9.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 203/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/923 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Márta 2021

lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena leagtar amach na critéir chun freagracht bhainistíochta, feidhmeanna rialúcháin, aonaid ghnó ábhartha agus tionchar suntasach ar phróifíl riosca aonaid gnó ábhartha a shainiú, agus lena leagtar amach na critéir chun baill foirne nó catagóirí ball foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide atá chomh hábhartha céanna le baill foirne nó catagóirí ball foirne dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Treoir sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 94(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ní hamháin gur féidir tionchar ábhartha a bheith ag gníomhaíochtaí gairmiúla na mball foirne dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE ar phróifíl riosca institiúide, ach is féidir tionchar a bheith ag gníomhaíochtaí gairmiúla ball foirne eile ar phróifíl riosca institiúide freisin. Go háirithe, is amhlaidh a bheidh sé i gcás ina mbeidh freagrachtaí bainistíochta ar na baill foirne sin as aonaid ghnó ábhartha nó as feidhmeanna rialúcháin toisc gur féidir leo cinntí straitéiseacha nó cinntí bunúsacha eile a dhéanamh a mbeidh tionchar acu ar na gníomhaíochtaí gnó nó ar an gcreat rialúcháin a chuirfear i bhfeidhm. Go hiondúil, áirítear sna feidhmeanna rialúcháin sin bainistíocht riosca, comhlíontacht agus iniúchóireacht inmheánach. Is iad na rioscaí a ghlacann aonaid ghnó ábhartha agus an dóigh a ndéantar na haonaid sin a bhainistiú na fachtóirí is tábhachtaí i leith próifíl riosca institiúide.

(2)

Dá bhrí sin, is gá critéir a leagan síos chun baill foirne a shainaithint, cé is moite de na baill foirne dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE, na baill foirne sin a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide. Ba cheart údarás agus freagrachtaí na mball foirne sin, próifíl riosca agus táscairí feidhmíochta na hinstitiúide, eagrú inmheánach na hinstitiúide, agus cineál, raon feidhme agus castacht na hinstitiúide lena mbaineann, ba cheart iad sin a chur san áireamh sna critéir sin. Ba cheart na critéir sin a chur ar chumas d’institiúidí freisin dreasachtaí cuí a leagan síos ina mbeartais luacha saothair chun a áirithiú go ngníomhóidh na baill foirne lena mbaineann go stuama agus a gcúraimí á ndéanamh acu. Ar deireadh, ba cheart na critéir sin leibhéal riosca na ngníomhaíochtaí éagsúla laistigh den institiúid a léiriú.

(3)

Tá roinnt baill foirne freagrach as tacaíocht inmheánach a sholáthar atá ríthábhachtach ó thaobh gníomhaíochtaí gnó institiúide a oibriú de. D’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith ag a gcuid gníomhaíochtaí agus ag cinntí ar phróifíl riosca institiúide freisin, toisc go bhféadfadh a gcuid gníomhaíochtaí agus cinntí an institiúid a fhágáil ar neamhchosaint ar rioscaí ábhartha oibriúcháin agus eile.

(4)

De ghnáth, glactar le riosca creidmheasa agus riosca margaidh chun gnó a ghiniúint. Ag brath ar na méideanna agus ar an riosca atá i gceist, féadfaidh tionchar ábhartha a bheith ag gníomhaíochtaí gnó den sórt sin ar phróifíl riosca institiúide. Dá bhrí sin, is iomchuí critéir a úsáid atá bunaithe ar theorainneacha údaráis chun baill foirne a shainaithint a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phróifíl riosca institiúide. Ba cheart na critéir sin a ríomh uair gach bliain ar a laghad ar bhonn figiúirí caipitil agus cineálacha cur chuige a úsáidtear chun críoch rialála. Ba cheart tairseach de minimis le haghaidh riosca creidmheasa a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh cur i bhfeidhm na gcritéar laistigh d’institiúidí beaga comhréireach, áfach.

(5)

Maidir leis na critéir i leith baill foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca institiúide, ba cheart, leis na critéir sin, a chur san áireamh freisin gur féidir, i gcás institiúidí áirithe, na ceanglais a bhaineann leis an leabhar trádála a tharscaoileadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus ba cheart teorainneacha a shocrú leis an Rialachán sin ar bhealaí éagsúla le haghaidh institiúidí a úsáideann cineálacha éagsúla cur chuige chun ceanglais chaipitil a ríomh.

