28.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 189/61


RIALACHÁN (AE) 2021/819 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2021

maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a leasú go substaintiúil (4). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh ar an Rialachán, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Léirítear leis na meastóireachtaí neamhspleácha tréimhsiúla a dhéanann an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus an taithí a fuarthas nuair a rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 a chur i bhfeidhm go bhfuil gá le hathruithe substaintiúla chun tuilleadh feabhais a chur ar shamhail EIT agus ar na próisis fholuiteacha a ghabhann léi. Thairis sin, sainaithníodh sa mheastóireacht eatramhach agus sa mheasúnú tionchair ex-ante a rinne EIT go bhfuil roinnt réimsí ann a bhféadfaí feabhas a chur orthu, inter alia samhail chistiúcháin na bPobal Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), comhtháthú PENanna in éiceachórais nuálaíochta áitiúla, oscailteacht agus trédhearcacht PENanna agus faireachán a dhéanann EIT. Gabhann deis leis an Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sin freisin.

(3)

Is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as bonn láidir Eorpach a choinneáil ó thaobh tionscail, iomaíochais agus nuálaíochta de. Mar gheall ar chineál agus ar scála dhúshlán na nuálaíochta, áfach, is gá freisin gníomhú go comhoibríoch ar leibhéal an Aontais.

(4)

Tá EIT bunaithe chun na beartais agus na tionscnaimh atá ag an Aontas cheana a chomhlánú trí chomhtháthú thriantán an eolais – ardoideachas, taighde agus nuálaíocht – a chothú ar fud an Aontais.

(5)

Ba cheart do EIT rannchuidiú le hacmhainneacht nuálaíochta an Aontais agus na mBallstát a threisiú chun dul i ngleic le mórdhúshláin atá roimh an tsochaí agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le forbairt agus iomaíochas eacnamaíoch inbhuanaithe an Aontais.

(6)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag EIT, trí PENanna, éiceachórais nuálaíochta a neartú ar fud an Aontais ar bhealach oscailte agus trédhearcach. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart do EIT líonrú, comhtháthú agus comhoibriú a éascú agus a fheabhsú agus sineirgí idir chomhphobail éagsúla nuálaíochta a chur chun cinn ar fud na hEorpa. Tá sé d’aidhm ag EIT freisin tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach agus rannchuidiú le fíorú chuspóirí agus bheartais an Aontais, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear sna teachtaireachtaí ón gCoimisiúin an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip: na teachtaireachtaí an 27 Bealtaine 2020 maidir le buiséad AE lena gcumhachtaítear an plean téarnaimh don Eoraip (Plean Téarnaimh don Eoraip), an 19 Feabhra 2020 maidir le straitéis Eorpach um shonraí, an 10 Márta 2020 maidir le Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach agus an 10 Márta 2020 maidir le Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip, chomh maith leo siúd a bhaineann le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a bhaint amach, agus ag an am céanna geilleagar oscailte á choinneáil. Ina theannta sin, ba cheart do EIT rannchuidiú le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe trí phrionsabail Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (“Clár Oibre 2030”) agus Chomhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (5) (“Comhaontú Pháras”) a leanúint, agus rannchuidiú le haistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Ní bheifear in ann an t-aistriú sin a dhéanamh ach amháin trí bhorradh a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht, rud a chuireann béim ar an ngá atá le dálaí agus infheistíochtaí fabhracha a threisiú maidir le bonn eolais agus acmhainneacht taighde agus nuálaíochta na hEorpa a fheabhsú, go háirithe i dtaca le teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí atá glas agus neamhdhíobhálach don aeráid.

(7)

Ba cheart do EIT feabhas a chur ar oscailteacht PENanna chun naisc chomhoibríocha a neartú agus sineirgí a chruthú idir pobail nuálaíochta éagsúla san Eoraip agus, ar an gcaoi sin, éagsúlacht gheografach agus an chúrsaíocht tallainne a éascú.

(8)

Ba cheart réimsí tosaíochta agus riachtanais airgeadais EIT le haghaidh tréimhse 7 mbliana, lena gcumhdaítear an creat airgeadais ilbhliantúil ábhartha (CAI), a leagan síos i gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN). Ba cheart COSN a ailíniú le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (Fís Eorpach) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), lena n-áirítear maidir le tuairisciú, faireachán, meastóireacht agus ceanglais eile a leagtar amach sa Rialachán sin, agus ba cheart pleanáil straitéiseach an chláir Fís Eorpach a chur san áireamh ann. Ba cheart do COSN sineirgí a bhunú agus a chothú le codanna eile den chlár Fís Eorpach, le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais de CAI agus le tionscnaimh, beartais agus ionstraimí náisiúnta agus réigiúnacha ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe leo siúd a thacaíonn le taighde agus nuálaíocht, le hoideachas agus forbairt scileanna, le tionscal inbhuanaithe agus iomaíoch, le fiontraíocht agus le forbairt réigiúnach. I bhfianaise thábhacht COSN do bheartas nuálaíochta an Aontais agus an tionchair shocheacnamaíoch a mheastar a bheidh aige ar an Aontas, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle COSN a ghlacadh ar bhonn togra ón gCoimisiún. Ba cheart an togra sin ón gCoimisiún a bheith bunaithe ar ranníocaíocht arna déanamh ag EIT. Ba cheart an ranníocaíocht sin a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(9)

Bhí an ghéarchéim a tháinig as ráig COVID-19 ina cúis le suaitheadh mór ar chórais cúraim sláinte agus eacnamaíocha na mBallstát. Chun na tionchair shóisialta, eacnamaíocha, chomhshaoil agus theicneolaíocha a eascraíonn as an ngéarchéim a shárú, beidh gá le comhoibriú ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart do EIT agus do PENanna solúbthacht a léiriú agus iad ag freagairt do dhúshláin agus tosaíochtaí atá ann cheana agus do dhúshláin agus tosaíochtaí nua agus gan choinne, agus ba cheart dóibh a bheith in ann bearta agus tionscnaimh a ghlacadh chun tacaíocht iomchuí a sholáthar dá n-éiceachórais. Go háirithe, ba cheart do EIT agus do PENanna rannchuidiú leis na hiarrachtaí nuálaíochta is gá chun dul i ngleic le tionchar ghéarchéim COVID-19, i gcomhréir le tosaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an Phlean téarnaimh don Eoraip, na Straitéise Nua Tionsclaíochta don Eoraip agus SDGanna, agus sineirge le tionscnaimh agus comhpháirtíochtaí eile de chuid an Aontais á háirithiú ag an am céanna.

