanailíse ar leas an Aontais, agus sa chás sin, bheadh gá le deireadh a chur leis an mbeart de bharr forbairtí den sórt sin. I ndáil leis an argóint sin, d’áitigh an Cuibhreannas freisin, mar thoradh ar an nganntanas líomhnaithe soláthair ó tháirgeoirí de chuid an Aontais agus na praghsanna méadaithe ina dhiaidh sin, nach raibh aon rogha ag úsáideoirí neamhspleácha san Aontas ach brath ar allmhairí i méideanna ábhartha. Ina leith sin, dhearbhaigh an Cuibhreannas go bhfuil bagairt ann de dheasca bearta cosanta trádála i gcoinne tiortha tionscnaimh áirithe atá i bhfeidhm, agus de dheasca an bhirt shealadaigh i gcoinne allmhairí ón Tuirc go bhféadfadh sé nach bhfaighfí táirgí HRFS ó thríú tíortha. Thug an Cuibhreannas le fios nach bhféadfadh tríú tíortha eile teacht in ionad na Tuirce ina tír arb í an tír soláthair is iontaofa í. Chuir an Cuibhreannas i gcoinne thoradh an Choimisiúin maidir le cumas úsáideoirí dul in oiriúint do na hathruithe rialála agus athrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile. Mhaígh an Cuibhreannas, sa chleachtas, gurb annamh a d’fhéadfaí sin a dhéanamh agus, fiú más rud é go gceannaíonn siad méideanna teoranta ó tháirgeoirí tríú tíortha eile, nach féidir glacadh leis go bhfuil cead ag úsáideoirí athrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile go gasta. Tá amhras ar an gCuibhreannas faoin gcumas, agus fiú faoin toilteanas, atá ag tionscal an Aontais aon mhéideanna ábhartha breise a sholáthar d’úsáideoirí neamhspleácha iartheachtacha san Aontas agus faoin gcumas atá ag tíortha, seachas an Tuirc, méideanna fóinteacha táirgí HRFS a sholáthar agus a thabhairt isteach san Aontas. Mar gheall ar na heilimintí sin go léir, d’áitigh an Cuibhreannas go tiocfadh méadú neamh-inbhuanaithe ar chostais príomh-amhábhair d’úsáideoirí, lena ndéanfaí difear dóibh go díréireach.

(254)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir ÇİB a ábhar imní in iúl go raibh méadú ar phraghsanna tháirgí HRFS ar mhargadh an Aontais mar thoradh ar na bearta agus chuir sé i gcoinne aithris (191) den Rialachán sealadach, ar dá réir a d’fhéadfadh táirgeoirí de chuid an Aontais a n-acmhainneacht spártha a úsáid chun an t-éileamh ó úsáideoirí neamhghaolmhara a shásamh.

(255)

Chuir an gearánach i gcoinne na maíomh sin (27). Go háirithe, thagair sé d’fhoinsí a léiríonn go bhfuil an acmhainneacht táirgeachta méadaithe ann in 2021, lena n-áirítear trí fhoirnéisí áirithe a chur ar obair arís agus foinsí leordhóthanacha soláthair a bheith ar fáil, laistigh den Aontas agus ó thríú tíortha araon. D’admhaigh an gearánach nach mbeadh aon éagothroime sa slabhra soláthair sa mhargadh ann ach amháin de chineál sealadach agus gurbh í iarmhairt shuaiteach phaindéim COVID-19, agus dúnadh síos roinnt foirnéisí, ba chúis leis an éagothroime sin. Ina theannta sin, chuir an gearánach isteach go bhfuil go leor foinsí malartacha san Aontas agus in áiteanna eile chun aon mhéadú ar éileamh an Aontais a shásamh, lena n-áirítear acmhainneacht fhlúirseach spártha a bheith ar fáil san Aontas agus ar fud an domhain. D’áitigh sí freisin gur dócha go leanfadh an Tuirc de bheith ag cur soláthairtí ar fáil do mhargadh an Aontais de thairbhe na ndleachtanna frithdhumpála measartha a forchuireadh. Ar deireadh, d’athdhearbhaigh an gearánach nach mbeadh aon tionchar suntasach ag an dleacht frithdhumpála ar chostais úsáideoirí agus é ag tagairt d’ionsamhlúcháin a bhí curtha ar fáil aige ag céim níos luaithe den imeacht.

(256)

Tar éis an nochta dheiridh, mhaígh Rialtas na Tuirce, dá bhforchuirfeadh an Coimisiún beart coimirce cinntitheach, sa bhreis ar an mbeart coimirce atá ann cheana agus dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh eile atá i bhfeidhm i gcoinne tíortha tionscnaimh eile le haghaidh allmhairí an táirge lena mbaineann, go bhféadfadh sé go mbeadh ganntanas soláthair ann. Ina theannta sin, mhaígh Rialtas na Tuirce gur thosaigh a chuid allmhairí ag laghdú in 2019 mar thoradh ar an mbeart coimirce atá i bhfeidhm agus gur chreid sé “go gcuirfeadh aon bheart breise deireadh leis na hallmhairí ón Tuirc dá réir” agus d’iarr sé ar an gCoimisiún a bheith cinnte nach gcuirfí deireadh le hallmhairí ón Tuirc.

(257)

Ar dtús, thug an Coimisiún aghaidh ar na maímh maidir le ganntanas soláthair, infhaighteacht foinsí eile agus an cumas iad féin a choigeartú d’athruithe rialála agus athrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile. Ina dhiaidh sin, thug sé a aird ar an maíomh maidir le húsáid sonraí tar éis -IP.

(258)

Chinn an Coimisiún go bhfuil argóint an Chuibhreannais agus Rialtas na Tuirce maidir le ganntanas soláthair ag teacht salach ar na figiúirí agus ar na treochtaí a fuarthas amach leis an imscrúdú. Is amhlaidh atá an cás ar leibhéal ginearálta agus ar leibhéal na sonraí a léiríonn úsáideoirí comhoibritheacha. Ar leibhéal ginearálta, thug an Coimisiún dá aire ar dtús go raibh méideanna an-mhór de TRQanna saor ó dhleacht ann go comhsheasmhach faoin mbeart coimirce cruach (28), agus go raibh fáil orthu níos mó i rith na tréimhse imscrúdaithe (29). Dá bhrí sin, dá mbeadh éileamh ar mhéideanna níos mó allmhairí san Aontas, d’fhéadfaí an t-éileamh sin a shásamh agus é saor ó dhleacht. Ar an dara dul síos, deimhníodh san imscrúdú go bhfuil cumas spártha leordhóthanach (30) ag tionscal an Aontais a chuirfeadh ar a chumas a aschur san Aontas a mhéadú a thuilleadh. Níl aon bhonn cirt eacnamaíoch ann le táirgeoirí de chuid an Aontais gan a n-acmhainneacht (spártha) a úsáid chun éileamh san Aontas a shásamh, cibé acu atá na húsáideoirí gaolmhar nó nach bhfuil, go háirithe nuair nach bhfuil an staid eacnamaíoch chomh maith agus is fearr san Aontas. Ar an tríú dul síos, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a chuid torthaí ag an gcéim shealadach (31) maidir le cumas tríú tíortha táirgí HRFS a sholáthar i méideanna ábhartha agus mheabhraigh sé go bhféadfaidís níos mó táirgí HRFS a allmhairiú chuig margadh an Aontais, mar a rinne cuid acu cheana, más rud é go bhfuil éileamh orthu. Ar deireadh, rinne an Coimisiún tagairt dá thoradh in aithris (192) den Rialachán sealadach maidir leis an toimhde gan bhunús go n-imeodh allmhairí na Tuirce ó mhargadh an Aontais dá bhforchuirfeadh an Coimisiún dleacht cosantach. Mheabhraigh an Coimisiún maidir leis sin gur lean roinnt de na tíortha atá faoi réir beart de bheith ag onnmhairiú chuig an Aontas, agus i gcásanna áirithe, méideanna suntasacha (32).

(259)