(6)

Ba cheart a áirithiú le critéir cháilíochtúla iomchuí go sainaithneofar baill foirne mar bhaill foirne a mbíonn tionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca institiúide i gcás ina bhfuil siad freagrach as grúpaí foirne a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phróifíl riosca na hinstitiúide. Áirítear leis sin cásanna nach mbíonn tionchar ábhartha aonair ag gníomhaíochtaí na mball foirne aonair atá faoina mbainistíocht ar phróifíl riosca na hinstitiúide ach go bhféadfadh tionchar den sórt sin a bheith ag scála foriomlán a gcuid gníomhaíochtaí.

(7)

De ghnáth, bíonn luach saothair iomlán na mball foirne ag brath ar an méid a chuidíonn cion oibre na mball foirne cuspóirí gnó na hinstitiúide a bhaint amach go rathúil. Dá bhrí sin, tá an luach saothair sin ag brath ar fhreagrachtaí, dualgais, cumas agus scileanna na mball foirne, agus ar fheidhmíocht na mball foirne agus na hinstitiúide. I gcás ina ndámhfar luach saothair iomlán do bhall foirne ar mó é ná tairseach áirithe, tá sé réasúnta glacadh leis go mbaineann an luach saothair sin leis an gcion den obair a rinne an ball foirne ar mhaithe le cuspóirí gnó na hinstitiúide agus, dá bhrí sin, go mbaineann an luach saothair leis an tionchar a bheidh ag gníomhaíochtaí gairmiúla an bhaill foirne ar phróifíl riosca na hinstitiúide. Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid a bhaint as critéir chainníochtúla a bhaineann le luach saothair iomlán baill foirne, i ndearbhthéarmaí agus i gcoibhneas le baill foirne eile laistigh den institiúid chéanna, chun a dhéanamh amach an bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag gníomhaíochtaí gairmiúla an bhaill foirne sin ar phróifíl riosca na hinstitiúide.

(8)

Ba cheart tairseacha soiléire iomchuí a leagan síos chun baill foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca institiúide. Ba cheart a bheith ag súil leis go gcuirfidh na hinstitiúidí na critéir chainníochtúla i bhfeidhm go tráthúil. Ba cheart na critéir chainníochtúla a úsáid le haghaidh na bhforbairtí maidir le luach saothair a leanúint chun bheith réadúil. An chéad mhodh chun na forbairtí sin a leanúint is ea na critéir sin a bhunú ar an luach saothair iomlán arna dhámhachtain sa bhliain feidhmíochta roimhe sin, lena n-áirítear an luach saothair seasta arna íoc le haghaidh na bliana feidhmíochta sin, agus an luach saothair athraitheach arna dhámhachtain sa bhliain feidhmíochta sin. An dara modh chun na forbairtí sin a leanúint is ea na critéir sin a bhunú ar an luach saothair iomlán arna dhámhachtain le haghaidh na bliana feidhmíochta roimhe sin, lena n-áirítear an luach saothair seasta arna íoc le haghaidh na bliana feidhmíochta sin agus an luach saothair athraitheach arna dhámhachtain sa bhliain feidhmíochta reatha le haghaidh na bliana airgeadais roimhe sin. Leis an dara modh, is féidir an próiseas sainaitheantais a ailíniú níos fearr leis an luach saothair iarbhír a dhámhtar le haghaidh tréimhse feidhmíochta, ach ní féidir é a chur i bhfeidhm ach amháin nuair is féidir ríomh a dhéanamh fós go tráthúil chun na critéir chainníochtúla a chur i bhfeidhm. I gcás nach féidir an ríomh sin a dhéanamh a thuilleadh, ba cheart an chéad mhodh a úsáid. Faoi cheachtar den dá mhodh sin, is féidir méideanna arna ndámhachtain ar bhonn tréimhsí feidhmíochta is faide ná bliain amháin a chur san áireamh sa luach saothair athraitheach, ag brath ar na critéir feidhmíochta a úsáideann an institiúid.

(9)

Leagtar síos le hAirteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE tairseach chainníochtúil EUR 500 000 mar aon le meánluach saothair le haghaidh chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus le haghaidh an lucht bainistíochta sinsearaí chun baill foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phróifíl riosca aonaid gnó ábhartha. Maidir le luach saothair os cionn na tairsí cainníochtúla sin nó atá ar cheann de na luacha saothair is airde laistigh den institiúid, glactar leis go láidir, dá bhrí sin, go bhfuil tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí na mball foirne a fhaigheann luach saothair den sórt sin ar phróifíl riosca na hinstitiúide, agus sa chás sin ba cheart tuilleadh grinnscrúdú maoirseachta a chur i bhfeidhm chun a shuí an bhfuil tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí gairmiúla na mball foirne sin ar phróifíl riosca na hinstitiúide.