(10)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695, ba cheart, le gníomhaíochtaí EIT, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fhadtéarmacha straitéiseacha, go háirithe i réimsí trasdisciplíneacha agus idirdhisciplíneacha, lena n-áirítear réitigh nuálacha neamhtheicneolaíocha a fhorbairt mar chomhlánú riachtanach ar ghníomhaíochtaí nuálaíochta atá dírithe ar an teicneolaíocht. Agus é sin á dhéanamh aici, ba cheart do EIT idirphlé rialta a chur chun cinn leis an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí taighde, lárionaid nuálaíochta, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), institiúidí ardoideachais agus ionadaithe tionscail.

(11)

Ba cheart do EIT, trí PENanna, tosaíocht a thabhairt d’aistriú a cuid gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta agus fiontraíochta chuig an gcomhthéacs gnó agus chuig a gcur i bhfeidhm tráchtála agus tacú le hacmhainneacht nuálaíochta agus fiontraíochta institiúidí ardoideachais agus tacú le gnólachtaí nuálacha a chruthú agus a fhorbairt, i gcomhlántacht leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE), chomh maith le codanna ábhartha eile den chlár Fís Eorpach, agus de Chlár InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(12)

Ba cheart do EIT feidhmiú trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe sármhaithe de chuid Institiúidí Ardoideachais, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí, lena n-áirítear FBManna agus cuideachtaí poiblí, chomh maith le húdaráis áitiúla, fiontair shóisialta, eagraíochtaí seachbhrabúsacha ábhartha agus le geallsealbhóirí eile. I bhfianaise cineál nuálach fiontar áirithe maidir leis na hearraí nó seirbhísí a bhíonn á dtairiscint acu, maidir lena n-eagrú nó maidir leis na modhanna táirgthe a úsáideann siad, ba cheart go saothrófaí cur chun cinn fiontraíochta sóisialta agus rannpháirtíocht níos dlúithe FBManna agus fiontar sóisialta, lena n-áirithítear a rannpháirtíocht ghníomhach. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na comhpháirtíochtaí sin a bheith inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de trí chistí ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha eile a shlógadh agus an raon is leithne is féidir de chomhpháirtithe nua ábhartha a mhealladh agus caidreamh a bhunú leo. Ba cheart don Bhord Rialaithe iad a roghnú agus a ainmniú mar PENanna, i gcomhréir leis na réimsí tosaíochta agus leis an amchlár a leagtar amach in COSN, agus na tosaíochtaí a leagtar amach i bpleanáil straitéiseach an chláir Fís Eorpach á gcur san áireamh, agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus shóisialta atá ag teacht chun cinn. Ba cheart iad a roghnú ar bhonn próiseas atá iomaíoch, oscailte, trédhearcach agus feabhas-bhunaithe, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na critéir chun Comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695. Ba cheart baint a bheith ag an gcéad PEN den sórt sin, atá le seoladh a luaithe is féidir in 2022 nó in 2023, le hEarnálacha agus Tionscail an Chultúir agus na Cruthaitheachta, agus ba cheart baint a bheith ag an dara PEN den sórt sin, atá le seoladh in 2026, leis na hEarnálacha agus Éiceachórais Uisce, Mara agus Muirí.

(13)

Agus sainiúlacht PENanna á cur san áireamh, ní mór foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha íosta speisialta i dtaca le PEN a bhunú, de mhaolú ar na rialacha maidir le rannpháirtíocht sa chlár Fís Eorpach agus maidir lena scaipeadh. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh sé go mbeidh gá le rialacha sonracha i dtaca le húinéireacht, cearta rochtana, agus i dtaca le saothrú agus scaipeadh maidir le gníomhaíochtaí breisluacha PENanna, i gcás inarb iomchuí.

(14)

Ba cheart don Bhord Rialaithe gníomhaíochtaí EIT a stiúradh agus faireachán a dhéanamh orthu agus ba cheart dó a bheith freagrach as gníomhaíochtaí PENanna a roghnú, a ainmniú, a mhaoiniú, agus as faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695 agus le COSN. Agus comhaltaí an Bhoird Rialaithe á gceapadh aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chothrom orthu siúd a bhfuil taithí acu i réimsí an ardoideachais, an taighde, na nuálaíochta nó an ghnó, mar aon le cothromaíocht inscne agus cumhdach geografach, agus an barr feabhais mar phrionsabal treorach acu.

(15)

Ba cheart do EIT faireachán leanúnach agus meastóireachtaí seachtracha tréimhsiúla ar aschur, ar thorthaí agus ar thionchar gach PEN a eagrú, lena n-áirítear ar a ndul chun cinn i dtreo inbhuanaitheacht airgeadais, cost-éifeachtúlacht agus oscailteacht do chomhaltaí nua. Ba cheart a áireamh sna meastóireachtaí sin athbhreithnithe eatramhacha lena gcumhdófaí na chéad 3 bliana den chomhaontú comhpháirtíochta agus na 3 bliana tar éis aon fhadaithe, measúnuithe cuimsitheacha a dhéanfaí roimh dheireadh an seachtú bliain den chomhaontú comhpháirtíochta, agus athbhreithnithe deiridh a dhéanfaí roimh dheireadh an chomhaontaithe comhpháirtíochta. Ba cheart don Bhord Rialaithe bearta ceartaitheacha a dhéanamh i leith PENanna nuair is iomchuí.

(16)

Ba cheart do EIT Grúpa Ionadaithe na mBallstát a chur ar an eolas go rialta maidir le feidhmíocht EIT agus PENanna, a bhfuil bainte amach acu agus a ngníomhaíochtaí, torthaí a bhfaireacháin agus a meastóireachta, agus a dtáscairí feidhmíochta agus a mbearta ceartaitheacha. Ba cheart do Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát comhairle a chur ar an mBord Rialaithe agus ar an Stiúrthóir maidir le saincheisteanna a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus ba cheart dó comhairle a chur ar EIT agus ar PENanna agus taithí a chomhroinnt leo. Ba cheart do EIT cruinnithe de Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát a eagrú.

