|
25.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 225/54 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1044 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Meitheamh 2021
lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “Pesguard® Gel”
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 44(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 21 Meán Fómhair 2016, chuir Sumitomo Chemical Agro Europe SAS iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir le táirge bithicídeach aonair ar a dtugtar “Pesguard® Gel” de chineál táirge 18 a údarú, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, lena soláthraítear daingniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na hÍsiltíre meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-HS027052-37 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha. |
|
(2) |
Is iad pireaprocsaifein agus clóitiainídin substaintí gníomhacha “Pesguard® Gel”, ar substaintí iad a airítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(3) |
An 31 Márta 2020, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tuarascáil mheasúnaithe agus conclúidí a mheastóireachta chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”). |
|
(4) |
An 13 Deireadh Fómhair 2020, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (2), an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh (“SPC”) atá ag “Pesguard® Gel” agus an tuarascáil mheasúnaithe deiridh ar an táirge bithicídeach aonair faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(5) |
Is é conclúid na tuairime gur táirge bithicídeach é “Pesguard® Gel”, go bhfuil sé incháilithe d’údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus, faoi réir chomhlíonadh an dréacht-SPC, go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) den Rialachán sin. |
|
(6) |
An 26 Deireadh Fómhair 2020, tharchuir an Ghníomhaireacht an dréacht-SPC i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(7) |
Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais le haghaidh “Pesguard® Gel” a dheonú. |
|
(8) |
De réir na tuairime ón nGníomhaireacht, a mhéid a bhaineann le substaintí neamhghníomhacha cis CTAC agus déchlóraimeatán atá in “Pesguard® Gel”, níorbh fhéidir a dhéanamh amach an gcomhlíonann siad na critéir eolaíocha chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh, critéir a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún (3) laistigh den tréimhse chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Dá bhrí sin, ba cheart scrúdú breise a dhéanamh ar cis CTAC agus ar dhéchlóraimeatán. Más é an chonclúid go meastar go bhfuil airíonna réabtha inchrínigh ag ceachtar den dá shubstaint cis CTAC nó déchlóraimeatán nó acu araon, déanfaidh an Coimisiún a mheas ar cheart údarú an Aontais le haghaidh “Pesguard® Gel” a chur ar ceal nó a leasú i gcomhréir le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaítear údarú Aontais a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0024951-0000 aige do Sumitomo Chemical Agro Europe SAS chun an táirge bithicídeach aonair “Pesguard® Gel” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Tá an t-údarú Aontais bailí ón 15 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2031.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Tuairim ECHA an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le húdarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh “Pesguard® Gel” (ECHA/BPC/269/2020), https://echa.europa.eu/bpc-opinions-on-union-authorisation.
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2100 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 lena leagtar amach na critéir eolaíocha chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 301, 17.11.2017, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach
Pesguard® Gel
Cineál táirge 18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí)
Uimhir an údaraithe: EU-0024951-0000
Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0024951-0000
1. FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. Trádainm/trádainmneacha an táirge
|
Trádainm/trádainmneacha |
Pesguard® Gel |
1.2. Sealbhóir an údaraithe
|
Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe |
Ainm |
Sumitomo Chemical Agro Europe SAS |
|
Seoladh |
Parc d’Affaires de Crécy 10A, rue de la Voie Lactée, 69370 Saint Didier au Mont d’Or, An Fhrainc |
|
|
Uimhir an údaraithe |
EU-0024951-0000 |
|
|
Uimhir sócmhainne R4BP |
EU-0024951-0000 |
|
|
Dáta an údaraithe |
15 Iúil 2021 |
|
|
Dáta éaga an údaraithe |
30 Meitheamh 2031 |
|
1.3. Déantóir/déantóirí an táirge
|
Ainm an déantóra |
McLaughlin Gormley King Company (MGK) |
|
Seoladh an déantóra |
8810 10th Avenue North, MN 55427 Minneapolis Stáit Aontaithe Mheiriceá |
|
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
McLaughlin Gormley King Company, 4001 Peavey Road, MN 55318 Chaska Stáit Aontaithe Mheiriceá |
1.4. Déantóir/déantóirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha
|
Substaint ghníomhach |
(E)-1-(2-Chloro-1,3-thiazol-5-ylmethyl)-3- methyl-2-nitroguanidine (Clothianidin) |
|
Ainm an déantóra |
Sumitomo Chemical Co. Ltd. |
|
Seoladh an déantóra |
27-1, Shinkawa 2-chome, Chuo-ku, 104-8260 Tokyo An tSeapáin |
|
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Sumitomo Chemical Company LTD, Oita Works, 2200, Tsurusaki, Oita City„ 870-0106 Oita An tSeapáin |
|
Substaint ghníomhach |
pyriproxyfen |
|
Ainm an déantóra |
Sumitomo Chemical Co. ltd. |
|
Seoladh an déantóra |
27-1, Shinkawa 2-chome, Chuo-ku, 104-8260 Tokyo An tSeapáin |
|
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Sumitomo Chemical Company LTD, Misawa Works, Aza-Sabishirotaira, Oaza-Misawa, Misawa„ 033-0022 Aomori An tSeapáin |
2. COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
Clothianidin |
(E)-1-(2-Chloro-1,3-thiazol-5-ylmethyl)-3- methyl-2-nitroguanidine |
Substaint Ghníomhach |
210880-92-5 |
433-460-1 |
0,526 |
|
pyriproxyfen |
4-phenoxyphenyl (RS)-2-(2- pyridyloxy)propyl ether |
Substaint Ghníomhach |
95737-68-1 |
429-800-1 |
0,515 |
|
Aigéad aicéiteach |
Aigéad eatánóch |
Substaint neamhghníomhach |
64-19-7 |
200-580-7 |
0,3 |
|
Sorbáit potaisiam |
potaisiam (E,E)-hexa-2,4-dienoate |
Substaint neamhghníomhach |
24634-61-5 |
246-376-1 |
0,5 |
2.2. Cineál foirmlithe
RB - Baoite (réidh le húsáid)
3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM
|
Ráitis ghuaise |
D’fhéadfadh a bheith ina chúis le himoibriú ailléirgeach craicinn. An-tocsaineach don saol uisceach le héifeachtaí buana. |
|
Ráitis réamhchúraim |
MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN: Nigh le neart uisce. Má tharlaíonn greannú nó gríos craicinn: Faigh comhairle leighis. Caith lámhainní cosanta. Seachain scaoileadh isteach sa chomhshaol. Diúscair coimeádán chuig i gcomhréir le rialacháin áitiúla. Bailigh doirteadh. |
4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1. Úsáid # 1 – Úsáid Ghairmiúil - Baoite RTU
|
An cineál táirge |
PT18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí) |
||||||
|
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
Feithidicíd |
||||||
|
Sprioc-orgánach/sprioc-orgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: Blattella germanica Gnáthainm: An chiaróg rua Gearmánach Céim na forbartha: Nimfeacha Ainm eolaíoch: Blattella germanica Gnáthainm: An chiaróg rua Gearmánach Céim na forbartha: Aosaigh Ainm eolaíoch: Supella longipalpa Gnáthainm: An chiaróg rua le bandaí donna Céim na forbartha: Nimfeacha Ainm eolaíoch: Supella longipalpa Gnáthainm: An chiaróg rua le bandaí donna Céim na forbartha: Aosaigh Ainm eolaíoch: Blatta orientalis Gnáthainm: An Chiaróg Dhubh Céim na forbartha: Nimfeacha Ainm eolaíoch: Blatta orientalis Gnáthainm: An Chiaróg Dhubh Céim na forbartha: Aosaigh Ainm eolaíoch: Periplaneta americana Gnáthainm: An Chiaróg Rua Mheiriceánach Céim na forbartha: Nimfeacha Ainm eolaíoch: Periplaneta americana Gnáthainm: An Chiaróg Rua Mheiriceánach Céim na forbartha: Aosaigh |
||||||
|
Réimse/réimsí úsáide |
Faoi dhíon I scoilteanna agus i scáintí, nó i láithreacha ceilte nach féidir le daoine nó le hainmhithe clóis dul iontu; taobh thiar de chuisneoirí, de chófraí agus de sheilfeanna, faoi fhearais chistine, i mboscaí rialaithe leictreachais, i bhfásáin agus i nduchtáil agus faoi fheistis i seomraí folctha, etc. |
||||||
|
Modh/modhanna úsáide |
Cur síos an bhaoite Baoite glótháin feithidicídeach atá réidh le húsáid (RTU) le haghaidh ciaróga rua a shrianadh i sláinteachas poiblí |
||||||
|
Ráta/rátaí agus minicíocht feidhmithe |
Ba cheart Pesguard® Gel a chur síos mar roinnt spotaí de thrastomhas thart ar 4 mm (agus thart ar 0,032 g de bhaoite i ngach spota). I gcásanna inmhíolú tromchúiseach, nuair a bhíonn speicis níos mó de chiaróga rua i láthair (B. orientalis nó P. americana), in áiteanna atá thar a bheith salach nó trína chéile nó nuair nach féidir foinsí malartacha bia a dhíothú ina n-iomláine, ba cheart an ráta curtha síos níos airde (e.g. 2 spota ina ionad 1 spota in aghaidh an m2 i gcás inmhíolú éadrom) a úsáid.
