31.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 190/19


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/860 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Márta 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 a mhéid a bhaineann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 50(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is páirtí é an tAontas den Choinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (“Coinbhinsiún NAFO”), arna fhormheas le Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle (2).

(2)

Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/833 chun bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO a ionchorprú i ndlí an Aontais.

(3)

Is forlíonadh ar Rialachán (AE) 2019/833 é Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 ón gCoimisiún (3) le roinnt bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO.

(4)

Is leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 é Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/989 ón gCoimisiún (4), le hiarscríbhinní athbhreithnithe NAFO arna nglacadh ag a chruinniú bliantúil in 2019.

(5)

I mí Mheán Fómhair 2020, ag a chruinniú bliantúil, leasaigh NAFO Cuid VI d’Iarscríbhinn I.E dá bhearta caomhnaithe agus forfheidhmithe, a bhaineann le liosta speiceas táscach na n-éiceachóras leochaileach muirí (VME). Beidh an iarscríbhinn sin ina ceangal ar an Aontas an 1 Nollaig 2020.

(6)

Ba cheart na hathruithe sin a ionchorprú i ndlí an Aontais freisin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 141, 28.5.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 3179/78 ón gComhairle an 28 Nollaig 1978 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 378, 30.12.1978, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 34 I, 6.2.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/989 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe de bhearta caomhnaithe agus forfheidhmithe Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO), agus Iarscríbhinní a ghabhann leis na bearta sin (IO L 221, 10.7.2020. lch. 5).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/124 ón gCoimisiún mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 3:

“(3)

Cuid VI d’Iarscríbhinn I.E a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 21 d’Airteagal 3, in Airteagal 21(2) agus i bpointe (i) de phointe (a) d’Airteagal 27(11) de Rialachán (AE) 2019/833

VI. Liosta speicis tháscacha VME

Gnáthainm agus FAO ASFIS CÓD 3 ALFA

Tacsón

Fine

FAO ASFIS CÓD 3 ALFA

Spúinsí Mórmhéide

(PFR – Porifera)

Asconema foliatum

Rossellidae

ZBA

Aphrocallistes beatrix

Aphrocallistidae

 

Asbestopluma (Asbestopluma) ruetzleri

Cladorhizidae

ZAB (Asbestopluma)

Axinella sp.

Axinellidae

 

Chondrocladia grandis

Cladorhizidae

ZHD (Chondrocladia)

Cladorhiza abyssicola

Cladorhizidae

ZCH (Cladorhiza)

Cladorhiza kenchingtonae

Cladorhizidae

ZCH (Cladorhiza)

Craniella spp.

Tetillidae

ZCS (Craniella spp.)

Dictyaulus romani

Euplectellidae

ZDY (Dictyaulus)

Esperiopsis villosa

Esperiopsidae

ZEW

Forcepia spp.

Coelosphaeridae

ZFR

Geodia barrette

Geodiidae

 

Geodia macandrewii

Geodiidae

 

Geodia parva

Geodiidae

 

Geodia phlegraei

Geodiidae

 

Haliclona sp.

Chalinidae

ZHL

Iophon piceum

Acarnidae

WJP

Isodictya palmata

Isodictyidae

 

Lissodendoryx (Lissodendoryx) complicata

Coelosphaeridae

ZDD

Mycale (Mycale) lingua

Mycalidae

 

Mycale (Mycale) lingua

Mycalidae

 

Phakellia sp.

Axinellidae

 

Polymastia spp.

Polymastiidae

ZPY

Stelletta normani

Ancorinidae

WSX (Stelletta)

Stelletta tuberosa

Ancorinidae

WSX (Stelletta)

Stryphnus fortis

Ancorinidae

WPH

Thenea muricata

Pachastrellidae

ZTH (Thenea)

Thenea valdiviae

Pachastrellidae

ZTH (Thenea)

Weberella bursa

Polymastiidae

 

 

 

 

 

Coiréalaigh dhubha (AQZ – Antipatharia)

Stichopathes sp.

Antipathidae

QYX

Leiopathes cf. expansa

Leiopathidae

 

Leiopathes sp.