(17)

Chun rannchuidiú le hiomaíochas agus chun mealltacht idirnáisiúnta gheilleagar na hEorpa agus a acmhainneacht nuálaíochta agus fiontraíochta a threisiú, ba cheart go mbeadh EIT agus PENanna in ann eagraíochtaí comhpháirtíochta, taighdeoirí agus mic léinn a mhealladh ar fud an Aontais, lena n-áirítear as na réigiúin is forimeallaí san Aontas, agus as réigiún lasmuigh den Aontas, amhail trína soghluaisteacht a spreagadh.

(18)

Ba cheart an caidreamh idir EIT agus PENanna a bheith bunaithe ar chomhaontuithe comhpháirtíochta agus ar chomhaontuithe deontais, ina leagfar amach cearta agus oibleagáidí PENanna agus ranníocaíocht airgeadais, bunaithe ar fheidhmíocht, ó EIT le PENanna. Chun an t-ualach riaracháin ar PENanna a theorannú agus acmhainní pleanála agus gníomhaíochtaí pleanála níos fadtéarmaí a áirithiú, ba cheart do EIT comhaontuithe deontais ilbhliantúla suas le 3 bliana a thabhairt i gcrích le PENanna, nó, i gcás ina measfar é a bheith níos iomchuí, comhaontuithe deontais bliantúla a thabhairt i gcrích. De mhaolú ar Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (“an Rialachán Airgeadais”), ba cheart do EIT a bheith in ann comhaontú comhpháirtíochta den sórt sin a bhunú le haghaidh tréimhse tosaigh 7 mbliana agus, faoi réir feidhmíocht dhearfach agus torthaí dearfacha an athbhreithnithe eatramhaigh agus an mheasúnaithe chuimsithigh ar PEN, é a fhadú ar feadh tréimhse breise suas le 7 mbliana. Tar éis dhul in éag an chomhaontaithe comhpháirtíochta, féadfaidh EIT agus PEN meabhrán comhair a thabhairt i gcrích, agus é mar aidhm leis sin comhar gníomhach a choimeád ar bun.

(19)

Is gá tacú leis an ardoideachas ós rud é gur dlúthchuid de thriantán an eolais é, cé gur minic é in easnamh ann. Ba cheart d’institiúidí ardoideachais agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna rannpháirteacha céimeanna agus dioplómaí a dhámhachtain trí PENanna i gcomhréir le rialacha náisiúnta agus le nósanna imeachta creidiúnaithe. Le comhaontuithe comhpháirtíochta, comhaontuithe deontais agus meabhráin chomhoibrithe idir EIT agus PENanna foráil a dhéanamh maidir le céimeanna agus dioplóma EIT a thabhairt mar lipéad ar na céimeanna agus na dioplómaí sin chomh maith. Ina theannta sin, ba cheart do EIT cur chun cinn céimeanna agus dioplómaí atá faoi lipéad EIT a neartú chun an t-aitheantas atá orthu lasmuigh den Phobal EIT a mhéadú agus a n-úsáid a leathnú chuig cláir foghlama ar feadh an tsaoil, gairmoiliúint, scileanna, athoiliúint agus cláir uas-scilithe. Ba cheart go gcabhródh EIT, trína a chuid gníomhaíochtaí agus a chuid oibre, i gcomhréir le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), le soghluaisteacht a chur chun cinn do mhic léinn, do thaighdeoirí agus do bhaill foirne agus deiseanna a sholáthar d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil, do mheantóireacht agus do chóitseáil.

(20)

Ba cheart foráil iomchuí a dhéanamh chun dliteanas, oscailteacht agus trédhearcacht EIT a áirithiú. Ba cheart rialacha iomchuí lena rialaítear rialachas agus feidhmiú EIT a leagan síos i Reachtanna EIT.

(21)

Ba cheart go mbeadh pearsantacht dhlítheanach ag EIT agus, chun a huathrialaitheacht fheidhmiúil agus a neamhspleáchas ar údaráis náisiúnta agus ar bhrúnna seachtracha a áirithiú, ba cheart go riarfadh sí a buiséad féin, ar cheart go mbeadh ranníocaíocht ón Aontas mar chuid dá hioncam.

(22)

Táthar ag dréim leis go ndéanfaidh na hearnálacha tionscail, airgeadais agus seirbhíse ranníocaíocht shuntasach le buiséad PENanna. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag PENanna, go háirithe, sciar na ranníocaíochtaí ó fhoinsí príobháideacha agus ó ioncam a ghintear óna gcuid gníomhaíochtaí a uasmhéadú agus inbhuanaitheacht airgeadais a shaothrú agus a bhaint amach, ar a dhéanaí sula rachaidh an 15 bliana de thacaíocht airgeadais EIT in éag. Ba cheart go bhfógródh PENanna agus a n-eagraíochtaí comhpháirtíochta go bhfuiltear ag tabhairt faoina ngníomhaíochtaí i gcomhthéacs EIT agus go bhfaighidís ranníocaíocht airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart trédhearcacht an chistithe a mhéadú trí fhaisnéis atá ar fáil go poiblí a chur ar fáil maidir leis na tionscadail a ndéantar cistiú orthu agus maidir le leithdháileadh an chistithe.

(23)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag nós imeachta buiséid an Aontais maidir le ranníocaíocht airgeadais ón Aontas is inmhuirir i leith bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchadh ar na cuntais i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

(24)

Ba cheart do EIT a dícheall a dhéanamh chun aistriú rianúil idir tréimhsí CAI a éascú, go háirithe le haghaidh gníomhaíochtaí leanúnacha.

(25)

Ba cheart go n-áireofaí in ioncam EIT an ranníocaíocht ón Aontas a sholáthraítear ón ranníocaíocht airgeadais ón gclár Fís Eorpach. Ba cheart go bhféadfaí ranníocaíochtaí ó fhoinsí eile príobháideacha agus poiblí a áireamh san ioncam sin.

(26)

Is comhlacht é EIT arna bhunú ag an Aontas de réir bhrí Airteagal 70 den Rialachán Airgeadais agus ba cheart dó a rialacha airgeadais a ghlacadh dá réir. Ba cheart, dá bharr sin, go mbeadh feidhm maidir le EIT ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (10).

