17.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 214/34


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/966 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meitheamh 2021

lena ndeonaítear maolú sealadach do Cabo Verde ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, i leith filléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe, filléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus filléid tuinnín frigéid nó filléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 64(6) agus Airteagal 66, pointe (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is tír í Cabo Verde a thairbhíonn as an socrú speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a sholáthraítear faoi Airteagal 1(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), dá ngairtear an Córas Ginearálaithe um Fhabhair (GSP+). Leagtar síos na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach chun críocha an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair (GSP), seachas rialacha nós imeachta, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (3).

(2)

I litir dar dáta an 18 Márta 2020, chuir Cabo Verde iarraidh isteach maidir le síneadh a chur leis na maoluithe sealadacha ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, a deonaíodh le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/561 (4) agus (AE) 2019/620 (5) ón gCoimisiún. Bhain an iarraidh le méid bliantúil 5 000 tona d’fhilléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe, 3 000 tona d’fhilléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus 1 000 tona d’fhilléid tuinnín frigéid nó d’fhilléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe. Faoin maolú arna iarraidh, mheasfaí na táirgí sin a bheith de thionscnamh Cabo Verde fiú dá mba tháirgí iad a táirgeadh ó éisc neamhthionscnaimh.

(3)

Maidir lena hiarraidh ar shíneadh a chur leis na maoluithe sin, thacaigh Cabo Verde léi trí bheith ag brath ar na hargóintí a rinneadh in iarrataí a cuireadh isteach roimhe seo, ar argóintí ábhartha iad fós dar le Cabo Verde, eadhon, méideanna ísle tuinnín agus ronnach arna ngabháil ina huiscí teorann, deiseanna iascaireachta atá gann lasmuigh dá huiscí teorann agus fad teoranta an tséasúir iascaireachta. Eilimint eile a cuireadh i dtábhacht san iarraidh is ea bonneagar calafoirt Cabo Verde a forbraíodh le déanaí. Dá thoradh sin, is féidir méideanna éisc ar scála níos mó a láimhseáil chun acmhainneacht táirgeachta an tionscail áitiúil próiseála éisc a choinneáil ar bun trí sholáthar a chur ar fáil dó. Ar deireadh, cuireadh i dtábhacht san iarraidh na deacrachtaí a bhfuil Cabo Verde ag dul i ngleic leo de dheasca na moilleanna maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an Afraic Thiar. Forbraíonn Cabo Verde argóinteacht chun béim a leagadh ar an ngá atá aici le maolú ar rialacha GSP maidir le tionscnamh fabhrach chun cúiteamh a dhéanamh air nach féidir brath go fóill ar na cuótaí tionscnaimh ná na rialacha maidir le carnadh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche nach bhfuil curtha i bhfeidhm go sealadach go fóill.

(4)

Is maolú de chineál sealadach é an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 64(6) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (Cód Custaim an Aontais) agus tá sé faoi réir chomhlíonadh feabhsaithe na rialacha tionscnaimh le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann agus chomhlíonadh an cheanglais maidir leis an gcomhar riaracháin. Chun maolú den sórt sin ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a bhainistiú, ní mór don tír iarrthach na rialacha tionscnaimh le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann agus na nósanna imeachta a bhaineann leo a chomhlíonadh agus ní mór di dea-chomhar riaracháin a áirithiú.

(5)

