4.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 197/71


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/900 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Meitheamh 2021

lena n-údaraítear athrú ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh “galachta-olagaisiúcríd” faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 20 Eanáir 2014, chuir an chuideachta Yakult Pharmaceutical Industry Co., Ltd. in iúl don Choimisiún, de bhun Airteagal 5 den Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), go raibh sé ar intinn aici “galachta-olagaisiúcríd” a chur ar an margadh mar bhia núíosach a mbainfear úsáid aisti i roinnt bianna, lena n-áirítear bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Dá bhrí sin, cuireadh galachta-olagaisiúcríd ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha.

(4)

An 3 Márta 2020, chuir an chuideachta Yakult Pharmaceutical Industry Co., Ltd. (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh “galachta-olagaisiúcríd” a athrú. D’iarr an t-iarratasóir méadú ar uasleibhéal úsáide an bhia núíosaigh galachta-olagaisiúcríd i bhforbhianna ó 0,333 kg GOS/kg i bhforbhianna (33,3 %) go 0,450 kg GOS/kg i bhforbhianna (45,0 %) don phobal i gcoitinne. Le linn an phróisis iarratais, d’aontaigh an t-iarratasóir leanaí óga agus naíonáin a chur as an áireamh san iarraidh.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 18 Meitheamh 2020, agus d’iarr sé air tuairim eolaíoch a thabhairt trí mheasúnú a dhéanamh maidir le leathnú ar úsáid galachta-olagaisiúcríde mar bhia núíosach.

(6)

An 17 Nollaig 2020, ghlac an tÚdarás a thuairimí eolaíocha maidir le “Sábháilteacht i ndáil athrú ar choinníollacha úsáide galachta-olagaisiúcrídí mar comhábhar bhia núíosaigh i bhforbhianna de bhun Rialachán (AE) 2015/2283” (5). Tá an tuairim sin i gcomhréir leis na ceanglais faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

De réir a thuairimí féin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an méadú atá beartaithe maidir le huasleibhéal úsáide galachta-olagaisiúcríde mar bhia núíosach i bhforbhianna sábháilte faoi na hathruithe úsáide atá beartaithe.

(8)

Is leor na forais sa tuairim ón Údarás chun a shuí go gcomhlíonann galachta-olagaisiúcríd faoin úsáid atá beartaithe agus na leibhéil úsáide atá beartaithe na ceanglais faoi Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An iontráil i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus a chuirtear san áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, atá ag tagairt don bhia núíosach galachta-olagaisiúcríd, leasófar í de réir mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Áireofar san iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).

(5)  Iris EFSA 2021;19(1):6384.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála don bhia núíosach “Galachta-olagaisiúcríd” i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

“Galachta-olagaisiúcríd

Catagóir bianna sonraithe

Leibhéil is airde (sloinnte mar chóimheas kg galachta-olagaisiúcríd/kg bia deiridh)

 

 

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE

0,333

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, seachas naíonáin agus leanaí óga

0,450 (a chomhfhreagraíonn do 5,4 g de ghalachta-olagaisiúcríd/dáileadh) uasmhéid 3 dháileadh/lá suas le huasmhéid 16,2 g/lae

Bainne

0,020

Deochanna bainne

0,030

Malartú ar bhéile chun meáchan a rialú (mar dheochanna)

0,020

Deochanna is analóga déiríochta

0,020

Iógart

0,033

Milseoga déiríochta

0,043

Milseoga déiríochta reoite

0,043

Deochanna torthaí agus deochanna fuinnimh

0,021

Deochanna is malartuithe ar bhéilí do naíonán

0,012

Sú do naíonáin

0,025

Deochanna iógairt do naíonáin

0,024

Milseoga do naíonáin

0,027

Sneaiceanna do naíonáin

0,143

Gránaigh do naíonáin

0,027

Deochanna a bhfuil sé beartaithe a n-úsáid chun na ceanglais a bhaineann le dianiarracht mhatánach a chomhlíonadh, go háirithe i gcás lucht spóirt

0,013

Súnna

0,021

Líonadh torthaí le haghaidh pióg

0,059

Ullmhóidí torthaí

0,125

Barraí

0,125

Gránaigh

0,125

Bainne foirmle do naíonáin bainne foirmle leantach do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

0,008”