(27)

Ba cheart do EIT tuarascáil chomhdhlúite bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a ghlacadh, ina dtabharfaí tuairisc ar na gníomhaíochtaí a rinneadh agus ar thorthaí na n-oibríochtaí sa bhliain féilire roimhe sin. Ba cheart do EIT freisin doiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh, bunaithe ar COSN, i gcomhréir lena rialacha airgeadais, ar doiciméad é ina dtabharfadh tuairisc ar an tionscnamh atá beartaithe aici i dtéarmaí clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil agus a chuirfeadh ar chumas EIT freagairt d’athruithe inmheánacha agus seachtracha i réimsí an taighde, na sochaí, na teicneolaíochta, an ardoideachais, na nuálaíochta agus i réimsí ábhartha eile. Ba cheart an doiciméad clársceidealaithe aonair sin a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle mar eolas dóibh.

(28)

Ó cruthaíodh í, tá EIT ag baint tairbhe as saineolas a foirne. Mar gheall ar an gcreat dlíthiúil is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 294/2008, áfach, tá roinnt de na conarthaí foirne sin imithe in éag gan an deis a bheith ann iad a athnuachan. Chun cás den sórt sin a sheachaint amach anseo, agus i bhfianaise a thábhachtaí atá saineolas an duine chun go mbeadh rath ar ghníomhaíochtaí EIT, is chun leasa EIT gach iarracht a dhéanamh, laistigh den chreat dlíthiúil is infheidhme, foireann cháilithe a mhealladh agus a choinneáil.

(29)

Is iomchuí go dtionscnóidh an Coimisiún meastóireachtaí neamhspleácha seachtracha ar oibriú EIT, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí arna mbainistiú trí PENanna, go háirithe d’fhonn COSN a ullmhú. Leis na meastóireachtaí sin, ba cheart scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ina gcomhlíonann EIT a misean agus a cuspóirí agus ba cheart gníomhaíochtaí uile EIT agus PENanna a chumhdach leo. Ba cheart measúnú a dhéanamh leo ar bhreisluach Aontais EIT, ar an tionchar ar fud an Aontais agus ar thionchar ghníomhaíochtaí na Scéime Nuálaíochta Réigiúnaí (RIS), ar oscailteacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, gníomhaíochtaí for-rochtana, cumarsáid, infheictheacht, scaipeadh torthaí, ábharthacht na ngníomhaíochtaí a shaothraítear agus ar cibé an bhfuil siad comhsheasmhach agus comhlántacht le beartais ábhartha an Aontais agus le beartas náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear aon sineirgí le codanna eile den chlár Fís Eorpach. Ba cheart go mbainfí leas as na meastóireachtaí sin sna meastóireachtaí a dhéanann an Coimisiún faoin gclár Fís Eorpach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695.

(30)

Ba cheart go ndéanfadh EIT a dícheall an téarmaíocht a bhaineann le struchtúr gach PEN a chuíchóiriú, agus é mar chuspóir aici inaitheantacht EIT a shimpliú agus a fheabhsú tuilleadh.

(31)

Chun rannchuidiú le dul i ngleic le héagothromaíochtaí sa nuálaíocht san Eoraip, ba cheart do EIT, go háirithe trí RIS, mar a leagtar amach tuilleadh in COSN, tacú le hacmhainneacht nuálaíochta tíortha agus réigiún, ba cheart go mbeadh sé d’aidhm aici éiceachórais nuálaíochta a neartú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus ba cheart di eagraíochtaí comhpháirtíochta nua a chomhtháthú in PENanna.

(32)

Ba cheart do PENanna, ag gníomhú dóibh mar éascaitheoir nuálaíochta, tosaíochtaí straitéise speisialtóireachta cliste na mBallstát a bhreithniú agus a n-acmhainneacht nuálaíochta a fheabhsú trí acmhainneachtaí agus láidreachtaí réigiúnacha, deiseanna, laigí, mar aon le gníomhaithe áitiúla agus a ngníomhaíochtaí agus a margaí, a léiriú go hiomlán.

(33)

Tá sé buntábhachtach sineirgí láidre a chur chun cinn idir EIT agus CNE. Ba cheart go spreagfadh PENanna cruthú gnólachtaí nuálacha i ndlúthshineirge le EIT, agus dúbláil á seachaint ag an am céanna, agus ba cheart tairbhithe EIT a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar ionstraimí CNE ag iarraidh tacaíocht sa bhreis ar na seirbhísí a sholáthraíonn PENanna. Go háirithe, gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil acmhainneacht fáis ard acu agus a fhaigheann tacaíocht ó PENanna, ba cheart rochtain atá simplithe, agus, dá bharr sin, níos tapa, a bheith acu ar ghníomhaíochtaí CNE i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/695 chun cuidiú leo uas-scálú go tapa, agus ba cheart do thairbhithe CNE tairbhe a bhaint as scéimeanna tacaíochta a chuireann EIT ar fáil. Chun smaointeoireacht neamhchomhtháite a sheachaint agus sineirgí agus comhoibriú a chur chun cinn, ba cheart do EIT agus CNE malartuithe cómhalartacha agus córasacha faisnéise a bheartú. Ba cheart an Bord Rialaithe a bheith in ann cuireadh a thabhairt do chomhaltaí Bhord CNE freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí i gcás inarb ábhartha.

(34)

Chun leanúnachas ghníomhaíochtaí EIT agus PENanna a áirithiú i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/695, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe de, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus trasnáisiúntachta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “nuálaíocht” an próiseas, lena n-áirítear torthaí an phróisis sin, trína bhfreagraíonn smaointe nua do riachtanais nó d’éileamh ón tsochaí, ón ngeilleagar, nó ón gcomhshaol agus trína ngintear táirgí nua, próisis nua, seirbhísí nua, nó samhlacha nua gnó, eagraíochta agus sóisialta a thugtar isteach go rathúil i margadh atá ann cheana nó atá ábalta margaí nua a chruthú agus a thugann luach don tsochaí;

(2)

ciallaíonn “Pobal Eolais agus Nuálaíochta” nó “PEN” Comhpháirtíocht Eorpach Institiúidithe ar mhórscála, amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/695, d’institiúidí ardoideachais, d’eagraíochtaí taighde, de chuideachtaí agus de gheallsealbhóirí eile sa phróiseas nuálaíochta i bhfoirm gréasán straitéiseach, gan beann ar an bhfoirm dhlíthiúil bheacht atá aici, bunaithe ar phleanáil nuálaíochta chomhpháirteach sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun dúshláin EIT a chomhlíonadh agus chun rannhcuidiú le baint amach na gcuspóirí arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2021/695;

