31.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 190/74


RIALACHÁN (AE) 2021/862 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Bealtaine 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le leasacháin chun cineál nua leasacháin CE a áireamh in Iarscríbhinn I

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 a bhaineann le leasacháin (1), agus go háirithe Airteagal 31(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuir monaróir uisce formáite potaisiam iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin trí údaráis na Sualainne ar an tsubstaint sin a áireamh mar chineál leasacháin nua in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003. Forbraíodh an tuaslagán uisce formáite potaisiam chun ionsú níos fearr potaisiam a bhaint amach le duilleoga plandaí a bhfuil géarghá acu leis an gcothaitheach príomhúil sin, amhail torthaí agus glasraí.

(2)

Comhlíonann an tuaslagán uisce formáite potaisiam, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003. Ba cheart, dá bhrí sin, é a áireamh ar liosta na gcineálacha leasachán CE in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 a leasú dá réir sin.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) 2003/2003 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 304, 21.11.2003, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 mar a leanas:

 

Sa tábla i Roinn C.1, cuirtear an iontráil seo a leanas leis i ndiaidh iontráil 7:

“8

An tuaslagán uisce formáite potaisiam

Táirge a fhaightear trí hiodrocsaíd photaisiam, formaildéad, bútaraildéad agus aigéad formach a imoibriú, agus trí dheighilt agus galú ina dhiaidh sin

50 % formáit photaisiam

28 % K2O

Potaisiam arna shloinneadh mar K2O uisce-intuaslagtha

27 % formáit

 

Ocsaíd photaisiam uisce-intuaslagtha”