|
22.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 222/12 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1008 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Meitheamh 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le stádas saor ó ghalar na Cróite agus réigiúin den Phortaingéil maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i bpobail bó-, lena leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann leis a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalar na Liotuáine agus réigiún áirithe den Ghearmáin, den Iodáil agus den Phortaingéil maidir le hionfhabhtú an víris gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus lena leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalar na Danmhairge agus na Fionlainne maidir le hionfhabhtuithe neacróise fuilghinte
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 36(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de (galair liostaithe), agus leagtar síos le hAirteagal 9 den Rialachán an chaoi a gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla galar liostaithe. Foráiltear le hAirteagal 36 den Rialachán freisin maidir leis an bhformheas a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalar Ballstát nó criosanna díobh maidir le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c) de. |
|
(2) |
Ar a bharr sin, foráiltear in Airteagal 280 de Rialachán (AE) 2016/429 maidir leis an stádas saor ó ghalar atá ag Ballstáit nó criosanna nó deighleoga díobh cheana maidir le galair liostaithe áirithe a d’fhormheas an Coimisiún i gcomhréir le Treoir 64/432/CEE ón gComhairle (2), inter alia. Ina theannta sin, forlíontar le hAirteagal 84 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (3) na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 ina leith sin trí bhearta idirthréimhseacha a leagan síos i dtaca le stádais saor ó ghalar áirithe atá ann cheana. Go háirithe, foráiltear leis an bhforáil sin go bhfuiltear lena mheas go bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis, agus B. suis i bpobail bó-ainmhithe ag Ballstáit nó criosanna díobh ag a raibh stádas saor ó ghalar roimh dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe sin i gcás inar deonaíodh a stádas saor ó bhrúsallóis i gcomhréir le Treoir 64/432/CEE. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh 2003/467/CE (4) ón gCoimisiún de bhun Threoir 64/432/CEE agus liostaíodh inti, inter alia, na Ballstáit agus na réigiúin díobh a bhí saor ó bhrúsallóis go hoifigiúil, maidir le tréada bó-ainmhithe. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (5) aisghaireadh agus ionadaíodh Cinneadh 2003/467/CE. Foráiltear sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin, inter alia, go ndéanfar na Ballstáit nó na criosanna díobh ag a bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i bpobail bó-ainmhithe a liostú in Iarscríbhinn I, Cuid I, Caibidil 1 de. Bhí an Chróit liostaithe mar Bhallstát ag a raibh stádas saor ó bhrúsallóis, maidir le tréada bó-ainmhithe, i gCinneadh 2003/467/CE. Dá bhrí sin, ba cheart an Chróit a liostú anois in Iarscríbhinn I, Cuid I, Caibidil 1 a ghabhann le Rialachán cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar Bhallstát ag a bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i bpobail bó-ainmhithe. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir. |
|
(4) |
Ar a bharr sin, chuir an Phortaingéil isteach chuig an gCoimisiún faisnéis lena léirítear go gcomhlíonann criosanna áirithe den Bhallstát sin na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 chun go n-aithneofar go bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i bpobail bó-ainmhithe. Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, Iarscríbhinn I, Cuid I, Caibidil 1 a leasú chun na criosanna sin den Phortaingéil a áireamh. |
|
(5) |
Foráiltear freisin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 go ndéanfar na Ballstáit nó na criosanna díobh ag a bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú an víris gormtheanga (séiritíopaí 1-24) (“ionfhabhtú BTV”) a liostú in Iarscríbhinn VIII, Cuid I. |
|
(6) |
Chuir an Liotuáin, maidir lena críoch iomlán, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Phortaingéil, maidir roinnt criosanna de na Ballstáit sin, faisnéis isteach chuig an gCoimisiún lena léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le haithint an stádais saor ó ghalar maidir leis an víreas gormtheanga a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 comhlíonta. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VIII, Cuid I a ghabhainn le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú chun críoch iomlán na Liotuáine agus, chomh maith leis sin, na criosanna sin den Ghearmáin, den Iodáil agus den Phortaingéil a áireamh. |
|
(7) |
Foráiltear freisin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 go ndéanfar na Ballstáit nó na criosanna díobh ag a bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú neacróise fuilghinte tógálaí (IHN) a liostú in Iarscríbhinn XIII, Cuid I de. Tá críoch iomlán na Danmhairge agus críoch iomlán na Fionlainne liostaithe faoi láthair mar chríocha ag a bhfuil an stádas saor ó ghalar maidir le IHN i gCuid I den Iarscríbhinn sin. Mar sin féin, thug na Ballstáit sin fógra le déanaí don Choimisiún faoi ráigeanna IHN. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XIII, Cuid I, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir. |
|
(8) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I, VIII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Treoir 64/432/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1964 maidir le fadhbanna sláinte ainmhithe a dhéanann difear do thrádáil laistigh den Chomhphobal i mbó ainmhithe agus i mucra (IO 121, 29.7.1964, lch. 1977).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha d’fhaireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair maidir le galair áirithe atá liostaithe agus ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).
(4) Cinneadh 2003/467/CE ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2003 lena mbunaítear stádas oifigiúil saor ó eitinn, ó bhrúsallóis, agus ó liúcóis bhuaibheach eansótach Ballstát áirithe agus réigiún áirithe de Bhallstáit maidir le tréada buaibheacha (IO L 156, 25.6.2003, lch. 74).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalar agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I, VIII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn I, Cuid I, leasaítear Caibidil 1 mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn VIII, leasaítear Cuid I mar a leanas:
|
|
(3) |
in Iarscríbhinn XIII, leasaítear Cuid I mar a leanas:
|