27.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 186/12


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/841 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le neamhchomhlíontachtaí i ndáil leis an gcóras chun ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú agus maidir le leibhéal na bpionós riaracháin a ríomh i ndáil le hainmhithe arna ndearbhú faoi scéimeanna cabhrach ainmhithe nó faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagail 63(4), 64(6) agus 77(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Airteagal 30 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 (2) ón gCoimisiún tá rialacha chun líon na n-ainmhithe cinntithe a bhunú chun críocha na tacaíochta cúpláilte deonaí bunaithe ar iarratais ar chabhair beostoic faoi scéimeanna cabhrach ainmhithe nó faoi thacaíocht forbairt tuaithe atá bunaithe ar éilimh íocaíochta faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe. Go háirithe, leagtar amach ann rialacha le haghaidh cásanna neamhchomhlíontachta maidir leis an gcóras chun ainmhithe buaibheacha agus ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú. Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle (3) go mbunóidh na Ballstáit córas chun ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú. Ós rud é go bhfuil ceanglais sa chóras sainaitheanta agus clárúcháin sin atá cosúil leis na ceanglais atá sa chóras sainaitheanta agus clárúcháin le haghaidh ainmhithe buaibheacha mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), is iomchuí na rialacha a ailíniú chun neamhchomhlíontachtaí a bhaineann le córas sainaitheanta agus clárúcháin na dtrí chatagóir ainmhithe sin a chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí tagairt do “mhodh sainaitheantais” a chur in ionad na tagartha do “chlibeanna cluaise” i gcomhréir leis an dá Rialachán sin.

(2)

Agus forás an chórais chomhtháite riaracháin agus rialúcháin á chur san áireamh agus ar mhaithe le simpliú, is iomchuí oiriúnú a dhéanamh ar na pionóis riaracháin i leith scéimeanna cabhrach ainmhithe agus bearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe a leagtar síos in Airteagal 31 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 trí suas le trí ainmhí a chinntear a bheith neamhchinntithe a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm pionós riaracháin, a fhad is gur féidir iad a shainaithint ina n-aonar trí bhíthin doiciméid sainaitheantais nó tacaíochta, agus trí choigeartú a dhéanamh ar leibhéal na bpionós atá le cur i bhfeidhm más rud é go meastar go bhfuil níos mó ná trí ainmhí neamhchinntithe.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 53(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún (5), i gcás ina mbaineann an beart tacaíochta cúpláilte le hainmhithe buaibheacha agus/nó le caoirigh agus le gabhair, ní mór do na Ballstáit na ceanglais maidir le hainmhithe a shainaithint agus a chlárú dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 nó i Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 faoi seach, a shainiú mar choinníoll incháilitheachta don tacaíocht. Ina theannta sin, i gcomhréir leis na Rialacháin sin, maidir le teagmhais a bhaineann le hainmhithe amhail breith, bás agus gluaiseacht, tabharfar fógra fúthu sa bhunachar sonraí ríomhairithe laistigh de theorainneacha ama áirithe. Is mar neamhchomhlíontacht a mheastar mainneachtain cloí leis na teorainneacha ama sin i leith an ainmhí lena mbaineann. Chun comhréireacht a áirithiú, áfach, agus gan dochar do choinníollacha incháilitheachta a shocróidh an Ballstát, ba cheart a mheas go bhfuil ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair incháilithe le haghaidh cabhrach nó tacaíochta gan pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm fad is a tugadh fógra déanach maidir le teagmhas a bhaineann le hainmhí roimh thús na tréimhse coinneála nó roimh dháta tagartha ar leith, mar atá leagtha síos ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 53(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014.

(4)

Ar mhaithe le soiléireacht agus le simpliú, ba cheart foclaíocht Airteagal 31(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a ailíniú idir an córas atá bunaithe ar éilimh agus an córas gan éilimh.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a leasú dá réir sin.

(6)

Ionas go mbeidh a ndóthain ama ag na Ballstáit a gcórais a choigeartú chun na rialacha leasaithe a chur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar chabhair, iarratais ar thacaíocht agus éilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó tréimhsí préimhe ón 1 Eanáir 2021 amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Má aimsítear cásanna neamhchomhlíontachta maidir leis an gcóras chun ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

measfar ainmhí buaibheach atá ar an ngabháltas agus a chaill ceann den dá mhodh sainaitheantais a bheith cinntithe ar choinníoll go sainaithneofar go soiléir agus go haonarach é trí na gnéithe eile den chóras chun ainmhithe buaibheacha a shainaithint agus a chlárú dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000;

(b)

maidir le hainmhí de chineál caorach nó de chineál gabhair atá ar an ngabháltas agus a chaill ceann den dá mhodh sainaitheantais, measfar é a bheith cinntithe ar choinníoll gur féidir an t-ainmhí a shainaithint fós tríd an gcéad mhodh sainaitheantais i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 agus ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais uile an chórais chun ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú;

(c)

i gcás ina bhfuil dhá mhodh sainaitheantais caillte ag ainmhí buaibheach amháin, ainmhí de chineál caorach nó ainmhí de chineál gabhair atá ar an ngabháltas, measfar é a bheith cinnte ar choinníoll gur féidir an t-ainmhí a shainaithint go haonarach tríd an gclár, leis an bpas ainmhithe, i gcás inarb ábhartha, leis an mbunachar sonraí nó le modh eile a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 nó i Rialachán (CE) Uimh. 21/2004, faoi seach, agus ar choinníoll gur féidir leis an gcoimeádaí ainmhithe fianaise a sholáthar go ndearna sé beart cheana chun an cás a leigheas roimh an bhfógra maidir leis an tseiceáil ar an láthair;

