15.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 211/24


RIALACHÁN (AE) 2021/954 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2021

maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi acquis Schengen, náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu nó atá ag fanacht go dleathach ar chríocha na mBallstát, féadfaidh siad taisteal faoi shaoirse laistigh de chríocha na mBallstát uile eile le linn thréimhse 90 lá laistigh d’aon tréimhse 180 lá.

(2)

An 30 Eanáir 2020, d’fhógair Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta í i ngeall ar an ráig dhomhanda de choróinvíreas géarshiondróim throm riospráide 2 (SARS-CoV-2), arb é is cúis le galar an choróinvíris 2019 (COVID-19). An 11 Márta 2020, rinne EDS measúnú ina ndearnadh COVID-19 a shaintréithiú mar phaindéim.

(3)

Chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú, tá roinnt beart glactha ag na Ballstáit, bearta a raibh tionchar ag roinnt acu ar thaisteal chuig agus laistigh de chríoch na mBallstát, amhail srianta ar dhul isteach nó ceanglais ar thaistealaithe trasteorann coraintín nó féinleithlisiú nó tástáil le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhéanamh. Bíonn tionchar díobhálach ag srianta den sórt sin ar dhaoine agus ar ghnólachtaí, go háirithe daoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann agus a thaistealaíonn thar an teorainn go laethúil nó go minic chun críoch oibre, gnó, oideachais, teaghlaigh, cúraim leighis nó cúram a thabhairt.

(4)

An 13 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2020/1475 (2), lenar tugadh isteach cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19.

(5)

An 30 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2020/1632 (3) inar moladh do na Ballstáit atá faoi cheangal ag acquis Schengen na prionsabail ghinearálta, na critéir chomhchoiteanna, na tairsí comhchoiteanna agus creat comhchoiteann beart a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moltaí ar chomhordú agus ar chumarsáid mar a leagtar síos i Moladh (AE) 2020/1475.

(6)

Tá tionscnaimh seolta ag roinnt mhaith Ballstát nó tá sé beartaithe acu tionscnaimh a sheoladh chun deimhnithe vacsaínithe COVID-19 a eisiúint. Mar sin féin, chun leas a bhaint go héifeachtach as deimhnithe vacsaínithe den sórt sin i dtaca le taistil trasteorann laistigh den Aontas, ní mór iad a bheith go hiomlán idir-inoibritheach, comhoiriúnach, slán agus infhíoraithe. Teastaíonn cur chuige comhchoiteann idir na Ballstáit maidir le hábhar, formáid, prionsabail, caighdeáin theicniúla agus leibhéal cosanta na ndeimhnithe vacsaínithe sin.

(7)

Roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, rinne roinnt Ballstát daoine vacsaínithe a dhíolmhú ó shrianta taistil áirithe cheana féin. I gcás ina nglacfaidh Ballstáit le cruthúnas ar vacsaíniú chun srianta taistil a cuireadh i bhfeidhm a tharscaoileadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun teorainn a chur le leathadh SARS-CoV-2, amhail ceanglas chun coraintín, féinleithlisiú nó tástáil le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhéanamh, ba cheart a cheangal orthu, faoi na coinníollacha céanna, glacadh le deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba cheart glacadh den sórt sin a dhéanamh faoi na coinníollacha céanna, rud a chiallaíonn, mar shampla, i gcás ina measfaidh Ballstát gur leor dáileog aonair vacsaíne a thabhairt, gur cheart dó déanamh amhlaidh freisin i gcás sealbhóirí deimhnithe vacsaínithe a léiríonn dáileog aonair den vacsaín chéanna.

(8)

Leis na nósanna imeachta comhchuibhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit cinneadh a dhéanamh glacadh le deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint le haghaidh vacsaíní eile in aghaidh COVID-19 ar dheonaigh údarás inniúil Ballstáit údarú margaíochta dóibh de bhun Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), le haghaidh vacsaíní ar tugadh údarú sealadach dá ndáileadh de bhun Airteagal 5(2) den Treoir sin, agus le haghaidh vacsaíní a bhfuil an nós imeachta maidir le liostáil úsáide éigeandála de chuid EDS curtha i gcrích ina leith. I gcás ina ndeonófar údarú margaíochta ina dhiaidh sin do vacsaín den sórt sin in aghaidh COVID-19 de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, chumhdófaí freisin, leis an oibleagáid chun glacadh le deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint ag Ballstáit eile faoi na coinníollacha céanna, deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint ag Ballstát don vacsaín sin in aghaidh COVID-19, gan beann ar cibé a eisíodh na deimhnithe vacsaínithe roimh an údarú, nó ina dhiaidh, tríd an nós imeachta láraithe. Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú in aghaidh COVID-19, tástáil le haghaidh COVID-19 agus téarnamh ó COVID-19 (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19. Tá feidhm aige maidir le saoránaigh den Aontas agus maidir le náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh iad de shaoránaigh den Aontas.