Ina theannta sin, tá maíomh an Chuibhreannais ag teacht salach ar na sonraí freisin a sholáthraíonn úsáideoirí neamhspleácha iad féin faoi chuimsiú an imscrúdaithe. Ar an gcéad dul síos, tá an sciar d’allmhairí na Tuirce i bpunann na n-úsáideoirí sin teoranta go leor (faoi bhun 15 % ar an iomlán). Is lú ceannacháin na Tuirce ná leath sciar na n-allmhairí ó thíortha tionscnaimh eile, agus tá siad beagnach cúig oiread níos lú ná a gceannacháin ó tháirgeoirí de chuid an Aontais, príomhsholáthróir na n-úsáideora go mór. Ina theannta sin, dhearbhaigh an Coimisiún go léiríonn na figiúirí atá ar fáil sna freagraí ceistneora ó úsáideoirí neamhghaolmhara go soiléir, ní hamháin gur féidir leo (agus go deimhin go ndearna siad an t-athrú sin), ó bhliain go chéile, athrú suntasach a dhéanamh ar chumraíocht a bhfoinsí soláthair, ach freisin gur féidir leo é sin a dhéanamh i méideanna suntasacha. I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire gur mhéadaigh na húsáideoirí comhoibritheacha faoi dhó nó fiú faoi thrí na hallmhairí ó thíortha tionscnaimh áirithe sa tréimhse imscrúdaithe (méadú 40 % ar an iomlán ar allmhairí ó na tríú tíortha sin). Thosaigh úsáideoirí ag ceannach sa tréimhse imscrúdaithe ó thíortha tioncnaimh freisin nár cheannaigh siad uathu sa bhliain roimh an tréimhse imscrúdaithe, agus stop siad ag ceannach táirgí ó thíortha tionscnaimh áirithe a d’úsáid siad in 2018. Dá bhrí sin, tá na sonraí atá ar fáil sa chomhad ag teacht salach ar an ráiteas ón Cuibhreannas nach féidir le húsáideoirí ach méideanna teoranta táirgí HRFS a cheannach ó thríú tíortha eile, agus gurb annamh is féidir athrú ó sholáthróir go soláthróir eile sa chleachtas.

(260)

Maidir leis na maímh eile a rinne Rialtas na Tuirce, thug an Coimisiún dá aire maidir leis an laghdú ar allmhairí in 2019 nach raibh an Tuirc in ann an TRQ domhanda a bhí ar fáil go dtí an 1 Iúil 2020 (33) a chomhlíonadh. Thairis sin, ní léir don Choimisiún go raibh aon nasc idir laghdú ar allmhairí i mbliain ar leith agus an maíomh go gcuirfear deireadh leis na hallmhairí sin mar thoradh ar fhorchur dleachta cinntitheach frithdhumpála, agus níor chuir Rialtas na Tuirce aon fhianaise ar fáil ina leith sin. Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire go léiríonn leibhéal allmhairí na Tuirce ó forchuireadh dleacht shealadach frithdhumpála nár cuireadh deireadh leis na hallmhairí sin. Ina ionad sin, bhain an Tuirc úsáid an-mhór (92 %) as a TRQ tírshonrach sa tréimhse Eanáir-Márta 2021, agus lean sí de bheith ag onnmhairiú na méideanna ábhartha sa ráithe Aibreán-Meitheamh 2021. Léirítear sna sonraí sin, in ainneoin dleacht shealadach frithdhumpála a bheith i bhfeidhm, gur lean an Tuirc bheith ag soláthar méideanna i gcomhréir leis na méideanna cuóta a leithdháileadh uirthi faoin mbeart coimirce.

(261)

Mar fhreagairt do mhaíomh ÇİB, thug an Coimisiún dá aire arís, maidir leis an laghdú líomhnaithe ar allmhairí a ndearna an Cumann dá ndearna an Comhlachas tagairt (an chéad ráithe in 2019 i gcomparáid leis an gceathrú ráithe in 2019), gur fhéad an Tuirc méideanna breise a sholáthar faoin gcóras cuótaí saor ó dhleacht (34) sa ráithe dheireanach de 2019. Mar sin féin, theip ar an gCoimisiún a fheiceáil conas a d’fhéadfadh ganntanas soláthair a bheith sa mhargadh mar gheall ar laghdú ar allmhairí amháin ón Tuirc. Mheabhraigh an Coimisiún gur léirigh margadh an Aontais go bhfuil sé de chumas aige coigeartú d’fhoinsí éagsúla soláthair ag brath ar na hathruithe rialála, amhail bearta cosanta trádála a fhorchur.

(262)

Dá bhrí sin, i bhfianaise na bhfíoras thuas, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh ón gCuibhreannas, ó Rialtas na Tuirce agus ó ÇİB.

(263)

Maidir leis an iarraidh ar an gCoimisiún síneadh a chur lena thorthaí chun forbairtí iar-IP a chur san áireamh, thug an Cuibhreannas le fios san aighneacht méadú nach bhfacthas a leithéid riamh ar phraghsanna a bheadh ann idir deireadh 2020 agus le linn na chéad ráithe de 2021. Dúirt an Cuibhreannas freisin go raibh méadú praghsanna den sórt sin ina mbagairt ar a n-oibríochtaí san Aontas agus go méadódh táirgeoirí an Aontais, ag na praghsanna sin, a mbrabúis agus, dá bhrí sin, go mbeidís tar éis téarnamh ó aon díobháil a bhain dóibh le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(264)

Tar éis an nochta dheiridh, cháin ÇİB agus Rialtas na Tuirce toradh an Choimisiúin ina leith sin. Maidir leis an ngearánach, d’áitigh sé nár cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí tar éis IP, ós rud é nach imthosca eisceachtúla iad na himthosca sa chás seo agus, i gcás ar bith nárbh imthosca iad ach imthosca gearrthéarmacha de chineál struchtúrach.