I ndáil leis sin, leis na gníomhaíochtaí faireacháin a rinne an Coimisiún Eorpach le blianta beaga anuas i gcomhthéacs an mhaolaithe a deonaíodh de bhun Airteagal 64(6) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, léiríodh roinnt easnamh maidir le comhar riaracháin Cabo Verde le húdaráis chustaim na mBallstát i dtaca le cruthúnais ar thionscnamh a fhíorú. D’fhéadfadh go mbeadh na heasnaimh sin ina gcúis le diúltú an mhaolaithe ar bhonn na gcúiseanna a chuir Cabo Verde i láthair. Tar éis di an iarraidh sin a chur isteach, áfach, bhí ar Cabo Verde agus go háirithe an tionscal iascaireachta in Cabo Verde, dul i ngleic le géarchéim thromchúiseach de dheasca an chaillteanais ioncaim arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leis. Le hAirteagal 64(6) den chód, tá an Coimisiún i dteideal an staid nua sin a chur san áireamh, agus cinneadh a dhéanamh maidir le maolú a dheonú ar a thionscnamh féin.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart maolú sealadach a dheonú do Cabo Verde ar an gceanglas faoi na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach na táirgí a mheas a bheith de thionscnamh na tíre is tairbhí i gcás ina bhfaightear na hábhair iontu a áirithítear i gCaibidlí 3 agus 16 den Ainmníocht Chomhcheangailte go hiomlán sa tír sin agus sa chás sin amháin. Sa chéad bhliain dá chur i bhfeidhm, ba cheart an maolú a dheonú ar mhéid bliantúil 5 000 tona d’fhilléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe, 3 000 tona d’fhilléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus 1 000 tona d’fhilléid tuinnín frigéid nó d’fhilléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe. Chun leasanna tráchtála an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh agus chun iomaíocht chóir a choinneáil ar bun idir tionscal iascaigh intíre an Aontais agus tionscal iascaigh intíre tríú tíortha, ba cheart an méid bliantúil a laghdú sna blianta ina dhiaidh sin de réir na méideanna dá bhforáiltear in Iarscríbhinní I agus II, cé is moite d’fhilléid tuinnín frigéid nó filléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe. Ba cheart teorainn 3 bliana a chur le fad an mhaolaithe chun deis a thabhairt do Cabo Verde téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 agus féachaint leis na coigeartuithe struchtúrtha is gá a dhéanamh in earnáil an iascaigh, d’fhonn na rialacha tionscnaimh a chomhlíonadh le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann. Ba cheart an maolú a dheonú, áfach, ar choinníoll go ndéanfaidh údaráis chustaim Cabo Verde seiceálacha cainníochtúla ar onnmhairithe na dtáirgí atá faoi réir an mhaolaithe agus go gcuirfidh siad ráiteas in iúl don Choimisiún maidir leis na méideanna ar eisíodh ráitis maidir le tionscnamh ina leith de bhun an Rialacháin seo agus sraithuimhreacha na ráiteas sin.

(7)

Thairis sin, ba cheart do Cabo Verde tairbhiú de mhaolú a sholáthraítear faoi rialacha tionscnaimh fabhracha GSP maidir le tuinnín agus ronnach ar choinníoll go dtuairiscíonn sí go tráthrialta do sheirbhísí inniúla an Choimisiúin maidir leis na bearta atá glactha aici chun comhlíonadh na rialacha a fheabhsú i dtaca le tionscnamh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo agus chun comhar riaracháin a chur ar fáil de réir mar a cheanglaítear chun na socruithe fabhracha faoi GSP a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012. Ba cheart na tuarascálacha sin a chur isteach i gcomhréir le sceideal ama beacht, lena mbeadh moilleanna maidir le baint amach na sprioc-amanna socraithe ina gcúis le fionraí an mhaolaithe, fionraí a bheadh le cur in iúl d’údaráis inniúla Cabo Verde tar éis meabhrúcháin agus cuireadh na tuarascálacha a chur isteach laistigh de 10 lá oibre. Le fionraí den sórt sin, ní dhéanfar an tréimhse dá bhforáiltear sa Rialachán agus in Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann leis an Rialachán a fhadú. Na heilimintí atá le háireamh sna tuarascálacha sin, ba cheart iad a liostú in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(8)

Na méideanna a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart iad a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (6), lena rialaítear bainistiú cuótaí taraife.

(9)

Ba cheart do na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe agus ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith acu amhail ón 1 Eanáir 2021, chun staid dhúshlánach Cabo Verde a chur san áireamh agus chun cead a thabhairt don tír sin an maolú a chur i bhfeidhm ar tháirgí a allmhairíodh isteach san Aontas ó bhí an dáta sin ann.

(10)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagal 41, pointe (b), agus Airteagal 45 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, maidir leis na táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II, a tháirgtear in Cabo Verde ó éisc neamhthionscnaimh, measfar gur de thionscnamh Cabo Verde iad i gcomhréir le hAirteagail 2, 3 agus 4 den Rialachán seo.

Airteagal 2

1.   Beidh feidhm ag an maolú seo maidir le táirgí a onnmhairítear ó Cabo Verde agus a dhearbhaítear lena scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023.

2.   Beidh feidhm ag an maolú maidir le táirgí suas leis na méideanna bliantúla a liostaítear in Iarscríbhinn I (tuinnín) agus Iarscríbhinn II (ronnach agus ronnach frigéid).

3.   Tá cur chun feidhme an mhaolaithe faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446.

Airteagal 3

Na méideanna a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún, lena rialaítear bainistiú cuótaí taraife.

