25.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 183/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/823 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Bealtaine 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (dá ngairtear “an bun-Rialachán” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/309 ón gCoimisiún (2), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce (“an t-imscrúdú bunaidh”).

(2)

An 4 Meitheamh 2018, tar éis athbhreithniú eatramhach páirteach maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin a fhóirdheonú, bheartaigh an Coimisiún na bearta a choinneáil ar bun mar a bunaíodh iad (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/823 ón gCoimisiún) (3). Maidir leis an athrú reachtach ar reachtaíocht na Tuirce i ndáil le fóirdheontais a thabhairt do tháirgeoirí breac, athrú a bhí faoi réir an athbhreithnithe, chinn an Coimisiún nár tugadh údar imleor leis an athrú sin le hathbhreithniú a dhéanamh ar na dleachtanna frithchúitimh ar gach táirgeoir breac sa Tuirc. Tugadh faoi deara, áfach, gur difriúil an tionchar a d’imir an t-athrú reachtach ar na cuideachtaí aonair agus gur bhraith méid an tionchair ar chás sonrach gach ceann de na cuideachtaí (4).

(3)

An 15 Bealtaine 2020, tar éis athbhreithniú eatramhach páirteach, leasaigh an Coimisiún leibhéal na dleachta frithchúitimh maidir le táirgeoir onnmhairiúcháin amháin (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/658 ón gCoimisiún) (5).

(4)

Is idir 1,5 % agus 9,5 % atá na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha atá i bhfeidhm faoi láthair.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(5)

Tar éis fógra a fhoilsiú maidir leis an dul in éag (6) fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(6)

An 25 Samhain 2019 rinne Eagraíocht Dobharshaothraithe na Danmhairge (“EDD” nó “an t-iarratasóir”) an iarraidh thar ceann táirgeoirí a ionadaíonn do níos mó ná 40 % de tháirgeadh iomlán an Aontais de bhreac dea-dhathach áirithe. Tá an iarraidh bunaithe ar na forais gur dhócha go leanfaí den fhóirdheonú agus den díobháil, nó go ndéanfaí díobháil arís do thionscal an Aontais, mar thoradh ar dhul in éag na mbeart.

(7)

Sular tionscnaíodh an t-athbhreithniú éaga, agus i gcomhréir le hAirteagail 22(1) agus 10(7) den bhun-Rialachán, thug an Coimisiún fógra do Rialtas na Tuirce go raibh iarraidh chuí-dhoiciméadaithe ar athbhreithniú faighte aige agus d’iarr sé ar Rialtas na Tuirce comhairliúcháin a dhéanamh leis arbh é ab aidhm leo gach dá raibh san iarratas ar athbhreithniú a thabhairt chun soiléire chun go bhféadfaí teacht ar réiteach comhaontaithe. Bhí na comhairliúcháin ar siúl an 20 Feabhra 2020.

(8)

Le linn na gcomhairliúchán réamhthionscnaimh, chuir Rialtas na Tuirce in iúl go bhfuil athrú substaintiúil tagtha ar chórais tacaíochta na Tuirce ós rud é go bhfuil laghdú nach beag ar mhéid iomlán na híocaíochta tacaíochta agus ar an méid a tháirgtear ó bhí 2013 ann. Dá bhrí sin, bhí Rialtas na Tuirce den tuairim nach raibh aon ghá le hathbhreithniú éaga a thionscnamh.

(9)

Maidir leis an bhfianaise a cuireadh isteach san iarraidh ar athbhreithniú, mheas an Coimisiún gurbh é sin an fhaisnéis a bhí ar fáil don iarratasóir go réasúnta ag an tráth sin. Mar a léirítear sa mheabhrán i ndáil le fianaise leormhaith, meabhrán ina bhfuil measúnú an Choimisiúin ar an bhfianaise ar fad atá ar fáil don Choimisiún maidir leis na fóirdheontais líomhnaithe agus ar ar a bonn a rinne an Coimisiún an t-imscrúdú a thionscnamh, bhí fianaise leordhóthanach ann ag céim an tionscnaimh go raibh na fóirdheontais líomhnaithe in-fhrithchúitithe i dtéarmaí iad a bheith ann, a méid agus a gcineáil.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(10)

Tar éis a chinneadh, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) le cur i bhfeidhm Airteagal 25(1) den bhun-Rialachán, go raibh fianaise leordhóthanach ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, d’fhógair an Coimisiún go rabhthas chun athbhreithniú éaga a thionscnamh de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán trí fhógra arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (8) an 27 Feabhra 2020 (“an Fógra Tionscnaimh”). I bhfianaise Airteagal 18(2) den bhun-Rialachán, d’ullmhaigh an Coimisiún meabhrán i ndáil le fianaise leormhaith ina bhfuil measúnú an Choimisiúin ar an bhfianaise ar fad atá ar fáil dó agus ar ar a bonn a rinne an Coimisiún an t-imscrúdú a thionscnamh.

1.4.   An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus an tréimhse a measadh

(11)

Leis an imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfaí den fhóirdheonú nó go dtosófaí ar an bhfóirdheonú arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 (“an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe”). San imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfaí den díobháil nó go dtosófaí arís í, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go deireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (“an tréimhse a breithníodh”) (9).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(12)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta eile agus Rialtas na Tuirce, allmhaireoirí agus úsáideoirí aitheanta ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(13)

Iarradh ar gach páirtí a thuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil laistigh de na teorainneacha ama a leagadh amach san Fhógra Tionscnaimh. Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an imscrúdaithe chomh maith agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

1.6.   Sampláil

(14)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go samplálfadh sé na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán.

1.6.1.   Sampláil táirgeoirí ón Aontas

(15)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. I gcomhréir le hAirteagal 27(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla sealadach ar bhonn na méideanna ionadaíocha táirgeachta agus díolacháin is mó a d’fhéadfaí a imscrúdú laistigh den tréimhse ama a bhí ar fáil, agus an raon geografach á chur san áireamh chomh maith. Is é a bhí sa sampla sin ocht dtáirgeoir ón Aontas, ar Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide iad uile. B’ionann na táirgeoirí ón Aontas a sampláladh go sealadach agus 14 % de tháirgeacht an Aontais. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach.

(16)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó EDD. Ar a bhonn sin agus d’fhonn an méid ionadaíoch is mó táirgeachta a chumhdach, chinn an Coimisiún táirgeoir breac reoite a chur leis an sampla deiridh agus táirgeoir eile a chur in ionad ceann de na táirgeoirí a roghnaíodh go sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil eile ina dhiaidh sin.

(17)

Thairis sin, mar a luadh in aithris (24), níor chuir ceann de na táirgeoirí ón Aontas a sampláladh freagra ar an gceistneoir ar fáil agus, dá bhrí sin, fágadh amach as an sampla é. B’ionann fós an sampla a bhí fágtha de tháirgeoirí ón Aontas agus 13 % de tháirgeacht an Aontais agus bhí an sampla sin ionadaíoch do thionscal an Aontais, i bhfianaise an mhéid mhóir táirgeoirí san Aontas.

1.6.2.   Sampláil allmhaireoirí

(18)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar.

(19)

Mar gheall nár tháinig aon allmhaireoir neamhghaolmhar chun cinn, ní raibh aon ghá le sampláil.

1.6.3.   Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Tuirc

(20)

Chun a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, más amhlaidh go bhfuil, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa Tuirc an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Tuirce chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(21)

Sholáthair cúig cinn déag de tháirgeoirí onnmhairiúcháin / de ghrúpaí de tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa Tuirc an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. B’ionann an méid iomlán breac dea-dhathach áirithe a dearbhaíodh a d’onnmhairigh na cuideachtaí sin chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe agus 100 % d’onnmhairí ón Tuirc chuig an Aontas.

(22)

I gcomhréir le hAirteagal 27(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de thrí tháirgeoir onnmhairiúcháin/ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d'onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den tréimhse ama a bhí ar fáil. B’ionann an sampla agus os cionn 70 % de na díolacháin onnmhairí dearbhaithe chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(23)

I gcomhréir le hAirteagal 27(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann, agus le húdaráis na Tuirce, maidir le roghnú an tsampla. Ní bhfuarthas aon bharúil.

1.6.4.   Freagraí ar an gceistneoir agus neamh-chomhoibriú

(24)

Chun an fhaisnéis is gá a fháil le haghaidh a imscrúdaithe, chuir an Coimisiún ceistneoirí chuig na naoi dtáirgeoir ón Aontas a sampláladh, chuig na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh agus chuig Rialtas na Tuirce. Ceann de na táirgeoirí ón Aontas a sampláladh, chuir sé an Coimisiún ar an eolas nárbh fhéidir leis freagra a thabhairt ar an gceistneoir. Chomh maith leis sin, níor thug táirgeoir onnmhairiúcháin amháin a sampláladh freagra ar an gceistneoir. De thoradh air sin, fuarthas freagraí ó ocht dtáirgeoir ón Aontas, ó dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh agus ó Rialtas na Tuirce ar an gceistneoir.

(25)

Maidir leis an táirgeoir onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríoch a sampláladh, chinn an Coimisiún a thorthaí a bhunú ar fhíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den bhun-Rialachán. Cuireadh an táirgeoir onnmhairiúcháin ar an eolas dá réir. Ní bhfuarthas aon bharúil. An dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh agus a thug freagraí iomlána ar an gceistneoir, b’ionann iad fós agus os cionn 60 % de na díolacháin onnmhairí dearbhaithe chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

1.6.5.   Fíorú

(26)

An fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den fhóirdheonú nó go dtosófaí ar an bhfóirdheonú arís agus go leanfaí den díobháil nó go dtarlódh sí arís agus maidir le leas an Aontais, rinne an Coimisiún an fhaisnéis sin a lorg agus a fhíorú. De bharr ráig phaindéim COVID-19 agus na mbeart a glacadh dá réir chun déileáil leis an ráig (10), níorbh fhéidir leis an gCoimisiún, áfach, cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh ar áitribh na gcuideachtaí go léir de bhun Airteagal 26 den bhun-Rialachán. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda ar an bhfaisnéis a sholáthair na cuideachtaí seo a leanas:

Táirgeoirí an Aontais:

Az Agr Ittica Rio Selva Srl Soc Agr (An Iodáil)

Danaqua Aps (An Danmhairg)

Gospodarstwo Rybackie Bytów (An Pholainn)

Gruppo Sais (An Iodáil)

Sas Lefevre Surgeles (An Fhrainc)

Snaptun Frysehus A/S (An Danmhairg)

Tres Mares (An Spáinn)

Truite Service (An Fhrainc)

Táirgeoirí onnmhairiúcháin:

Grúpa cuideachtaí gaolmhara “GMS”, an Tuirc:

Gümüşdoğa Su Ürünleri Üretim İhracat İthalat A.Ş., Muğla, an Tuirc

Dalga Seafood Ltd., an Aithin, an Ghréig

Grúpa cuideachtaí gaolmhara “Özpekler”, an Tuirc:

Özpekler İnşaat Taahhüd Dayanıklı Tüketim Malları Su Ürünleri Sanayi ve Ticaret Limited Şirketi, Denizli, an Tuirc

Özpekler İthalat İhracat Su Ürünleri Sanayi ve Ticaret Ltd. Şti., Denizli, an Tuirc

Rialtas na Tuirce:

Aireacht Trádála Phoblacht na Tuirce

Aireacht Talmhaíochta agus Foraoiseachta Phoblacht na Tuirce

An Ghníomhaireacht um Rialú agus Maoirseacht Baincéireachta, Poblacht na Tuirce

Aireacht Státchiste agus Airgeadais Phoblacht na Tuirce

Comharchumainn Chreidmheasa Talmhaíochta, Phoblacht na Tuirce

Banc Ceannais Phoblacht na Tuirce, Poblacht na Tuirce

Eximbank, Poblacht na Tuirce

Eagraíocht forbartha fhiontair bheaga agus mheánmhéide na Tuirce (KOSGEB), Poblacht na Tuirce

Grúpa Árachóirí Talmhaíochta Phoblacht na Tuirce

Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Phoblacht na Tuirce

1.6.6.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(27)

An 26 Márta 2021, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe aige na dleachtanna frithchúitimh a choinneáil ar bun. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh.

(28)

An 14 Aibreán 2021, rinne an Coimisiún, agus éilimh áirithe a fuarthas tar éis an nochta deiridh á gcur san áireamh, ar éilimh iad a raibh tionchar acu ar thoradh an imscrúdaithe, rinne sé na fíorais agus na breithnithe bhreise sin a nochtadh agus rinne sé na torthaí críochnaitheacha a mhodhnú mar gheall air sin, mar a nochtadh roimhe seo. Deonaíodh tréimhse do pháirtithe leasmhara freisin ar lena linn a d’fhéadfaidís uiríll a dhéanamh tar éis an nochta bhreise sin.

