|
18.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 216/121 |
RIALACHÁN (AE) 2021/979 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Meitheamh 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní VII agus XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán, (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE (1) ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 131 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, forchuirtear dualgais agus oibleagáidí clárúcháin sonracha ar mhonaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí iartheachtacha d’fhonn sonraí a chruthú maidir le substaintí a dhéanann, a allmhairíonn nó a úsáideann siad chun na rioscaí a bhaineann leis na substaintí sin a mheas agus chun bearta bainistithe riosca is iomchuí a fhorbairt agus a mholadh. |
|
(2) |
Le hIarscríbhinní VII go X a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, leagtar amach ceanglais faisnéise chaighdeánacha maidir le substaintí a dhéantar nó a allmhairítear i gcainníochtaí tonna amháin nó níos mó, 10 dtonna nó níos mó, 100 tonna nó níos mó, agus 1 000 tonna nó níos mó, faoi seach. Le hIarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán sin, leagtar amach na rialacha ginearálta maidir le hoiriúnú a dhéanamh ar an gcóras tástála caighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinní VII go X a ghabhann leis. |
|
(3) |
I mí an Mheithimh 2019, chinn an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán sa Phlean Gníomhaíochta Comhpháirteach maidir leis an meastóireacht ar REACH (2), gur cheart forálacha áirithe sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú chun tuilleadh soiléireachta a sholáthar maidir le hoibleagáidí na gcláraithe mar aon leis an ról atá ag an nGníomhaireacht agus na freagrachtaí atá uirthi faoi Theidil II agus VI den Rialachán sin faoi seach. |
|
(4) |
Is léir ón taithí a fuarthas nach leor na téacsanna réamhráiteacha in Iarscríbhinní VII go X a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus, ar mhaithe le sláinte an duine agus leis an gcomhshaol, gur cheart ceanglais bhreise a thabhairt isteach a mhéid a bhaineann leis an rogha dearaidh don staidéar, nuair atá solúbthacht ag baint leis an modh tástála. Ba cheart go n-áiritheofaí leis sin, go ndéanfar tástálacha ar ainmhithe ar na hardleibhéil dáileoige is iomchuí. |
|
(5) |
Chun soláthar faisnéise áisiúla a áirithiú, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe maidir le faisnéis ar airíonna fisiceimiceacha na substainte, forálacha atá in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais faisnéise maidir le teannas dromchla agus intuaslagthacht uisce na miotal agus na gcomhdhúl miotail atá measartha intuaslagtha. |
|
(6) |
Forálacha áirithe maidir le faisnéis thocsaineolach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ba cheart iad a mhodhnú d’fhonn soiléiriú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar chláraithe agus na freagrachtaí atá ar an nGníomhaireacht a mhéid a bhaineann le staidéir in vitro maidir le greannú súl. |
|
(7) |
Léiríodh gur míshoiléir iad roinnt forálacha maidir le faisnéis thocsaineolach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus gur cheart iad a athscríobh. Baineann na forálacha sin go háirithe le feidhmiú staidéar in vivo maidir le greannú craicinn nó greannú súl agus leis an staidéar 28 lá ar thocsaineacht ildáileog. |
|
(8) |
Forálacha airithe maidir le faisnéis ar airíonna fisiceimiceacha na substainte, ar forálacha iad atá in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ba cheart iad a shoiléiriú d’fhonn rialacha nua sonracha a thabhairt isteach maidir le hoiriúnú don tairiseach díthiomsúcháin agus don tslaodacht. |
|
(9) |
Na forálacha maidir le faisnéis thocsaineolach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is gá soiléiriú áirithe a dhéanamh orthu maidir leis na cásanna nach gá an staidéar ar thocsaineacht fho-ainsealach a dhéanamh iontu. Sa bhreis air sin, is gá na rialacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinní IX agus X a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú, na rialacha maidir le hoiriúnú do na staidéir ar thocsaineacht maidir le síolrú, ionas gur fearr is féidir na cásanna a shonrú nach gá tástálacha a dhéanamh iontu. Chomh maith leis sin, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar an mbealach is ceart gníomhaíocht thocsaineolaíoch íseal na substainte a léiriú chun na tástálacha a oiriúnú. Ar deireadh, ba cheart simpliú a dhéanamh ar an bhforáil ina leagtar amach na coinníollacha faoi nach gá tuilleadh tástálacha a dhéanamh maidir le feidhmiú gnéasach agus torthúlacht nó tocsaineacht fhorbarthach. |
