4.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 197/5


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/896 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Feabhra 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis bhreise chun críocha an chóineasaithe sa tuairisciú maoirseachta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (1) agus go háirithe Airteagal 40(9), an chéad fhomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá soláthraithe Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpaigh (TPPU) faoi réir roinnt reachtaíochta earnála de chuid an Aontais agus roinnt reachtaíochta earnála náisiúnta laistigh de réimse na seirbhísí airgeadais, agus faoi réir na gceanglas tuairiscithe earnála chomhfhreagracha dá n-údaráis inniúla, lena n-áirítear na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha. Is gá cur chuige caighdeánaithe a ghlacadh maidir leis an bhfaisnéis atá riachtanach chun críoch maoirseachta chomh maith leis an bhfaisnéis a sholáthraítear faoin dlí earnálach ábhartha chun maolú a dhéanamh ar an bhféidearthacht ceanglais tuairiscithe bhreise shuntasacha éagsúla náisiúnta a bheith ann. D’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde treoir theicniúil a chur ar fáil.

(2)

Tá gá le tacar faisnéise caighdeánaithe le haghaidh inchomparáideacht feabhsaithe agus éifeachtúlacht níos fearr agus chun tuairisciú dúbailte a sheachaint atá nasctha le ceanglais maidir le faisnéis earnála,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Áireofar san fhaisnéis bhreise dá dtagraítear in Airteagal 40(1) go (5) de Rialachán (AE) 2019/1238 an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

tuairisc ar chóras bainistithe riosca an tsoláthraí TPPUnna, lena n-áirítear a rialachas, chun na rioscaí a eascraíonn as táirgí TPPU a bhainistiú;

(b)

tuairisc ar an ngnó a ndeachaigh an soláthraí TPPUnna ina bhun i ndáil leis an earnáil ina bhfuil an soláthraí TPPUnna ag oibriú, lena n-áirítear cineál na n-infheistíochtaí a rinneadh agus a mbainistiú, cibé acu atá na hinfheistíochtaí gníomhach nó éighníomhach, cibé acu a thairgtear nó nach dtairgtear ráthaíochtaí, cur chun feidhme teicnící maolaithe riosca, méid na ranníocaíochtaí agus luachanna sócmhainní, agus liosta ina mbeidh Ballstát baile an tsoláthraí TPPUnna agus aon Bhallstáit óstacha de chuid an tsoláthraí TPPUnna;

(c)

an fhaisnéis maidir leis na beartais i scríbhinn nach mór do sholáthraithe TPPUnna a bheith i bhfeidhm acu chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí ábhartha;

(d)

faisnéis maidir leis na prionsabail luachála a chuirtear i bhfeidhm chun críoch sócmhainneachta, i gcás inarb infheidhme;

(e)

forléargas ar na rioscaí ábhartha a bhaineann le soláthar TPPU nó atá bainteach leis agus ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna na rioscaí sin a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí airgeadais agus leachtachta, rioscaí margaidh, rioscaí creidmheasa, rioscaí clú agus rioscaí a bhaineann le tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;

(f)

an fhaisnéis maidir le struchtúr caipitil an tsoláthraí TPPUnna, lena n-áirítear cóimheasa caipitil agus leibhéil giarála;

(g)

faisnéis maidir le conarthaí atá i seilbh soláthraí TPPUnna, nó maidir le conarthaí arna ndéanamh le tríú páirtithe, lena n-áirítear na hoibleagáidí i leith coigilteoirí TPPU le linn chéim an dícharntha, nó i dtaca le fochuntais TPPU a sholáthar.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 198, 25.7.2019, lch. 1.