(10)

Níor cheart baill foirne a bheith faoi réir Airteagal 94 de Threoir 2013/36/AE i gcás ina suíonn institiúidí ar bhonn critéar oibiachtúil breise más amhlaidh nach bhfuil tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí na mball foirne sin ar phróifíl riosca na hinstitiúide, agus na rioscaí go léir a bhfuil an institiúid neamhchosanta orthu nó na rioscaí go léir a bhféadfadh an institiúid a bheith neamhchosanta orthu á gcur san áireamh. I dtaca leis na baill foirne is airde pá a shainaithnítear faoi na critéir chainníochtúla, ba cheart do na húdaráis inniúla a n-eisiamh a fhormheas chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach na gcritéar oibiachtúil sin a áirithiú. I gcás baill foirne a ndéantar níos mó ná EUR 1 000 000 a dhámhachtain orthu (lucht ardphá), ba cheart do na húdaráis inniúla an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (“ÚBE”) a chur ar an eolas fúthu sula bhformheasfar eisiaimh, ionas gur féidir le ÚBE measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar sin.

(11)

Ionas go mbeidh údaráis inniúla agus iniúchóirí in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na measúnuithe arna ndéanamh ag institiúidí chun na baill foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar a bpróifíl riosca, tá sé ríthábhachtach go gcoinneoidh institiúidí taifead ar na measúnuithe a rinneadh agus ar thorthaí na measúnuithe sin, lena n-áirítear taifid ar bhaill foirne a sainaithníodh de réir critéir atá bunaithe ar a luach saothair iomlán ach a meastar nach mbeidh tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide.

(12)

Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 (3) ón gCoimisiún a aisghairm. Níor cheart, áfach, gnólachtaí infheistíochta mar a shainítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 575/2013 costais gan údar maith a bheith leo agus an Rialachán seo á chomhlíonadh acu. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 maidir leis na gnólachtaí sin fós go dtí an 26 Meitheamh 2021, an dáta faoinar gá do na Ballstáit na bearta a ghlacadh agus a fhoilsiú chun Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chomhlíonadh.

(13)

Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ÚBE atá an Rialachán seo bunaithe.

(14)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe; tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “freagracht bhainistíochta” freagracht a atá ar bhall foirne sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá sé i gceannas ar aonad gnó nó feidhm rialúcháin agus atá cuntasach go díreach don chomhlacht bainistíochta do chomhalta an chomhlachta bainistíochta ina iomláine nó don lucht bainistíochta sinsearaí;

(b)

tá sé i gceannas ar cheann de na feidhmeanna a leagtar síos in Airteagal 5(a);

(c)

tá sé i gceannas ar aonad gnó fo-ordaithe, nó ar fheidhm rialúcháin fho-ordaithe in institiúid mhór mar a shainmhínítear i bpointe (146) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus tuairiscíonn sé do bhall foirne a bhfuil na freagrachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) air.

(2)

ciallaíonn “feidhm rialúcháin” feidhm atá neamhspleách ar na haonaid ghnó a rialaíonn sí agus atá freagrach as measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar rioscaí na hinstitiúide, nó athbhreithniú nó tuairisciú a dhéanamh orthu sin, lena n-áirítear an fheidhm bainistíochta riosca, an fheidhm chomhlíontachta agus an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí, le cois feidhmeanna eile.

(3)

ciallaíonn “aonad gnó ábhartha” aonad gnó mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 142(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonann aon cheann de na critéir seo a leanas:

(a)

tá caipiteal inmheánach 2 % ar a laghad de chaipiteal inmheánach na hinstitiúide dá dtagraítear in Airteagal 73 de Threoir 2013/36/AE leithdháilte uirthi, nó measann an institiúid go bhfuil tionchar ábhartha ar shlí eile ag an gcaipiteal sin ar chaipiteal inmheánach na hinstitiúide;

(b)

is croílíne ghnó í mar a shainmhínítear i bpointe (36) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

Airteagal 2

Na critéir a chur i bhfeidhm

1.   I gcás ina gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 109(1) de Threoir 2013/36/AE, déanfar comhlíontacht na gcritéar a leagtar amach in Airteagail 3 go 6 den Rialachán seo a mheasúnú de réir phróifíl riosca aonair na hinstitiúide.