Airteagal 4

Deonaítear an maolú faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

1.

Déanfaidh údaráis chustaim Cabo Verde na bearta is gá chun seiceálacha cainníochtúla a dhéanamh ar onnmhairithe na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 1.

2.

Cuirfear an tagairt seo a leanas isteach sna ráitis maidir le tionscnamh arna ndéanamh ag na honnmhaireoirí cláraithe: “Maolú — Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/966 ón gCoimisiún”.

3.

Cuirfidh údaráis inniúla Cabo Verde in iúl don Choimisiún ráiteas maidir leis na méideanna ar eisíodh ráiteas maidir le tionscnamh ina leith de bhun an Rialacháin seo agus na cóipeanna de na cruthúnais sin. Cuirfear na tuarascálacha in iúl don Choimisiún 6 mhí, 18 mí agus 30 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4.

Cuirfidh údaráis inniúla Cabo Verde in iúl don Choimisiún, an tráth céanna leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, tuarascáil ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe maidir leis na bearta a ghlac siad chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

comhlíonadh na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo a áirithiú;

(b)

comhar riaracháin a chur ar fáil de réir mar is gá chun na socruithe fabhracha faoi GSP a chur chun feidhme.

Liostaítear an fhaisnéis is gá d’údaráis inniúla Cabo Verde a thuairisciú in Iarscríbhinn III.

Airteagal 5

I gcás nach gcomhlíonann na húdaráis inniúla a n-oibleagáid tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 4(3) agus (4), laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach ann, seolfaidh an Coimisiún meabhrúchán chuig údaráis inniúla Cabo Verde, ina n-iarrfar orthu an fhaisnéis is gá a chur isteach laistigh de 10 lá oibre. Mura bhfreagróidh údaráis inniúla Cabo Verde don iarraidh sin faoin sprioc-am socraithe, d’fhéadfadh an Coimisiún an maolú dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí. Le fionraí den sórt sin, ní chuirfear síneadh leis an tréimhse dá bhforáiltear sa Rialachán agus in Iarscríbhinn 1 agus Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán. Cuirfear an fhionraí sin in iúl d’údaráis inniúla Cabo Verde agus foilseofar í san Iris Oifigiúil, sraith C.

Airteagal 6

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe a bhaineann le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/561 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2019 lena ndeonaítear maolú sealadach do Cabo Verde ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, i leith filléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe (IO L 98, 9.4.2019, lch. 13).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/620 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2019 lena ndeonaítear maolú sealadach do Cabo Verde ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, i leith filléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus tuinnín frigéid nó ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe (IO L 108, 23.4.2019, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


IARSCRÍBHINN I

Sraithuimhir

Cód AC

Cód TARIC

Tuairisc ar earraí

Tréimhsí

Méid bliantúil (i dtonaí glanmheáchain)

09.1602

1604142100

1604142690

1604142800

1604207050

1604207055

1604143190

1604143690

1604143800

1604207099

0304870090

1604144120

1604144629

1604144820

1604207045

0304870020

1604144130

1604144830

10

Filléid agus luanta boiníotó ullmhaithe nó leasaithe (Katsuwonus pelamis)

Filléid agus luanta tuinnín bhuí ullmhaithe nó leasaithe (Thunnus albacares)

Filléid agus luanta tuinnín mhórshúiligh ullmhaithe nó leasaithe (Thunnus obesus)

Tuinnín colgach ullmhaithe (Thunnus alalunga)

1.1.2021 go dtí 31.12.2021

1.1.2022 go dtí 31.12.2022

1.1.2023 go dtí 31.12.2023

5 000 tona

3 500 tona

2 500 tona


IARSCRÍBHINN II

Sraithuimhir

Cód AC

 

Tuairisc ar earraí

Tréimhsí

Méid bliantúil (i dtonaí glanmheáchain)

09.1647

1604 15 11

ex 1604 19 97

 

Filléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe (Scomber scombrus, Scomber japonicus, Scomber colias)

1.1.2021 go dtí 31.12.2021

1.1.2022 go dtí 31.12.2022

1.1.2023 go dtí 31.12.2023

3 000 tona

2 500 tona

2 000 tona

09.1648

1604 20 90

ex 1604 19 97

 

Filléid tuinnín frigéid nó ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe (Auxis thazard, Auxis rochei)