(265)

Mheas an Coimisiún nach féidir, de bharr líomhain go bhféadfadh méadú praghais tarlú ag tráth áirithe i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe, amhras a chur as féin ar thorthaí an imscrúdaithe a suíodh leis an imscrúdú ag an gcéim shealadach agus chinntitheach. Thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil aon chomhthéacs fóinteach ag an maíomh a rinne an Cuibhreannas ná fianaise thacaíochta a léireodh go soiléir go bhfuil na torthaí ar an imscrúdú bunaithe ar shonraí IP neamhbhailí de bharr forbairt dá leithéid, agus sin amháin. Ina theannta sin, níl aon bhunús leis an líomhain go dtiocfadh tionscal an Aontais slán as an staid dhíobhálach agus níl fianaise ar bith ag tacú léi. Mheabhraigh an Coimisiún go dtugtar dá aire in Airteagal 6(1) den bhun-Rialachán nach gcuirfear faisnéis a bhaineann le tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe san áireamh, de ghnáth.

(266)

Maidir leis na barúlacha a fuarthas tar éis an nochta dheiridh, tugann an Coimisiún dá aire nár chuir ceachtar den dá pháirtí aon fhianaise bhreise ar fáil maidir leis an gcaoi ar tháinig an méadú ar an bpraghas tar éis na tréimhse imscrúdaithe, rud a d’fhágfadh leis féin nach mbeadh aon údar le forchur na ndleachtanna cinntitheacha frithdhumpála faoin tástáil i ndail le leas an Aontais.

(267)

Mar sin, dhearbhaigh an Coimisiún a chonclúidí mar a leagtar amach iad in aithrisí (183) go (198) den Rialachán sealadach.

7.4.   Tosca eile

(268)

Tar éis an nochta shealadaigh, dúirt Rialtas na Tuirce go raibh lucht déanta cruach an Aontais ag iarraidh a n-olagaplacht a choinneáil i margadh an Aontais agus deireadh a chur leis an iomaíocht idirnáisiúnta. Thug Rialtas na Tuirce dá aire go raibh táirgeoirí an Aontais ag fónamh cheana féin do 79 % de na díolacháin sa margadh saor agus nár áiríodh sa chéatadán sin méideanna faoi chuing, a bhí suntasach. Thagair ÇİB do sciar mór de mhargadh atá ag táirgeoirí de chuid an Aontais agus bhí eagla air roimh olagaplacht.

(269)

Chinn an Coimisiún nach raibh údar maith leis an maíomh go raibh olagaplacht ann, mar a míníodh cheana in aithris (200) den Rialachán sealadach. Tar éis an nochta shealadaigh, ní dhearna aon pháirtí díospóid, mar a luaitear in aithrisí (75) agus (200) den Rialachán sealadach, go bhfuil os cionn 20 táirgeoir aitheanta a bhaineann le 14 ghrúpa éagsúla a léiríonn go bhfuil iomaíocht fholláin eatarthu agus le hallmhairí ó thríú tíortha. In éagmais fianaise ar chleachtais neamhiomaíocha, ní bhaineann an sciar den mhargadh atá acu faoi láthair le hábhar chun i dtaca leis na maímh olagaplachta sin, gan fiú trácht ar mhonaplacht.

(270)

Tar éis an nochta dheiridh, thug ÇİB le fios nach ndearna an méid thuas measúnú ar bhealach mionsonraithe, leordhóthanach agus trédhearcach ar an maíomh a rinne tionscal an Aontais go raibh olagaplacht fheabhsaithe i margadh an Aontais ná nach raibh údar leis an maíomh den olagaplacht fheabhsaithe sin. Maidir le ÇİB, ba cheart measúnú a bheith déanta ar an maíomh agus tosca eile á gcur san áireamh amhail bearta atá ann cheana, ganntanas soláthair, laghdú cáilíochta agus nuálaíochtaí, etc. De réir an pháirtí, éilíonn an Chúirt Ghinearálta go dtabharfar aird ar leith, chun críche Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, ar iomaíocht éifeachtach a athbhunú. Mhaígh an páirtí an athuair, gan aon fhianaise nua a chur isteach, go bhfuil “olagaplacht fheabhsaithe” ag tionscal an Aontais i margadh an Aontais.

(271)

Tagraíonn an Coimisiún dá Dhoiciméad Inmheánach Oibre a eisíodh le déanaí (35), inar thug sé dá aire “[s]a chomhdhlúthú mór le déanaí, inár chuir forfheidhmiú an rialaithe cumaisc le déanaí le hiomaíocht bhríomhar a choinneáil i margaí cruach na hEorpa chun leas an iliomad tionscal iartheachtach a úsáideann cruach, a bhraitheann ar ábhair inacmhainne chun dul san iomaíocht ar bhonn domhanda agus na milliúin Eorpach a fhostú. Trí chosc a chur ar chumaisc frith-iomaíochta (e.g. Tata Steel/ThyssenKrupp) nó cumaisc a fhormheas atá faoi réir coinníollacha, amhail dífheistithe struchtúracha (e.g. ArcelorMittal/Ilva), áirithíodh le forfheidhmiú cumasc nár fágadh go raibh níos lú rogha, praghsanna níos aire nó níos lú nuálaíocht ag custaiméirí cruach an Aontais.” Chinn an Coimisiún go bhfuil maímh ÇİB gan bhunús, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le ganntanais soláthair tháirgí HRFS, mar a mhínítear i roinn 7.3. Dá bhrí sin, dhearbhaigh an Coimisiún a thorthaí ag an gcéim shealadach.

(272)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí (199) go (200) den Rialachán sealadach.

7.5.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(273)

Tar éis an nochta shealadaigh, dúirt Rialtas na Tuirce ina thuairim go raibh na dleachtanna frithdhumpála neamhriachtanach agus díobhálach do mhargadh an Aontais araon agus go mbeadh ról diúltach acu i gcoinne leas an Aontais ina iomláine. Tar éis an nochta dheiridh, chuir ÇİB in iúl don Choimisiún nach ndearna an Coimisiún na leasanna éagsúla a bhí i gceist a chothromú ar bhealach trédhearcach ná nár thug sé údar lena thorthaí. Chinn an Coimisiún go bhfuil na ráitis sin gan bhunús i bhfianaise thorthaí an imscrúdaithe, eadhon dumpáil a bheith ann, díobháil ábhartha do thionscal an Aontais a bheith ann mar thoradh air sin agus an toradh ar na leasanna éagsúla atá i gceist a chothromú.

(274)

Ar bhonn a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile, rinneadh na conclúidí a leagtar amach in aithris (201) den Rialachán sealadach a dheimhniú.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

8.1.   Bearta cinntitheacha

(275)

I bhfianaise na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht agus le leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála don tionscal de chuid an Aontais le hallmhairí dumpáilte den táirge lena mbaineann. Ar na cúiseanna a leagtar amach i roinn 6, agus go háirithe i bhforoinn 6.3, den Rialachán seo, ba cheart dleachtanna frithdhumpála a shocrú i gcomhréir le riail na dleachta níos lú.

(276)

Ar bhonn an mhéid thuas, is mar a leanas a shocraítear na rátaí ar a bhforchuirfear na dualgais sin:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

An Tuirc

Çolakoğlu Metalurji A.Ş.

7,3 %

Erdemir Group:

Ereğli Demir ve Çelik Fabrikalari T.A.S.

İskenderun Demir ve Çelik A.Ş.

5,0 %

Habaş Sinai Ve Tibbi Gazlar İstihsal Endüstrisi A.Ş.

4,7 %

Ağir Haddecilik A.Ş.

5,7 %

Borçelik Çelik Sanayii Ticaret A.Ş.

5,7 %

Gach cuideachta eile

7,3 %

(277)

Leagadh síos na rátaí dleachta frithdhumpála arna sonrú sa Rialachán seo le haghaidh cuideachtaí aonair ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a bhí le linn an imscrúdaithe maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(278)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí dleachta frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ina dhiaidh sin ainm a heintitis. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún (36). Ní mór an fhaisnéis ábhartha go léir a bheith san iarraidh ionas gur féidir a thaispeáint nach ndéanann an t-athrú difear do cheart na cuideachta leas a bhaint as an ráta dleachta is infheidhme maidir leis. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(279)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”;.

(280)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hí an t-aon eilimint í a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(281)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(282)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith le dleacht frithdhumpála “gach cuideachta eile” ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

8.2.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(283)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a aimsíodh agus i bhfianaise leibhéal na díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú leis an dleacht shealadach frithdhumpála arna forchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach.

(284)

Ós rud é go bhfuil na rátaí dleachta cinntitheacha níos ísle ná na rátaí dleachta sealadacha, ba cheart na méideanna a urraítear de bhreis ar na rátaí dleachta cinntitheacha frithdhumpála a scaoileadh.

8.3.   Cúlghabhálacht

(285)

Mar a luaitear i roinn 1.2, tar éis don ghearánach iarraidh a fháil, rinne an Coimisiún allmhairí den táirge faoi imscrúdú, táirge atá faoi réir a chláraithe de bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(286)

Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís ar cibé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha.

(287)

Léiríodh in anailís an Choimisiúin nach raibh aon mhéadú suntasach ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 10(4d) den bhun-Rialachán. I gcás na hanailíse sin, rinne an Coimisiún comparáid idir meánmhéideanna allmhairiúcháin míosúla an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdaithe agus na meánmhéideanna míosúla allmhairiúcháin le linn na tréimhse ón mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe go dtí an mhí iomlán dheireanach roimh fhorchur na mbeart sealadach. Chomh maith leis sin, nuair a bheidh meánmhéid allmhairí míosúla an táirge lena mbaineann i rith na tréimhse imscrúdaithe á gcur i gcomparáid leis na meánmhéideanna allmhairiúcháin míosúla le linn na tréimhse ón mí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe sin suas go dtí an mhí inar forchuireadh bearta sealadacha agus an mhí sin san áireamh, níorbh fhéidir aon mhéadú suntasach eile a thabhairt faoi deara:

 

IP

Meitheamh 2020 go Nollaig 2020

Meitheamh 2020 go hEanáir 2021

 

tonaí

tonaí/mí

tonaí

tonaí/mí

tonaí

tonaí/mí

Allmhairí HRFS ón Tuirc

2 767 658

230 638

1 031 186

147 312

1 194 329

149 291

Foinse: Eurostat (AE 27)

(288)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach raibh aon údar sa chás seo le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha don tréimhse inar cláraíodh na hallmhairí.

9.   TAIRISCINT GEALLTANAIS

(289)

Tar éis an nochta dheiridh, thíolaic táirgeoirí onnmhairiúcháin amháin tairiscint gealltanais praghsanna i gcomhréir le hAirteagal 8 den bhun-Rialachán.

(290)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an tairiscint sin agus tháinig sé ar an gconclúid go mbeadh sé neamhphraiticiúil glacadh le gealltanas den sórt sin de réir bhrí Airteagal 8 den bhun-Rialachán. Is amhlaidh atá den chuid is mó de bharr an iliomad cineálacha táirgí nach féidir a aithint ó chéile agus a chumhdaítear leis an tairiscint, de bharr go bhfuil praghsanna íosta allmhairiúcháin éagsúla ag roinnt cineálacha táirgí a thagann faoin gcód AC/TARIC céanna, ós rud é nár leor na praghsanna íosta allmhairiúcháin chun éifeachtaí díobhálacha dumpála a bhaint i gcás fhormhór na gcineálacha táirgí, agus de bharr a neamhoiriúnaí atá an innéacsú atá á thairiscint chun luaineachtaí i bpraghas na n-amhábhar a ionchorprú.

(291)

Ina bharúlacha ar an ngealltanas i dtaca le praghsanna a mhol an táirgeoir onnmhairiúcháin, thug an gearánach argóintí i bhfabhar diúltú dó, a bhí ag teacht le hanailís an Choimisiúin féin.

(292)

Chuir an Coimisiún litir chuig an táirgeoir onnmhairiúcháin ina leagtar amach na cúiseanna le diúltú don tairiscint gealltanais agus deis a thabhairt don chuideachta a barúil a thabhairt.

(293)

Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúlacha ón táirgeoir onnmhairiúcháin maidir lena chonclúid go mbeadh an gealltanas atá beartaithe neamhleor agus neamhphraiticiúil.

(294)

Dá bhrí sin, ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (290) go (293) thuas, diúltaíodh don tairiscint gealltanais i dtaca le praghsanna.

10.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(295)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(296)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí teo-rollta cothroma, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, cibé acu i gcornaí (lena n-áirítear táirgí “gearrtha san fhad iomchuí” agus “stiallacha cúnga”), gan oibriú breise seachas a bheith teo-rollta, gan bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe ar de thionscnamh na Tuirce iad agus a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 10, 7208 52 99, 7208 53 00, 7208 54 00, ex 7211 13 00 (cód TARIC 7211130019), ex 7211 14 00 (cód TARIC 7211140095), ex 7211 19 00 (cód TARIC 7211190095) ex 7211 13 00, 7211 14 00, 7211 19 00, ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225191090), 7225 30 90, ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225406090), 7225 40 90, ex 7226 19 10 (cód TARIC 7226191090), 7226 91 91 agus 7226 91 99.

Eisiatar na táirgí seo a leanas:

(i)

táirgí cruach dosmálta agus cruach leictreach sileacain dírithe ar ghráinní;

(ii)

táirgí cruach uirlise agus cruach ardluais;

(iii)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ar mó ná 10 mm a dtiús agus ar 600 mm nó níos mó a leithead; agus

(iv)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ar 4,75 mm nó níos mó a dtiús ach nach mó ná 10 mm ar tiús agus ar 2 050 mm nó níos mó a leithead.

(v)

táirgí (a) ar 350 mm nó níos lú a leithead, agus (b) ar 50 mm nó níos mó a dtiús, gan beann ar fhad an táirge.

2.   Seo a leanas rátaí na dleachta cinntithí frithchúitimh is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais roimh dhleacht, don táirge a thuairiscítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear sa tábla:

Tír

Cuideachta

Ráta dleachta cinntithí frithdhumpála

Cód breise TARIC

An Tuirc

Çolakoğlu Metalurji A.Ş.

7,3 %

C602

Erdemir Group:

Ereğli Demir ve Çelik Fabrikalari T.A.S.

İskenderun Demir ve Çelik A.Ş.

5,0 %

C603

Habaş Sinai ve Tibbi Gazlar İstihsal Endüstrisi A.Ş.

4,7 %

C604

Ağir Haddecilik A.Ş.

5,7 %

C605

Borçelik Çelik Sanayii Ticaret A.Ş.

5,7 %

C606

Gach cuideachta eile

7,3 %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a shonraítear le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) méid (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis sa sonrasc seo iomlán agus ceart”. Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachta custaim.

Airteagal 2

Déanfar na méideanna a fhaightear ón dleacht frithdhumpála shealadach faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/9 a bhailiú go cinntitheach. Scaoilfear na méideanna a urrófar atá níos mó ná rátaí cinntitheacha an dleachta frithdhumpála.

Airteagal 3

Ní ghearrfar dleacht frithdhumpála chinntitheach go cúlghabhálach i gcás allmhairí cláraithe. Ní choimeádfar sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1686 a thuilleadh.

Airteagal 4

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ón Tuirc a chur leis agus iad a chur faoi réir na meándleachta frithdhumpála ualaithe iomchuí le haghaidh cuideachtaí comhoibritheacha nár cuireadh san áireamh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

níor onnmhairigh sé na hearraí a thuairiscítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh na Tuirce le linn na tréimhse imscrúdaithe (1 Eanáir 2019 go 31 Nollaig 2019);

(b)

ní baineann sé le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus

(c)

tá an táirge lena mbaineann onnmhairithe aige go hiarbhír nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdaithe.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO C 166, 14.5.2020, lch. 9.

(3)  IO C 197, 12.6.2020, lch. 4.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1686 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 lena gcuirtear allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad faoi réir clárúcháin (IO L 379, 13.11.2020, lch. 47).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/9 ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad (IO L 3, 7.1.2021, lch. 4).

(6)  t21.000389.

(7)  IO L 227, 7.9.1996, lch. 3.

(8)  PT Perindustrian dan Perdagan Musim Semi Mas (PT Musim Mas) v Comhairle an Aontais Eorpaigh, Cás T-26/12, Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 25 Meitheamh 2015, mír 50.

(9)  Breithiúnas ón gCúirt an 26 Deireadh Fómhair 2016PT Perindustrian dan Perdagan Musim Semi Mas (PT Musim Mas) v Comhairle an Aontais Eorpaigh, C-468/15P.

(10)  Féach ina leith seo, Tuarascáil Phainéil na hEagraíochta Domhanda Trádála dar teideal An tAontas Eorpach – Bearta Frithdhumpála ar Allmhairiú Alcóil Chaitiúla áirithe ón Indinéis (WT/DS442/R), an 16 Nollaig 2016, mír 7.129.

(11)  Airteagal 40 den Dlí Cánach Ioncaim 193 an 6 Eanáir 1961, arna leasú le Dlí 4108 Mheitheamh 1995.

(12)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 27 Samhain 1991, Gimelec v an Coimisiún, C-315/90 ECLI:EU:C:1991:447, míreanna 21 go 29; Tuarascáil ó Chomhlacht Achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála 24.7.2001, na Stáit Aontaithe – Bearta Frithdhumpála ar tháirgí áirithe cruach te-rollta ón tSeapáin, WT/DS184/AB/R, míreanna 181 go 215.

(13)  An mhír dheiridh de leathanach 14 den tagairt don doiciméad t21.000916 den chomhad neamhrúnda (cur isteach ó Rialtas na Tuirce).

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 92, 6.4.2017, lch. 68); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 146, 9.6.2017, lch. 17).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1795 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine iad agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Seirbia iad (IO L 258, 6.10.2017, lch. 24).

(16)  Féach, inter alia, táblaí 3 agus 7 agus aithris (339) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1795 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail de thionscnamh na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine iad, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Seirbia iad.

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1795 (féach fonóta 10 thuas). Ó bhí Deireadh Fómhair 2016 ann, is féidir le táirgeoirí de chuid an Aontais tairbhiú de chosaint de dhroim Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1778 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teo-rollta áirithe ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 272, 7.10.2016, lch. 33).

(18)  Féach, inter alia, aithris (292) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1795 (féach fonóta 10 thuas).

(19)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1778.

(20)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649.

(21)  An mhír dheiridh de leathanach 14 de t21.000916.

(22)  Economic Report, Economic and Steel Market Outlook 2020-2021, Tuarascáil an dara ráithe - Sonraí suas go dtí, agus lena n-áirítear, 2019 ina iomláine, 12 Bealtaine 2020, Eurofer, in-íoslódáilte via https://www.eurofer.eu/assets/Uploads/REPORT-Economic-and-Steel-Market-Outlook-Quarter-2-2020.pdf , agus Worldsteel Short Range Outlook October 2019, 14 Deireadh Fómhair 2019, an Comhlachas Domhanda Cruach, ar fáil ag https://www.worldsteel.org/media-centre/press-releases/2019/worldsteel-short-range-outlook-2019.html

(23)  Cinneadh Uimh. 284/2000/CEGC ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2000 lena bhforchuirtear dleacht chinntitheach frithchúitimh ar allmhairí táirgí cothrom-rollta áirithe ar táirgí iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail iad, atá 600 mm nó níos mó ar leithead, nach bhfuil cumhdaithe, plátáilte ná brataithe, atá ina gcornaí, nach bhfuil oibriú breise déanta orthu thar a dteo-rolladh, agus ar de thionscnamh na hIndia agus na Téaváine iad, agus lena nglactar le gealltanais arna dtairscint ag táirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe agus lena bhfoirceanntar an nós imeachta maidir le hallmhairí de thionscnamh na hAfraice Theas (IO L 31, 5.2.2000, lch. 44).

(24)  t21.000701, Iarscríbhinn 2.

(25)  t21.000701, Iarscríbhinn 1 agus Iarscríbhinn 3.

(26)  t21.000721.

(27)  t21.000931.

(28)  I mí Iúil 2018, d’fhorchuir an Coimisiún beart coimirce sealadach, a ndearnadh beart cinntitheach de i mí Feabhra 2019 agus a bhí i bhfeidhm le linn na tréimhse imscrúdaithe ar fad. Faoin mbeart seo, comhfhreagraíonn táirgí HRFS den chuid is mó sa raon feidhme do chatagóir táirgí 1. Dá bhrí sin, chun críche an imscrúdaithe sin, tá sé ábhartha forbairt a dhéanamh ar úsáid TRQanna faoin mbeart coimirce.

(29)  Aithrisí (45) go (50) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/894 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí cruach áirithe (IO L 206, 30.6.2020, lch. 27).

(30)  Tábla 6 den Rialachán lena bhforchuirtear bearta sealadacha frithdhumpála.

(31)  Aithrisí (188) agus (189) den Rialachán lena bhforchuirtear bearta sealadacha frithdhumpála.

(32)  Aithrisí (21) go (23) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1590 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí cruach áirithe (IO L 248, 27.9.2019, lch. 28).

(33)  Tá an ráiteas sin bailí don dá thréimhse, i.e. nuair a bhí an Tuirc faoi réir TRQ domhanda, an 2 Feabhra go dtí an 30 Meán Fómhair 2019, agus nuair a bhí an Tuirc faoi réir uasteorainn 30 % faoi TRQ domhanda ón 1 Deireadh Fómhair 2019.

(34)  Sa ráithe dheireanach de 2019, bhí 73 % de mhéid foriomlán TRQ úsáidte ag an Tuirc a bhí sí i dteideal a sholáthar saor ó dhleacht, rud a d’fhág go raibh thart ar 170 000 tona gan a n-úsáid sa ráithe sin.

(35)  Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún “I dtreo Cruach Eorpach atá Iomaíoch agus Glan”, SWD(2021) 353 final, 5.5.2021, lgh. 4-5.

(36)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Wetstraat 170 Rue de la Loi , 1040 An Bhruiséil, An Bheilg.

(37)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).