Leiopathidae

 

Plumapathes sp.

Myriopathidae

 

Bathypathes cf. patula

Schizopathidae

 

Parantipathes sp.

Schizopathidae

 

Stauropathes arctica

Schizopathidae

SQW

Stauropathes cf. punctata

Schizopathidae

 

Telopathes magnus

Schizopathidae

 

 

 

 

 

Coiréalaigh Chlochacha (CSS – Scleractinia)

Enallopsammia rostrata*

Dendrophylliidae

FEY

Lophelia pertusa*

Caryophylliidae

LWS

Madrepora oculata*

Oculinidae

MVI

Solenosmilia variabilis*

Caryophylliidae

RZT

 

 

 

 

Gorgaineacha Beaga

(GGW)

Acanella arbuscula

Isididae

KQL (Acanella)

Anthothela grandiflora

Anthothelidae

WAG

Chrysogorgia sp.

Chrysogorgiidae

FHX

Metallogorgia melanotrichos*

Chrysogorgiidae

 

Narella laxa

Primnoidae

 

Radicipes gracilis

Chrysogorgiidae

CZN

Swiftia sp.

Plexauridae

 

 

 

 

 

Gorgaineacha Móra

(GGW)

Acanthogorgia armata

Acanthogorgiidae

AZC

Calyptrophora sp.*

Primnoidae

 

Corallium bathyrubrum

Coralliidae

COR (Corallium)

Corallium bayeri

Coralliidae

COR (Corallium)

Iridogorgia sp.*

Chrysogorgiidae

 

Keratoisis cf. siemensii

Isididae

 

Keratoisis grayi

Isididae

 

Lepidisis sp.*

Isididae

QFX (Lepidisis)

Paragorgia arborea

Paragorgiidae

BFU

Paragorgia johnsoni

Paragorgiidae

BFV

Paramuricea grandis

Plexauridae

PZL (Paramuricea)

Paramuricea placomus

Plexauridae

PZL (Paramuricea)

Paramuricea spp.

Plexauridae

PZL (Paramuricea)

Parastenella atlantica

Primnoidae

 

Placogorgia sp.

Plexauridae

 

Placogorgia terceira

Plexauridae

 

Primnoa resedaeformis

Primnoidae

QOE

Thouarella (Euthouarella) grasshoffi*

Primnoidae

 

 

 

 

 

Pinn Mhara (NTW – Pennatulacea)

Anthoptilum grandiflorum

Anthoptilidae

AJG (Anthoptilum)

Distichoptilum gracile

Protoptilidae

WDG

Funiculina quadrangularis

Funiculinidae

FQJ

Halipteris cf. christii

Halipteridae

ZHX (Halipteris)

Halipteris finmarchica

Halipteridae

HFM

Halipteris sp.

Halipteridae

ZHX (Halipteris)

Kophobelemnon stelliferum

Kophobelemnidae

KVF

Pennatula aculeata

Pennatulidae

QAC

Pennatula grandis

Pennatulidae

 

Pennatula sp.

Pennatulidae

 

Protoptilum carpenteri

Protoptilidae

 

Umbellula lindahli

Umbellulidae

 

Virgularia mirabilis

Virgulariidae

 

 

 

 

 

Anamóine Tiúibe

Pachycerianthus borealis

Ceiraintideach

WQB

 

 

 

 

Bríosóin Cheartseasmhacha (BZN – Bryozoa)

Eucratea loricata

Eucrateidae

WEL

 

 

 

 

Cleití Mara (CWD – Crinoidea)

Conocrinus lofotensis

Bourgueticrinidae

WCF

Gephyrocrinus grimaldii

Hyocrinidae

 

Trichometra cubensis

Antedonidae

 

 

 

 

 

Ascaidí (SSX – Ascidiacea)

Boltenia ovifera

Pyuridae

WBO

Halocynthia aurantium

Pyuridae

 

 

 

 

 

Ní dóchúil go mbeidh siad le feiceáil sna tráil; barúlacha in situ amháin:

Xéinifí-eafóir mhóra

Syringammina sp.

Syringamminidae”