|
22.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 222/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1016 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Meitheamh 2021
lena leasaítear den 321ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin. |
|
(2) |
An 17 Meitheamh 2021, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iontráil a chur le liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir. |
|
(4) |
Chun a áirithiú go mbeidh na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo éifeachtach, ba cheart é a theacht i bhfeidhm láithreach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
An tArd-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, cuirtear an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal “Daoine nádúrtha”:
“Mohammad Ali Al Habbo (an script bhunaidh: محمد علي الحبو) (ailias dea-cháilíochta: (a) Mohamad Abdulkarim; (b) Muhammad Abd-al-Karim; ailias ísealcháilíochta: (a) Al-Hebo; (b) Al-Habu; (c) Alhobo; (d) Habo; (e) Hebbo; (f) Habu). Dáta breithe: (a) 1.10.1983; (b) 15.3.1983; (c) 1.1.1980. Áit bhreithe: Raqqa, Poblacht Arabach na Siria. Náisiúntacht: Siriach. Uimh. an phas 00814L001424 (pas Siriach). Uimh. aitheantais náisiúnta (a) 10716775 (cárta aitheantais náisiúnta Siriach); (b) 2020316097 (cárta aitheantais náisiúnta Siriach); (c) 2020409266 (cárta aitheantais náisiúnta Siriach). Seoladh: (a) Gaziantep, an Tuirc (ó 2016 amach); (b) Raqqa, Poblacht Arabach na Siria. Faisnéis eile: Éascaitheoir atá lonnaithe sa Tuirc agus a chuireann seirbhísí airgeadais ar fáil don Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint, a liostaítear mar Al-Qaida san Iaráic, nó cuireann sé seirbhísí airgeadais ar fáil chun tacú leis. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 17.6.2021.”