(3)

ciallaíonn “ionad comhlonnaithe” mol fisiciúil, a bunaíodh ar bhealach oscailte agus trédhearcach, lena ndéantar naisc idir gníomhaithe thriantán an eolais agus comhar gníomhach eatarthu a chur chun cinn agus a ghníomhaíonn mar chroílár do mhalartú eolais agus trína bhfuil comhpháirtithe PENanna in ann rochtain a fháil ar shaoráidí agus ar an saineolas is gá chun a gcuspóirí coiteanna a shaothrú;

(4)

ciallaíonn “mol RIS” mol fisiciúil, atá bunaithe ag PEN agus é mar chuid dá struchtúr, i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe ar a bhfuil RIS spriocdhírithe atá ag fónamh mar chroílár do ghníomhaíochtaí PEN agus do shlógadh agus rannpháirtíocht gníomhaithe áitiúla thriantán an eolais i ngníomhaíochtaí PEN;

(5)

ciallaíonn “eagraíocht chomhpháirtíochta” eintiteas dlítheanach ar comhalta de PEN é, agus féadfar a áireamh léi, go háirithe, institiúidí ardoideachais, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, eagraíochtaí taighde, institúidí poiblí, cuideachtaí poiblí nó príobháideacha, institiúidí airgeadais, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla, fondúireachtaí agus eagraíochtaí seachbhrabúsacha;

(6)

ciallaíonn “eagraíocht taighde” eintiteas dlítheanach poiblí nó príobháideach a bhfuil cúram an taighde nó na forbartha teicniúla ar cheann dá phríomhchuspóirí;

(7)

ciallaíonn “institiúid ardoideachais” ollscoil nó aon chineál institiúide ardoideachais a chuireann céimeanna agus dioplómaí ar fáil go háirithe ar leibhéal máistreachta nó dochtúireachta, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, gan beann ar an ainmníocht atá aici sa chomhthéacs náisiúnta;

(8)

ciallaíonn “Comhphobal EIT” EIT agus comhphobal gníomhach na ndaoine aonair agus na n-eintiteas dlítheanach uile a bhain nó a bhaineann sochar as tacaíocht EIT nó ranníocaíocht airgeadais EIT;

(9)

ciallaíonn “Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht” nó “COSN” gníomh ina leagtar amach réimsí tosaíochta agus straitéis EIT i leith tionscnaimh a dtabharfar fúthu amach anseo, acmhainneacht EIT chun an breisluach nuálaíochta is fearr a ghiniúint, cuspóirí EIT, príomhghníomhaíochtaí EIT, modh oibríochta EIT, na torthaí a bhfuil EIT ag dréim leo agus tionchar EIT, chomh maith le meastachán ar na hacmhainní a bhfuil gá leo do thréimhse Fís Eorpach agus CAI;

(10)

ciallaíonn “Scéim Nuálaíochta Réigiúnach” nó “RIS” scéim lena gcothaítear comhtháthú thriantáin an eolais agus acmhainneacht nuálaíochta tíortha (agus réigiún sna tíortha sin) atá aicmithe mar nuálaithe “measartha” nó “meánacha” sa Scórchlár Eorpach Nuálaíochta amhail dá dtagraítear in COSN agus acmhainneacht nuálaíochta na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe trí chomhpháirtithe nua a mhealladh agus a chomhtháthú isteach in PENanna agus trí éagothromaíochtaí réigiúnacha a réiteach, agus, ar an gcaoi sin, an deighilt nuálaíochta a mhaolú;

(11)

ciallaíonn “fóram na ngeallsealbhóirí” ardán atá oscailte d’ionadaithe institiúidí an Aontais, údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, do leasa eagraithe agus d’eintitis aonair ó earnáil an ghnó, ón ardoideachas, ó thaighde, ó chomhlachais, ón tsochaí shibhialta agus ó chnuas-eagraíochtaí, mar aon le páirtithe leasmhara eile ar fud thriantán an eolais;

(12)

ciallaíonn “plean gnó PEN” doiciméad atá i gceangal leis an gcomhaontú deontais lena gcumhdaítear tréimhse suas le 3 bliana, ina dtugtar tuairisc ar chuspóirí PEN, an bealach a bhfuil siad le baint amach, na torthaí a bhfuiltear ag dréim leo, na gníomhaíochtaí breisluacha PEN atá beartaithe agus na riachtanais agus na hacmhainní airgeadais gaolmhara, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach agus oscailteacht PEN a mhéadú do chomhpháirtithe nua ar fud an Aontais;

(13)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí breisluacha PEN” gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí comhpháirtíochta PEN i gcomhréir le plean gnó PEN, lena gcuirtear le comhtháthú thriantán eolais an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí bunaithe, riaracháin agus comhordaithe PENanna, agus lena gcuirtear le cuspóirí foriomlána EIT;

(14)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí tras-PEN” gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh comhar agus sineirgí idir PENanna a fheabhsú, cur chuige níos idirdhisciplíní a chothú agus mais chriticiúil a chruthú i measc PENanna chun dul i ngleic le topaicí leasa choitinn;

(15)

ciallaíonn “meabhrán comhair” comhaontú idir EIT agus PEN, arb é is aidhm dó PEN a choimeád ina bhall gníomhach de Chomhphobal EIT tar éis dhul in éag an chomhaontaithe comhpháirtíochta, agus lena n-áirítear na coinníollacha maidir le rochtain ar ghlaonna iomaíocha EIT le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí sonracha agus gníomhaíochtaí trasnáisiúnta a bhfuil breisluach mór don Aontas ag baint leo;

(16)

ciallaíonn “inbhuanaitheacht airgeadais” acmhainneacht PEN a ghníomhaíochtaí triantáin eolais a mhaoiniú go neamhspleách ar ranníocaíochtaí ó EIT.