(9)

I gcomhréir le hAirteagail 19, 20 agus 21 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (7), féadfaidh náisiúnaigh tríú tír a chumhdaítear faoi na forálacha sin gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríocha na mBallstát.

(10)

Gan dochar do na rialacha comhchoiteanna maidir le trasnú teorainneacha inmheánacha ag daoine mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus chun taisteal laistigh de chríocha na mBallstát a éascú le haghaidh náisiúnaigh tríú tír a bhfuil an ceart chun an taistil sin acu, an creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú in aghaidh COVID-19, tástáil le haghaidh COVID-19 agus téarnamh ó COVID-19 a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, creat a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart feidhm a bheith aige freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil cumhdaithe cheana féin faoin Rialachán sin, ar choinníoll go bhfuil siad ag fanacht go dleathach nó go bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch Ballstáit agus go bhfuil siad i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais.

(11)

Tá sé beartaithe leis an Rialachán seo cur i bhfeidhm phrionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe a éascú maidir le srianta taistil le linn phaindéim COVID-19, agus ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí á shaothrú ag an am céanna. Níor cheart an tuiscint a bhaint as an Rialachán seo go n-éascaítear nó go spreagtar srianta ar an tsaorghluaiseacht, nó srianta ar chearta bunúsacha eile, a ghlacadh, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Sa bhreis air sin, aon cheanglas le deimhnithe a fhíorú arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ní thugtar údar ar bith leis rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach. Ba cheart seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a bheith ina rogha dheiridh i gcónaí, faoi réir rialacha sonracha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/399.

(12)

Ó tharla go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát, níor cheart an tuiscint a bhaint as go dtugann sé do náisiúnaigh tríú tír ar mian leo taisteal chuig Ballstát an ceart chun Deimhniú Digiteach COVID AE a fháil ón mBallstát sin roimh theacht isteach ar a chríoch. Níl aon cheanglas ar na Ballstáit deimhnithe vacsaínithe a eisiúint ag poist chonsalacha.

(13)

An 30 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2020/912 (9) maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin. Leis an Rialachán seo, ní chumhdaítear na srianta sealadacha ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas.

(14)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(15)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (10); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Chun go mbeidh na Ballstáit in ann, faoi na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/953, glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Éirinn do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó atá ina gcónaí go dleathach ar a críoch chun taisteal laistigh de chríocha na mBallstát a éascú, ba cheart d’Éirinn deimhnithe COVID-19 a eisiúint do na náisiúnaigh tríú tír sin a chomhlíonann ceanglais an chreata iontaoibhe le haghaidh Dheimhniú Digiteach COVID AE. Ba cheart d’Éirinn agus do na Ballstáit eile glacadh le deimhnithe arna n-eisiúint do náisiúnaigh tríú tír a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar bhonn cómhalartachta.

(16)

Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d'Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(17)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (11), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe C, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (12).

(18)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (13), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe C, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (14).

(19)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (15), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe C, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (16).

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon an taisteal a dhéanann náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 a éascú trí chreat a bhunú chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID-19, toradh thástáil COVID-19 nó téarnamh ó COVID-19 maidir leis an duine a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, de réir mar a leagtar amach é san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)

I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le paindéim COVID-19, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(22)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus thug siad tuairim chomhpháirteach an 31 Márta 2021 (18),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfidh na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 2

Ar choinníoll go gcuirfidh Éire in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún go nglacfaidh sí leis na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/953 arna n-eisiúint ag na Ballstáit do dhaoine a chumhdaítear leis an Rialachán seo, glacfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha Rialachán (AE) 2021/953, le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Éirinn san fhormáid a chomhlíonann ceanglais chreat iontaoibhe Dheimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán 2021/953 chuig náisiúnaigh tríú tír a fhéadfaidh taisteal faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Meitheamh 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. COSTA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Meitheamh 2021.

(2)  Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 337, 14.10.2020, lch. 3).

(3)  Moladh (AE) 2020/1632 ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht i limistéar Schengen a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 25).

(4)  Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).

(6)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(7)  IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.

(8)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(9)  Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2020 maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srianadh sin (IO L 208 I, 1.7.2020, lch. 1).

(10)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(11)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(12)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(13)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(14)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).

(15)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(16)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(17)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(18)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.