27.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 186/1


RIALACHÁN (AE) 2021/840 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2021

lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár “Pericles IV”), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 331/2014

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an cuspóir curtha rompu ag an Aontas agus ag na Ballstáit na bearta is gá a leagan síos chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Tá cosaint an euro ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar ar cheann de na bearta sin chun éifeachtacht gheilleagar an Aontais a áirithiú agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a dhaingniú.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle (3), foráiltear do mhalartuithe faisnéise, do chomhar agus do chúnamh frithpháirteach, lena mbunófar ar an dóigh sin creat comhchuibhithe chun an euro a chosaint. Leathnaíodh éifeachtaí an Rialacháin sin le Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 (4) ón gComhairle ionas go gcumhdófaí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar a n-airgeadra aonair, chun go gcuirfí leibhéal coibhéiseach cosanta ar fail don euro ar fud an Aontais.

(3)

Gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh malartuithe faisnéise agus foirne, cúnaimh theicniúil agus eolaíoch agus oiliúna speisialaithe a chur chun cinn, is cuidiú mór iad chun airgeadra aonair an Aontais a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar agus, dá bhrí sin, ardleibhéal de chosaint choibhéiseach a áirithiú ar fud an Aontais, agus léiriú á thabhairt ag an am céanna ar chumas an Aontais dul i ngleic le coireacht eagraithe thromchúiseach. Leis na gníomhaíochtaí sin d’fhéadfaí cuidiú, ina theannta sin, le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin choiteanna atá ann chun an choireacht eagraithe a chomhrac, lena n-áirítear sciúradh airgid.

(4)

Le clár chun an euro a chosaint ar ghóchumadh cuirtear le feasacht shaoránaigh an Aontais a mhúscailt, a muinín as an airgeadra sin a mhéadú agus feabhas a chur ar chosaint an euro, go háirithe trí shíorscaipeadh torthaí gníomhaíochtaí a dtacaíonn an clár sin leo.

(5)

Dlúthchuid de gheilleagar an Aontais atá slán agus iomaíoch is ea cosaint dhaingean an euro ar ghóchumadh, agus ar ní é a bhfuil baint dhíreach aige le cuspóir an Aontais maidir le feidhmiú éifeachtúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a fheabhsú.

(6)

A bhuí le tacaíocht a tugadh san am a caitheadh do ghníomhaíochtaí den sórt sin, trí Chinntí 2001/923/CE (5) agus 2001/924/CE (6) ón gComhairle, arna leasú agus arna leathnú ina dhiaidh sin le Cinntí 2006/75/CE (7), 2006/76/CE (8), 2006/849/CE (9) agus 2006/850/CE (10) ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), bhíothas in ann feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát i réimse an euro a chosaint ar ghóchumadh. Tá cuspóirí an chláir chun an euro a chosaint ar ghóchumadh do na tréimhsí roimhe sin bainte amach go rathúil.

(7)

In 2017, rinne an Coimisiún meastóireacht mheántéarmach ar an gclár ilbhliantúil gníomhaíochta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 (clár “Pericles 2020”), a raibh tuarascáil neamhspleách ag gabháil léi. Tuarascáil dhearfach a bhí inti i gcoitinne maidir le Clár Pericles 2020 ach cuireadh imní in iúl inti maidir le líon teoranta na n-údarás inniúil a rinne iarratas chun gníomhaíochtaí faoi chlár Pericles 2020 a chur chun feidhme agus maidir le cáilíocht na bpríomhtháscairí feidhmíochta arna n-úsáid chun torthaí chlár Pericles 2020 a thomhas. Ina Theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an meastóireacht mheántéarmach ar chlár Pericles 2020 agus a mheastóireacht ex ante i bhfoirm Doiciméad Inmheánach Oibre a bhí ag gabháil lena thogra, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, agus conclúidí agus moltaí na meastóireachta meántéarmaí á gcur san áireamh, gur cheart tacú le leanúint de chlár Pericles 2020 níos faide anonn ná 2020, de bharr a bhreisluacha Aontais, a thionchair fhadtéarmaigh agus inbhuanaitheacht a ghníomhaíochtaí mar aon lena rannchuidiú leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac.