Airteagal 3

Misean agus cuspóirí

1.   Is é misean EIT rannchuidiú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe an Aontais agus le hiomaíochas trí acmhainneacht nuálaíochta an Aontais agus na mBallstát a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar na mórdhúshláin a gcaithfidh an tsochaí aghaidh a thabhairt orthu. Déanfar é sin trí shineirgí, comhtháthú agus comhar a chur chun cinn san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht ar na caighdeáin is airde, lena n-áirítear trí fhiontraíocht a chothú agus, ar an gcaoi sin, éiceachórais na nuálaíochta a neartú ar fud an Aontais ar bhealach oscailte agus trédhearcach. Déanfaidh EIT tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach freisin agus rannchuideoidh sí le fíorú chuspóirí agus bheartais an Aontais, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip, an Plean Eorpach don Téarnamh, an straitéis Eorpach maidir le sonraí, Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach agus an Straitéis nua Tionsclaíochta don Eoraip agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a bhaint amach, agus leo siúd a bhaineann le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a bhaint amach, agus ag an am céanna geilleagar oscailte á choinneáil. Ina theannta sin, rannchuideoidh sí le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear SDGanna trí phrionsabail Chlár Oibre 2030 agus Chomhaontú Pháras a leanúint, agus trí gheilleagar atá neodrach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí.

2.   Do thréimhse bhuiséid 2021-2027, rannchuideoidh EIT le cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha an chláir Fís Eorpach a bhaint amach, agus a phleanáil straitéiseach á cur san áireamh ina hiomláine.

Airteagal 4

COSN

1.   Leagfar amach in COSN na réimsí tosaíochta agus an straitéis do EIT don tréimhse 7 mbliana lena mbaineann i gcomhréir le cuspóirí agus tosaíochtaí an chláir Fís Eorpach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695, agus áireofar ann measúnú ar thionchar socheacnamaíoch EIT a mheastar a bheidh aici, ar a gníomhaíochtaí for-rochtana agus ar a hacmhainneacht an breisluach nuálaíochta is fearr a ghiniúint. Déanfar COSN a ailíniú le ceanglais tuairiscithe, faireacháin agus meastóireachta agus le ceanglais eile a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695 agus áireofar ann torthaí an fhaireacháin leanúnaigh agus na meastóireachta neamhspleáiche tréimhsiúla ar EIT amhail dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo.

2.   Cuirfidh COSN san áireamh pleanáil straitéiseach an chláir Fís Eorpach lena n-áiritheofar comhsheasmhacht le dúshláin an chláir sin, chomh maith le comhlántacht le CNE arna bunú le Rialachán (AE) 2021/695, agus bunófar agus cothófar sé na sineirgí agus an chomhlántachtaí iomchuí idir gníomhaíochtaí EIT agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais, cláir ábhartha náisiúnta agus cláir ábhartha réigiúnacha lena dtacófar le taighde agus nuálaíocht, oideachas agus forbairt scileanna, tionscal inbhuanaithe agus iomaíoch, fiontraíocht agus forbairt réigiúnach.

3.   Cuimseoidh COSN meastachán ar riachtanais airgeadais agus ar fhoinsí airgeadais i dtaca le hoibriú EIT amach anseo, lena forbairt fhadtéarmach agus lena maoiniú. Beidh plean airgeadais táscach ann freisin a chumhdóidh tréimhse CAI ábhartha.

4.   Tar éis dul i gcomhairle le PENanna atá ann cheana, agus a gcuid tuairimí á gcur san áireamh aici, ullmhóidh EIT a ionchur don togra ón gCoimisiún maidir le COSN agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin é. Cuirfear ionchur EIT ar fáil don phobal.

5.   Ag gníomhú dóibh ar an togra ón gCoimisiún, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle COSN i gcomhréir le hAirteagal 173(3) CFAE.

Airteagal 5

Comhlachtaí EIT agus Grúpa Ionadaithe na mBallstát

1.   Is iad na comhlachtaí sin a leagtar amach sa mhír seo na comhlachtaí a bheidh ag EIT.

Beidh Bord Rialaithe comhdhéanta de chomhaltaí ardleibhéil a bhfuil taithí chruthaithe acu i réimsí an ardoideachais, an taighde, na nuálaíochta nó an ghnó. Beidh an Bord Rialaithe freagrach as gníomhaíochtaí EIT a stiúradh agus as faireachán a dhéanamh orthu, as PENanna a roghnú, a ainmniú, a mhaoiniú, as faireachán agus as meastóireacht a dhéanamh orthu, lena n-áirítear as bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh i gcás tearcfheidhmíochta PENanna, agus as cinntí straitéiseacha eile. Cuirfear san áireamh, agus an Bord Rialaithe á roghnú, critéir maidir le cothromaíocht inscne agus gheografach. Toghfaidh an Bord Rialaithe Cathaoirleach as measc a chomhaltaí.

Beidh Coiste Feidhmiúcháin comhdhéanta de chomhaltaí roghnaithe, a léireoidh gach ceann de na trí chomhpháirt de thriantán an eolais agus Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe. Tabharfaidh an Coiste Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Rialaithe a chúraimí a chomhlíonadh agus ullmhóidh sé cruinnithe an Bhoird Rialaithe i gcomhar leis an Stiúrthóir.

Déanfaidh an Bord Bainistíochta Stiúrthóir a cheapadh. Gníomhóidh an Stiúrthóir mar ionadaí dlíthiúil EIT agus beidh sé nó sí freagrach as cinntí an Bhoird Rialaithe a chur chun feidhme, agus as oibríochtaí agus bainistíocht EIT ó lá go lá.

Beidh Feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí ann a bheidh ag oibriú go hiomlán neamhspleách agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta. Déanfaidh an Fheidhm Iniúchóireachta Inmheánaí comhairle a chur ar an mBord Rialaithe agus ar an Stiúrthóir maidir le bainistíocht airgeadais agus riaracháin agus maidir le struchtúir rialaithe laistigh de EIT, maidir le heagrú nasc airgeadais le PENanna, agus maidir le haon ábhar eile a n-iarrfaidh an Bord Rialaithe comhairle uirthi ina leith.

2.   Déantar foráil maidir le forálacha mionsonraithe maidir le comhlachtaí EIT i Reachtanna EIT, a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

3.   Bunófar Grúpa Ionadaithe na mBallstát.

Beidh Grúpa Ionadaithe na mBallstát comhdhéanta d’ionadaí amháin as gach Ballstát agus as gach tír chomhlachaithe.

Cuirfidh Grúpa Ionadaithe na mBallstát comhairle ar an mBord Rialaithe agus ar an Stiúrthóir:

(a)

maidir le comhaontuithe comhpháirtíochta EIT le PENanna a fhadú nó a fhoirceannadh, amhail dá dtagraítear i bpointe 6 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I;

(b)

maidir le meabhrán comhair a thabhairt i gcrích le gach PEN, amhail dá dtagraítear i bpointe 6 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I; agus

(c)

maidir le saincheisteanna a bhfuil tábhacht straitéiseach leo do EIT seachas iad sin dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), agus taithí á chomhroinnt ina leith sin.

