2.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 194/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/882 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Meitheamh 2021

lena n-údaraítear larbha Tenebrio molitor triomaithe a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta de chuid an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 13 Feabhra 2018, chuir an chuideachta SAS EAP Group (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun larbha Tenebrio molitor triomaithe (minphéist bhuí) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. San iarratas iarradh go n-úsáidfear larbha Tenebrio molitor triomaithe ina fheithid iomlán thriomaithe i bhfoirm sneaiceanna, agus ina chomhábhar bia i roinnt táirgí bia, agus an pobal i gcoitinne ina spriocphobal. Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar chosaint sonraí dílseánaigh a cuireadh isteach san iarratas féin.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 3 Iúil 2018, agus d’iarr sé air tuairim eolaíoch a thabhairt trí mheasúnú a dhéanamh maidir le larbha Tenebrio molitor triomaithe mar bhia núíosach.

(5)

An 24 Samhain 2020, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le sábháilteacht larbha Tenebrio molitor thriomaithe mar bhia núíosach (3) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(6)

Sa tuairim ón Údarás, tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil larbha Tenebrio molitor triomaithe sábháilte faoi na húsáidí agus na leibhéil úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim ón Údarás chun a shuí go gcomhlíonann larbha Tenebrio molitor triomaithe Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 faoi na coinníollacha úsáide measúnaithe.

(7)

Sa tuairim sin, agus ar bhonn fianaise theoranta fhoilsithe ar ailléirgí bia a bhaineann le feithidí agus go háirithe ó dhá staidéar ar dhaoine inar léiríodh gur cúis é larbha Tenebrio molitor triomaithe le ceithre fhrithghníomhú ailléirgeacha amhrasta san iomlán, agus aon staidéar amháin in ainmhithe, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh caitheamh an bhia núíosaigh sin íogrú a spreagadh maidir le próitéiní minphéisteanna buí, mar aon le híogrú maidir le trópaimióisin ó fhoinsí eile ar nós crústach agus fíneog. Mhol an tÚdarás tuilleadh taighde a dhéanamh ar ailléirgineacht na larbhaí Tenebrio molitor triomaithe. Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh an Údaráis, tá an Coimisiún ag féachaint faoi láthair ar na bealaí inar féidir an taighde is gá a dhéanamh ar ailléirgineacht larbhaí Tenebrio molitor.

(8)

Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás measúnú ar na sonraí a ghintear leis an taighde, agus ós rud é, go dtí seo, nár tuairiscíodh ach an líon beag cásanna ailléirgí thuasluaite de réir na sonraí atá ar fáil do thionscal feithidí an larbha Tenebrio molitor thriomaithe (4), measann an Coimisiún nár cheart aon cheanglas sonrach maidir le lipéadú a bhaineann leis an bhféidearthacht go bhféadfadh larbha Tenebrio molitor triomaithe a bheith ina chúis le híogrú príomha, nár cheart aon cheanglas den sórt sin a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(9)

Sa tuairim ón Údarás, mheas sé freisin go bhféadfadh caitheamh larbha Tenebrio molitor thriomaithe a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha maidir le daoine a bhfuil ailléirge orthu le crústaigh agus le fíneoga deannaigh. Thairis sin, thug an tÚdarás dá aire go bhféadfadh ailléirginí breise a bheith ann sa bhia núíosach, más rud é go bhfuil na hailléirginí sin ann sa tsubstráit a thugtar mar bhia do na feithidí. Féadfar ailléirginí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a áireamh leis sin. Dá bhrí sin, larbha Tenebrio molitor triomaithe arna chur ar fáil don tomhaltóir ann féin agus bianna a bhfuil larbha Tenebrio molitor triomaithe iontu, is iomchuí iad a lipéadú go hiomchuí de réir na gceanglas i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

(10)

Sa tuairim ón Údarás, thug sé dá aire go raibh an chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar anailísí ar na héilleáin sa bhia núíosach (6), ar thuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas triomúcháin (7), ar shonraí anailíseacha faoi leibhéil na citine (8), agus ar shonraí faoi stádas ocsaídiúcháin agus micribhitheolaíoch an bhia núíosaigh le linn a stórála (9). Thug sí dá haire freisin nach bhféadfaí teacht ar an gconclúid sin gan na sonraí ó na tuarascálacha nár foilsíodh ar na staidéir atá i gcomhad an iarratasóra.

(11)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir sin agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar an gceart eisiach ar an tagairt do na staidéir sin, dá dtagraítear in Airteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(12)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh na cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha ar na hanailísí ar na héilleáin sa bhia núíosach, ar an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas triomúcháin, ar na sonraí anailíseacha faoi leibhéil na citine, agus ar na sonraí faoi stádas ocsaídiúcháin agus micribhitheolaíoch an bhia núíosaigh le linn a stórála, tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus dá bhrí sin nach mbeadh tríú páirtithe in ann rochtain dhlíthiúil a fháil ar na staidéir sin ná iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh ach oiread.

(13)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha ag an iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na staidéir shonracha maidir le hanailísí ar éilleáin sa bhia núíosach, an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas triomúcháin, na sonraí anailíseacha faoi leibhéil na citine, agus na sonraí faoi stádas ocsaídiúcháin agus micribhitheolaíoch an bhia núíosaigh le linn a stórála atá i gcomhad an iarratasóra, agus ar a bhunaigh an tÚdarás a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh agus nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach dá n-uireasa, níor cheart iad sin a úsáid chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun larbha Tenebrio molitor triomaithe a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse sin.