(8)

Is í an chomhairle a thugtar sa mheastóireacht mheántéarmach ná gur cheart leanúint de ghníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi chlár Pericles 2020, agus aghaidh á tabhairt, ag an am céanna, ar an ngá le cur isteach iarratas a shimpliú, idirdhealú idir tairbhithe agus rannpháirtíocht an líon is mó is féidir d’údaráis inniúla ó thíortha éagsúla i ngníomhaíochtaí chlár Pericles 2020 a spreagadh, agus leanúint de dhíriú ar bhagairtí góchumtha athfhillteacha atá ag teacht chun cinn, agus na heochairtháscairí feidhmíochta a shruthlíniú.

(9)

Tá príomhionaid ghóchumtha aimsithe i dtríú tíortha agus tá gné idirnáisiúnta ag teacht ar ghóchumadh an euro. Ba cheart a mheas gur bunriachtanach iad gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí oiliúna lena mbaineann údaráis inniúla tríú tíortha chun cosaint éifeachtach an euro a bhaint amach agus ba cheart iad a spreagadh a thuilleadh i gcomhthéacs leanúint de chlár Pericles 2020.

(10)

Ba cheart clár nua don tréimhse 2021-2027 (“Clár Pericles IV”) a ghlacadh. Ba cheart a áirithiú go bhfuil clár Pericles IV i gcomhréir le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile agus ina chomhlánú orthu. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún gach comhairliúchán is gá a dhéanamh leis na príomhpháirtithe lena mbaineann, go háirithe leis na húdaráis náisiúnta inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit, leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus le Europol chun meastóireacht a dhéanamh ar na riachtanais atá ann ó thaobh an euro a chosaint, laistigh den choiste dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, go háirithe a mhéid a bhaineann le malartuithe, cúnamh agus oiliúint, chun críoch chlár Pericles IV a chur i bhfeidhm. Thairis sin, agus clár Pericles IV á chur chun feidhme acu, ba cheart go dtarraingeodh an Coimisiún ar thaithí fhairsing BCE i ndáil le riaradh oiliúna agus soláthar faisnéise maidir le nótaí euro góchumtha.

(11)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (an “Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE, córas ginearálta coinníollachta le buiséad an Aontais a chosaint.

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon comhar a éascú i measc na mBallstát agus idir an Coimisiún agus Ballstáit chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, gan cur isteach ar fhreagrachtaí na mBallstát, agus úsáid á baint as acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla ná mar a d’fhéadfaí úsáid a bhaint astu ar an leibhéal náisiúnta, cuidiú leis na Ballstáit an euro a chosaint i gcomhar le chéile agus úsáid struchtúr coiteann de chuid an Aontais a spreagadh chun comhar agus malartú faisnéise tráthúil agus cuimsitheach idir údaráis inniúla a mhéadú, a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(13)

Ba cheart clár Pericles IV a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (13).

(14)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun clár Pericles IV a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún cláir oibre bhliantúla a ghlacadh lena leagtar amach na tosaíochtaí, an miondealú buiséid agus na critéir mheastóireachta maidir le deontais le haghaidh gníomhaíochtaí. Ba cheart na cásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, ina bhfuil méadú ar ráta an chómhaoinithe riachtanach chun níos mó solúbthacht eacnamaíoch a thabhairt do na Ballstáit, rud a chuirfidh ar a gcumas tionscadail a chur i gcrích agus a chríochnú chun an euro a chosaint agus a choimirciú ar bhealach sásúil, a bheith mar chuid de na cláir oibre bhliantúla.

