5.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 236/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1087 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Aibreán 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na tagairtí d’fhorálacha Choinbhinsiún Chicago a thabhairt cothrom le dáta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 19(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart aerárthaí, seachas aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, liáin, páirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte, na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhlíonadh. I Rialachán (AE) 2018/1139 déantar foráil dóibh trí thagairt a dhéanamh d’fhorálacha sonracha Choinbhinsiún Chicago, ina bhfuil na ceanglais sin.

(2)

An 11 Márta 2020 ag an gcúigiú cruinniú den 219ú Seisiún dá cuid, ghlac Comhairle ICAO Leasú 13 ar Imleabhar I d’Iarscríbhinn 16, “Torann Aerárthaí”, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, Leasú 10 ar Imleabhar II, “Astaíochtaí Innill Aerárthaí”, a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, agus Leasú 1 ar Imleabhar III “Astaíochtaí CO2 Eitleán” a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Tháinig na leasuithe sin i bhfeidhm agus chun bheith infheidhme i ngach Ballstát an 1 Eanáir 2021.

(3)

Ba cheart dá bhrí sin na tagairtí d’fhorálacha Choinbhinsiún Chicago a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1139 a leasú dá réir.

(4)

Tá na tuairimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 3/2020 a d’eisigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) i gcomhréir le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

Maidir le torann agus le hastaíochtaí, comhlíonfaidh na haerárthaí agus a n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh neamhshuiteáilte na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil atá i Leasú 13 d’Imleabhar I, i Leasú 10 d’Imleabhar II, agus i Leasú 1 d’Imleabhar III, de réir mar is infheidhme iad ar fad an 1 Eanáir 2021, d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.