|
25.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 225/4 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1041 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Aibreán 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le lotnaidicídí i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún (2), leagtar síos, i measc saincheisteanna eile, ceanglais shonracha maidir le lotnaidicídí agus a n-iarmhair i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127, sainmhínítear iarmhar lotnaidicídí trí úsáid a bhaint as téarmaíocht Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(3) |
Mar sin féin, le hAirteagal 3(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) déantar foráil maidir le sainmhíniú níos beaichte ar iarmhair lotnaidicídí. |
|
(4) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, is gá an sainmhíniú ar iarmhar lotnaidicíde atá i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 a ailíniú leis an sainmhíniú atá in Airteagal 3(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(5) |
Agus é á chur san áireamh gur cheart feidhm a bheith ag sainmhínithe na n-iarmhar maidir le substaintí gníomhacha mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, is iomchuí gan a áireamh ach máthairchomhdhúile na substaintí gníomhacha sna liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 i bhfianaise leasuithe a dhéanfar amach anseo ar Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 a leasú dá réir sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 4, mír 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127:
“1. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘iarmhar’ iarmhar lotnaidicíde dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.”
Airteagal 2
Leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 181, 29.6.2013, lch. 35.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais shonracha i ndáil le comhdhéanamh agus faisnéis le haghaidh bainne foirmlí do naíonáin agus bainne foirmlí leantach do naíonáin agus a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le faisnéis a bhaineann le beathú naíonán agus leanaí óga (IO L 25, 2.2.2016, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IV: “IARSCRÍBHINN IV SUBSTAINTÍ GNÍOMHACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(3)
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn V: “IARSCRÍBHINN V SUBSTAINTÍ GNÍOMHACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)
|
(1) Tá feidhm ag an sainmhíniú is déanaí ar iarmhar a leagtar síos san Iarscríbhinn lena mbaineann as measc Iarscríbhinní II, III, IV nó V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (luaitear an sainmhíniú ar iarmhar idir lúibíní tar éis mháthairchomhdhúil na substainte).
(2) Tá feidhm ag an sainmhíniú is déanaí ar iarmhar a leagtar síos san Iarscríbhinn lena mbaineann as measc Iarscríbhinní II, III, IV nó V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (luaitear an sainmhíniú ar iarmhar idir lúibíní tar éis mháthairchomhdhúil na substainte).