(29)

Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha arna ndéanamh ag na páirtithe leasmhara agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarbh iomchuí. Ceadaíodh éisteacht do na páirtithe sin a d’iarr a leithéid.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

(30)

Tá an táirge lena mbaineann mar an gcéanna leis an imscrúdú bunaidh, eadhon breac dea-dhathach (Oncorhynchus mykiss) (“breac”):

beo de mheáchan 1,2 kg nó faoina bhun an ceann, nó

úr, fuaraithe, reoite agus/nó deataithe:

i bhfoirm iasc iomlán (agus an ceann air), bíodh sé geolbhaithe nó ná bíodh, bíodh sé glanta nó ná bíodh, de mheáchan 1,2 kg nó faoina bhun an ceann, nó

agus an ceann bainte, bíodh sé geolbhaithe nó ná bíodh, bíodh sé glanta nó ná bíodh, de mheáchan 1 kg nó faoina bhun an ceann, nó

I bhfoirm filléad de mheáchan 400 g nó faoina bhun an ceann,

de thionscnamh Phoblacht na Tuirce (“an tír lena mbaineann”) agus a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 0301 91 90, ex 0302 11 80, ex 0303 14 90, ex 0304 42 90, ex 0304 82 90 agus ex 0305 43 00 (cóid TARIC 0301919011, 0302118011, 0303149011, 0304429010, 0304829010 agus 0305430011) (“an táirge lena mbaineann”).

(31)

Mar a tharla san imscrúdú bunaidh, chinn an Coimisiún go raibh na buntréithe fisiciúla, teicniúla agus ceimiceacha céanna agus na bun-úsáidí deiridh céanna ag an táirge arb í an Tuirc a tháirg agus a d’onnmhairigh chuig an Aontas é agus a bhí ag an táirge arb é tionscal an Aontais a tháirg agus a dhíol san Aontas é. Dá bhrí sin, measadh gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 2(c) den bhun-Rialachán.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN FHÓIRDHEONÚ NÓ GO dTOSÓFAR ARÍS AIR

(32)

Ar bhonn na bhfóirdheontas ar a ndearnadh imscrúdú san imscrúdú bunaidh agus sna hathbhreithnithe eatramhacha páirteacha a luaitear in aithrisí (2) agus (3) i ndáil leis an táirge lena mbaineann, na faisnéise a bhí san iarraidh ar athbhreithniú agus na faisnéise a chuir Rialtas na Tuirce agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha a sampláladh isteach, rinneadh imscrúdú ar na bearta seo a leanas, bearta a maítear ina leith go mbaineann siad le cláir fóirdheontais a dheonú:

Aistriú díreach cistí – deontais:

Tacaíocht do tháirgeacht breac de mheáchan níos lú ná 1 kg

Tacaíocht do tháirgeacht breac de mheáchan níos mó ná 1 kg ach nach mó ná 1,2 kg

Tacaíocht do phórúchán breac i ngorlanna atá cosanta ar ghalair

Táirgeacht i gcóras dúnta

Feirmeoireacht éisc i locháin ithreach

Íocaíochtaí tacaíochta le haghaidh seirbhísí foilsitheoireachta agus comhairliúcháin talmhaíochta

Tacaíocht do dhiúscairt soithí iascaireachta

Ioncam atá ligthe thar ceal:

Lacáiste cánach tomhaltais ar bhreosla soithigh iascaireachta

Tacaíocht d’infheistíochtaí a dhéantar in earnáil an dobharshaothraithe

Aistriú díreach cistí – maoiniú fabhrach:

Árachas tacaithe d’earnáil an dobharshaothraithe

Iasachtaí fabhracha

3.1.   Aistriú díreach cistí – deontais

3.1.1.   Tacaíocht do tháirgeacht breac de mheáchan níos lú ná 1 kg

3.1.1.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(33)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, deonaíodh tacaíocht dhíreach do tháirgeoirí breac de mheáchan níos lú ná 1 kg ar bhonn Fhoraithne 2019/1691 ón Uachtarán (“Foraithne 1691”) (11). Rinneadh foráil maidir leis na nósanna imeachta agus na prionsabail i ndáil le cur chun feidhme na Foraithne le Ráiteas 2019/56 (“Communiqué 56”) a d’eisigh an Aireacht Bia, Talmhaíochta agus Beostoc (12). Socraíodh an méid tacaíochta ag 0,75 TRY/kg le haghaidh na táirgeachta suas le 350 000 kg in aghaidh na bliana.

(34)

Déantar athbhreithniú ar an tacaíocht sin gach bliain mar chuid den athbhreithniú bliantúil a dhéantar ar thacaíocht talmhaíochta. Thug an Coimisiún dá aire gur leanadh leis an tacaíocht gan aon athrú suntasach tar éis na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe bunaithe ar Fhoraithne Uimh. 2020/3190 (13) agus bunaíodh na coinníollacha le haghaidh na tacaíochta sin leis an Communiqué comhfhreagrach (14).

3.1.1.2.   Conclúid

(35)

Mar a deimhníodh san imscrúdú bunaidh (15), is ionann na bearta sin agus fóirdheontais in-fhrithchúitithe de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) agus 3(2) den bhun-Rialachán, i.e. aistriú cistí ó Rialtas na Tuirce i bhfoirm fóirdheontais dhírigh chuig na táirgeoirí breac.

(36)

Tá na fóirdheontais dhíreacha sonrach agus in-fhrithchúitithe de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán arb é an t-údarás deonúcháin é, agus, leis an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn an t-údarás deonúcháin, déantar teorannú sainráite ar rochtain ar na deontais sin d’fhiontair a fheidhmíonn in earnáil an dobharshaothraithe. Luaitear fiontair a bhfuil baint acu leis an dobharshaothrú go sainráite agus ainmnítear breac go soiléir mar speiceas amháin a thairbhíonn den scéim fóirdheontais sin.

3.1.1.3.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(37)

Shuigh an Coimisiún gur thairbhigh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh den scéim sin le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(38)

An tairbhe do gach cuideachta ab ea an meánmhéid tacaíochta dírí a fuair siad le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ar a n-éisc bheo fheirmshaothraithe féin. Sa dá chás, chuir na cuideachtaí faisnéis ar fáil maidir leis an méid tacaíochta a fuair siad agus an áit as ar tháinig sí. Chomh maith leis sin, thaifead na cuideachtaí an t-ioncam sin den chuid is mó faoin gceannteideal “ioncam fóirdheontais” ina gcuid cuntas agus shocraigh siad go ndéanfaí iniúchadh neamhspleách ar na cuntais sin. Glacadh leis sin mar fhianaise dhearfach ar fhóirdheontas a raibh tairbhe ag baint leis.

(39)

Mar a deimhníodh san imscrúdú bunaidh (16), cuideachtaí a cheannaigh roinnt breac ó chuideachtaí neamhghaolmhara lena phróiseáil, anuas ar an mbreac a shaothraigh siad ar a bhfeirm féin, bhain na cuideachtaí sin tairbhe as na fóirdheontais sin chomh maith, ós rud é go gcumhdaítear leis an táirge lena mbaineann an t-amhábhar a dtugtar fóirdheontais dhíreacha ina leith, eadhon breac beo, chomh maith leis na táirgí iartheachtacha, ar nós éisc iomlána úra nó reoite, filléad, iasc deataithe. I gcomhréir le modheolaíocht an imscrúdaithe bunaidh, le haghaidh na n-iasc a ceannaíodh, ríomhadh an sochar ar bhonn na bhfóirdheontas iomlán a dheonaigh údaráis na Tuirce roinnte ar an méid iomlán fóirdheontas a tugadh i leith táirgeacht breac sa Tuirc.

3.1.2.   Tacaíocht do tháirgeacht breac de mheáchan níos mó ná 1 kg ach nach mó ná 1,2 kg

3.1.2.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(40)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, deonaíodh tacaíocht do tháirgeoirí breac a tháirgeann breac de mheáchan níos mó ná 1 kg ar bhonn Fhoraithne 1691 agus Communiqué 56. Socraíodh an méid fóirdheontais ag 1,50 TRY/kg le haghaidh na táirgeachta suas le 350 000 kg in aghaidh na bliana.

3.1.2.2.   Conclúid

(41)

Mar a deimhníodh san athbhreithniú eatramhach deiridh (17), bhí an fóirdheontas i leith breac de mheáchan níos mó ná 1 kg ceaptha tairbhe a dhéanamh do bhreac de mheáchan níos mó ná 1,2 kg i ndáiríre, i.e. an breac nach gcumhdaítear faoin sainmhíniú ar an táirge lena mbaineann. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, nach bhféadfaí an tacaíocht sin a mheas mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe do tháirgeoirí an táirge lena mbaineann.

3.1.3.   Tacaíocht do phórú breac i ngorlanna atá cosanta ar ghalair

3.1.3.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(42)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, deonaíodh tacaíocht a thabhairt do tháirgeoirí breac le haghaidh pórú breac i ngorlanna a bhí cosanta ar ghalair ar bhonn Fhoraithne 1691 agus Communiqué 56. Socraíodh méid an fhóirdheontais ag 1,50 TRY/kg le haghaidh na táirgeachta suas le 350 000 kg in aghaidh na bliana.

3.1.3.2.   Conclúid

(43)

Mar a deimhníodh san athbhreithniú eatramhach deiridh (18), mheas an Coimisiún gurb éard a bhí i dtacaíocht den sórt sin (tacaíocht i bhfoirm deontas díreach) fóirdheontais i leith táirgeacht breac a bhí comhchosúil le fóirdheontais dhíreacha, eadhon ranníocaíocht airgeadais lena mbronntar sochar de réir Airteagail 3 (1)(a)(i) agus 3(2) den bhun-Rialachán. Ós rud é nár deonaíodh an tacaíocht ach do na táirgeoirí breac, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur scéim shonrach í de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán. Is éard a bhí sa sochar deontais dhíreacha a tugadh do tháirgeoirí breac a chomhlíon na critéir incháilitheachta. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, go bhféadfaí an tacaíocht a mheas mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe.

3.1.3.3.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(44)

Mar sin féin, shuigh an Coimisiún maidir leis an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha a sampláladh, shuigh sé nár bhain siad tairbhe as an tacaíocht le haghaidh pórúchán breac i ngorlanna a bhí cosanta ar ghalair le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

3.1.4.   Táirgeacht i gcóras dúnta

3.1.4.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(45)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, deonaíodh tacaíocht le haghaidh feirmeoireacht éisc i gcóras dúnta táirgeachta (19) ar bhonn Fhoraithne 1691 agus Communiqué 56 agus bhí breac ar cheann de na speicis a cumhdaíodh. Socraíodh an méid fóirdheontais ag 1,50 TRY/kg le haghaidh na táirgeachta suas le 350 000 kg in aghaidh na bliana.

3.1.4.2.   Conclúid

(46)

Mheas an Coimisiún gurb éard a bhí i dtacaíocht den sórt sin (tacaíocht i bhfoirm deontas díreach) fóirdheontais i leith táirgeacht breac a bhí cosúil le fóirdheontais dhíreacha, eadhon ranníocaíocht airgeadais lena mbronntar sochar de réir Airteagail 3 (1)(a)(i) agus 3(2) den bhun-Rialachán. Ós rud é gur deonaíodh an tacaíocht do na táirgeoirí breac (ceann de na speicis a cumhdaíodh léi), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur scéim shonrach í de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán. Is éard a bhí sa sochar deontais dhíreacha a tugadh do tháirgeoirí breac a chomhlíon na critéir incháilitheachta. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, go bhféadfaí an tacaíocht a mheas mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe.

3.1.4.3.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(47)

Shuigh an Coimisiún nár thairbhigh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh as an tacaíocht ach oiread agus córas dúnta táirgeachta in úsáid acu le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

3.1.5.   Feirmeoireacht éisc i locháin ithreach

3.1.5.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(48)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, deonaíodh tacaíocht le haghaidh feirmeoireacht éisc i locháin ithreach ar bhonn Fhoraithne 1691 agus Communiqué 56. Socraíodh an méid fóirdheontais ag 1,50 TRY/kg le haghaidh na táirgeachta suas le 300 000 kg in aghaidh na bliana. Soláthraítear tacaíocht den sórt sin do tháirgeoirí leis an screamhuisce a fhaightear trí leictreachas nó le fíoruisce a fhaightear gan fuinneamh a úsáid chun gur féidir gníomhaíochtaí pórúcháin a dhéanamh i locháin ithreach ar mhaithe le tomhaltas intíre. B’fhéidir nach dtairbheodh na táirgeoirí sin de na scéimeanna a luaitear faoi phointí 3.1.1 agus 3.1.4 thuas.

3.1.5.2.   Conclúid

(49)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfaí an tacaíocht sin a mheas faoi dheireadh mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe do tháirgeoirí an táirge lena mbaineann ach gur fóirdheontas é nach mbeadh ar fáil, in aon chás, do na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh ós rud é go raibh tacaíocht faighte acusan cheana féin le haghaidh táirgeacht breac faoi phointe 3.1.1 thuas.

3.1.6.   Íocaíochtaí tacaíochta le haghaidh seirbhísí foilsitheoireachta agus comhairliúcháin talmhaíochta

3.1.6.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(50)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, deonaíodh íocaíochtaí tacaíochta le haghaidh seirbhísí foilsitheoireachta agus comhairliúcháin talmhaíochta ar bhonn Fhoraithne 1691 agus Communiqué 56. De bhun Airteagal 6(7) d’Fhoraithne 1691, tugadh an tacaíocht go díreach do na fiontair a raibh seirbhísí comhairliúcháin á soláthar acu agus ní do na táirgeoirí dobharshaothraithe.

3.1.6.2.   Conclúid

(51)

Le linn an imscrúdaithe bhunaidh, deonaíodh an tacaíocht le haghaidh seirbhísí foilsitheoireachta agus comhairliúcháin talmhaíochta (20) go díreach do na táirgeoirí breac. Fuarthas amach san imscrúdú atá ar siúl faoi láthair, áfach, go dtugtar an tacaíocht sin go díreach do na fiontair a sholáthraíonn seirbhísí comhairliúcháin anois. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, nár bhain aon sochar leis an scéim do na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh agus, mar sin, ní raibh sé in-fhrithchúitithe.

3.1.7.   Tacaíocht do dhiúscairt soithí iascaireachta

(52)

Deimhníodh leis an imscrúdú gur cuireadh deireadh le híocaíochtaí tacaíochta chun soithí iascaireachta a dhiúscairt in 2018.

3.1.8.   Barúlacha tar éis an nochta

(53)

Tar éis an nochta, dúirt Rialtas na Tuirce agus an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh, i ndáil le ríomh na bhfóirdheontas indíreach, nach raibh an mhodheolaíocht a chuir an Coimisiún i bhfeidhm san athbhreithniú reatha i gcomhréir leis an modheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm san imscrúdú bunaidh. San imscrúdú bunaidh, cuir i gcás, le haghaidh na mbreac a ceannaíodh, ríomhadh an sochar trí na fóirdheontais iomlána a dheonaigh údaráis na Tuirce a roinnt ar an méid iomlán breac a táirgeadh sa Tuirc agus ní ar an méid iomlán fóirdheontas a tugadh i leith táirgeacht breac sa Tuirc.

(54)

Dá réir sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar ríomh mhéid na bhfóirdheontas indíreach a ríomhadh maidir leis an mbreac a cheannaigh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh ó sholáthróirí neamhghaolmhara chun é a ailíniú leis an modheolaíocht a úsáideadh san imscrúdú bunaidh. Ina theannta sin, tar éis an nochta breise, tharraing na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh aird ar earráid maidir leis an ráta le haghaidh táillí a íoctar le comhlachais ghnó a bhaint. Cé gur aontaigh an Coimisiún leis an éileamh, áfach, ní raibh aon tionchar ábhartha aige ar mhéideanna iomlána na bhfóirdheontas.

(55)

Thug an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh barúlacha uatha féin chomh maith ar an modheolaíocht ríofa a úsáideadh i ndáil leis an bhfóirdheontas díreach. Is é a dúirt siad nár díoladh an breac go léir ar tugadh fóirdheontais dhíreacha ina leith le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Dar leo, ba cheart don Choimisiún leibhéil stoc na gcuideachtaí a chur san áireamh agus an sochar a theorannú do chainníocht na ndíolachán a onnmhairíonn na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(56)

Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuarthas na méideanna fóirdheontais ar bhonn méideanna táirgeachta breac, gan beann ar cibé acu a dhíolfar an táirgeacht sin ina dhiaidh sin le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe nó nach ndíolfar. Dá bhrí sin, diúltaíodh d’argóint na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin.

(57)

Ag cur barúlacha a thug na páirtithe leasmhara san áireamh, ba é 2,38 % agus 2,84 % méid na bhfóirdheontas díreach agus indíreach a bunaíodh le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe don dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh faoi seach; Özpekler agus GMS.

3.1.9.   Conclúid faoi dheontais

(58)

Seo a leanas méideanna iomlána na bhfóirdheontas a bunaíodh maidir leis na deontais go léir a fuarthas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe i ndáil leis an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh:

Tábla 1

Deontais

Ainm na cuideachta

Méid an fhóirdheontais

Özpekler

2,38 %

GMS

2,84 %

3.2.   Ioncam atá ligthe thar ceal

3.2.1.   Lacáiste cánach tomhaltais ar bhreosla soithigh

3.2.1.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(59)

Aithnítear na príomhphrionsabail agus coinníollacha le haghaidh an lacáiste cánach tomhaltais ar bhreosla soithigh sa Communiqué Ginearálta maidir le Cáin Tomhaltais Speisialta, Liosta Uimh. 1 (21). Soithí iascaireachta atá cláraithe i gClár Long Idirnáisiúnta na Tuirce nó sa Chlár Long Náisiúnta, d’fhéadfadh sé go dtairbheoidís don ola dhíosail mhuirí nach bhfuil aon cháin tomhaltais speisialta uirthi.

3.2.1.2.   Conclúid

(60)

Deimhníodh leis an imscrúdú nár dhócha go mbainfeadh aon tairbhe leis an tacaíocht arna tabhairt do shoithí iascaireachta le breosla a cheannach do tháirgeoirí an táirge lena mbaineann agus, go deimhin, níor thairbhigh ceachtar den dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha a sampláladh de i ndáil lena dtáirgeacht breac. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, nach bhféadfaí an tacaíocht sin a mheas mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe do tháirgeoirí an táirge lena mbaineann.

3.2.2.   Tacaíocht d’infheistíochtaí a dhéantar in earnáil an dobharshaothraithe

3.2.2.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(61)

Tá Foraithne Uimh. 2012/3305 (22) agus Communiqué cur chun feidhme Uimh. 2012/1 (23) ina mbun chun tacaíocht Stáit a thabhairt d’infheistíochtaí in earnáil an dobharshaothraithe (24) agus is iad is bunús le Clár Dreasachtaí Infheistíochta na Tuirce. Tá dhá scéim dreasachta ag baint leis:

Dreasachtaí infheistíochta réigiúnacha, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh díolúine ó CBL, díolúine ó dhleacht chustaim, laghdú cánach, tacaíocht phréimhe ó thaobh slándáil shóisialta de (scair an fhostóra), tacaíocht úis, leithdháileadh talún, cáin ioncaim iarchoimeádta agus tacaíocht phréimhe ó thaobh slándáil shóisialta de (scair an fhostaithe); agus

Dreasachtaí infheistíochta ginearálta, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh díolúine ó CBL, díolúine ó dhleacht chustaim agus cáin ioncaim iarchoimeádta.

(62)

Cuideachtaí nach féidir leo na critéir a chomhlíonadh agus an t-íosmhéid infheistíochta a dhéanamh faoin scéim dreasachtaí infheistíochta réigiúnach, féadfaidh siad tairbhe a bhaint as an scéim dreasachtaí infheistíochta ghinearálta, ar scéim í atá ar fáil do na sé réigiún go léir a shainmhínítear i bhForaithne Uimh. 2012/3305. Bunaithe ar leibhéal na forbartha eacnamaíche atá iontu, d’fhéadfadh an chabhair a bheith difriúil ó réigiún go réigiún. Tá an Fhoraithne agus an Communiqué bailí go fóill agus níor athraíodh na sé réigiún ó rinneadh an t-imscrúdú bunaidh.

3.2.2.2.   Conclúid

(63)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, thairbhigh GMS do laghduithe cánach ioncaim agus thairbhigh Özpekler do dhíolúintí ó CBL agus ó dhleacht chustaim faoi na dreasachtaí infheistíochta réigiúnacha. Mar a deimhníodh san imscrúdú bunaidh (25), meastar gur fóirdheontas an tacaíocht d’infheistíochtaí de réir bhrí Airteagail 3(1)(a)(ii) agus 3(2) den bhun-Rialachán, i gcás inar dreasacht chánach í an tacaíocht, i.e. i gcás ina bhfuil ioncam rialtais dlite murach í ach ligtear thar ceal é nó ní bhailítear é.

(64)

Is sonrach agus is in-fhrithchúitithe an fóirdheontas ós rud é go bhfuil sochar an fhóirdheontais teoranta go sonrach do liosta réigiún. Tá an rochtain ar an bhfóirdheontas teoranta a thuilleadh d’fhiontair áirithe a fheidhmíonn in earnálacha ar leithligh. Anuas air sin, ní chomhlíonann an fóirdheontas ceanglais neamh-shainiúlachta Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán, i bhfianaise líon agus cáilíocht na srianta is infheidhme maidir le hearnálacha áirithe, go háirithe na srianta sin lena ndéantar rochtain ar an bhfóirdheontas a theorannú do chineálacha áirithe fiontar nó lena bhfágtar earnálacha áirithe amach go hiomlán.

(65)

Ainmnítear an dobharshaothrú go sainráite in Iarscríbhinn 2A d’Fhoraithne 2012/3305 mar cheann de na gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as na cineálacha sin díolúintí. In Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an bhForaithne, liostaítear na hearnálacha arbh fhéidir nach mbainfidís tairbhe as aon dreasacht faoin scéim sin.

3.2.2.3.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(66)

Chun méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe a bhunú, rinneadh an sochar a bronnadh ar na faighteoirí le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe a ríomh mar an difríocht idir an cháin iomlán iníoctha de réir an ghnáthráta cánach agus an cháin iomlán iníoctha faoin ráta laghdaithe cánach. Fuarthas, áfach, gur diomaibhseach an sochar do Özpekler. 0,7 % an méid fóirdheontais a bunaíodh le haghaidh GMS le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

3.2.2.4.   Barúlacha tar éis an nochta

(67)

Thug an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh barúlacha iad féin chomh maith ar an tacaíocht d’infheistíochaí a rinneadh. Dúirt siad nár cheart don Choimisiún an sochar le haghaidh na díolúine ó CBL a ríomh ó tharla go ndéanann gach cuideachta a CBL a fhritháireamh sa mhí chéanna nó sna míonna atá le teacht i gcomhréir le comhardú iníoctha agus infhaighte CBL na cuideachta. Ba é an t-aon tairbhe a bhí ann don chuideachta ná gurbh fhéidir leo an réamhíocaíocht CBL a sheachaint.

(68)

Ó thaobh na cuntasaíochta de, déantar na méideanna iníoctha CBL a fhritháireamh in aghaidh na méideanna infhaighte CBL, ach ní hé go mbíonn an sreabhadh airgid thíos leis sin, áfach, ós rud é nach gá do na táirgeoirí onnmhairiúcháin airgead a eisíoc roimh ré agus ansin fanacht le haisíoc a fháil ó na húdaráis chánach bunaithe ar phróiseáil a ndearbhuithe CBL míosúla mar a chaitheann cuideachtaí eile a dhéanamh nach dtairbhíonn den scéim. Go deimhin, mar a dheimhnigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin iad féin, is é an “t-aon tairbhe amháin a bhaineann leis an scéim do rannpháirtithe gur féidir leo (an) íocaíocht CBL a sheachaint [...] íocaíocht a chaitheann cuideachtaí eile nach bhfuil an Teastas Dreasachtaí Infheistíochta acu a dhéanamh ar dtús agus ansin faigheann siad an t-airgead ar ais níos déanaí” (26). Diúltaíodh, dá bhrí sin, d’argóintí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin.

3.3.   Aistriú díreach cistí – maoiniú fabhrach

3.3.1.   Árachas tacaithe d’earnáil an dobharshaothraithe

3.3.1.1.   Tuairisc agus bunús dlí

(69)

De réir Dhlí Árachais Talmhaíochta Uimh. 5363 (27) agus Fhoraithne Uimh. 2018/380 (28) maidir le rioscaí, barra agus réigiúin atá le cumhdach ag an nGrúpa Árachóirí Talmhaíochta agus na hArdrátaí Tacaíochta le haghaidh na bliana 2019, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh táirgeoirí de tháirgí dobharshaothraithe tairbhe as préimh árachais laghdaithe lena gcumhdófaí caillteanais sa stoc éisc agus sa saothrú breac de dheasca galair iomadúla a d’fhéadfadh cur isteach orthu, tubaistí nádúrtha, timpistí, etc. Faightear 50 % den phréimh árachais ó thacaíocht Rialtas na Tuirce.

3.3.1.2.   Conclúid

(70)

Mar a deimhníodh san imscrúdú bunaidh (29), maidir leis an sochar a bhronntar leis an scéim seo, is laghdú é ar na costais airgeadais a thabhaítear i gcumhdach árachais saoil de bheostoc dobharshaothraithe. Is fóirdheontas í an scéim seo de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán i bhfoirm deontas díreach ó Rialtas na Tuirce do tháirgeoirí breac agus ranníocaíocht airgeadais mar go dtairbhíonn faighteoirí an fhóirdheontais de phréimh árachais fhabhrach, ar préimh árachais í atá i bhfad faoi bhun leibhéal na bpréimheanna árachais atá ar fáil ar an margadh le haghaidh rioscaí inchomparáide a chumhdach. Bronntar sochar leis an scéim de réir bhrí Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Is ionann an sochar agus an difríocht idir na préimheanna a thairgtear i gcomhthéacs polasaí árachais tráchtála agus an phréimh fhóirdheonaithe.

(71)

Is sonrach í an tacaíocht mar déanann an t-údarás deonúcháin agus an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn an t-údarás deonúcháin, déanann siad teorannú sainráite ar rochtain ar an bpréimh laghdaithe sin d’fhiontair a fheidhmíonn san earnáil talmhaíochta agus díríonn siad go sainráite ar na rioscaí a thabhaíonn táirgeoirí dobharshaothraithe go fiú.