(15)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do chlár Pericles IV arb éard atá le bheith ann an méid príomhthagartha, de réir bhrí Phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 (14), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(16)

D’fhonn measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn chlár Pericles IV i dtreo a chuspóirí a bhaint amach a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Iarscríbhinn a leasú i gcás ina meastar gur gá sin chun críocha na meastóireachta, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha chun creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (15). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(17)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (17), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (18) agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle (19), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais..

Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(18)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta mheántéarma maidir le cur chun feidhme chlár Pericles IV agus tuarascáil mheastóireachta deiridh maidir le baint amach chuspóirí an chláir, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar Chlár Pericles IV ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí chlár Pericles IV ar an talamh.

(19)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 a aisghairm.

(20)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun gur féidir tús a chur leis an gcur chun feidhme ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo, clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles IV”), don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Leagtar síos leis cuspóirí chlár Pericles IV, an buiséad don tréimhse 2021-2027, foirmeacha an chistithe ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Cuspóirí an chláir

1.   Is é cuspóir ginearálta Chlár Pericles IV góchumadh agus calaois ghaolmhar a chosc agus a chomhrac agus sláine na nótaí bainc agus na mbonn euro a chaomhnú, agus ar an gcaoi sin an mhuinín atá ag saoránaigh agus ag gnólachtaí as barántúlacht na nótaí bainc agus na mbonn euro seo a threisiú agus, dá bhrí sin, an mhuinín as geilleagar an Aontais a fheabhsú, agus inbhuainaitheacht an airgeadais phoiblí á háirithiú ag an am céanna.

2.   Is é cuspóir sonrach chlár Pericles IV nótaí bainc agus boinn euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar, trí thacú leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit agus trína bhforlíonadh, agus trí chúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta agus d’údaráis inniúla an Aontais agus iad ag iarraidh dlúthchomhar tráthrialta agus malartú dea-chleachtais a fhorbairt eatarthu féin agus leis an gCoimisiún, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 3

Buiséad

1.   Is é EUR 6 193 284 (i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme clár Pericles IV don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla a údarú faoi theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

3.   Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun clár Pericles IV a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

Airteagal 4

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistithe ón Aontas

1.   Is faoin mbainistíocht dhíreach a chuirfear clár Pericles IV chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Déanfaidh an Coimisiún clár Pericles IV a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit, trí chomhairliúcháin thráthrialta a chur ar bun ag céimeanna éagsúla le linn chur chun feidhme Chlár Pericles IV agus, ag an am céanna, áiritheofar comhsheasmhacht leis na bearta ábhartha arna ndéanamh ag eintitis inniúla eile, go háirithe ag BCE agus ag Europol, agus seachnófar dúbláil neamhriachtanach orthu. Chuige sin, agus na cláir oibre á n-ullmhú aige de bhun Airteagal 10, cuirfidh an Coimisiún san áireamh gníomhaíochtaí BCE agus Europol atá ann cheana agus atá beartaithe i gcoinne ghóchumadh an euro agus calaois ghaolmhar.

3.   Beidh tacaíocht airgeadais faoi chlár Pericles IV le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 6 i bhfoirm deontais nó soláthar poiblí.

Airteagal 5

Gníomhaíochtaí comhpháirteacha

1.   Féadfaidh an Coimisiún agus comhpháirtithe eile a bhfuil saineolas ábhartha acu, amhail na comhpháirtithe seo a leanas, gníomhaíochtaí a eagrú i gcomhpháirt faoi chlár Pericles IV:

(a)

na bainc cheannais náisiúnta agus BCE;

(b)

na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú agus na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú Monaí;

(c)

an Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch agus na miontaí;

(d)

Europol, Eurojust agus Interpol;

(e)

na lároifigí náisiúnta frith-ghóchumtha dá bhforáiltear in Airteagal 12 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Deireadh a Chur le Góchumadh Airgeadra a síníodh sa Ghinéiv an 20 Aibreán 1929 (21) agus gníomhaireachtaí eile arb é góchumadh a chosc, a bhrath agus an dlí a fhorfheidhmiú ina leith a speisialtacht;

(f)

sainchomhlachtaí a mbíonn baint acu le réimse na dteicneolaíochtaí macasamhlaithe agus deimhniúcháin, clódóirí agus greanadóirí;

(g)

comhlachtaí seachas na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go (f) a thairgeann saineolas sonrach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí den sórt sin ó thríú tíortha agus go háirithe ó Stáit aontacha agus ó thíortha is iarrthóirí; agus

(h)

eintitis phríobháideacha a d’fhorbair agus a sholáthair fianaise ar eolas teicniúil agus foirne a speisialaíonn i nótaí bainc agus boinn ghóchumtha a bhrath.

2.   I gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí incháilithe á n-eagrú go comhpháirteach ag an gCoimisiún agus BCE, Eurojust, Europol nó Interpol, déanfar na caiteachais dá éis a roinnt eatarthu. In aon chás, seasfaidh gach ceann díobh costais taistil agus lóistín a chuid aoichainteoirí féin.

CAIBIDIL II

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 6

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Le clár Pericles IV, faoi na coinníollacha a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10, déanfar tacaíocht airgeadais a sholáthar do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

malartú agus scaipeadh faisnéise, go háirithe trí cheardlanna, cruinnithe agus seimineáir lena n-áirítear oiliúint, socrúcháin spriocdhírithe agus malartuithe foirne de chuid údarás inniúil náisiúnta agus gníomhaíochtaí eile comhchosúla a eagrú. Beidh an malartú faisnéise dírithe ar na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:

dea-chleachtais maidir le cosc a chur ar ghóchumadh agus calaois a bhaineann leis an euro;

modheolaíochtaí chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch agus airgeadais atá ag góchumadh;

bunachair shonraí agus córas réamhrabhaidh a fheidhmiú;

uirlisí braite, lena n-áirítear iad sin a bhfuil cúltaca ríomhaire acu, a úsáid;

modhanna fiosrúcháin agus imscrúdaithe;

cúnamh eolaíoch, lena n-áirítear faireachán ar fhorbairtí nua;

an euro a chosaint lasmuigh den Aontas;

gníomhaíochtaí taighde;

saineolas oibríochtúil sonrach a sholáthar;

(b)

cúnamh teicniúil, eolaíoch agus oibríochtúil, is cosúil a bheith riachtanach mar chuid de chlár Pericles IV, lena n-áirítear an méid seo a leanas go háirithe:

aon bheart iomchuí lena mbunaítear acmhainní múinteoireachta ar leibhéal an Aontais, amhail lámhleabhar maidir le reachtaíocht an Aontais, bullaitíní eolais, lámhleabhair phraiticiúla, gluaiseanna agus foclóirí, bunachair shonraí, go háirithe i réimse an chúnaimh eolaíoch nó na faire teicneolaíochta, nó feidhmchlár tacaíochta ríomhaire, amhail bogearraí;

staidéir ábhartha a bhfuil gné ildisciplíneach agus thrasnáisiúnta acu, lena n-áirítear taighde ar ghnéithe slándála nuálacha;

uirlisí agus modhanna tacaíochta teicniúla a fhorbairt chun gníomhaíochtaí braite a éascú ar leibhéal an Aontais;

tacaíocht do chomhar i gcás oibríochtaí ina bhfuil ar a laghad dhá thírpáirteach nuair nach féidir tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil ó chláir eile de chuid institiúidí agus comhlachtaí an Aontais;

(c)

ceannach trealaimh, ar trealamh é atá le húsáid ag údaráis frith-ghóchumtha speisialaithe tríú tíortha chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, i gcomhréir le hAirteagal 7(2).