Déanfaidh Grúpa Ionadaithe na mBallstát comhairle a chur ar PENanna freisin agus taithí a chomhroinnt leo.

Déanfar Grúpa Ionadaithe na mBallstát a chur ar an eolas go rialta maidir le feidhmíocht EIT agus PENanna, a bhfuil bainte amach acu agus a ngníomhaíochtaí, torthaí a bhfaireacháin agus a meastóireachta, agus a dtáscairí feidhmíochta agus a mbearta ceartaitheacha. Tabharfaidh Grúpa Ionadaithe na mBallstát a thuairim ina leith sin.

Éascóidh Grúpa Ionadaithe na mBallstát freisin sineirgí agus comhlántachtaí iomchuí idir gníomhaíochtaí EIT agus gníomhaíochtaí PEN le cláir náisiúnta agus tionscnaimh náisiúnta, lena n-áirítear an cómhaoiniú náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le gníomhaíochtaí PEN.

Airteagal 6

Cúraimí

Chun a misin agus a cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, déanfaidh EIT, ar a laghad, an méid seo a leanas:

(a)

sainaithneoidh sí, i gcomhréir le COSN, a príomhthosaíochtaí agus a príomhghníomhaíochtaí, i gcomhréir le COSN, agus cuirfidh sí chun feidhme iad i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de Rialachán (AE) 2021/695;

(b)

áiritheoidh sí oscailteacht agus músclóidh sí feasacht i measc eagraíochtaí comhpháirtíochta ionchasacha nua agus déanfaidh sí rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí sin ina gníomhaíochtaí, go háirithe FBManna agus ionaid barr feabhais atá ag teacht chun cinn, a spreagadh ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí SNR, trí thógáil ar ghréasáin faisnéise agus struchtúir atá ann cheana;

(c)

roghnóidh agus ainmneoidh sí PENanna i gcomhréir le hAirteagal 9 agus leagfaidh sí amach cearta agus oibleagáidí PENanna trí bhíthin comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhaontuithe deontais, déanfaidh sí faireachán ar PENanna agus cuirfidh sí tacaíocht agus treoir straitéiseach iomchuí ar fáil dóibh trí bhearta rialaithe cáilíochta iomchuí, trí fhaireachán leanúnach agus trí mheastóireacht sheachtrach thréimhsiúil a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 11, agus déanfaidh sí bearta ceartaitheacha i gcás inarb iomchuí;

(d)

stiúróidh sí cur chun feidhme RIS, lena n-áirítear trí mhoil RIS a bheith á gcur chun feidhme ag PENanna;

(e)

áiritheoidh sí go ndéanfar leibhéal iomchuí comhordaithe agus éascóidh sí cumarsáid agus comhar téamach idir PENanna agus seolfaidh sí glaonna ar ghníomhaíochtaí tras-PEN agus ar sheirbhísí comhroinnte;

(f)

áiritheoidh sí go ndéanfaidh PENanna céimeanna agus dioplómaí atá faoi lipéad EIT a chur chun feidhme go forleathan, déanfaidh sí a gcur chun cinn a neartú lasmuigh de Chomhphobal EIT agus déanfaidh sí iad a leathnú chuig cláir foghlama ar feadh an tsaoil;

(g)

déanfaidh sí scaipeadh dea-chleachtas a chur chun cinn le haghaidh triantán an eolais a chomhtháthú, lena n-áirítear i measc PENanna agus ar fud an Aontais, inter alia trí RIS, chun comhchultúr aistrithe nuálaíochta agus eolais a fhorbairt, agus chun oscailteacht PENanna do chomhaltaí nua a spreagadh trí ghníomhaíochtaí for-rochtana;

(h)

déanfaidh sí scaipeadh, cumarsáid agus saothrú forleathan na dtorthaí agus na ndeiseanna a eascraíonn as Comhphobal EIT a chur chun cinn chun feasacht, infheictheacht agus eolas ar EIT a mhéadú ar fud an Aontais, chomh maith le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí Chomhphobail EIT a spreagadh;

(i)

tacóidh sí le PENanna, agus straitéis éifeachtach i leith inbhuanaitheacht airgeadais á forbairt, chun cistí a shlógadh ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha eile;

(j)

cothóidh sí barr feabhais san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht, go háirithe trí PENanna a chur chun cinn mar chomhpháirtithe nuálaíochta den scoth;

(k)

déanfaidh sí cineálacha cur chuige ildisciplíneacha maidir le nuálaíocht a chur chun cinn, ar fud na n-earnálacha uile, eadhon trí réitigh theicneolaíocha, shóisialta agus neamhtheicneolaíocha, inbhuanaitheacht agus neodracht aeráide trí dhearadh, trí chineálacha cur chuige eagraíochta, trí dhíriú ar fhiontraíocht agus trí shamhlacha nua gnó;

(l)

déanfaidh sé sineirgí agus comhlántachtaí a áirithiú idir gníomhaíochtaí EIT agus cláir eile de chuid an Aontais, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695;

(m)

déanfaidh sí an plé agus an malartú agus scaipeadh saineolais agus feasa gnó a chothú idir PENanna maidir le samhlacha nuálacha maoine intleachtúla, agus é mar aidhm aici aistriú agus scaipeadh eolais a chur chun cinn, laistigh de chomhthéacs PENanna agus ar bhonn níos forleithne ar fud an Aontais;

(n)

déanfaidh sí an tacaíocht is gá a chur ar fáil agus cothóidh sí sineirgí le PENanna chun réitigh nuálacha a fhorbairt;

(o)

eagróidh sí cruinnithe rialta, gach 2 bhliain ar a laghad, d’fhóram na ngeallsealbhóirí chun gníomhaíochtaí EIT, a taithí, a dea-chleachtais agus a rannchuidiú le beartais agus cuspóirí an Aontais i leith nuálaíochta, taighde agus oideachais, chomh maith le beartais agus cuspóirí eile de chuid an Aontais nuair is ábhartha, a chomhroinnt agus a phlé, agus chun a cheadú do gheallsealbhóirí a ndearcthaí a chur in iúl;