3.3.1.3.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(72)

Shuigh an Coimisiún gur thairbhigh ceann de na táirgeoirí a sampláladh, Özpekler, den scéim sin. An méid fóirdheontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ab ea 0,1 %.

3.3.2.   Iasachtaí fabhracha

(73)

Le linn an imscrúdaithe bunaidh, chinn an Coimisiún go raibh táirgeoirí breac na Tuirce ag baint tairbhe as iasachtaí fabhracha, amhail:

Iasachtaí talmhaíochta ar ús íseal nó iasachtaí talmhaíochta saor ó ús,

Creidmheasanna onnmhairiúcháin úis ísle le Eximbank na Tuirce

3.3.2.1.   Iasachtaí talmhaíochta

3.3.2.2.   Tuairisc agus bunús dlí

(74)

Ar an gcéad dul síos, déantar foráil le Foraithne Uimh. 2018/1188 maidir le Comharchumainn Chreidmheasa Talmhaíochta (“CCTanna”) agus Ziraat Bankasi A.S. iasachtaí ar ús íseal agus iasachtaí gnó a dheonú do tháirgeoirí earnáil an dobharshaothraithe. Féadfaidh na táirgeoirí breac lacáiste a fháil ar na rátaí úis is infheidhme; idir 50 % agus 100 %. Is é 5 000 000 TRY an uasteorainn chreidmheasa. Cumhdaítear leis an bhForaithne tréimhse iarratais ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2019 (na laethanta sin san áireamh).

(75)

Na CCTanna a liostaítear san Fhoraithne, is eintitis dhlítheanacha phríobháideacha iad arna mbunú ag táirgeoirí talmhaíochta (i.e. daoine nádúrtha nó eintitis dhlítheanacha a bhfuil baint acu le táirgeacht talmhaíochta) sa Tuirc chun tacú lena riachtanais airgeadais sa ghnó.

(76)

Is é Ziraat Bankasi A.S. Banc Talmhaíochta Phoblacht na Tuirce agus is leis an Stát ina iomláine é. Le linn an imscrúdaithe bunaidh, ba le Forúnaíocht an Státchiste a scaireanna. Ó 2018, áfach, rinneadh a chaipiteal a aistriú chuig Ciste Infheistíochta na Tuirce. I gcomhréir le hAirteagal 2 de Dhlí Uimh. 6741 maidir le Bunú Chuideachta Bainistíochta Chiste Infheistíochta na Tuirce agus Leasuithe ar Dhlíthe Áirithe, is institiúid é Ciste Infheistíochta na Tuirce atá cleamhnaithe leis an Uachtaránacht. Is é Uachtarán na Poblachta atá ina Chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí an Chiste. Féadfaidh Uachtarán na Poblachta duine de Bhaill an Bhoird a ainmniú ina Leas-Chathaoirleach. Dá réir sin, tá an rialtas i gceannas ar Ziraat Bankasi A.S. go fóill agus dá bhrí sin meastar gur comhlacht poiblí atá ann, d’ainneoin an athraithe fhoirmiúil ar úinéireacht a chaipitil.

(77)

Ar an dara dul síos, déantar foráil le Foraithne Uimh. 2010/27612 (30) maidir le hiasachtaí ag rátaí úis náid faoin gcéad a dheonú do FBManna.

3.3.2.3.   Torthaí

(78)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, ní raibh ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha a sampláladh ach iasachtaí ar ús íseal ó Ziraat Bankasi A.S., arbh iasachtaí gan íoc iad, ach níor úsáid siad iasachtaí ar ús íseal ó CCTanna ná iasachtaí saor ó ús do FBManna.

3.3.2.4.   Creidmheasanna onnmhairiúcháin

3.3.2.5.   Tuairisc agus bunús dlí

(79)

Mar a deimhníodh san imscrúdú bunaidh, d’fhostaigh Rialtas na Tuirce Türkiye İhracat Kredi Bankası A.Ş (“Eximbank”) an 21 Lúnasa 1987 le Foraithne Uimh. 87/11914, tar éis ordú Dhlí Uimh. 3332 (31) ar chreidmheasanna onnmhairiúcháin agus is faoi úinéireacht iomlán an Stáit é ag gníomhú dó mar uirlis dhreasachta onnmhairiúcháin Rialtas na Tuirce i straitéis onnmhairiúcháin na Tuirce. Thug an rialtas sainordú do Eximbank tacú le trádáil eachtrach agus le conraitheoirí nó infheisteoirí na Tuirce a fheidhmíonn thar lear (32) chun méid na dtáirgí a onnmhairítear ó ghnólachtaí na Tuirce a mhéadú agus chun a n-iomaíochas idirnáisiúnta a neartú. Dá réir sin, meastar go bhfuil smacht ag an rialtas ar Eximbank agus gur comhlacht poiblí é dá bhrí sin.

(80)

Is é Dlí Uimh. 3332 chomh maith le Rún Uimh. 2013/4286 (33) maidir le Eximbank a bhunú an bunús dlí leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin a sholáthraítear tríd an Eximbank. Soláthraíonn Eximbank tacaíocht airgeadais (é féin go díreach nó trí bhainc chomhfhreagracha a oibríonn ar bhonn coimisiúin), amhail creidmheasanna onnmhairiúcháin réamhloingsithe nó iar-loingsithe nach féidir a fháil gan onnmhairiú a dhéanamh, agus creidmheasanna infheistíochtaí onnmhairiúcháin d’onnmhaireoirí, agus is é is aidhm leis sin uile iomaíochas onnmhairí na Tuirce a mhéadú i margaí eachtracha.

(81)

Thairis sin, úsáidtear “creidmheasanna athlascaine”, mar a thugtar orthu, chun airleacain airgid a thabhairt d’onnmhaireoirí bunaithe ar lascainiú billí agus doiciméad a bhaineann le díolacháin onnmhairí. Is iad na “Treoracha Cur Chun Feidhme maidir le Creidmheas Athlascaine d’Onnmhairí agus Seirbhísí Tuillte Malairte Eachtraí” bunús dlí na gcreidmheasanna sin (34). Tá na creidmheasanna athlascaine maoinithe ag Banc Ceannais na Tuirce (BCT) ach is trí institiúidí airgeadais na Tuirce a bhronntar iad (bainc phoiblí chomh maith le bainc phríobháideacha), institiúidí a fheidhmíonn mar ghníomhairí ag BCT. Is é BCT a shocraíonn na rátaí úis agus íoctar na bainc chomhfhreagracha trí choimisiún a ghearrtar ar na faighteoirí.

3.3.2.6.   Torthaí

(82)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, bhí creidmheasanna onnmhairiúcháin ar ús íseal gan íoc ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha a sampláladh arna soláthar go díreach ag Eximbank nó ag bainc phoiblí nó phríobháideacha eile ag gníomhú dóibh mar bhainc chomhfhreagracha de chuid Eximbank. Bhain na cuideachtaí tairbhe as creidmheasanna athlascaine chomh maith arna soláthar ag an Eximbank nó ag bainc phoiblí nó phríobháideacha eile.

3.3.2.7.   An chonclúid ghinearálta maidir le hiasachtaí fabhracha

(83)

Mar a deimhníodh san imscrúdú bunaidh (35), meastar gur fóirdheontas é an maoiniú fabhrach a luaitear thuas (iasachtaí talmhaíochta agus creidmheasanna onnmhairiúcháin) de réir bhrí Airteagail 3(1)(a)(i) agus 3(2) den bhun-Rialachán.

(84)

Ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe reatha, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, maidir leis na scéimeanna maoinithe fhabhraigh thuasluaite, go mbronntar sochar ar na faighteoirí leo, de bharr go ndeonaítear an maoiniú sin faoi bhun rátaí an mhargaidh, eadhon faoi choinníollacha nach léirítear coinníollacha an mhargaidh leo i ndáil le maoiniú a bhfuil aibíocht inchomparáide ag baint leis.

(85)

Is sonrach iad na scéimeanna maoinithe fhabhraigh sin de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán chomh fada agus a bhaineann siad leis na hiasachtaí talmhaíochta, mar go ndéanann na húdaráis deonúcháin nó an reachtaíocht ar dá bun a fheidhmíonn na húdaráis deonúcháin, déanann siad teorannú sainráite ar rochtain d’fhiontair áirithe. Is sonrach iad na creidmheasanna a bhaineann le honnmhairiú de réir bhrí Airteagal 4(4)(a) den bhun-Rialachán, de bharr go bhfuil siad ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin.

(86)

Dá bhrí sin, meastar gur fóirdheontais in-fhrithchúitithe na scéimeanna maoinithe fhabhraigh uile a luaitear thuas.

3.3.2.8.   Barúlacha tar éis an nochta

(87)

Tar éis an nochta, thug an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh barúlacha ar an modheolaíocht ríofa a úsáideadh i ndáil leis na fóirdheontais in-fhrithchúitithe le haghaidh na n-iasachtaí fabhracha, á éileamh nach iasachtaí fabhracha aon iasacht eile seachas na hiasachtaí a fuarthas ó Eximbank, bíodh is go raibh na hiasachtaí eile a fuarthas ó bhainc thrádála eile laistigh de choinníollacha an mhargaidh, fiú dá mb’ísle an ráta úis iarbhír ná an tagarmharc a d’úsáid an Coimisiún. Dá thoradh sin, dar leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin, ní iasachtaí in-fhrithchúitithe a bhí sna hiasachtaí sin de bharr an ráta úis ní b’ísle a fuarthas.

(88)

Mar a mhínítear in aithris (80), deimhníodh leis an imscrúdú seo go raibh creidmheasanna onnmhairiúcháin á soláthar, ní hamháin go díreach ag Eximbank, ach ag bainc phoiblí nó phríobháideacha eile chomh maith a bhí ag gníomhú dóibh mar bhainc chomhfhreagracha de chuid Eximbank. Thairis sin, deimhníodh leis an tacar coinníollacha a bunaíodh in aithrisí (83) go (85) go raibh na hiasachtaí sin in-fhrithchúitithe. Anuas air sin, mar a mhínítear in aithris (81), bhí na creidmheasanna athlascaine á maoiniú ag Banc Ceannais na Tuirce (BCT) ach is trí institiúidí airgeadais na Tuirce a treoraíodh iad (bainc phoiblí chomh maith le bainc phríobháideacha), institiúidí a bhí ag feidhmiú mar ghníomhairí ag BCT.

(89)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú mionsonraithe ar na hiasachtaí ar éiligh na cuideachtaí a sampláladh gurbh iasachtaí neamhfhabhracha iad. Níorbh leor an fhaisnéis a soláthraíodh, áfach, chun teacht ar an gconclúid nach raibh baint ag na hiasachtaí sin leis na scéimeanna fabhracha. Go deimhin féin, léiríodh go soiléir sna doiciméid tacaíochta a soláthraíodh le haghaidh na n-iasachtaí sin le linn an imscrúdaithe go raibh an maoiniú a soláthraíodh nasctha le gealltanais onnmhairiúcháin. Anuas air sin, in go leor cásanna, níor soláthraíodh ach litir i dTuircis ón gcuideachta inar iarradh maoiniú ar na bainc. Thairis sin, bhí san áireamh i gcónaí i gcreat-chomhaontuithe ginearálta na mbanc airteagail lena ndearnadh nasc idir na creidmheasanna onnmhairiúcháin a soláthraíodh agus cleachtais dreasachta Eximbank agus BCT. Diúltaíodh, dá bhrí sin, d’argóintí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin.

(90)

D’éiligh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh chomh maith nach raibh cuid de na hiasachtaí ag brath ar onnmhairiú agus, dá réir sin, nach iasachtaí in-fhrithchúitithe a bhí iontu. Tar éis athbhreithnithe, d’aontaigh an Coimisiún, bunaithe ar na doiciméid tacaíochta a soláthraíodh, nár bhain cuid de na hiasachtaí le díolacháin onnmhairí agus nár tháinig siad faoi raon na n-iasachtaí talmhaíochta ar tugadh fóirdheontas ina leith agus, dá bhrí sin, nár cumhdaíodh le haon scéim fóirdheontais iad. Dá bhrí sin, bhain an Coimisiún na hiasachtaí sin as ríomh an tsochair.

(91)

Sholáthair ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh faisnéis nach raibh ceann dá chuid iasachtaí a fuair sé bainteach leis an táirge lena mbaineann agus dá bhrí sin, nach bhféadfaí aon sochar a ríomh lena haghaidh. Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfaisnéis a fuarthas ach níorbh fhéidir leis a dheimhniú go raibh raon na hiasachta teoranta do tháirgí seachas an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, diúltaíodh d’éileamh an táirgeora onnmhairiúcháin.

(92)

Tar éis an nochta, agus tar éis an nochta breise freisin, d’éiligh an táirgeoir onnmhairiúcháin céanna a sampláladh maidir le cuid de na hiasachtaí a bhí ag brath ar onnmhairiú, nach amháin gur bhain siad leis an táirge lena mbaineann ach le hiasc eile a onnmhairíodh chomh maith. Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na hiasachtaí sin agus, bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair an chuideachta, bhí sé in ann a dheimhniú maidir le cuid de na hiasachtaí sin a bhí ag brath ar onnmhairiú, gurbh fhíor gur bhain siad le cineálacha difriúla iasc a onnmhairíodh. Dá bhrí sin, cuireadh na ríomhanna in oiriúint dá réir.

(93)

Thairis sin, rinne na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh an argóint gur cheart don Choimisiún an bonnráta úis ar an dáta is gaire don dáta roimh nó i ndiaidh dháta tosaithe na hiasachta a chur san áireamh. Maidir leis sin, thug an Coimisiún faoi deara go meastar go bhfuil na sonraí maidir leis an mbonnráta úis a sholáthraítear amhail ó dháta ar leith bailí ón dáta sin go dtí go bhfoilseofar sonraí nua. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún an bonnráta úis ar an dáta is gaire don dáta roimh dháta tosaithe na hiasachta a chur san áireamh. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh sin.

(94)

Tharraing an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh aird ar roinnt earráidí cléireachais chomh maith maidir le ríomh na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe le haghaidh na n-iasachtaí fabhracha i ndáil le haisíocaíochtaí caipitil sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, an líon laethanta atá le cur san áireamh chun an t-ús a ríomh sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus na bonnrátaí úis a roghnaíodh ar na dátaí míchearta. Ceartaíodh na hearráidí cléireachais sin. Tar éis an nochta breise, d’iarr táirgeoir onnmhairiúcháin amháin a sampláladh mionathruithe breise a dhéanamh ar thrí iasacht. Ceartaíodh iasacht amháin. Mar gheall gur baineadh an sochar den dá iasacht eile cheana féin bunaithe ar cheartúcháin roimhe sin, áfach, níor measadh go raibh gá le haon athrú eile.

(95)

Agus barúlacha a thug na páirtithe leasmhara á gcur san áireamh, ba é 0,75 % agus 0,72 % méid na bhfóirdheontas i ndáil leis na scéimeanna maoinithe fhabhraigh a bunaíodh le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe le haghaidh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a sampláladh faoi seach; Özpekler agus GMS.

3.3.2.9.   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(96)

I gcomhréir le hAirteagal 6(b) den bhun-Rialachán, rinneadh an sochar ar mhaoiniú fabhrach a ríomh mar an difríocht idir méid an úis a íocadh agus an méid a d’íocfaí ar iasacht tráchtála inchomparáide. Mar thagarmharc, chuir an Coimisiún meánráta úis ualaithe iasachtaí tráchtála i bhfeidhm ar mhargadh intíre na Tuirce, bunaithe ar shonraí a fuair sé ó BCT (36). Rinne an Coimisiún an sochar a bhain leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin a leithdháileadh ar na díolacháin onnmhairí agus leithdháileadh na hiasachtaí talmhaíochta ar na díolacháin iomlána.

(97)

Seo a leanas na méideanna fóirdheontais a ríomhadh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh bunaithe ar an modheolaíocht sin:

Tábla 2

Maoiniú fabhrach

Ainm na cuideachta

Méid an fhóirdheontais

Özpekler

0,75 %

GMS

0,72 %

3.4.   An méid críochnaitheach fóirdheontas in-fhrithchúitithe

(98)

Ar bhonn na mbreithnithe thuas, chinn an Coimisiún, maidir leis an méid comhiomlánaithe fóirdheontas in-fhrithchúitithe i gcomhréir le forálacha an bhun-Rialacháin, arna shloinneadh ad valorem, chinn sé gurbh éard a bhí sa mhéid sin le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh 4,2 % agus 3,2 % faoi seach, agus leis sin léirítear leanúnachas i bhfóirdheonú le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

Tábla 3

Na rátaí le haghaidh na bhfóirdheontas frithchúitimh aonair

Scéim tacaíochta

GMS

Özpekler

Tacaíocht dhíreach do tháirgeacht breac

2,84 %

2,38 %

Iasachtaí fabhracha

0,72 %

0,75 %

Tacaíocht do phréimheanna árachais

0,0 %

0,10 %

Tacaíocht d’infheistíochtaí arna ndéanamh

0,70 %

0,0 %

Méid iomlán an fhóirdheontais

4,2 %

3,2 %

3.5.   An dóchúlacht go leanfaí den fhóirdheonú

(99)

I gcomhréir le hAirteagal 18(2) den bhun-Rialachán, rinneadh scrúdú le fáil amach an leanfaí den fhóirdheonú nó an gcuirfí deireadh leis de thoradh dhul in éag na mbeart atá i bhfeidhm.

(100)

Mar a leagtar amach in aithrisí (33) go (97), fuarthas amach, maidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin na Tuirce, is é sin táirgeoirí an táirge lena mbaineann, fuarthas amach gur lean siad de thairbhe a bhaint as fóirdheontais in-fhrithchúitithe ó údaráis na Tuirce le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(101)

Bronntar sochair leanúnacha leis na cláir fóirdheontais agus níl aon chomhartha ann go gcuirfear deireadh leis na sochair sin go ceann tamall fada. Thairis sin, is iondúil go mbíonn onnmhaireoirí i dteideal roinnt de na fóirdheontais.

(102)

Rinneadh scrúdú chomh maith le fáil amach an ndéanfaí líon mór onnmhairí chuig an Aontas dá gcuirfí deireadh leis na bearta.

(103)

Is táirgeoir mór í an Tuirc den táirge lena mbaineann. Ar bhonn sonraí a bailíodh le linn an imscrúdaithe, agus mar a leagtar amach in aithris (165), rinne an Tuirc 95 000 tona breac a tháirgeadh le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (37). Mar a luaitear in aithris (112), ba shubstaintiúil na méideanna allmhairí breac ón Tuirc sa tréimhse chéanna; thart ar 20 500 tona i gcoibhéisí éisc iomláin, arbh ionann iad agus 14 % de mhargadh an Aontais. Ní raibh aon chomharthaí ann go dtiocfadh laghdú ar na méideanna sin dá gcuirfí deireadh leis na bearta.

(104)

Sna dálaí sin, tá dóchúlacht ann, maidir le méideanna na n-onnmhairí fóirdheonaithe den táirge lena mbaineanna thugtar isteach san Aontas, ar méideanna móra a bhí i gceist leo cheana féin le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, go leanfaí leis na méideanna móra sin a thabhairt isteach dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dhócha go leanfaí den fhóirdheonú.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar an tionscal de chuid an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(105)

Rinne níos mó ná 700 táirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Is ionann na táirgeoirí sin agus an “tionscal de chuid an Aontais” de réir bhrí Airteagal 8(1) den bhun-Rialachán.

(106)

Measadh gurbh éard a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe thart ar 129 milliún kg de “choibhéisí éisc iomláin”, bunaithe ar shonraí arna soláthar ag an iarratasóir agus na cuideachtaí aonair a sampláladh. B’ionann na hocht dtáirgeoir chomhoibríocha ón Aontas a roghnaíodh sa sampla agus 13 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil san Aontas.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(107)

Fuarthas tomhaltas an Aontais trí iomlán an mhéid mheasta díolachán i dtionscal an Aontais i margadh an Aontais (féach aithris (118)) a chur leis an méid iomlán a allmhairíodh mar a sainaithníodh ó Eurostat (féach aithris (91) agus Táblaí 6 agus 8).

(108)

Tuairiscítear an méid allmhairí in Eurostat i nglanmheáchain faoi shé chód AC dhifriúla, eadhon beo, úr, fuaraithe, reoite agus/nó deataithe i bhfoirm éisc nó filléid iomlána agus/nó gheolbhaithe. Aistríodh an glanmheáchan a tuairiscíodh in Eurostat ina “choibhéisí éisc iomláin” chun críoch comparáideachta, mar gheall gur tuairiscíodh táirgeacht thionscal an Aontais agus na sonraí díolacháin i gcoibhéisí éisc iomláin chomh maith. Rinneadh é sin tríd an méid allmhairí a tuairiscíodh in Eurostat a roinnt ar na fachtóirí coinbhéartachta thíos. Na fachtóirí coinbhéartachta a úsáideadh, ba iad na fachtóirí coinbhéartachta a sholáthair an t-iarratasóir iad agus a úsáideadh san imscrúdú bunaidh:

Tábla 4

Fachtóirí coinbhéartachta (i dtonaí WFE)

Beo

1,00

Úr/fuaraithe/reoite (geolbhaithe)

0,85

Filléid: Úr/fuaraithe/reoite

0,47

Filléid: Deataithe

0,40

(109)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar seo a leanas:

Tábla 5

Tomhaltas an Aontais (i dtonaí WFE)

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Margadh an Aontais

150 175

147 069

157 078

147 603

Innéacs

100

98

105

98

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir faoi mhacratháscairí agus Eurostat

(110)

Tháinig luaineacht bheag i dtomhaltas an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Ar an iomlán, tháinig laghdú 2 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh, rud a d’fhág gur thit sé ó 150 175 thona WFE in 2016 go 147 603 thona WFE le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.3.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(111)

Shuigh an Coimisiún méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn Eurostat arna shloinneadh i dtonaí WFE mar a shonraítear in aithris (92). Suíodh sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn an mhéid allmhairí agus thomhaltas iomlán an Aontais.

(112)

Ar a bhonn sin, is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón Tuirc agus ar a sciar den mhargadh:

Tábla 6

Méid na n-allmhairí (i dtonaí WFE) agus an sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Luach na n-allmhairí ón Tuirc

21 684

19 523

17 831

20 466

Innéacs

100

90

82

94

Sciar den mhargadh

14,4 %

13,3 %

11,4 %

13,9 %

Innéacs

100

92

79

96

Foinse: Eurostat

(113)

Tháinig laghdú ar an méid allmhairí ón Tuirc de réir a chéile idir 2016 agus 2018 agus tháinig méadú arís air le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 6 % ar an méid allmhairí le linn na tréimhse a breithníodh, ar ráta é atá i bhfad níos ísle le hais na n-allmhairí ó thíortha eile ar tháinig laghdú 13 % orthu le linn na tréimhse céanna (féach aithris (106)). Bhí méideanna na n-allmhairí breac ón Tuirc substaintiúil go fóill ag 20 446 thona WFE le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(114)

B’ionann na hathruithe treochta don sciar den mhargadh agus do na méideanna allmhairí, i.e. tháinig laghdú air idir 2016 agus 2018 ó 14,4 % go 11,4 % le 3 phointe céatadáin agus tháinig méadú arís air le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe go 13,9 %. Bhí sciar cobhsaí go leor den mhargadh ag na hallmhairí ón Tuirc ar an iomlán le linn na tréimhse a breithníodh, cé is moite de 2018 nuair a tháinig laghdú 1,9 pointe céatadáin air i ndáil le 2017.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(115)

Shuigh an Coimisiún meánphraghsanna na n-allmhairí ar bhonn Eurostat, trí mhéid iomlán na n-allmhairí ón Tuirc arna shloinneadh i dtonaí WFE a roinnt ar luach iomlán na n-allmhairí sin.

(116)

Ar a bhonn sin, is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ón Tuirc:

Tábla 7

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona WFE)

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An Tuirc

2 940

2 803

2 789

2 887

Innéacs

100

95

95

98

Foinse: Eurostat

(117)

Tháinig laghdú 5 % ar an bpraghas allmhairiúcháin ón Tuirc idir 2016 agus 2018 sular tháinig méadú 3,5 % air arís sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 2 % ar an bpraghas allmhairiúcháin ón Tuirc le linn na tréimhse a breithníodh. Le hais praghsanna dhíolacháin an Aontais, mar a luaitear i dTábla 12, b’ísle i bhfad praghas na n-allmhairí ón Tuirc ná praghsanna an Aontais le linn na tréimhse lena mbaineann.

(118)

Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh chineál táirge na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh, rud a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú don leibhéal díreach ón monarcha; agus

na meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh chineál táirge na n-allmhairí ó na táirgeoirí ón Tuirc a sampláladh chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna mbunú ar bhonn costais, árachais, last-táille (CAL), lena n-áirítear an dleacht frithchúitimh, le coigeartuithe iomchuí le haghaidh costais iar-allmhairiúcháin.

(119)

Rinneadh an chomparáid praghsanna ar bhonn an chineáil d’idirbhearta ar an leibhéal trádála céanna, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí ón Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Léiríodh meánchorrlaigh sladghearrtha ualaithe idir 13,7 % agus 32,2 % leis maidir leis na hallmhairí ón Tuirc.

(120)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, ba é 14,5 % an meánchorrlach sladghearrtha ualaithe (dleachtanna frithchúitimh san áireamh).

4.3.3.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas an Tuirc

(121)

Is ón Iorua, agus ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin, den chuid is mó, a tháinig na hallmhairí breac ó thríú tíortha seachas an Tuirc.

(122)

Mar a thugtar tuairisc air in aithris (108), sloinneadh méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile mar a tuairiscíodh in Eurostat i dtonaí WFE. Ar a bhonn sin, is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le hallmhairí breac ó thríú tíortha eile:

Tábla 8

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas an Tuirc

Méid táirgeachta (tonaí WFE)

2 431

1 402

1 844

2 118

Innéacs

100

58

76

87

Sciar den mhargadh

1,6 %

1,0 %

1,2 %

1,4 %

Innéacs

100

59

72

89

Meánphraghas (EUR/tonaí WFE)

3 279

3 332

3 519

3 336

Innéacs

100

102

107

102

Foinse: Eurostat

(123)

B’íseal méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse a breithníodh agus ar an iomlán, tháinig laghdú beag air ó 2 432 thona in 2016 go dtí 2 118 dtona sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, sin laghdú 13 % le linn na tréimhse a breithníodh. Le linn na tréimhse ar fad a breithníodh, d’fhan an sciar comhfhreagrach den mhargadh faoi bhun 2 % agus ar an iomlán, tháinig laghdú air ó 1,6 % go 1,4 %. Ar an iomlán, tháinig méadú 2 % ar phraghsanna allmhairí tríú tíortha le linn na tréimhse a breithníodh agus bhí siad, ar an meán, i bhfad ní b’airde ná praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann (15 % ní b’airde sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe).

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(124)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh.

(125)

Mar a luaitear in aithris (15), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais a mheasúnú.

(126)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí a sholáthraigh an t-iarratasóir agus na cuideachtaí aonair a sampláladh, rud a bhain le gach táirgeoir ón Aontas. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí a fuarthas i bhfreagraí na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh, sonraí nár bhain ach leis na táirgeoirí ón Aontas a sampláladh. Fuarthas amach go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais.

(127)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeadh, acmhainn táirgeachta, úsáid acmhainne, méid an díolacháin, sciar margaidh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh fóirdheontais, agus téarnamh tar éis fóirdheontas a fuarthas san am atá thart.

(128)

Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: na meánphraghsanna aonaid, an costas aonaid, costais saothair, fardail, an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(129)

Fuarthas méid táirgeachta thionscal an Aontais ón iarratasóir ar bhonn shonraí Thuarascáil Chónaidhm Táirgeoirí Dobharshaothraithe na hEorpa (“FEAP”) (38). Bailítear sonraí FEAP ar fhágáil na feirme do na héisc agus is le héisc bheo atá á saothrú i ngach Ballstát a bhaineann siad. Cumhdaíodh sonraí le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe le tuarascáil FEAP chomh maith.

(130)

Ar a bhonn sin, tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 9

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Méid táirgeachta (tonaí WFE)

133 129

131 518

141 841

128 988

Innéacs

100

99

107

97

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí WFE)

196 211

188 879

206 760

193 133

Innéacs

100

96

105

98

Úsáid acmhainneachta

68 %

70 %

69 %

67 %

Innéacs

100

103

101

98

Foinse: freagraí ceistneora agus iarratasóra ó tháirgeoirí an Aontais a sampláladh

(131)

Tháinig luaineacht bheag sa táirgeacht le linn na tréimhse a breithníodh. Cé gur tháinig laghdú 1 % uirthi idir 2016 agus 2017, tháinig méadú 8 % uirthi idir 2017 agus 2018, agus tháinig laghdú 10 % arís air sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 3 % ar an méid táirgeachta le linn na tréimhse a breithníodh.

(132)

Tá an patrún céanna le haithint san acmhainneacht táirgeachta (39) agus atá sa mhéid táirgeachta; tháinig laghdú 4 % uirthi idir 2016 agus 2017, tháinig méadú 8 % uirthi in 2018 agus tháinig laghdú 7 % arís uirthi sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 2 % uirthi le linn na tréimhse a breithníodh.

(133)

D’fhan an úsáid acmhainneachta cobhsaí go leor agus ar an iomlán, tháinig laghdú 2 % uirthi le linn na tréimhse a breithníodh.

4.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(134)

Suíodh méid díolachán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais ar bhonn faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir trí mhéid na ndíolachán onnmhairí i dtionscal an Aontais a bhaint den mhéid iomlán táirgeachta i dtionscal an Aontais, mar a dtugtar tuairisc air in aithrisí (129) go (130).

(135)

Ar a bhonn sin, is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán i dtionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais agus ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse a breithníodh:

Tábla 10

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Méid na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí WFE)

126 060

126 143

137 403

125 020

Innéacs

100

100

109

99

Sciar den mhargadh

84 %

86 %

88 %

85 %

Innéacs

100

102

104

101

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir faoi mhacratháscairí.

(136)

Tháinig laghdú beag 1 % le linn na tréimhse a breithníodh. Bhí sé cobhsaí ag an tús idir 2016 agus 2017 agus ansin tháinig méadú 9 % air idir 2017 agus 2018 agus tháinig laghdú 10 % air ansin le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, ag baint leibhéil níos ísle ná leibhéil 2016 amach. D'fhág an laghdú comhthreomhar ar thomhaltas a dtugtar tuairisc air in aithris (110) gur tháinig méadú beag ar an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais ó 84 % in 2016 go 85 % le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, i.e. méadú 1 % thar an tréimhse a breithníodh.

4.4.2.3.   Fás

(137)

Cé gur tháinig laghdú 2 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh, tháinig laghdú 1 % ar an méid díolachán i dtionscal an Aontais, rud arb ionann é agus méadú 1 % ar an sciar den mhargadh.

4.4.2.4.   An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

(138)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 11

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Líon na bhfostaithe

2 216

2 050

2 210

2 174

Innéacs

100

92

100

98

Táirgiúlacht (tonaí WFE/fostaí)

60

64

64

59

Innéacs

100

107

107

99

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir faoi mhacratháscairí

(139)

Tháinig luaineacht ar fhostaíocht thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh; tháinig laghdú 8 % uirthi idir 2016 agus 2017, ansin tháinig méadú 8 % uirthi arís in 2018, agus faoi dheireadh tháinig laghdú 2 % uirthi idir 2018 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 2 % uirthi.

(140)

Tháinig laghdú beag ar tháirgiúlacht mar gheall ar laghdú ar fhostaíocht agus ar laghdú níos tapúla arís fiú ar an méid táirgeachta mar a mhínítear in aithris (115).

4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh fóirdheontais agus gnóthú ó fhóirdheonú a rinneadh roimhe seo

(141)

Bhí na corrlaigh fhóirdheontais a suíodh le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe i bhfad os cionn an leibhéil de minimis mar a dhearbhaítear in aithris (98). Ba mhór an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach fóirdheontais ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón Tuirc.

(142)

De dheasca praghsáil éagórach leanúnach ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón Tuirc, níor tugadh deis do thionscal an Aontais téarnamh ó chleachtais fóirdheonaithe roimhe seo.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus fachtóirí lena ndéantar difear do phraghsanna

(143)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 12

Praghsanna agus costais díola san Aontas

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An meánphraghas díola aonaid (EUR/ tonaí WFE)

3 538

3 826

3 717

3 621

Innéacs

100

108

105

102

Costas aonaid an táirgthe (EUR/ tonaí WFE)

3 612

3 848

3 697

3 650

Innéacs

100

107

102

101

Foinse: Freagraí ceistneora ó tháirgeoirí an Aontais a sampláladh

(144)

Tháinig laghdú 2 % ar mheánphraghas díola aonaid thionscal an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh, ag baint 3 621 EUR/tonaí WFE amach sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig méadú 8 % air idir 2016 agus 2017 agus tháinig laghdú air ansin de réir a chéile go dtí an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(145)

Bhí costas aonaid an táirgthe os cionn an mheánphraghais díola le linn na tréimhse a breithníodh, cé is moite de 2018. Ar an iomlán, tháinig méadú 1 % ar chostas aonaid an táirgthe le linn na tréimhse a breithníodh, ag baint 3 650 EUR/tonaí WFE amach sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, rud ar mó é ná an meánphraghas díola aonaid.

4.4.3.2.   Costais saothair

(146)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 13

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

35 538

36 031

37 042

37 861

Innéacs (FY2016=100)

100

101

104

107

Foinse: Freagraí ceistneora ó tháirgeoirí an Aontais a sampláladh

(147)

Tháinig méadú de réir a chéile ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse a breithníodh. Ar an iomlán, tháinig laghdú 7 % air le linn na tréimhse a breithníodh.

4.4.3.3.   Fardail

(148)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 14

Fardail

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí WFE)

3 304

3 336

4 776

4 852

Innéacs (FY2016=100)

100

101

145

147

Foinse: Freagraí ceistneora ó tháirgeoirí an Aontais a sampláladh

(149)

Tháinig méadú 47 % ar na stoic dheiridh fhoriomlána le linn na tréimhse a breithníodh.

(150)

Is táirge meatach é an breac agus mura reoitear é, tá seilfré níos lú ná coicís aige. Cé is moite de chuideachta amháin, ní choinníonn na táirgeoirí ón Aontas a sampláladh stoic breac tar éis a saothraithe agus ní dhéanann siad cuid mhór táirgí dá gcuid a reo. Mar chonclúid, ní mheastar gur táscaire tábhachtach díobhála leibhéil stoic san imscrúdú seo.

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(151)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí de chuid na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 15

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas i gcás custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

-2,1 %

-0,6 %

0,5 %

-0,8 %

Sreabhadh airgid (mílte EUR)

-521 095

55 338

834 534

575 407

Infheistíochtaí (mílte EUR)

1 685 452

1 367 957

1 793 453

2 136 870

Innéacs

100

81

106

127

Toradh ar infheistíochtaí

-12,2 %

-3,8 %

3,6 %

-5,5 %

Foinse: Freagraí ceistneora ó tháirgeoirí an Aontais a sampláladh

(152)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh trí ghlanbhrabús roimh cháin dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Ba dhiúltach an bhrabúsacht le linn na tréimhse a breithníodh, cé is moite de 2018 nuair ba dhearfach ar éigean é (0,5 %). Ar an iomlán, sa tréimhse a breithníodh, thosaigh an bhrabúsacht ag thart ar -2,1 % in 2016 agus tháinig feabhas uirthi de réir a chéile go dtí an bhliain 2018 nuair a tháinig laghdú beag arís uirthi go -0,8 % sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(153)

Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas thionscal an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Bhí patrún comhchosúil sa sreabhadh airgid agus a bhí sa bhrabúsacht, i.e. tháinig méadú air idir 2016 agus 2018 agus tháinig laghdú air sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(154)

Tháinig laghdú ar na hinfheistíochtaí idir 2016 agus 2017 ach tháinig méadú arís orthu in 2018 agus tháinig méadú eile orthu sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig méadú 27 % ar infheistíochtaí le linn na tréimhse a breithníodh. D’ainneoin an mhéadaithe sin, ba bheag an méid infheistíochtaí a rinneadh le linn na tréimhse a breithníodh (1,7 milliún euro in aghaidh na bliana ar an meán, maidir le gach ceann de na hocht gcuideachta a sampláladh) agus bhain siad le comhlíontacht den chuid ba mhó.

(155)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Ach an oiread le táscairí airgeadais eile, bhí méadú ar an toradh ar infheistíocht idir 2016 agus 2018 agus tháinig laghdú air sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

4.5.   Conclúid faoi dhíobháil

(156)

D’ainneoin na mbeart frithchúitimh a bhí i bhfeidhm, ba shubstaintiúil na hallmhairí breac ón Tuirc agus bhí sciartha cobhsaí den mhargadh ag baint leo, idir thart ar 11 % agus níos mó ná 14 % le linn na tréimhse a breithníodh. Le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, b’ionann agus 13,9 % an sciar den mhargadh. An tráth céanna, bhí praghsanna na n-allmhairí ag dul i laghad, rud a d’fhág go ndearnadh sladghearradh 14,5 % ar an meán ar phraghsanna an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe, d’ainneoin na mbeart frithchúitimh a bheith i bhfeidhm.

(157)

Maidir le forbairt na dtáscairí maicreacnamaíocha, go háirithe an méid táirgeachta agus díolacháin, fostaíocht agus táirgiúlacht, léiríodh treochtaí a bhí ag laghdú go cobhsaí nó de bheagán leo. Tháinig méadú beag ar an sciar de mhargadh thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh, cé gur tháinig laghdú air sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, tráth ar bhain sé leibhéal comhchosúil leis an leibhéal ag a raibh sé in 2016 amach. Is de bharr an tomhaltas a bheith ag laghdú le linn na tréimhse céanna a tháinig méadú ar an sciar den mhargadh in 2017 agus 2018 d’ainneoin go raibh an méid díolacháin cobhsaí go leor. Cé gur éirigh le tionscal an Aontais a mhéid díolacháin agus a sciar den mhargadh a choinneáil ar bun den chuid is mó, bhí a bhrabúsacht agus táscairí airgeadais eile thíos leis, mar a mhínítear san aithris a leanas.