Níor cheart é a chur síos níos mó ná 11 uair in aghaidh na bliana. |
||||||
|
Catagóir/catagóirí úsáideoirí |
Gairmiúil |
||||||
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Steallaire Polapróipiléin (PP) 30 g Caipín scriú Poileitiléin Ard-dlúis (HDPE) |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Féach na treoracha úsáide ginearálta
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach na treoracha úsáide ginearálta
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach na treoracha úsáide ginearálta
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha úsáide ginearálta
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha úsáide ginearálta
5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)
5.1. Treoracha úsáide
Léigh an lipéad nó an bhileog roimh úsáid agus comhlíon/lean na treoracha uile arna gcur ar fáil.
Ná fág leaganacha baoite gan cosaint ar sholas gréine nó ar theas (e.g. radaitheoir).
Tá an taisce plaisteach réamhlíonta ina bhfuil Pesguard® Gel beartaithe le húsáid leis an suncaire atá curtha ar fáil nó le gaireas curtha baoite sainiúil a fhaightear go coitianta sa tionscal srianta lotnaidí. Féach treoracha an déantóra maidir le treoracha le haghaidh an forchuradóir a úsáid.
Insteall an baoite i scoilteanna agus i scáintí, i bhfásáin, nó i láithreacha ceilte nach féidir le daoine nó le hainmhithe clóis dul iontu ina bhféadfadh feithidí a bheith ag maireachtáil, ag beathú agus ag síolrú. De ghnáth bíonn a leithéid d’áiteanna te/tais agus dorcha (taobh thiar de chuisneoirí, de chófraí agus de sheilfeanna, faoi fhearais chistine, i mboscaí rialaithe leictreachais, i bhfásáin agus i nduchtáil agus faoi fheistis i seomraí folctha, etc.). Moltar go ndéantar iniúchadh nó gaistiú chun inmhíolú a dhearbhú sula ndéantar cóireáil. Cinntigh go mbaintear foinsí malartacha bia ar bith agus déan leaganacha an bhaoite a dhíriú mar spotaí aonair ag láithreáin ghníomhaíochta na gciaróg rua. Níor cheart an táirge a chur síos ach in áiteanna nach féidir le páistí nó le peataí dul iontu.
Ná cuir Pesguard® Gel síos in áiteanna a mbeidh sé i dteagmháil le huisce nó in áiteanna a dhéantar a ghlanadh go rialta. De ghnáth gheobhaidh ciaróga rua bás roinnt uaireanta tar éis beathú amháin ar Pesguard® Gel. In áitribh inmhíolaithe, feicfear ciaróga rua marbha de ghnáth laistigh de 24 huaire ón gcóireáil.
Bain an caipín ón mbuinne, leag an barr ar an dromchla atá le cóireáil, agus brúigh síos ar an suncaire. Cuir an caipín ar an dáileoir arís tar éis chríochnú na cóireála.
Greamóidh an baoite de dhromchlaí nach bhfuil gréisceach ná deannachúla agus fanfaidh sé solúbtha agus blasta do chiaróga rua fad agus is féidir a fheiceáil go bhfuil sé ann.
Ba cheart iniúchadh amhairc a dhéanamh ar áiteanna cóireáilte tar éis 1-2 sheachtain. Nuair a bhí an t-inmhíolú tosaigh trom d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach Pesguard® Gel a chur síos don dara huair má itheadh an chéad chóireáil agus tá ciaróga rua beo fós ann.