|
(10) |
Ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú freisin ionas go n-eiseofar tarscaoileadh na staidéar ábhartha ar chinniúint agus ar iompar sa timpeallacht ar bhonn comhéifeachta rannaí ísle ochtanól/uisce, agus ar an mbonn sin amháin, i gcás nach iomchuí é sin. |
|
(11) |
In Iarscríbhinní IX agus X a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ba cheart na roghanna tarscaoilte ar bhonn aicmithe a ailíniú le téarmaíocht Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. |
|
(12) |
Na rialacha ginearálta in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, na rialacha maidir le hoiriúnú an chórais tástála chaighdeánaigh, ba cheart iad a mhodhnú ar mhaithe lena nuashonrú agus chun débhríocht forálacha áirithe a sheachaint. Baineann na hathruithe sin go háirithe le forálacha maidir le húsáid na sonraí atá ann cheana, tromachar na fianaise agus grúpáil na substaintí. |
|
(13) |
I bhfianaise na héiginnteachta maidir lenar féidir a mheas mar shonraí atá ann cheana, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar an téarma sin de réir mar a úsáidtear é in Iarscríbhinn XI, foroinn 1.1., a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, trína ailíniú le hAirteagal 13(3) agus (4) den Rialachán sin. Ba cheart an tagairt do dhea-chleachtas saotharlainne a scriosadh chun comhsheasmhacht le téarmaí achtúcháin an Rialacháin sin a áirithiú. |
|
(14) |
In Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar an mbealach is féidir oiriúnú “tromachar na fianaise” a chur i bhfeidhm maidir le ceanglais faisnéise shonracha agus ar an mbealach ar cheart é a dhoiciméadú. |
|
(15) |
Is gá soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir le cosúlacht struchtúir a bhunú. Ba cheart tuilleadh soiléirithe a dhéanamh ar na doiciméid is gá le haghaidh léamh-trasna, lena n-áirítear go sonrach na doiciméid le haghaidh substaintí de chomhdhéanamh anaithnid nó de chomhdhéanamh athraitheach, táirgí imoibriúcháin casta agus ábhair bhitheolaíocha. Sa bhreis air sin, ba cheart an tagairt don treoir atá le heisiúint ag an nGníomhaireacht ar an topaic seo a bhaint ós rud é gur foilsíodh an treoir sin cheana féin. |
|
(16) |
An fonóta sa roinn “Tástáil atá bunaithe ar nochtadh agus atá oiriúnach don tsubstaint” d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ba cheart é a bhogadh chuig an bpríomhthéacs chun cur lena infheictheacht. Ar deireadh, ba cheart na forálacha sa roinn sin a leasú chun an téacs dlíthiúil a shoiléiriú agus chun é a ailíniú leis na hathruithe ar an bhfaisnéis thocsaineolaíoch. |
|
(17) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin. |
|
(18) |
Is éard is aidhm do na leasuithe atá á mbeartú soiléireacht a sholáthar maidir le ceanglais faisnéise áirithe agus an chinnteacht dhlíthiúil a mhéadú maidir leis na cleachtais mheastóireachta a chuir an Ghníomhaireacht i bhfeidhm cheana féin. Mar sin féin, ní féidir a eisiamh gurbh fhéidir leis na forálacha leasaithe nuashonrú ar shainchomhaid chlárúcháin a thionscnamh. Dá bhrí sin, ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur siar. |
|
(19) |
Is i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 atá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní VII go IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 8 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) Plean Gníomhaíochta Comhpháirteach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán maidir leis an Meastóireacht ar REACH, Meitheamh 2019 (https://echa.europa.eu/documents/10162/21877836/final_echa_com_reach_evaluation_action_plan_en).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:
|
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn X mar a leanas:
|
|
(5) |
Leasaítear Iarscríbhinn XI mar a leanas:
|