4.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 197/68 |
RIALACHÁN (AE) 2021/899 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Meitheamh 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 maidir le bearta idirthréimhseacha chun min feola agus cnámh a onnmhairiú mar bhreosla chun críocha dócháin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (1), agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 43(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir le sláinte an phobail agus sláinte ainmhithe i dtaca le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a chur ar an margadh agus a onnmhairiú. |
(2) |
Sonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 i gcomhar le hAirteagal 7(2) den Rialachán sin go ndéanfar min feola agus cnámh (MBM) i gCatagóir 1 a dhiúscairt trí loscadh, comhloscadh nó líonadh talún nó gur féidir í a úsáid mar bhreosla chun críocha dócháin ionas nach dtiocfaidh sí ar ais isteach sa slabhra bia agus nach ndéanfaidh sí an slabhra bia a éilliú. |
(3) |
Chuir údaráis inniúla na hÉireann in iúl go bhfuil sé beartaithe acu acmhainní dócháin dá gcuid féin a bhunú le haghaidh min feola agus cnámh ó ábhair i gCatagóir 1 faoi dheireadh 2023, agus d’iarr siad go n-údarófaí, i rith idirthréimhse, sreafaí trádála traidisiúnta le haghaidh min feola agus cnámh ó ábhair i gCatagóir 1 atá ceaptha lena ndiúscairt sa Ríocht Aontaithe. |
(4) |
Tar éis dó an iarraidh ó Éirinn a mheasúnú, measann an Coimisiún, i bhfianaise staid gheografach ar leith an Bhallstáit sin, gur gá rialacha a leagan síos i gCaibidil V d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, rialacha ar a mbonn a fhéadfaidh Éire onnmhairiú mine feola agus cnámh ó ábhair i gCatagóir 1 chuig an Ríocht Aontaithe a údarú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le táirgí a chur ar an margadh chun críocha dócháin go dtí 31 Nollaig 2023, gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, agus faoi réir Airteagal 6(1) den Phrótacal sin, lena gceadaítear gluaiseachtaí de mhin feola agus cnámh ó ábhair i gCatagóir 1 atá ceaptha chun críocha dócháin chuig codanna eile den Ríocht Aontaithe seachas Tuaisceart Éireann. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a leasú dá réir. |
(6) |
Chun leanúnachas na sreafaí trádála atá ann cheana a áirithiú tar éis dheireadh na hidirthréimhse, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021 agus ba cheart, dá bhrí sin, mar ábhar práinne, é a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Caibidil V d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 300, 14.11.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus míreanna atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Sa tábla i gCaibidil V d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, cuirtear isteach sraith nua mar a leanas:
“3 |
Min feola agus cnámh ó ábhair i gCatagóir 1. |
Ní dhéanfar min feola agus cnámh ó ábhar i gCatagóir 1 atá ceaptha mar bhreosla chun críocha dócháin a onnmhairiú as Éirinn go dtí an Ríocht Aontaithe (*), ach amháin faoi na coinníollacha seo a leanas:
|
(*) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.
(**) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).”