Moltar go ndéantar dara hiniúchadh amhairc ar leaganacha an bhaoite 2-4 seachtaine tar éis na cóireála tosaigh. Cuir síos an baoite arís nuair nach féidir a fheiceáil go bhfuil sé fós ann, de réir leibhéal an inmhíolaithe (éadrom, meánmhéide nó trom). Cuir an baoite ar ais arís sula ndéantar é a ithe ina iomláine d’fhonn ciaróga rua a choimeád ó theacht ar ais.
Cuir sealbhóir an chlárúcháin ar an eolas mura bhfuil an chóireáil éifeachtach.
Ní mór doirteadh agus iarmharaigh ina bhfuil an táirge a bhaint mar dhramhaíl cheimiceach.
Ba cheart cúram a ghlacadh chun leagan glótháin ar dhromchlaí nochta a sheachaint. Má thagann glóthán i dteagmháil le dromchla nochta, bain an glóthán le tuáille páipéir agus glan an áit le ceirtíní taise indiúscartha.
Le linn cuairteanna ina dhiaidh sin, déan iniúchadh ar leaganacha baoite agus cuir síos arís é nuair is gá.
Ná cuir baoite i láithreacha a nitear go rialta, mar bainfear an baoite leis an níochán. Ná bain úsáid as an táirge seo i dtrealamh leictreach nó ar threalamh leictreach áit a mbíonn guais turrainge féideartha. Seachain teagmháil le teicstílí agus le héadaí, mar d’fhéadfaí smál a fhágáil orthu.
5.2. Bearta maolaithe riosca
Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán le linn chéim láimhsithe an táirge (ní mór do shealbhóir an údarúcháin ábhar na lámhainní a shonrú laistigh den fhaisnéis faoin táirge).
Ná cuir baoite síos in áiteanna inar úsáideadh feithidicídí éarthacha gan an dromchla a ghlanadh ina iomláine le ciarsúr páipéir tais indiúscartha. Ná cuir feithidicídí éarthacha síos tar éis an baoite a chur síos.
Ná cuir é go díreach ar bhia, ar bheatha nó ar dheochanna nó in aice leo, ná ar dhromchlaí nó ar uirlisí is dócha go mbeidh siad i dteagmháil le bia, le beatha, le deochanna agus le hainmhithe.
Ní mór doirteadh agus iarmharaigh ina bhfuil an táirge a bhaint mar dhramhaíl cheimiceach.
Seachain glóthán a chur ar fhabraicí nó ar chairpéid ós rud é go bhféadfadh sé smál a fhágáil ar ábhair ionsúiteacha áirithe. D’fhonn smálú a sheachaint, ba cheart baoite nochta a ghlanadh suas láithreach bonn le ceirtíní taise indiúscartha.
Ní mór ábhair ghlantacháin a dhiúscairt mar dhramhaíl sholadach.
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Tá clóitiainídin sa táirge bithicídeach seo, rud atá díobhálach do bheacha.
Cur síos ar bhearta garchabhrach
Teagmháil le craiceann: Bain na héadaí éillithe láithreach bonn agus nigh an craiceann le gallúnach agus uisce. Faigh cóir leighis má leanann an greannú ar aghaidh tar éis an ní.
Teagmháil leis na súile: Má tharlaíonn siomptóim; sruthlaigh le huisce. Bain lionsaí tadhaill, más ann dóibh agus más éasca sin a dhéanamh. Glaoigh ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
Ionghabháil: Má shlogtar é: Má tharlaíonn siomptóim glaoigh ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
Má ionanálaítear é: neamhbhainteach.
Ná siomptóim agus iarmhairtí is tábhachtaí, idir chinn ghéara agus mhoillithe
Na súile: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le greannú súl.
Bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Seachain scaoileadh an táirge sa chomhshaol
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Ná cuir ach coimeádáin fholmha/pacáistíocht fholamh ar aghaidh le haghaidh athchúrsála.
Ba cheart go mbeadh diúscairt na pacáistíochta seo i gcomhréir i gcónaí leis an reachtaíocht um dhiúscairt dramhaíola agus le riachtanais ar bith de chuid an údaráis áitiúil réigiúnaigh.
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Cosain ar shioc. Stóráil i bhfad ó áit a mbíonn an ghrian ag soilsiú go díreach air.
Seilfré: 2 bhliain.
6. FAISNÉIS EILE
(1) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe.