14.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 209/93


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/951 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meitheamh 2021

lena socraítear an ráta coigeartaithe d’íocaíochtaí díreacha de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith na bliana féilire 2021

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 26(3) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 tá cúlchiste le bunú atá ceaptha tacaíocht bhreise a chur ar fáil d’earnáil na talmhaíochta i gcás géarchéimeanna tromchúiseacha a dhéanann difear don táirgeacht talmhaíochta nó don dáileadh talmhaíochta, cúlchiste atá le bunú trí laghdú a chur i bhfeidhm ag tús gach bliana ar íocaíochtaí díreacha leis an sásra smachta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 26 den Rialachán sin.

(2)

Le hAirteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na huasteorainneacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán sin do mhaoiniú an chaiteachais a bhaineann leis an margadh agus do mhaoiniú íocaíochtaí díreacha, foráiltear go bhfuil ráta coigeartaithe d’íocaíochtaí díreacha le cinneadh i gcás ina léiríonn na réamhaisnéisí maidir le maoiniú na mbeart a mhaoinítear faoin bhfo-uasteorainn sin do bhliain áirithe airgeadais go sárófar na huasteorainneacha bliantúla is infheidhme.

(3)

Is é EUR 497,3 milliún i bpraghsanna reatha méid an chúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta i nDréachtbhuiséad an Choimisiúin do 2022. Chun an méid sin a chumhdach, ní mór don sásra smachta airgeadais feidhm a bheith aige maidir le híocaíochtaí díreacha faoi na scéimeanna tacaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i ndáil leis an mbliain féilire 2021.

(4)

De réir na réamhaisnéisí ar íocaíochtaí díreacha agus ar chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus a leagtar amach i nDréachtbhuiséad an Choimisiúin do 2022 níl gá le tuilleadh smachta airgeadais.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart an ráta coigeartaithe a shocrú faoin 30 Meitheamh sa bhliain féilire a bhfuil feidhm ag an ráta coigeartaithe ina leith.

(6)

Go ginearálta, nuair a chuireann feirmeoirí iarratas isteach ar chabhair i bhfoirm íocaíochtaí díreacha i ndáil leis an mbliain féilire (N), tugtar an íocaíocht dóibh laistigh de thréimhse sheasta íocaíochta laistigh den bhliain airgeadais (N+1). Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí déanacha a dhéanamh le feirmeoirí tar éis na tréimhse íocaíochta sin, laistigh de theorainneacha áirithe. Féadfar íocaíochtaí déanacha den sórt sin a dhéanamh i mbliain airgeadais dá éis sin. Nuair a chuirtear smacht airgeadais i bhfeidhm maidir le bliain féilire ar leith, níor cheart an ráta coigeartaithe a chur i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí ar cuireadh iarratais ar chabhair isteach ina leith le linn blianta féilire seachas an bhliain féilire a bhfuil feidhm ag an smacht airgeadais ina leith. Dá bhrí sin, d’fhonn cóir chomhionann d’fheirmeoirí a áirithiú, is iomchuí féachaint chuige nach gcuirfear an ráta coigeartaithe i bhfeidhm ach amháin ar íocaíochtaí ar cuireadh iarratais ar chabhair isteach ina leith le linn na bliana féilire a bhfuil feidhm ag an smacht airgeadais ina leith, gan beann ar an tráth a dhéanfar an íocaíocht leis na feirmeoirí.

(7)

Le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, foráiltear nach bhfuil feidhm le bheith ag an ráta coigeartaithe a chuirtear i bhfeidhm ar íocaíochtaí díreacha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ach maidir le híocaíochtaí díreacha atá os cionn EUR 2 000 atá le deonú d’fheirmeoirí i leith na bliana comhfhreagraí féilire. Ina theannta sin, toisc gur de réir a chéile a thabharfar na híocaíochtaí díreacha isteach, foráiltear le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 nach mbeidh feidhm ag an ráta coigeartaithe maidir leis an gCróit ach amháin ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an ráta coigeartaithe atá le cinneadh leis an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí le feirmeoirí sa Bhallstát sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun an ráta coigeartaithe a shocrú i gcomhréir le hAirteagail 25 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, agus i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, maidir le méideanna na n-íocaíochtaí díreacha faoi na scéimeanna tacaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 atá os cionn EUR 2 000 agus atá le deonú d’fheirmeoirí le haghaidh iarratas ar chabhair arna chur isteach i ndáil leis an mbliain féilire 2021, déanfar iad a laghdú de réir ráta coigeartaithe 1,658907 %.

2.   Ní bheidh feidhm maidir leis an gCróit ag an laghdú dá bhforáiltear i mír 1.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).