(14)

Mar sin féin, srian a chur le húdarú larbha Tenebrio molitor thriomaithe agus leis na tagartha do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra agus atá le húsáid ag an iarratasóir amháin, ní chuirfear cosc leis an méid sin ar iarratasóirí cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go bhfuil a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Larbha Tenebrio molitor triomaithe, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar é a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is é an t-iarratasóir tosaigh amháin:

 

Cuideachta: SAS EAP Group;

 

Seoladh: 35 Boulevard du Libre Échange, 31650 Saint-Orens-de-Gameville, an Fhrainc,

 

a bheidh údaraithe an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt do na sonraí arna gcosaint de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo nó le comhaontú ó SAS EAP Group.

3.   Áireofar san iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha úsáide agus na ceanglais maidir le lipéadú a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Na staidéir atá sa chomhad iarratais, sonraí ar ar a mbonn a ndearna an tÚdarás an bia núíosach dtagraítear in Airteagal 1 a mheas, agus ar mhaígh an t-iarratasóir gur sonraí dílseánaigh iad agus nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú gan iad, ní úsáidfear na sonraí sin chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó SAS EAP Group.

Airteagal 3

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)   Safety of dried yellow mealworm (Tenebrio molitor larva) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Sábháilteacht minphéiste buí triomaithe (larbha Tenebrio molitor) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283]; EFSA Journal 2021:19(1):6343.

(4)  Margaítear larbha Tenebrio molitor i roinnt Ballstát faoi na bearta idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(6)  SAS EAP Group 2016 (nár foilsíodh).

(7)  SAS EAP Group 2013 (nár foilsíodh).

(8)  SAS EAP Group 2018 (nár foilsíodh).

(9)  SAS EAP Group 2020 (nár foilsíodh).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

“Larbha Tenebrio molitor triomaithe (minphéist bhuí)

Catagóir bianna sonraithe

Uasleibhéil

1.

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é ‘Larbha Tenebrio molitor triomaithe (minphéist bhuí)’ an t-ainmniú a bheidh air.

2.

Ar lipéadú na mbia-ábhar ina bhfuil larbha Tenebrio molitor triomaithe (minphéist bhuí), beidh ráiteas go bhféadfadh an comhábhar seo a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás tomhaltóirí a bhfuil ailléirgí aitheanta orthu le crústaigh agus le táirgí díobh, agus le fíneoga deannaigh. Beidh an ráiteas sin díreach taobh le liosta na gcomhábhar.

 

Arna údarú an 22 Meitheamh 2021. Tá an cuimsiú sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha dílseánaigh atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: SAS EAP Group, 35 Boulevard du Libre Échange, 31650 Saint-Orens-de-Gameville, an Fhrainc.

Is é SAS EAP Group amháin atá údaraithe chun an bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó SAS EAP Group.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 22 Meitheamh 2026.”

Larbha Tenebrio molitor triomaithe, ina iomláine nó i bhfoirm phúdrach

 

Táirgí próitéine

10 g/100 g

Brioscaí

10 g/100 g

Miasa léagúm-bhunaithe

10 g/100 g

Táirgí pasta-bhunaithe

10 g/100 g

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíocht

“Larbha Tenebrio molitor triomaithe (minphéist bhuí)

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is éard atá sa bhia núíosach an mhinphéist bhuí atá triomaithe go teirmeach agus ina hiomláine, bíodh sí iomlán (larbha oighinn-triomaithe bánaithe) nó i bhfoirm phúdrach (larbha talún oighinn-triomaithe bánaithe). Tagraíonn an téarma ‘minphéist’ d’fhoirm larbhach Tenebrio molitor, is é sin speiceas feithidí a bhaineann le fine Tenebrionidae (ciaróga darkling).

Is iad na minphéisteanna ina n-iomláine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine gan aon chuid díobh bainte.

Tá gá le tréimhse troscaidh 24 uair an chloig ar a laghad roimh chéim an triomaithe theirmigh chun ligean do na larbhaí an méid atá ina bputóg a fholmhú.

Saintréithe/Comhdhéanamh:

 

Luaith (% w/w): 3,5 – 4,5

 

Taise (% w/w): 1-8

 

Garbhphróitéin (N x 6,25) (% w/w): 56–61

 

Carbaihiodráití indíleáite (*1) (% w/w): 1–6

 

Saill (% w/w): 25–30

 

ar sháithigh an méid seo a leanas di (% w/w): 4–9

 

Luach sárocsaíde (Meq O2/kg saill): ≤ 5

 

Snáithín cothaitheach (% w/w): 4–7

 

Citin (% w/w): 4–7

Miotail throma:

 

Luaidhe: ≤ 0,075 mg/kg

 

Caidmiam: ≤ 0,1 mg/kg

Míceatocsainí:

 

Aflatocsainí (Suim de B1, B2, G1, G2): ≤ 4 μg/kg

 

Aflatocsain B1: ≤ 2 μg/kg

 

Dé-ocsainiviléanól: ≤ 200 μg/kg

 

Ócratocsain A: ≤ 1 μg/kg

Critéir mhicribhitheolaíochta:

 

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha iomlán: ≤ 105 CFU (*2)/g

 

Giostaí agus múscáin: ≤ 100 CFU/g

 

Escherichia coli: ≤ 50 CFU/g

 

Salmonella spp.: Nár aimsíodh in 25 g

 

Listeria monocytogenes: Nár aimsíodh in 25 g

 

Anaeróib a laghdaíonn an tsuilfít: ≤ 30 CFU/g

 

Bacillus cereus (toimhde): ≤ 100 CFU/g

 

Enterobacteriaceae (toimhde): < 10 CFU/g

 

Stafalacocais téachtáis-deimhneacha: ≤ 100 CFU/g


(*1)  Carbaihiodráití indíleáite = 100 – (garbhphróitéin + saill + snáithín cothaitheach + luaith + taise).

(*2)  CFU: aonaid déanta coilíneachta”