(d)

i gcás ina mbaineann na neamhchomhlíontachtaí a aimsíodh le hiontrálacha míchearta sa chlár, leis na pasanna ainmhithe nó leis an mbunachar sonraí ríomhairithe le haghaidh ainmhithe, ach nach bhfuil siad ábhartha i dtaca le fíorú na hurraime do na coinníollacha incháilitheachta, seachas an méid dá dtagraítear in Airteagal 53(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 faoin scéim cabhrach nó beart tacaíochta lena mbaineann, ní mheasfar nach cinntithe an t-ainmhí lena mbaineann ach amháin má aimsítear na hiontrálacha míchearta sin le linn dhá sheiceáil ar a laghad laistigh de thréimhse 24 mhí. I ngach cás eile, measfar nach cinntithe iad na hainmhithe lena mbaineann tar éis an chéad chinnidh;

(e)

i gcás ina mbaineann na neamhchomhlíonachtaí a aimsíodh le fógraí déanacha faoi theagmhais a bhaineann le hainmhithe sa bhunachar sonraí ríomhairithe, measfar an t-ainmhí lena mbaineann a bheith cinntithe más rud é gur roimh thús na tréimhse coinneála nó roimh an dáta tagartha arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 53(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 a tugadh an fógra.

Féadfar na hiontrálacha sa chóras chun ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú, agus fógraí sa chóras sin, a choigeartú tráth ar bith i gcás earráidí follasacha arna n-aithint ag an údarás inniúil.”;

(b)

scriostar mír 5;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31:

“Airteagal 31

Pionóis riaracháin i leith ainmhithe faoi na scéimeanna cabhrach ainmhithe nó faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe

1.   Maidir le méid iomlán na cabhrach nó na tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal faoi scéim cabhrach ainmhithe nó beart tacaíochta a bhaineann le hainmhithe nó cineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann, íocfar é bunaithe ar an líon ainmhithe a bheidh cinntithe i gcomhréir le hAirteagal 30(3), tar éis na seiceálacha riaracháin nó na seiceálacha ar an láthair, ar choinníoll:

(a)

nach gcinntear níos mó ná trí ainmhí a bheith neamhchinntithe, agus

(b)

gur féidir ainmhithe neamhchinntithe a shainaithint go haonarach trí aon mhodh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 nó i Rialachán (CE) Uimh. 21/2004.

2.   Má tá níos mó ná trí ainmhí neamhchinntithe, laghdófar méid iomlán na cabhrach nó na tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal faoin scéim cabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann:

(a)

faoin gcéatadán a bheidh le socrú i gcomhréir le mír 3, mura mó ná 20 % é;

(b)

faoi dhá oiread an chéatadáin a bheidh le socrú i gcomhréir le mír 3, más mó ná 20 % ach nach mó ná 30 % é.

Más mó ná 30 % an céatadán a shocrófar i gcomhréir le mír 3, ní dheonófar aon chabhair ná tacaíocht a mbeadh an tairbhí ina teideal de bhun Airteagal 30(3) faoin scéim cabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann.

Más mó ná 50 % an céatadán a shocrófar i gcomhréir le mír 3, ní dheonófar aon chabhair ná tacaíocht a mbeadh an tairbhí ina teideal de bhun Airteagal 30(3) faoin scéim cabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann. Thairis sin, beidh an tairbhí faoi réir pionós breise a bheidh comhionann le méid a chomhfhreagraíonn don difear idir an líon ainmhithe a dhearbhaítear agus an líon ainmhithe atá cinntithe i gcomhréir le hAirteagal 30(3). Mura féidir an méid sin a fhritháireamh go hiomlán le linn na 3 bliana féilire tar éis na bliana féilire ina n-aimsítear an cás, i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, cuirfear an t-iarmhéid atá gan íoc ar ceal.

Maidir le speicis seachas na speicis dá dtagraítear in Airteagal 30(4) den Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh líon ainmhithe a chinneadh nach é an tairseach trí ainmhí dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo é. Agus an líon sin á chinneadh ag na Ballstáit, áiritheoidh siad go bhfuil sé coibhéiseach ó thaobh substainte leis an tairseach sin, trí inter alia na haonaid beostoic agus/nó méid na cabhrach nó na tacaíochta a deonaíodh a chur san áireamh.

3.   Chun na céatadáin dá dtagraítear i mír 2 a shocrú, déanfar líon na n-ainmhithe faoi scéim chabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta a chinntear a bheith neamhchinntithe a roinnt ar líon na n-ainmhithe atá cinntithe don scéim cabhrach sin nó beart tacaíochta sin nó cineál oibríochta sin faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann.

4.   I gcás ina ríomhtar méid iomlán na cabhrach nó na tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal faoi scéim cabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann de réir líon na laethanta a mbíonn na hainmhithe a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar an ngabháltas, ríomhfar líon na n-ainmhithe a chinntear a bheith neamhchinntithe dá dtagraítear i mír 2, de réir líon na laethanta a mbíonn na hainmhithe sin ar an ngabháltas freisin.”

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir le hiarratais ar chabhair, iarratais ar thacaíocht agus éilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó le haghaidh tréimhsí préimhe dar tús an 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialúcháin agus le coinníollacha maidir le híocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus tras-chomhlíonadh a dhiúltú nó a aistarraingt (IO L 181, 20.6.2014, lch. 48).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle an 17 Nollaig 2003 lena mbunaítear córas chun ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Treoir 92/102/CEE agus Treoir 64/432/CEE (IO L 5, 9.1.2004, lch. 8).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun ainmhithe buaibheacha a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 181, 20.6.2014, lch. 1).