24.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 224/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1017 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Aibreán 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 58(7) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíocht dhíreach le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 6(3) agus Airteagal 7(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, tá ar na Ballstáit méid na n-íocaíochtaí díreacha atá le deonú d’fheirmeoir i leith bliain féilire ar leith, de bhun Chaibidil 1 de Theideal III den Rialachán sin, a laghdú faoi 5 % ar a laghad i gcás an chuid den tsuim atá os cionn EUR 150 000. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán sin, táthar le toradh measta an laghdaithe sin a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise do bhearta faoi fhorbairt tuaithe.

(2)

I gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 11(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 19 Feabhra 2021 maidir lena gcinneadh maidir leis an laghdú ar mhéid na n-íocaíochtaí díreacha agus leis an toradh measta ar an laghdú i leith na bliana féilire 2021. Leis na fógraí a thug an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Fhionlainn luadh meastachán os cionn nialais.

(3)

I gcomhréir leis an seachtú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Laitvia agus an Ísiltír fógra don Choimisiún maidir lena gcinneadh céatadán áirithe dá n-uasteorainn náisiúnta bhliantúil d’íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2022 a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) sa bhliain féilire 2021.

(4)

I gcomhréir leis an seachtú fomhír d’Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 thug an Chróit, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil agus an tSlóvaic fógra don Choimisiún maidir lena gcinneadh méid áirithe dá leithdháiltí CETFT 2022 a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha don bhliain féilire 2021.

(5)

Dá bharr sin, ní mór Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a oiriúnú ionas go léireofar le huasteorainneacha náisiúnta agus glan-uasteorainneacha bliantúla le haghaidh íocaíochtaí díreacha na cinntí a dhéanfaidh an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Fhionlainn. Chomh maith leis sin ní mór Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a oiriúnú ionas go léireofar go cothrom, leis an miondealú bliantúil de réir Bhallstát an Aontais, na cinntí sin.

(6)

Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a leasú dá réir sin.

(7)

Ós rud é go ndéanann na leasuithe a dhéantar leis an Rialachán seo ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 difear do chur i bhfeidhm an Rialacháin sin don bhliain 2021, go háirithe a mhéid a bhaineann le bunú tráthúil uasteorainneacha buiséadacha is infheidhme maidir le scéimeanna áirithe tacaíochta dírí, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart go mbeadh feidhm ag na leasuithe sin ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 487.

(2)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 608.


IARSCRÍBHINN I

I gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad cholún 2022:

 

“2022

an Bheilg

82 800 894

an Bhulgáir

284 028 644

an tSeicia

267 027 708

an Danmhairg

136 972 060

an Ghearmáin

1 387 301 738

an Eastóin

88 031 648

Éire

311 641 628

an Ghréig

651 537 600

an Spáinn

1 081 564 825

an Fhrainc

2 008 001 070

an Chróit

276 679 401

an Iodáil

1 355 921 375

an Chipir

23 770 514

an Laitvia

142 745 173

an Liotuáin

195 495 162

Lucsamburg

11 626 644

an Ungáir

384 539 149

Málta

19 334 497

an Ísiltír

129 378 369

an Ostair

520 024 752

an Pholainn

1 004 725 539

an Phortaingéil

455 640 620

an Rómáin

967 049 892

an tSlóivéin

110 170 192

an tSlóvaic

234 975 909

an Fhionlainn

354 551 956

an tSualainn

211 889 741

Iomlán AE-27

12 697 426 700

Cúnamh teicniúil

30 272 220

Iomlán

12 727 698 920 ”


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid a leanas in ionad an cholúin don bhliain féilire 2021:

Bliain féilire

“2021

an Bheilg

494 926

an Bhulgáir

788 626

an tSeicia

848 107

an Danmhairg

802 001

an Ghearmáin

4 620 753

an Eastóin

190 715

Éire

1 186 282

an Ghréig

1 797 077

an Spáinn

4 800 590

an Fhrainc

6 736 440

an Chróit

364 968

an Iodáil

3 628 529

an Chipir

47 648

an Laitvia

314 055

an Liotuáin

569 965

Lucsamburg

33 432

an Ungáir

1 305 715

Málta

5 244

an Ísiltír

661 382

an Ostair

677 582

an Pholainn

3 360 049

an Phortaingéil

680 873

an Rómáin

1 891 805

an tSlóivéin

131 530

an tSlóvaic

417 082

an Fhionlainn

515 713

an tSualainn

685 676 ”;

(2)

in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid a leanas in ionad an cholúin don bhliain féilire 2021:

Bliain féilire

“2021

an Bheilg

494,9

an Bhulgáir

789,3

an tSeicia

847,1

an Danmhairg

801,3

an Ghearmáin

4 620,8

an Eastóin

190,7

Éire

1 186,3

an Ghréig

1 981,1

an Spáinn

4 859,1

an Fhrainc

6 736,4

an Chróit

365,0

an Iodáil

3 622,5

an Chipir

47,6

an Laitvia

313,8

an Liotuáin

570,0

Lucsamburg

33,4

an Ungáir

1 275,5

Málta

5,2

an Ísiltír

661,3

an Ostair

677,6

an Pholainn

3 345,3

an Phortaingéil

681,0

an Rómáin

1 891,8

an tSlóivéin

131,5

an tSlóvaic

415,3

an Fhionlainn

515,7

an tSualainn

685,7”