|
6.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 238/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1096 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Aibreán 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le forálacha maidir le lipéadú le haghaidh cumasc
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 50(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/787, rinneadh an fhoclaíocht a athrú go substaintiúil i bhforálacha áirithe maidir le táirgeadh agus lipéadú a bhaineann le deochanna biotáilleacha agus earraí bia a tháirgtear trí dheochanna biotáilleacha a úsáid mar chomhábhair. |
|
(2) |
Go háirithe, le hAirteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2019/787, leathnaítear na forálacha maidir le lipéadú le haghaidh meascáin as a n-eascraíonn deochanna biotáilleacha nach gcomhlíonann na ceanglais a bhaineann le haon chatagóir de dheochanna biotáilleacha chuig cumaisc a eascraíonn as teaglaim de dheochanna biotáilleacha ar le tásca geografacha éagsúla iad nó as teaglaim de dheochanna biotáilleacha ar le tásca geografacha iad arna meascadh le deochanna biotáilleacha nach le haon tásc geografach iad. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, de réir Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2019/787, ní fhéadfar na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin ná na tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha a léiriú ach ar liosta na gcomhábhar alcólach atá sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil na dí biotáillí. Tá i gceist leis sin nach bhféadfar an chatagóir de dheochanna biotáilleacha lena mbaineann cumasc a chumhdaítear leis an bhforáil sin a úsáid mar a hainm dlíthiúil. Baineann an t-aon eisceacht dá bhforáiltear san Airteagal sin le cumaisc a dhéantar de dheochanna biotáilleacha ar leis an tásc geografach céanna iad nó cumaisc nach le tásc geografach aon cheann de na deochanna biotáilleacha. Maidir leis na cumaisc sin, tá i gceist leis sin go bhféadfaidh siad an chatagóir shonrach de dheochanna biotáilleacha a úsáid mar a n-ainm dlíthiúil ina dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú. |
|
(4) |
Mar sin féin, de réir na sainmhínithe dá bhforáiltear in Airteagal 3(11) agus Airteagal 3(12) de Rialachán (AE) 2019/787, is teaglaim de dhá cheann nó níos mó de dheochanna biotáilleacha den chatagóir chéanna iad cumaisc nach bhfuil d’idirdhealú eatarthu ach difríochtaí beaga i gcomhdhéanamh. Dá bhrí sin, is gá gur den chatagóir chéanna de dheochanna biotáilleacha leis na deochanna biotáilleacha bunaidh sular cumascadh iad na deochanna biotáilleacha a tháirgfear ar an dóigh sin. Foráiltear le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin go ndéanfaidh deochanna biotáilleacha a chomhlíonann na ceanglais de chatagóir deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin ainm na catagóire sin a úsáid mar a n-ainm dlíthiúil. I gcomhréir leis an gceanglas sin, beidh cead ag gach cumasc agus ní hamháin na cumaisc atá díolmhaithe ón gceathrú fomhír d’Airteagal 13(3) den Rialachán sin ainm na catagóire ar leis iad a úsáid mar ainm dlíthiúil. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, chun an neamhréireacht a réiteach idir na hoibleagáidí lipéadaithe le haghaidh cumaisc a eascraíonn as Airteagal 10(2) agus Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2019/787 agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do tháirgeoirí deochanna biotáilleacha agus faisnéis dhlisteanach a áirithiú do thomhaltóirí, is cuí na forálacha sonracha maidir le lipéadú is infheidhme maidir le cumaisc lena n-áirítear cumaisc a eascraíonn as teaglaim de dheochanna biotáilleacha ar le tásca geografacha éagsúla iad nó as teaglaim de dheochanna biotáilleacha ar le tásca geografacha iad arna mheascadh le deochanna biotáilleacha nach le haon tásc geografach iad. Is gá Airteagal 3(3) agus Airteagal 10(7) den Rialachán sin a leasú freisin, ina dtagraítear do na forálacha sonracha sin maidir le lipéadú. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/787 a leasú dá réir. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) 2019/787 agus chun folús rialála d’aon sórt a sheachaint, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 25 Bealtaine 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:
|
|
(2) |
in Airteagal 10(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
|
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN