|
18.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 216/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/976 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Meitheamh 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar chioglocsaidime, mheipiocuait, Metschnikowia fructicola den tréithchineál NRRL Y-27328 agus phróiheicseaidé-óin i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) agus Airteagal 14(1)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcás próiheicseaidé-óin, leagadh uasleibhéil iarmhar (MRLanna) síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. I gcás cioglocsaidime agus meipiocuait, leagadh MRLanna síos i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás Metschnikowia fructicola den tréithchineál NRRL Y-27328, níor leagadh MRLanna sonracha síos ná níor cuireadh an tsubstaint sin san áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, agus mar sin tá feidhm ag an luach réamhshocraithe 0,01 mg/kg a leagtar síos in Airteagal 18(1)(b) de. |
|
(2) |
I gcomhthéacs nós imeachta maidir le húdarú a thabhairt d’úsáid táirge cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach cioglocsaidim ar shútha talún, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 chun an MRL atá ann cheana a mhodhnú. |
|
(3) |
Cuireadh iarratas den sórt sin isteach le haghaidh síolta cadáis a mhéid a bhaineann le meipiocuat. Cuireadh iarratas den sórt sin isteach le haghaidh rois lín, síolta poipín, síolta lus na gréine, síolta ráibe, síolta mustaird agus caimilín a mhéid a bhaineann le próiheicseaidé-ón. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne na Ballstáit lena mbaineann meastóireacht ar na hiarratais sin agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
|
(5) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí áirithe atá ann don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe agus thug sé tuairimí eolaíocha maidir leis na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir an tÚdarás na tuairimí sin ar aghaidh chuig na hiarratasóirí, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal iad. |
|
(6) |
Mhol an tÚdarás na MRLanna a mhéadú i gcás táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis úsáid na substainte ar shíolta cadáis, a mhéid a bhaineann le meipiocuat. |
|
(7) |
A mhéid a bhaineann leis na hiarratais uile, chinn an tÚdarás gur comhlíonadh gach ceanglas maidir le sonraí agus gur inghlactha na modhnuithe ar na MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí i ndáil le sábháilteacht tomhaltóirí ar bhonn measúnú ar theagmháil tomhaltóir i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Chuir an tÚdarás san áireamh an fhaisnéis is déanaí ar airíonna tocsaineolaíocha na substainte. Le teagmháil ar feadh an tsaoil leis na substaintí seo trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a d’fhéadfadh iad a bheith iontu, agus le teagmháil ghearrthéarmach trí go leor de na táirgí ábhartha a chaitheamh, léiríodh nach bhfuil baol ann go sárófaí an iontógáil laethúil inghlactha nó an ghéardháileog thagartha. |
|
(8) |
I gcomhthéacs fhormheas na substainte gníomhaí Metschnikowia fructicola den tréithchineál NRRL Y-27328, áiríodh iarratas MRL sa sainchomhad achomair i gcomhréir le hAirteagal 8(1)(g) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Rinne an Ballstát lena mbaineann meastóireacht ar an iarratas sin i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Rialachán sin. Rinne an tÚdarás measúnú ar an iarratas agus thug sé conclúid ar an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí (4). I gcomhréir leis an gcreat sin, níor éirigh leis an Údarás teacht ar chonclúid maidir leis an measúnú ar an riosca cothaithe do thomhaltóirí mar nach raibh roinnt faisnéise ar fáil agus gur ghá tuilleadh machnaimh ó na bainisteoirí riosca. Léiríodh tuilleadh machnaimh den sórt sin sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú (5) inar cinneadh nach bhfuil an t-orgánach pataigineach don duine agus nach meastar go mbeidh aon tocsainí nó meitibilítí tocsaineacha sa bhia tar éis an tsubstaint ghníomhach a úsáid. I bhfianaise na gconclúidí sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí Metschnikowia fructicola den tréithchineál NRRL Y-27328 a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(9) |
Leagadh síos MRL sealadach le haghaidh meipiocuat i síolta cadáis a bheidh bailí go dtí an 30 Meitheamh 2021 i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 le Rialachán (AE) 2018/832 ón gCoimisiún (6). Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí go mbeidh feidhm ag na MRLanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo ón 1 Iúil 2021. |
|
(10) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe ón Údarás agus na tosca a bhaineann leis an ábhar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air á gcur san áireamh, comhlíontar ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leis na modhnuithe iomchuí ar na MRLanna. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
|
(12) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige, áfach, ón 1 Iúil 2021 maidir le MRLanna le haghaidh meipiocuait.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Tuarascálacha eolaíocha ó EFSA atá ar fáil ar líne: http://www.efsa.europa.eu:
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue level for cycloxidim in strawberries [Tuairim réasúnaithe maidir le modhnú na n-uasleibhéal iarmhar cioglocsaidime atá ann cheana i sútha talún]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(8):5404.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for mepiquat in cotton seeds and animal commodities [Tuairim réasúnaithe maidir le modhnú na n-uasleibhéal iarmhar meipiocuait atá ann cheana i síolta cadáis agus i dtráchtearraí ainmhithe]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(10):5428.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for prohexadione in various oilseeds [Tuairim réasúnaithe maidir le modhnú na n-uasleibhéal iarmhar próiheicseaidé-óin atá ann cheana i roinnt olashíolta]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(8):5397.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(4) Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance Metschnikowia fructicola strain NRRL Y-27328 [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca ar an tsubstaint ghníomhach Metschnikowia fructicola den tréithchineál NRRL Y-27328]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(12):5084.
(5) Review report for the active substance Metschnikowia fructicola strain NRRL Y-27328 [Tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar an tsubstaint ghníomhach Metschnikowia fructicola den tréithchineál NRRL Y-27328] (SANTE/10472/2018 Rev. 2).
(6) Rialachán (AE) 2018/832 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2018 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil iarmhar chiantrainileapróil, chiamocsainile, deiltemheitrine, défeanaconasóil, feanaimíodóin, fluibeindé-aimíde, fluaipicilíde, foilpéid, foiseitile, mhandastróibine, mheipiocuait, mheatasaclóir, phrópamacarb, phrópairgíte, phirimeatanaile, sulfocsaflór agus trífhlocsastróibine i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 140, 6.6.2018, lch. 38).
IARSCRÍBHINN
Déantar Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú mar a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh próiheicseaidé-óin: “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
|
(2) |
I gCuid A d’Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh cioglocsaidime agus meipiocuait: “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(3) |
In Iarscríbhinn IV, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre: “Metschnikowia fructicola den tréithchineál NRRL Y-27328”. |
(*1) Teorainn cinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I.”
(*2) Teorainn cinnidh anailísigh
(2) feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I.