1.1.2021 go dtí 31.12.2021

1.1.2022 go dtí 31.12.2022

1.1.2023 go dtí 31.12.2023

1 000 tona

1 000 tona

1 000 tona


IARSCRÍBHINN III

Bearta atá le tuairisciú ag údaráis inniúla Cabo Verde dá dtagraítear in Airteagal 4(4)

Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 4(4), beidh tuairisc mhionsonraithe ar na bearta arna nglacadh ag údaráis inniúla Cabo Verde chun an méid seo a leanas a áirithiú:

a)

go ndéantar fíoruithe ar stádas tionscnaimh na dtáirgí arna iarraidh sin ag údaráis chustaim na mBallstát le haghaidh gach iarraidh ar leith faoi na sprioc-amanna a leagtar síos in Airteagal 109 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447;

b)

go gcumhdaítear seiceáil ar áit na gabhála mar chuid de na fíoruithe ar stádas tionscnaimh na dtáirgí iascaireachta mara dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (h) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún, agus go gcumhdaítear seiceáil ar choinníollacha úinéireachta an tsoithigh mar chuid de na fíoruithe ar stádas tionscnaimh na dtáirgí eile ar lasmuigh den fharraige teorann a baineadh as an bhfarraige iad dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (h), den Rialachán Tarmligthe sin;

c)

go ndéantar na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 108(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2015/2447 ar onnmhaireoirí ag eatraimh a chinntear ar bhonn critéir iomchuí anailíse riosca i gcomhréir le hAirteagal 108(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin;

d)

go gcuirtear onnmhaireoirí agus oifigigh rialtais in Cabo Verde ar an eolas mar is ceart faoi na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach chun críocha an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair (GSP) agus faoi na nósanna imeachta a bhaineann leo trí bhíthin treoracha leormhaithe, oiliúintí, seimineáir agus/nó faisnéis ghréasánbhunaithe.

Maidir leis an tuarascáil ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) thuas, is iad na heilimintí seo a leanas a bheidh inti le haghaidh gach iarraidh ar fíorú tionscnaimh a fhaightear ó údaráis chustaim na mBallstát:

tagairt agus dáta an iarrata ar fhíorú tionscnaimh;

an Ballstát a sheol an iarraidh [an Ballstát iarrthach];

an dáta a fuair údaráis inniúla Cabo Verde an iarraidh;

na táirgí lena mbaineann (cód HS agus tuairisc ar na táirgí);

an dáta a seoladh freagra chuig an mBallstát iarrthach;

na cúiseanna atá le haon mhoill ar fhreagra an iarrata, de réir mar is iomchuí;

measúnú an iarrata ag údaráis inniúla Cabo Verde (i.e. cé acu a deimhníodh an tionscnamh arna dhearbhú sa ráiteas maidir le tionscnamh nó nár deimhníodh).

Is iad na heilimintí seo a leanas a bheidh sa tuarascáil ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (c):

an líon rialuithe a rinneadh;

na critéir anailíse riosca a d’úsáid na húdaráis inniúla chun na rioscaí a mheasúnú agus na heatraimh idir na seiceálacha ar onnmhaireoirí a chinneadh;

an mhodheolaíocht a úsáideadh le linn na rialuithe;

faisnéis maidir le cé acu a cheangail na húdaráis inniúla ar (roinnt) onnmhaireoirí cóipeanna nó liosta de na ráitis maidir le tionscnamh a bhí déanta acu a sholáthar nó nár cheangail, d’fhonn na rialuithe a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 108(1), pointe (b), i gcomhréir le hAirteagal 108(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447;

faisnéis maidir le cé acu a léiríonn na rialuithe go dtuigeann na honnmhaireoirí in Cabo Verde na rialacha tionscnaimh agus na nósanna imeachta a bhaineann leo nó nach léiríonn;

aon bheart ceartaitheach a rinneadh agus/nó aon phionós a forchuireadh ar an onnmhaireoir as ráiteas mícheart maidir le tionscnamh a dhéanamh.

Áireofar sa tuarascáil ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (d) thuas na treoracha, na doiciméid agus na hábhair oiliúna i dtaca leis na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach chun críocha an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair (GSP) agus i dtaca leis na nósanna imeachta a bhaineann leo, ar ábhair iad a úsáidtear chun onnmhaireoirí agus oifigigh rialtais Cabo Verde a chur ar an eolas.

Leis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus (4), tabharfar an fhaisnéis a chuirtear ar fáil sna tuarascálacha roimhe sin cothrom le dáta.