(158)

Cé gur tháinig méadú beag ar mheánphraghas díola aonaid na dtáirgeoirí ón Aontas le linn na tréimhse a breithníodh, níor éirigh le tionscal an Aontais corrlaigh bhrabúis inbhuanaithe a bhaint amach. Mar thoradh ar an mbrú praghsanna a bhain le hallmhairí ón Tuirc, níorbh fhéidir le tionscal an Aontais a phraghsanna díolacháin a mhéadú chun bheith i gcomhréir leis an meánchostas táirgeachta fiú amháin agus dá bhrí sin, rinne sé caillteanas le linn na tréimhse a breithníodh (cé is moite de 2018 nuair a bhris sé cothrom). Dá réir sin, chuir na hallmhairí ón Tuirc brú mór praghsanna ar dhíolacháin na dtáirgeoirí ón Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe chomh maith. Bhí an patrún céanna le haithint i dtáscairí airgeadais eile (sreabhadh airgid, toradh ar infheistíocht) agus a bhí sa bhrabúsacht, agus léiríodh luachanna diúltacha nó ísle leo le linn fhad na tréimhse a breithníodh. Maidir le hinfheistíochtaí, cé gur tháinig méadú orthu in 2017 agus 2018, ba bheag an méid infheistíochtaí a rinneadh go ginearálta agus ba le comhlíontacht a bhain siad. Níor éirigh le tionscal an Aontais téarnamh ón díobháil agus rinne sé caillteanais le linn an chuid is mó den tréimhse a breithníodh.

(159)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais, rud a léirítear go háirithe le staid airgeadais thionscal an Aontais.

5.   CÚISÍOCHT

(160)

I gcomhréir le hAirteagal 8(5) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún ar bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith ón Tuirc. I gcomhréir le hAirteagal 8(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé gur bhain díobháil do thionscal an Aontais de dheasca fachtóirí aitheanta eile san am céanna. Maidir le haon díobháil go mb’fhéidir go ndearnadh le fachtóirí eile seachas leis na hallmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith ón tír lena mbaineann, d’áirithigh an Coimisiún nár measadh gurbh iad na hallmhairí ba chúis leis an díobháil chéanna.

(161)

Ba shubstaintiúil na hallmhairí breac ón Tuirc ar feadh fhad na tréimhse a breithníodh agus bhí sciartha den mhargadh arbh fhiú níos mó ná 10 % iad ag baint leo agus bhí siad ag leibhéal praghsanna íseal le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, d’ainneoin na mbeart frith-fhóirdheontais a bhí i bhfeidhm. De dheasca an bhrú mhóir praghsanna a bhain leis na hallmhairí ón Tuirc, níorbh fhéidir le tionscal an Aontais a phraghsanna a mhéadú i gcomhréir leis an méadú costais, rud a d’fhág go ndearna sé caillteanais le linn an chuid is mó den tréimhse a breithníodh.

(162)

Níor aithníodh aon fhachtóir eile a d’fhéadfadh an díobháil ábhartha do thionscal an Aontais a dhéanamh. Go deimhin, maidir leis an méid a allmhairíodh ó thríú tíortha eile cé is moite den Tuirc (2 188 dtona WFE sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe), ní raibh sa mhéid sin ach 1,4 % den sciar den mhargadh sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (i gcomparáid leis na 20 446 thona WFE ón Tuirc, arbh ionann é agus 13,9 % den sciar den mhargadh). Anuas air sin, le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, bhí meánphraghas na n-allmhairí ó thríú tíortha eile cé is moite den Tuirc (3 336 EUR/Tona WFE) 16 % ní b’airde ná meánphraghas na n-allmhairí ón Tuirc (2 884 EUR/Tona WFE).

6.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DÍOBHÁIL

6.1.   An dóchúlacht go leanfar den díobháil ón Tuirc

(163)

I bhfianaise na gconclúidí thuas, is é sin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí ón Tuirc, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 18(2) den bhun-Rialachán, ar cibé acu a bheadh dóchúlacht ann go dtarlódh díobháil arís arbh iad na hallmhairí ón Tuirc ar tugadh fóirdheontais ina leith ba chúis léi nó nach mbeadh dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(164)

Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís ar na gnéithe seo a leanas: an méid táirgeachta agus an acmhainneacht spártha sa Tuirc, tarraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Tuirce, leibhéil praghsanna dóchúla na n-allmhairí ón Tuirc in éagmais bearta frith-fhóirdheontais, agus a dtionchar ar thionscal an Aontais.

6.1.1.   An acmhainneacht táirgeachta, an acmhainneacht spártha sa Tuirc agus tarraingteacht mhargadh an Aontais

(165)

Ba é 95 000 tona an táirgeacht iomlán breac sa Tuirc le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (40). Onnmhairíodh cuid mhaith de sin mar gheall go bhfuil an tomhaltas éisc per capita sa Tuirc (thart ar 6 kg) an-íseal le hais an Aontais (thart ar 24 kg) (41).

(166)

Thairis sin, maidir leis an méid táirgeachta atá ann faoi láthair sa Tuirc, ní léirítear leis an méid sin an fhíoracmhainneacht táirgeachta a bhféadfaí tairbhe a bhaint aisti dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Go deimhin, na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin a chuir freagra iomlán ar na foirmeacha samplála ar thionscnamh an imscrúdaithe, rinne siad meánúsáid acmhainneachta 48 % agus 47 % a thuairisciú faoi seach. Ag glacadh leis gurb é 95 000 tona táirgeacht iomlán breac na Tuirce sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh an acmhainneacht fhoriomlán idir 197 000 agus 202 000 tona trí eachtarshuíomh.

(167)

Bunaithe ar an meánúsáid acmhainneachta dearbhaithe arna tuairisciú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, bheadh an acmhainneacht spártha idir 101 000 agus 102 000 tona ar an meán. B’ionann sin agus 70 % de thomhaltas iomlán an Aontais. Dá ndéanfaí cuid de sin, fiú amháin, a dhíriú ar mhargadh an Aontais, d’fhágfadh sé sin go bhféadfaí méideanna móra a onnmhairiú, agus, mar a mhínítear in aithrisí (115) go dtí (120), dhéanfaí sladghearradh mór ar phraghsanna thionscal an Aontais, rud a d’imreodh drochthionchar mór ar thionscal an Aontais.

6.1.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(168)

Tá margadh an Aontais tarraingteach ó thaobh a mhéide agus a phraghsanna de. Is é go mór fada an margadh onnmhairiúcháin is tábhachtaí é do tháirgeoirí breac sa Tuirc agus is é a thógann 55 % dá n-onnmhairí breac ar an iomlán. Tá onnmhairí chuig an Aontas 59 % níos airde ná onnmhairí chuig an dara margadh onnmhairiúcháin is mó dá bhfuil aici, an Rúis, tír a ghlacann le 33 % d’onnmhairí breac na Tuirce (42). Is chuig an Aontas Eorpach agus an Rúis a seoladh thart ar 85 % de na honnmhairí breac go léir ón Tuirc. Bhí na praghsanna allmhairiúcháin chuig margadh an Aontais beagán ní b’airde ná na praghsanna allmhairiúcháin chuig an Rúis le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, rud a d’fhág go raibh margadh an Aontais beagán ní ba bhrabúsaí ná margadh na Rúise. As measc na ndeich gceann scríbe is mó a n-onnmhairítear breac na Tuirce chucu, níl ann ach dhá mhargadh a bhfuil praghsanna níos airde ná praghsanna an Aontais le fáil iontu – margadh Vítneam agus margadh na Seapáine. Ba bheag an méid a onnmhairíodh ón Tuirc chuig an dá mhargadh sin, áfach, 5 % agus 2 % faoi seach.

(169)

Deimhnítear a thuilleadh a tharraingtí atá margadh an Aontais i bhfianaise a ghiorrachta geografaí. Go háirithe, níorbh fhearr de an breac dá mbeadh turais mhóra fhada le déanamh aige. Go deimhin, tá bealaí dáileacháin seanbhunaithe ag onnmhaireoirí na Tuirce san Aontas cheana féin, rud a éascaíonn onnmhairí chuig an Aontas ó thaobh na loighce de.

(170)

D’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair, tá méid mór breac díolta ag an Tuirc leis an Aontas le linn na tréimhse a breithníodh agus bhí sciar nach beag den mhargadh aici le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (gar do 14 %). An praghas ar a díoladh iad, ba phraghas é a d’fhág go ndearnadh sladghearradh mór ar phraghsanna díolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, fiú agus na dleachtanna frithchúitimh i bhfeidhm.

(171)

Dá bhrí sin, meastar go bhfuil margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí na Tuirce agus is féidir a rá go ndéanfaí acmhainneachtaí spártha atá ar fáil sa Tuirc a dhíriú, go páirteach ar a laghad, ar mhargadh an Aontais. Maidir leis sin, meabhraítear go raibh an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na Tuirce chomh hard le 17 % le linn thréimhse imscrúdaithe an imscrúdaithe bunaidh, i.e. sula ndearnadh dleachtanna frithchúitimh a fhorchur.

6.1.3.   Tionchar na n-allmhairí ón Tuirc ar staid thionscal an Aontais dá gceadófaí do na bearta dul as feidhm

(172)

Maidir leis an éifeacht dhóchúil ar allmhairí den sórt sin, scrúdaigh an Coimisiún a leibhéil praghsanna dóchúla i gcás ina ligfí do na bearta dul as feidhm. Maidir leis sin, bhreithnigh an Coimisiún gur cur chuige réasúnta coimeádach é gan dleacht frith-fhóirdheontais a fhorchur ar na leibhéil praghsanna ar allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Fuarthas gur mór an méid a bhí sa mheánchorrlach sladghearrtha ag 19,8 %.

(173)

Cé gur éirigh le tionscal an Aontais na meánphraghsanna aonaid a mhéadú le linn na tréimhse a breithníodh gan aon sciar den mhargadh a chailleadh, bhí a bhrabúsacht thíos leis. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí straitéis den sórt sin a mheas mar rogha dá ndéanfaí na bearta a aisghairm, go háirithe mar gheall go dtiocfadh méadú nach beag ar an mbrú praghsanna a chuirfí ar mhargadh an Aontais sa chás sin. Mar sin, gan srianta ar rochtain ar mhargadh an Aontais, is é is dóchúla go dtiocfaidh méadú ar mhéid na n-onnmhairí ón Tuirc agus go mbeidh praghsanna níos ísle orthu ná na praghsanna a chonacthas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe fiú amháin. Agus brú praghsanna den sórt sin air i méideanna móra, beidh ar thionscal an Aontais a phraghsanna díolacháin a laghdú chun go mbeidh seans aige a mhéid díolacháin a choinneáil. Dá dhroim sin, is dócha go rachaidh a bhrabúsacht in olcas arís, brabúsacht atá diúltach cheana féin. Go deimhin, is féidir nasc a fheiceáil idir brabúsacht thionscal an Aontais agus an fhorbairt ar mhéideanna na n-allmhairí ón Tuirc. Nuair a tháinig laghdú ar mhéideanna na n-allmhairí ó 2016 go 2018, bhí tionscal an Aontais in ann a bhrabúsacht a fheabhsú, ach le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, nuair a tháinig méadú ar mhéideanna na n-allmhairí arís, tháinig laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais.

(174)

Mura ndéanfaidh tionscal an Aontais a phraghsanna díolacháin a athrú agus má choinníonn sé ag na leibhéil ar a bhfuil siad faoi láthair iad, is é is dóchúla go rachaidh díolacháin tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Tuirce i méid agus go ngnóthóidh siad sciar den mhargadh ó thionscal an Aontais, go dtí na leibhéil a bhí ann roimh fhorchur na mbeart. Dá dtarlódh sin, bheadh tionchar diúltach ar bhrabúsacht thionscal an Aontais chomh maith céanna mar ní fhéadfaidís a gcostais sheasta a chumhdach níos mó.

(175)

Dá thoradh sin, d’imreofaí tionchar diúltach ar bhrabúsacht thionscal an Aontais agus ar a staid eacnamaíoch ar an iomlán agus is ag dul in olcas a bheadh sé. San am céanna, choiscfí tionscal an Aontais ó na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh chun na caighdeáin chomhshaoil agus sláinte a chomhlíonadh.

(176)

I bhfianaise na díobhála atá á déanamh do thionscal an Aontais faoi láthair, ba thubaisteach an díobháil a dhéanfaí dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

6.1.4.   Conclúid

(177)

I bhfianaise na dtorthaí thuas, eadhon an acmhainneacht ollmhór spártha sa Tuirc, tarraingteacht mhargadh an Aontais, leibhéil praghsanna allmhairí ón Tuirc agus an tionchar is dóigh a bheidh acu ar thionscal an Aontais, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dhócha go leanfaí den díobháil dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

7.   LEAS AN AONTAIS

(178)

I gcomhréir le hAirteagal 31 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frithchúitimh reatha ar bun. Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus úsáideoirí.

7.1.   Leas an tionscail de chuid an Aontais

(179)

Léiríodh san imscrúdú go raibh díobháil á déanamh do thionscal an Aontais agus, dá gcuirfí deireadh leis na bearta, gur dhócha go mbeadh méadú ar mhéid na n-allmhairí ón Tuirc ann, allmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh méadú ar an iomaíochas míchothrom chomh maith céanna.

(180)

Ar a bhonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chun leas thionscal an Aontais a bheadh sé na bearta frithchúitimh a choinneáil ar bun.

7.2.   Leas úsáideoirí agus allmhaireoirí neamhghaolmhara

(181)

Níor tháinig aon táirgeoir ná úsáideoir neamhghaolmhar chun tosaigh ná níor thug siad freagra ar an gceistneoir san athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair.