2.   I gcás ina gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite i gcomhréir le mír 2 go mír 6 d’Airteagal 109 de Threoir 2013/36/AE, déanfar comhlíontacht na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 3 go hAirteagal 6 den Rialachán seo a mheasúnú i bhfianaise phróifíl riosca na máthairinstitiúide ábhartha, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais ábhartha nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha ábhartha ar bhonn comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite.

3.   I gcás ina gcuirfear pointe (a) d’Airteagal 6(1) i bhfeidhm ar bhonn aonair, cuirfear an luach saothair a dhámhfaidh an institiúid san áireamh. I gcás ina gcuirfear pointe (a) d’Airteagal 6(1) i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, measfaidh an institiúid chomhdhlúthaithe an luach saothair arna dhámhachtain ag aon eintiteas a thagann laistigh de raon feidhme an chomhdhlúthaithe.

4.   Is ar bhonn aonair amháin a bheidh feidhm ag pointe (b) d’Airteagal 6 (1).

Airteagal 3

Critéir lena dhéanamh amach an bhfuil tionchar suntasach ag gníomhaíochtaí gairmiúla ball foirne ar phróifíl riosca an aonaid ábhartha gnó dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 94(2) de Threoir 2013/36/AE

Cuirfidh institiúidí na critéir seo a leanas uile i bhfeidhm laistigh dá mbeartais luacha saothair chun a dhéanamh amach an bhfuil tionchar suntasach ag gníomhaíochtaí gairmiúla ball foirne ar phróifíl riosca aonaid gnó ábhartha:

(a)

Próifíl riosca an aonaid gnó ábhartha;

(b)

dáileadh an chaipitil inmheánaigh chun cineál agus leibhéal na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 73 de Threoir 2013/36/AE a chumhdach;

(c)

teorainneacha riosca an aonaid gnó ábhartha;

(d)

na táscairí riosca agus feidhmíochta a úsáideann an institiúid chun rioscaí an aonaid gnó ábhartha a shainaithint, a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu i gcomhréir le hAirteagal 74 de Threoir 2013/36/AE;

(e)

na critéir feidhmíochta ábhartha arna leagan síos ag an institiúid i gcomhréir le pointí (a) agus (b) d’Airteagal 94(1) de Threoir 2013/36/AE;

(f)

dualgais agus údaráis na mball foirne nó na gcatagóirí ball foirne san aonad ábhartha gnó lena mbaineann.

Airteagal 4

Baill foirne nó catagóirí ball foirne a mbíonn tionchar ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide atá chomh hábhartha céanna agus atá ag gníomhaíochtaí ball foirne dá dtagraítear in Airteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE

Sainaithneoidh institiúidí baill foirne nó catagóirí ball foirne mar bhaill foirne a bhfuil tionchar acu ar phróifíl riosca institiúide atá chomh hábhartha céanna agus atá ag na baill foirne dá dtagraítear in Airteagal 92 (3) de Threoir 2013/36/AE, i gcás ina gcomhlíonann na baill foirne sin nó na catagóirí ball foirne sin aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagail 5 nó 6 den Rialachán seo.

Airteagal 5

Critéir cháilíochtúla

I dteannta na mball foirne a shainaithnítear faoi na critéir a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE, measfar go bhfuil tionchar ábhartha ag baill foirne ar phróifíl riosca institiúide i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na critéir cháilíochtúla seo a leanas:

(a)

tá freagracht bhainistíochta ar an mball foirne as na nithe seo a leanas:

(i)

gnóthaí dlíthiúla;

(ii)

fóntacht beartas agus nósanna imeachta cuntasaíochta

(iii)

airgeadas, lena n-áirítear cánachas agus buiséadú

(iv)

anailísiú eacnamaíoch a dhéanamh

(v)

sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc;

(vi)

acmhainní daonna

(vii)

an beartas maidir le luach saothair a fhorbairt agus a chur chun feidhme

(viii)

teicneolaíocht na faisnéise

(ix)

slándáil faisnéise

(x)

socruithe eisfhoinsithe feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha dá dtagraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún a bhainistiú (7);

