|
29.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 229/8 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1064 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Meitheamh 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 maidir le cumraíocht an chóid aitheantais ainmhithe i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 120(1) agus Airteagal 120(2), pointí (c), (d) agus (f) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe, ar in-tarchurtha iad go hainmhithe nó go daoine. Le Cuid IV, Teideal I, Caibidlí 1 agus 2 den Rialachán sin, leagtar amach na rialacha le haghaidh bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus le haghaidh gorlann, agus i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir laistigh den Aontas. Le Rialachán (AE) 2016/429 tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin rialacha a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán sin a fhorlíonadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 trí fhoráil a dhéanamh maidir leis na rialacha i dtaca le bunaíochtaí cláraithe agus formheasta le haghaidh ainmhithe atá ar coimeád agus uibheacha goir, agus i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir. Áirítear i gCuid III den Rialachán Tarmligthe sin rialacha i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún atá ar coimeád, agus go sonrach Cuid III, Teidil I agus II, lena leagtar síos rialacha i dtaca le hinrianaitheacht bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair. |
|
(3) |
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha inrianaitheachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a áirithiú san Aontas, leagtar síos rialacha tarmligthe i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 ón gCoimisiún (3). |
|
(4) |
I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429, agus gníomhartha de chuid an Choimisiúin atá bunaithe air, maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na rialacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí tagairt a dhéanamh don Chomhaontú um Tharraingt Siar in Airteagal 1 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(5) |
Ina theannta sin, i bpointe (a) d’Airteagal 12 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 leagtar amach rialacha maidir le cumraíocht cóid aitheantais bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia atá ar coimeád. Is é cód tíre an Bhallstáit inar cuireadh an modh sainaitheantais i bhfeidhm ar na hainmhithe den chéad uair, an chéad ghné den chód sainaitheantais, i bhformáid an chóid dhá litir i gcomhréir le caighdeán 3166-1 alfa-2 de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO), cé is moite den Ghréig arb é an cód dhá litir “EL” atá le húsáid ina leith, nó an cód tíre trí dhigit i gcomhréir le caighdeán ISO 3166-1 uimhriúil. Ós rud é nach bhfuil aon fhoroinn le haghaidh na Ríochta Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna caighdeáin ISO dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/520, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun a leagan síos cén cód tíre ba cheart a bheith ina chéad ghné den chód sainaitheantais maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia atá ar coimeád a shainaithnítear sa réigiún sin den Ríocht Aontaithe. |
|
(6) |
Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún (4) ainmníocht na dtíortha agus na gcríoch le haghaidh na staitisticí Eorpacha i leith trádáil idirnáisiúnta in earraí, agus leagtar síos gurb é “XI” an cód dhá litir atá le húsáid más gá idirdhealú a dhéanamh ar an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann de réir na gcoinníollacha a leagtar síos i bhforálacha ábhartha an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh don chód sin in Airteagal 12(a)(i) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. |
|
(7) |
Thairis sin, níor sainíodh cód trí dhigit comhfhreagrach lena úsáid nuair is gá an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann a idirdhealú. Níl an cód trí dhigit “899” sannta i gcaighdeán ISO 3166-1 uimhriúil. Ba cheart dá bhrí sin tagairt a dhéanamh don chód sin in Airteagal 12(a)(ii) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 don Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 a leasú dá réir. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: “Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha le haghaidh na mBallstát (*1) maidir leis na nithe seo a leanas: (*1) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an Rialacháin seo, baineann tagairtí do na Ballstáit nó don Aontas leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.”;" |
|
(2) |
in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le rialacha le haghaidh bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád (IO L 104, 25.3.2021, lch. 39).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020 faoi ainmníocht na dtíortha agus na gcríoch le haghaidh na staitisticí Eorpacha i leith trádáil idirnáisiúnta in earraí agus ar an scagadh geografach ar staitisticí gnó nach iad (IO L 334, 13.10.2020, lch. 2).