(182)

In éagmais aon fhianaise lena dtabharfaí le fios go raibh tionchar mór ag na bearta atá i bhfeidhm ar na táirgeoirí nó na húsáideoirí, meastar nach mbeidh mórán tionchair ag na bearta a bheith i bhfeidhm go fóill orthu ach an oiread.

7.3.   An chonclúid ar leas an Aontais

(183)

Ar bhonn a bhfuil thuas agus maidir leis na bearta atá ann cheana ar allmhairí breac de thionscnamh na tíre lena mbaineann, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leas an Aontais na bearta sin a choinneáil ar bun.

8.   BEARTA IN-FHRITHCHÚITITHE

(184)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den fhóirdheonú, an dóchúlacht go leanfaí den díobháil chomh maith le leas an Aontais, ba cheart na bearta frith-fhóirdheontais ar allmhairí breac de thionscnamh na Tuirce, a choinneáil ar bun.

(185)

Maidir leis na rátaí dleachta frithchúitimh le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na Tuirce arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithchúitimh.

(186)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithchúitimh i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta a bhfuil feidhm leis maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar fógra maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(187)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(188)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach (Oncorhynchus mykiss):

meáchan 1,2 kg nó faoina bhun ag gach ceann acu agus iad beo, nó

iad úr, fuaraithe, reoite agus/nó deataithe:

i bhfoirm iasc iomlán (agus a gceann orthu), bídís geolbhaithe nó ná bíodh, bídís glanta nó ná bíodh, meáchan 1,2 kg nó faoina bhun ag gach ceann acu, nó

agus an ceann bainte, bíodh sé geolbhaithe nó ná bíodh, bíodh sé glanta nó ná bíodh, de mheáchan 1 kg nó faoina bhun an ceann, nó

i bhfoirm filléad de mheáchan 400 g nó faoina bhun an ceann, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 0301 91 90, ex 0302 11 80, ex 0303 14 90, ex 0304 42 90, ex 0304 82 90 agus ex 0305 43 00 (cóid TARIC 0301919011, 0302118011, 0303149011, 0304429010, 0304829010 agus 0305430011) agus de thionscnamh na Tuirce.

2.   Is é seo a leanas na rátaí maidir leis an dleacht frithchúitimh chinntitheach is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais roimh dhleacht, i gcás an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithchúitimh (%)

Cód breise TARIC

BAFA Su Ürünleri Yavru Üretim Merkezi Sanayi Ticaret AŞ

1,5 %

B965

Akyol Su Ürn.Ürt.Taş.Kom.İth.İhr.Paz.San. ve Tic. Ltd Şti

Asya Söğüt Su Ürünleri Üretim Dahili Paz.ve İhr. LtdŞti

GMS Su Ürünleri Üretim İth. Paz. San. ve Tic. Ltd Şti

Gümüşdoga Su Ürünleri Üretim Ihracat Ithalat AŞ

Gümüş-Yel Su Ürünleri üretim İhracat ve İthalat Ltd Şti

Hakan Komandit Şirketi

İskele Su Ürünleri Hayv.Gida Tur.Inş.Paz.Ihr.LtdŞti

Karaköy Su Ürünleri Üretim Paz.Tic.İhr. ve İth.LtdŞti

Özgü Su Ürün. Üret. Taş. Komis. İth. İhr. Paz. San. ve Tic. Ltd Şti

6,9 %

B964

Özpekler İnşaat Taahhüd Dayanıklı Tüketim Malları Su Ürünleri Sanayi ve Ticaret Limited Şirketi

6,7 %

B966

Ternaeben Gida ve Su Ürünleri Ithalat ve Ihracat Sanayi Ticaret AŞ

8,0 %

B967

Cuideachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn

7,6 %

 

Gach cuideachta eile

9,5 %

B999

3.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/309 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce (IO L 56, 27.2.2015, lch. 12).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/823 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2018 lena bhfoirceanntar an t-athbhreithniú eatramhach páirteach ar na bearta frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh Phoblacht na Tuirce (IO L 139, 5.6.2018, lch. 14).

(4)  Aithris (49) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/823.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/658 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/309 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce tar éis athbhreithniú eatramhach a dhéanamh de bhun Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 155, 18.5.2020, lch. 3).

(6)  Fógra maidir le dul in éag beart frith-fhóirdheontais áirithe (IO C 209, 20.6.2019, lch. 34).

(7)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21).

(8)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frith-fhóirdheontais is infheidhme maidir le hallmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh Phoblacht na Tuirce (IO C 64, 27.2.2020, lch. 22).

(9)  Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020. Tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú go comhpháirteach maidir le hidirthréimhse a raibh an Ríocht Aontaithe faoi réir dhlí an Aontais lena linn, agus ar tháinig deireadh leis an 31 Nollaig 2020. Ní Ballstát de chuid an Aontais í an Ríocht Aontaithe a thuilleadh agus, dá bhrí sin, caitear leis an Ríocht Aontaithe mar thríú tír sna figiúirí, sna torthaí agus sna conclúidí sa Rialachán seo.

(10)  Fógra maidir le hiarmhairtí na paindéime COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frithchúitimh (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

(11)  Foraithne 2019/1691 ón Uachtarán maidir leis na fóirdheontais talmhaíochta in 2019, dar dáta an 23 Deireadh Fómhair 2019 (a cuireadh chun feidhme go cúlghabhálach amhail ón 1 Eanáir 2019), foilsithe in Irish Oifigiúil Uimh. 30928/24.10.2019.

(12)  Communiqué 2019/56 a foilsíodh in Iris Oifigiúil Uimh. 30956/22.11.2019.

(13)  Foraithne 2020/3190 ón Uachtarán maidir leis an tacaíocht talmhaíochta in 2019, dar dáta an 5 Samhain 2020.

(14)  Communiqué 2020/39 a foilsíodh in Iris Oifigiúil Uimh. 31321/1.12.2020.

(15)  Aithrisí (61) go (62) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1195/2014 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh shealadach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce (IO L 319, 6.11.2014, lch. 1).

(16)  Aithrisí (61) go (62) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1195/2014 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh shealadach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce (IO L 319, 6.11.2014, lch. 1).

(17)  Aithris (67) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/658 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/309 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce tar éis athbhreithniú eatramhach a dhéanamh de bhun Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 155, 18.5.2020, lch. 3).

(18)  Aithrisí (40) go (43) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/658 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/309 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce tar éis athbhreithniú eatramhach a dhéanamh de bhun Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 155, 18.5.2020, lch. 3).

(19)  Scartar na héisc shaothraithe ón gcomhshaol i gcóras dúnta táirgeachta agus is féidir an t-ionchur agus an t-aschur a rialú leis, rud a chuireann deireadh le díobháil d’éiceachórais agus do stoic fhiáine.

(20)  Aithris (91) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1195/2014 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh shealadach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce (IO L 319, 6.11.2014, lch. 1).

(21)  Foilsithe in Iris Oifigiúil Uimh. 29286, an 5 Márta 2015.

(22)  Foilsithe an 19 Meitheamh 2012, Irisí Oifigiúla Uimh. 28328.

(23)  Foilsithe an 20 Meitheamh 2012, Irisí Oifigiúla Uimh. 28329.

(24)  Liostaítear an táirgeacht dobharshaothraithe go sainráite in Iarscríbhinn 2/A d’Fhoraithne Uimh. 2012/3305 i measc na n-earnálacha a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as dreasachtaí amhail díolúine ó CBL, díolúine ó dhleacht chustaim, laghdú cánach, ranníocaíochtaí le hinfheistíochtaí, tacaíocht phréimhe ó thaobh slándáil shóisialta de (ranníocaíochtaí fostóirí), leithdháileadh talún, tacaíocht ráta úis, tacaíocht chánach ioncaim agus tacaíocht phréimhe ó thaobh slándáil shóisialta de (ranníocaíochtaí fostaithe).

(25)  Aithrisí (45) go (48) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1195/2014 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh shealadach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce (IO L 319, 6.11.2014, lch. 1).

(26)  Mír 103 de bharúlacha GMS ar an nochtadh deiridh

(27)  Airteagail 12 agus 13, Iris Oifigiúil Uimh. 25852 an 21 Meitheamh 2005.

(28)  Iris Oifigiúil Uimh. 30608 an 27 Samhain 2018.

(29)  Aithrisí (88) go (89) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1195/2014 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh shealadach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce (IO L 319, 6.11.2014, lch. 1).

(30)  Foilsithe an 15 Meitheamh 2010 san Iris Oifigiúil.

(31)  Foilsithe an 31 Márta 1987 in Iris Oifigiúil Uimh. 19417 (bis).

(32)  Eisithe ag Banc Ceannais na Tuirce, an 20 Iúil 2018.

(33)  Foilsithe an 23 Feabhra 2013 in Iris Oifigiúil Uimh. 28568.

(34)  Eisithe an 20 Iúil 2018 ag Ard-Stiúrthóireacht na Baincéireachta agus na nInstitiúidí Airgeadais agus Stiúrthóireacht um Reachtaíocht Malairte Eachtraí BCT.

(35)  Aithrisí (75) go (78) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1195/2014 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh shealadach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce (IO L 319, 6.11.2014, lch. 1).

(36)  An ráta úis ar iasachtaí tráchtála in TRY (gan Cuntas Corparáideach Rótharraingte agus Cártaí Creidmheasa Corparáideacha san áireamh) le haghaidh na n-iasachtaí arna bhfáil in TRY agus an ráta úis ar iasachtaí tráchtála in EUR le haghaidh na n-iasachtaí arna bhfáil in EUR.

(37)  European Aquaculture Production Report 2014-2019, rúnaíocht Chónaidhm Táirgeoirí Dobharshaothraithe na hEorpa, Mí Mheán Fómhair 2020. European Aquaculture Production Report 2014-2019, arna hullmhú ag Cónaidhm Táirgeoirí Dobharshaothraithe na hEorpa. Ar fáil go poiblí ag an seoladh: http://feap.info/wp-content/uploads/2020/12/20201218_feap-production-report-2020.pdf

(38)  European Aquaculture Production Report 2014-2019, ullmhaithe ag Rúnaíocht Chónaidhm Táirgeoirí Dobharshaothraithe na hEorpa (Mí Mheán Fómhair 2019). Ar fáil ag an suíomh gréasáin: http://feap.info/wp-content/uploads/2020/10/20201007_feap-production-report-2020.pdf

(39)  Tá an acmhainneacht táirgeachta bunaithe ar an gcóimheas meánúsáide arna thuairisciú ina bhfreagraí ar an gceistneoir ag na táirgeoirí ón Aontas a sampláladh, arna aistriú go WFE agus arna chur i bhfeidhm ar tháirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe mar a léirítear i dtuarascáil táirgeachta FEAP (http://feap.info/wp-content/uploads/2020/10/20201007_feap-production-report-2020.pdf).

(40)  European Aquaculture Production Report 2014-2019, tuarascáil arna hullmhú ag Cónaidhm Táirgeoirí Dobharshaothraithe na hEorpa. Ar fáil go poiblí ag an seoladh: http://feap.info/wp-content/uploads/2020/12/20201218_feap-production-report-2020.pdf

(41)  EUMOFA, The EU Fish Market, eagrán 2018, lch. 23; Alt in Euronews faoin dobharshaothrú sa Tuirc (ar fáil ag: https://tr.euronews.com/2018/08/31/balik-tuketmeyen-turkiye-avrupanin-8-inci-buyuk-deniz-urunleri-ureticisi).

(42)  Foinse: Bunachar sonraí Global Trade Atlas: https://www.worldtradestatistics.com/gta/

(43)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha ón Tuirc nár sampláladh agus nár deonaíodh scrúdú aonair dóibh san imscrúdú bunaidh:

Ainm

Cód breise TARIC

Lezita Balik A.Ş.

B968

Ada Su Ürünleri Turizm İnşaat ve Ticaret Ltd. Şti.

B969

Ahmet Aydeniz Gıda San. ve Tic. A.Ş.

B970

Alba Lojistik İhracat İthalat Ltd. Şti.

B971

Alba Su Ürünleri A.Ş.

B972

Alfam Su Ürünleri A.Ş.

B973

Alima Su Ürünleri ve Gida San. Tic. A.Ş.

B974

Alka Su Ürünleri A.Ş.

B975

Azer Altin Su Ürünleri

B976

Bağcı Balık Gıda ve Enerji Üretimi San ve Tic. A.Ş.

B977

Çamlı Yem Besicilik Sanayii ve Ticaret A.Ş

B978

Çirçir Su Ürünleri Ltd. Şti.

B979

Ipaş Su Ürünleri A.Ş.

B980

Kemal Balıkçılık Ihr. Ltd. Şti.

B981

Liman Entegre Balıkçılık San ve Tic. Ltd. Şti.

B982

Miray Su Ürünleri

B983

Önder Su Ürünleri San. ve Tic. Ltd. Şti.

B984

Fishark Su Ürünleri Üretim Sanayi ve Ticaret A.Ş.

B985

Tai Su Ürünleri Ltd. Şti.

B986

TSM Deniz Ürünleri San. Tic. A.Ş.

B987

Ugurlu Balık A.Ş.

B988

Yaşar Dış Tic. A.Ş.

B989