(b)

tá freagrachtaí bainistíochta ar an mball foirne as aon cheann de na catagóirí riosca a leagtar amach in Airteagal 79 go hAirteagal 87 de Threoir 2013/36/AE, nó tá vóta aige i gcoiste atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar aon cheann de na catagóirí riosca a leagtar amach sna hAirteagail sin;

(c)

maidir le neamhchosaintí ar riosca creidmheasa de mhéid ainmniúil in aghaidh an idirbhirt, ar 0,5 % iad de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide agus ar agus EUR 5 mhilliún ar a laghad é, comhlíonann an ball foirne ceann amháin de na critéir seo a leanas:

(i)

tá an t-údaras ag an mball foirne cinntí a dhéanamh, a fhormheas nó a chrosadh maidir le neamhchosaintí ar riosca creidmheasa den sórt sin;

(ii)

tá vóta ag an mball foirne i gcoiste ag a bhfuil an t-údarás na cinntí dá dtagraítear i bpointe (i) den phointe seo (c) a dhéanamh;

(d)

níl feidhm ag an maolú maidir le gnólachtaí beaga leabhair trádála a leagtar amach in Airteagal 94 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le hinstitiúid, comhlíonann an ball foirne ceann amháin de na critéir seo a leanas:

(i)

tá an t-údarás ag an mball foirne cinntí a dhéanamh, a fhormheas nó a chrosadh maidir le hidirbhearta ar an leabhar trádála atá, go comhiomlán, ar cheann amháin de na tairseacha seo a leanas:

i gcás ina n-úsáidtear an cur chuige caighdeánaithe, ceanglas cistí dílse i gcomhair rioscaí margaidh ar 0,5 % nó níos mó é de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide;

i gcás ina bhformheastar cur chuige bunaithe ar shamhail inmheánach chun críocha rialála, 5 % nó níos mó de theorainn inmheánach luacha faoi riosca na hinstitiúide do neamhchosaintí leabhair trádála ar an 99ú peircintíl (leibhéal eatraimh muiníne aonfhoircneach);

(ii)

tá vóta ag an mball foirne i gcoiste ag a bhfuil an t-údarás na cinntí a luaitear i bpointe (i) den phointe seo;

(e)

tá an ball foirne i gceannas ar ghrúpa ball foirne a bhfuil údarás ar leith ag gach duine aonair acu ceangal a chur ar an institiúid idirbhearta a dhéanamh agus comhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

tá cumhachtaí na n-údarás sin cothrom leis an tairseach dá dtagraítear i bpointe (c)(i) nó i bpointe (d)(i), sa chéad fhleasc, nó níos mó ná í nó téann suim na n-údarás thar an tairseach sin;

(ii)

i gcás ina bhformheastar cur chuige bunaithe ar shamhail inmheánach chun críocha rialála, is é atá sna cumhachtaí sin 5 % nó níos mó de theorainn luacha faoi riosca inmheánach an údaráis le haghaidh neamhchosaintí leabhar trádála ar an 99ú peircintíl (leibhéal eatraimh muiníne aonfhoircneach); i gcás nach ríomhann an institiúid luach faoi riosca ar leibhéal an bhaill foirne sin, cuirfear leis na teorainneacha ar an luach faoi riosca a bhaineann leis an bhfoireann atá faoi bhainistíocht an bhaill foirne sin;

(f)

comhlíonann an ball foirne ceachtar de na critéir seo a leanas i ndáil le cinneadh maidir le tabhairt isteach táirgí nua a fhormheas nó a chrosadh:

(i)

tá údarás ag an mball foirne cinntí den sórt sin a dhéanamh;

(ii)

tá vóta ag an mball foirne i gcoiste ag a bhfuil an t-údarás chun na cinntí den sórt sin a dhéanamh;

Airteagal 6

Critéir chainníochtúla

1.   I dteannta na mball foirne a shainaithnítear faoi na critéir a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE, measfar go bhfuil tionchar ábhartha ag baill foirne ar phróifíl riosca institiúide i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na critéir cháilíochtúla seo a leanas:

(a)

dámhadh luach saothair iomlán atá cothrom le EUR 750 000 nó níos mó ná é ar na baill foirne, lena n-áirítear na baill foirne dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE, sa bhliain airgeadais roimhe sin nó le haghaidh na bliana airgeadais roimhe sin;

