|
14.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 209/92 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/950 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Meitheamh 2021
lena bhformheastar leasuithe de chuid an Aontais ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (“Recaș” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasuithe de chuid an Aontais ar shonraíocht táirge an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Recaș” a chuir an Rómáin ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhar le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (2). |
|
(2) |
D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasuithe de chuid an Aontais ar an tsonraíocht táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3), de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(3) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe de chuid an Aontais ar an tsonraíocht táirge a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhar le hAirteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo na leasuithe ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Recaș” (STFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta agus lipéadú agus cur i láthair (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2).