22.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 222/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1005 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Meitheamh 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 an 31 Iúil 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle (2) tugtar éifeacht do na bearta dá bhforáiltear le Cinneadh (CBES) 2015/1333.

(2)

An 16 Aibreán 2021, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2571 (2021). Meabhraigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2174 (2014), inar cinneadh go bhfuil feidhm ag na bearta a leagtar amach i Rún 1970 (2011) freisin maidir le daoine aonair agus eintiteas atá i mbun gníomhartha nó a chuireann tacaíocht ar fáil do ghníomhartha seachas iad siúd a shonraítear i Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ar ghníomhartha iad lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Libia i mbaol, nó lena gcuirtear bac ar a haistriú polaitiúil a chur i gcrích go rathúil nó lena mbaintear an bonn den chur i gcrích sin. Chuir sí i dtreis freisin go bhféadfaí a áireamh ar na gníomhartha sin bac a chur ar na toghcháin atá beartaithe i dtreochlár Fhóram Idirphlé Polaitiúil na Libia nó an bonn a bhaint díobh.

(3)

An 21 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1014 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333, inar shoiléirigh sí go gcuimsítear leis na critéir maidir le bearta sriantacha a chur i bhfeidhm freisin daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a chuireann bac ar na toghcháin atá beartaithe atá beartaithe i dtreochlár Fhóram Idirphlé Polaitiúil na Libia nó a bhaineann an bonn dóibh.

(4)

Tagann cuid de na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2016/44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

atá i mbun gníomhartha nó a chuireann tacaíocht ar fáil do ghníomhartha lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Libia i mbaol, nó lena gcuirtear bac ar a haistriú polaitiúil a chur i gcrích go rathúil nó lena mbaintear an bonn den chur i gcrích sin, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas:

(i)

gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh sa Libia ar gníomhartha iad a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine is infheidhme nó an dlí daonnúil idirnáisiúnta is infheidhme, nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, sa Libia;

(ii)

ionsaithe a dhéanamh ar aon aerfort, port talún nó calafort sa Libia, nó ar institiúid stáit nó bunáit stáit de chuid na Libia, nó ar aon mhisean taidhleoireachta sa Libia;

(iii)

tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí armtha nó do líonraí coiriúla trí amhola nó aon acmhainn nádúrtha eile a shaothrú go haindleathach sa Libia;

(iv)

bagairt a dhéanamh ar institiúidí airgeadais Stát na Libia agus ar Cuideachta Náisiúnta Ola na Libia nó iad a chomhéigniú, nó dul i gceann gníomhartha a bhféadfadh míleithreasú cistí de chuid Stát na Libia a theacht as nó a bheith mar thoradh air;

(v)

forálacha an trádbhaic arm sa Libia, a bunaíodh le UNSCR 1970 (2011) agus le hAirteagal 1 den Rialachán seo a shárú nó cúnamh a thabhairt i seachaint na bhforálacha sin;

(vi)

bac a chur ar na toghcháin a bhfuil pleanáil déanta lena n-aghaidh i bplean oibre Fhóram Idirphlé Polaitiúil na Libia nó an bonna bhaint dóibh.

(vii)

a bheith ina ndaoine, ina n-eintitis nó ina gcomhlachtaí atá ag gníomhú ar son nó thar ceann nó faoi stiúir aon cheann de na daoine, eintitis nó comhlachtaí a luaitear thuas, nó a bheith ina ndaoine, ina n-eintitis nó ina gcomhlachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu sin nó ag daoine, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II nó III; nó’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.

(2)  Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO L 12, 19.1.2016, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/1014 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (féach leathanach 38 den Iris Oifigiúil seo).