2.   Le clár Pericles IV, déanfar gnéithe trasnáisiúnta agus ildisciplíneacha de chomhrac an ghóchumtha a chur san áireamh trí dhíriú ar rannpháirtíocht na ngrúpaí seo a leanas:

(a)

foireann gníomhaireachtaí a bhíonn ag gabháil do ghóchumadh a bhrath agus a chomhrac, go háirithe fórsaí póilíneachta agus riaracháin chustaim agus airgeadais, de réir a bhfeidhmeanna sonracha ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

pearsanra faisnéise;

(c)

ionadaithe de chuid na mbanc ceannais náisiúnta, na miontaí, na mbanc tráchtála agus idirghabhálaithe airgeadais eile, go háirithe maidir le hoibleagáidí institiúidí airgeadais;

(d)

oifigigh bhreithiúnacha, dlíodóirí speisialaithe agus comhaltaí den bhreithiúnacht atá inniúil sa réimse seo;

(e)

aon ghrúpa eile saineolaithe lena mbaineann, amhail comhlachais tráchtála agus tionscail nó struchtúir inchomparáide atá in ann rochtain a sholáthar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, miondíoltóirí agus cuideachtaí iompair airgid thirim.

3.   Féadfar rannpháirtithe ó thríú tíortha a áireamh sna grúpaí dá dtagraítear i mír 2.

CAIBIDIL III

DEONTAIS

Airteagal 7

Deontais

1.   Dámhfar agus bainisteofar deontais faoi chlár Pericles IV i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.   I gcás gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme trí dheontais, ní ceannach trealaimh an t-aon chomhpháirt amháin a bheidh sa chomhaontú deontais.

Airteagal 8

Rátaí cómhaoiniúcháin

Leis an ráta cómhaoiniúcháin do dheontais arna ndámhachtain faoi chlár Pericles IV, ní shárófar 75 % de na costais incháilithe. In imthosca eisceachtúla atá cuí-réasúnaithe, arna sainiú sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10, leis an ráta cómhaoiniúcháin, ní shárófar 90 % de na costais incháilithe.

Airteagal 9

Eintitis incháilithe

Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta, arna sainiú i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, a bheidh ina n-eintitis incháilithe le haghaidh cistithe faoi chlár Pericles IV.

CAIBIDIL IV

CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 10

Cláir oibre

1.   Chun clár Pericles IV a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais.

2.   I gcás deontas, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, sonrófar sa chlár oibre na critéir roghnúcháin agus dámhachtana sár-riachtanacha agus an t-uasráta cómhaoinithe.

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a thabhairt don Choimisiún ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.   Ní tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12

Faireachán

1.   Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn chlár Pericles IV i dtreo bhaint amach an chuspóra shonraigh a leagtar síos in Airteagal 2 den Rialachán seo.

2.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn chlár Pericles IV i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 11, chun an Iarscríbhinn a leasú i dtaca leis na táscairí i gcás ina meastar gur gá chun críocha na meastóireachta, mar aon leis an Rialachán a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.   Soláthróidh an Coimisiún faisnéis bhliantúil ar thorthaí chlár Pericles IV do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do BCE, agus na táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo á gcur san áireamh acu.

4.   Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha agus tairbhithe eile na sonraí uile agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Choimisiún chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chlár Pericles IV.

Airteagal 13

Meastóireacht

1.   Déanfar meastóireacht mheántéarma neamhspleách ar chlár Pericles IV a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme chlár Pericles IV, ach déanfar í tráth nach déanaí ná 4 bliana ó thús chur chun feidhme an chláir.

2.   Ag deireadh chur chun feidhme chlár Pericles IV, ach tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse atá sonraithe in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar chlár Pericles IV.

3.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do BCE.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le clár Pericles IV, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun chlár Pericles IV agus leis na torthaí a baineadh amach.

3.   Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar chlár Pericles IV ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, amhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2.

Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 16

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 331/2014, ar rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais chlár Pericles IV na costais theicniúla agus cúnaimh riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir clár Pericles IV agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 a áirithiú.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO C 378, 19.10.2018, lch. 2.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 13 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (IO L 181, 4.7.2001, lch. 6).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leathnaítear éifeachtaí Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh go dtí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair (IO L 181, 4.7.2001, lch. 11).

(5)  Cinneadh 2001/923/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles”) (IO L 339, 21.12.2001, lch. 50).

(6)  Cinneadh 2001/924/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena leathnaítear éifeachtaí an Chinnidh lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles”) go dtí na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair (IO L 339, 21.12.2001, lch. 55).

(7)  Cinneadh 2006/75/CE ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena leasaítear agus leathnaítear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles”) (IO L 36, 8.2.2006, lch. 40).

(8)  Cinneadh 2006/76/CE ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena leathnaítear cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/75/CE lena leasaítear agus lena leathnaítear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) (IO L 36, 8.2.2006, lch. 42).

(9)  Cinneadh 2006/849/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena leasaítear agus leathnaítear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) (IO L 330, 28.11.2006, lch. 28).

(10)  Cinneadh 2006/850/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena leathnaítear cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/849/CE lena leasaítear agus lena leathnaítear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles”) go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha (IO L 330, 28.11.2006, lch. 30).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles 2020”) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE ón gComhairle (IO L 103, 5.4.2014, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(14)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28).

(15)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(18)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(19)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(20)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(21)  Sraith Conarthaí Chonradh na Náisiún Uimh. 2623 (1931), lch. 372.


IARSCRÍBHINN

TÁSCAIRÍ LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHT AR CHLÁR PERICLES IV

Déanfar faireachán grinn ar chlár Pericles IV ar bhonn tacar táscairí lena mbeartaítear tomhas a dhéanamh, gan ach na hualaí agus costais riaracháin is ísle a bheith ag roinnt leis sin, ar a mhéid atá cuspóir ginearálta agus cuspóirí sonracha chlár Pericles IV bainte amach. Chuige sin, baileofar sonraí a bhaineann leis an tacar príomhtháscairí seo a leanas:

(a)

an líon euro góchumtha a braitheadh;

(b)

an líon ceardlann neamhdhleathach a díchóimeáladh;

(c)

líon na n-údarás inniúil a dhéanann iarratas chuig clár Pericles IV;

(d)

ráta sástachta na rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí a mhaoinítear le chlár Pericles IV; agus

(e)

aiseolas ó rannpháirtithe a ghlac páirt cheana i ngníomhaíochtaí Pericles roimhe seo maidir le tionchar chlár Pericles IV ar a ngníomhaíochtaí i leith an euro a chosaint ar ghóchumadh.

Is iad an Coimisiún agus tairbhithe chlár Pericles IV a bhaileoidh na sonraí agus an fhaisnéis le haghaidh na bpríomhtháscairí feidhmíochta gach bliain, agus is mar a leanas a bhaileoidh siad na sonraí agus an fhaisnéis sin:

is é an Coimisiún a bhaileoidh na sonraí a bhaineann leis an líon nótaí bainc agus bonn euro góchumtha;

is é an Coimisiún a bhaileoidh na sonraí a bhaineann leis an líon ceardlann neamhdhleathach a díchóimeáladh;

is é an Coimisiún a bhaileoidh na sonraí a bhaineann le líon na n-údarás inniúil a dhéanann iarratas ar chlár Pericles IV;

is iad an Coimisiún agus tairbhithe chlár Pericles IV a bhaileoidh na sonraí a bhaineann le ráta sástachta na rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí a mhaoinítear le clár Pericles IV;

is iad an Coimisiún agus tairbhithe chlár Pericles IV a bhaileoidh na sonraí a bhaineann le haiseolas ó rannpháirtithe a ghlac páirt cheana i ngníomhaíochtaí Pericles roimhe seo maidir le tionchar chlár Pericles IV ar a ngníomhaíochtaí i leith an euro a chosaint ar ghóchumadh.