(b)

i gcás ina mbeidh os cionn 1 000 ball foirne ag an institiúid, tá na baill foirne laistigh de 0,3 % den fhoireann, slánaithe go dtí an chéad fhigiúr slánuimhriúil, ar dámhadh an luach saothair iomlán is airde orthu ar bhonn aonair laistigh den institiúid sa bhliain airgeadais roimhe sin nó le haghaidh na bliana airgeadais roimhe sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag na critéir a leagtar síos i mír 1 i gcás ina go ndéanfaidh an institiúid amach nach bhfuil tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí gairmiúla an bhaill foirne ar phróifíl riosca na hinstitiúide, toisc go gcomhlíonann an ball foirne, nó an chatagóir ball foirne lena mbaineann an ball foirne, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is gníomhaíochtaí gairmiúla amháin a dhéanann an ball foirne nó na catagóirí ball foirne agus tá údaráis aige nó acu in aonad gnó nach aonad gnó ábhartha é;

(b)

níl aon tionchar suntasach ag gníomhaíochtaí gairmiúla an bhaill foirne ná ag gníomhaíochtaí gairmiúla a bhaineann leis an gcatagóir ball foirne ar phróifíl riosca aonaid ábhartha gnó, ag féachaint do na critéir a leagtar amach in Airteagal 3.

3.   Beidh cur i bhfeidhm mír 2 a dhéanfaidh institiúid faoi réir réamh-fhormheas ón údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht stuamachta na hinstitiúide sin Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil réamh-fhormheas ach i gcás inar féidir leis an institiúid a léiriú go bhfuil ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 á chomhlíonadh.

4.   Más rud é gur dámhadh luach saothair iomlán EUR 1 000 000 nó níos mó ar an mball foirne sa bhliain airgeadais roimhe sin nó le haghaidh na bliana airgeadais roimhe sin, ní thabharfaidh an t-údarás inniúil réamh-fhormheas roimh ré faoi mhír 3 ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. Cuirfidh an t-údarás inniúil ÚBE ar an eolas sula dtabharfaidh sé formheas i ndáil le ball foirne den sórt sin chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na míre seo a áirithiú.

Má bhíonn imthosca eisceachtúla ann léireoidh an institiúid é sin agus déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú air. Is é a bheidh sna cúinsí eisceachtúla sin cásanna atá neamhghnách agus an-annamh nó atá éagsúil le gnáthchásanna go mór. Beidh baint ag na cúinsí eisceachtúla leis an mball foirne.

Airteagal 7

Meánluach saothair iomlán le haghaidh bhaill foirne an chomhlachta bainistíochta agus le haghaidh an lucht na bainistíochta sinsearaí agus an luach saothair athraitheach arna ndámhachtain a ríomh

1.   Déanfar meánluach saothair iomlán bhaill foirne uile an chomhlachta bainistíochta agus an lucht bainistíochta sinsearaí a ríomh trí iomlán luach saothair seasta agus inathraithe chomhaltaí uile an chomhlachta bainistíochta de réir a bhfeidhme bainistíochta agus de réir a bhfeidhm maoirseachta a chur san áireamh mar aon le gach ball foirne atá páirteach sa bhainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/AE.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar luach saothair inathraithe a dámhadh ach nár íocadh fós a luacháil amhail ar dháta na dámhachtana gan cur i bhfeidhm an ráta lascaine dá dtagraítear i bpointe (g)(iii) d’Airteagal 94(1) de Threoir 2013/36/AE ná laghduithe ar eisíocaíochtaí, trí aisghlámadh, malus ná eile a chur san áireamh.

3.   Déanfar méideanna uile an luacha saothair inathraithe agus sheasta a ríomh i bhfoirm chomhlán agus ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha.

4.   Leagfar amach i mbeartais luacha saothair na hinstitiúide an bliain tagartha an luacha saothair inathraithe a chuirfidh siad san áireamh agus an luach saothair iomlán á ríomh. Is éard a bheidh sa bhliain tagartha sin an bhliain roimh an mbliain airgeadais inar dámhadh an luach saothair inathraithe nó an bhliain roimh an mbliain airgeadais inar dámhadh an luach saothair inathraithe.

Airteagal 8

Aisghairm Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014

Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014. Beidh feidhm fós ag an Rialachán Tarmligthe sin, áfach, maidir le gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go dtí an 26 Meitheamh 2021.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 ón gCoimisiún an 4 Márta 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla iomchuí chun catagóirí ball foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca institiúide (IO L 167, 6.6.2014, lch. 30).

(4)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(6)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla agus coinníollacha oibriúcháin le haghaidh gnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainithe chun críoch na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).