(p)

eagróidh sí cruinnithe de Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát, dhá uair sa bhliain ar a laghad, neamhspleách ar chruinnithe d’fhóram na ngeallsealbhóirí;

(q)

éascóidh sí bunú saoráidí seirbhísí comhroinnte de chuid Chomhphobail EIT;

(r)

spreagfaidh sí, le himeacht ama, líonrú mhoil agus ionaid chomhlonnaithe RIS sna Ballstáit chun a gcomhar laistigh de Chomhphobal EIT agus leis na héiceachórais nuálaíochta áitiúla a éascú;

(s)

déanfaidh sí faireachán ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tacaíochta a bheidh le déanamh ag PENanna ar mhaithe le hacmhainneacht fiontraíochta agus nuálaíochta a gcuid balleagraíochtaí a fhorbairt, go háirithe institiúidí ardoideachais, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta agus ar mhaithe lena gcomhtháthú in éiceachórais nuálaíochta, ar fud an Aontais agus i gcomhréir le cur chuige thriantán an eolais;

(t)

déanfaidh sí, i gcomhar leis an gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le PENanna, tionscnamh píolótach a dhearadh, a sheoladh agus a chomhordú lena dtacófar le hacmhainneachtaí nuálaíochta agus fiontraíochta institiúidí ardoideachais agus lena gcomhtháthú in éiceachórais nuálaíochta (an tionscnamh piolótach ordoideachais), atá le cur chun feidhme ag PENanna.

Airteagal 7

PENanna

1.   Tabharfaidh PENanna, ar a laghad, faoin méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí nuálaíochta lena mbaineann breisluach Aontais, lena n-áirítear cruthú gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus forbairt gnólachtaí nuálacha a éascú, i gcomhlántacht le CNE agus leis an gClár InvestEU, agus comhtháthú iomlán á dhéanamh ar na gnéithe ardoideachais agus taighde chun mais chriticiúil a bhaint amach, agus scaipeadh agus saothrú torthaí á spreagadh;

(b)

taighde, turgnamh, fréamhshamhlú agus taisealbhadh nuálaíocht-tiomáinte i réimsí ríthábhachtacha ó thaobh an gheilleagair, an chomhshaoil agus na sochaí de, a tharraingíonn ar thorthaí a eascraíonn as taighde de chuid an Aontais agus náisiúnta, agus a d’fhéadfadh iomaíochas an Aontais a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus réitigh ar na mórdhúshláin a gcaithfidh sochaí na hEorpa aghaidh a thabhairt orthu a fháil, lena n-áirítear iad sin a bhaineann leis an tsláinte agus leis an margadh digiteach;

(c)

gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna go háirithe ar leibhéal máistreachta agus dochtúireachta, chomh maith le cúrsaí oiliúna gairmiúla, i réimsí a bhfuil sé d’acmhainneacht iontu riachtanais shocheacnamaíocha agus shochéiceolaíocha na hEorpa sa todhchaí a shásamh, agus a dhéanann bonn tallainne an Aontais a leathnú amach, agus a chuireann chun cinn forbairt scileanna a bhaineann le nuálaíocht, feabhsú scileanna bainistíochta agus fiontraíochta agus soghluaisteacht taighdeoirí agus mac léinn, agus a chothaíonn comhroinnt eolais, meantóireacht agus líonrú i measc faighteoirí gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna EIT, lena n-áirítear iad siúd atá faoi lipéad EIT;

(d)

gníomhaíochtaí mar chuid den tionscnamh píolótach ardoideachais chun insititiúidí ardoideachais a chomhtháthú níos fearr i slabhraí luacha nuálaíochta agus in éiceachórais agus iad a thabhairt le chéile le príomhghníomhaithe nuálaíochta eile ó thriantán an eolais agus, ar an gcaoi sin, a n-acmhainneacht nuálaíochta agus fiontraíochta a fheabhsú;

(e)

gníomhaíochtaí for-rochtana agus scaipeadh dea-chleachtas i réimse na nuálaíochta, agus béim á leagan ar fhorbairt an chomhair idir earnálacha an ardoideachais, an taighde agus an ghnó, lena n-áirítear na hearnálacha seirbhíse agus airgeadais, agus, i gcás inarb ábhartha, eagraíochtaí poiblí agus eagraíochtaí tríú hearnáil;

(f)

gníomhaíochtaí RIS, atá comhtháite go hiomlán i straitéis ilbhliantúil PENanna agus atá nasctha leis na straitéisí ábhartha um speisialtóireacht chliste mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/695 chun acmhainneacht nuálaíochta a neartú agus éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe a fhorbairt d’fhonn na héagothromaíochtaí agus an deighilt i bhfeidhmíocht nuálaíochta ar fud an Aontais a laghdú;

(g)

sineirgí agus comhlántachtaí a lorg idir gníomhaíochtaí PEN agus cláir de chuid an Aontais, cláir náisiúnta agus cláir réigiúnacha atá ann cheana, go háirithe CNE, Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile agus misin eile de chuid an chláir Fís Eorpach, de réir mar is iomchuí;

(h)

cistí a shlógadh ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha, go háirithe ag féachaint le sciar méadaitheach dá mbuiséad a thiomsú ó fhoinsí príobháideacha agus ó ioncam a ghintear óna gcuid gníomhaíochtaí féin, i gcomhréir le hAirteagal 18;

(i)

faisnéis a sholáthar, arna iarraidh sin, faoi aschuir agus torthaí taighde agus nuálaíochta, agus faoi chearta intleachtúla gaolmhara, arna bhforbairt de bhun ghníomhaíochtaí PENanna, agus faoi na haireagóirí ábhartha.

2.   Gan dochar do na comhaontuithe comhpháirtíochta agus do na comhaontuithe deontais idir EIT agus PENanna, beidh neamhspleáchas substaintiúil ag PENanna chun a n-eagrúchán inmheánach agus a gcomhdhéanamh a bhunú, mar aon lena gcláir oibre agus lena modhanna oibre, ar choinníoll go mbeidh dul chun cinn i dtreo bhaint amach chuspóirí EIT agus PENanna mar thoradh orthu, agus pleanáil straitéiseach an chláir Fís Eorpach agus treo straitéiseach EIT a leagtar amach in COSN agus ag an mBord Rialaithe á gcur san áireamh.

Déanfaidh PENanna, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

socruithe rialachais inmheánacha trédhearcacha a bhunú lena léireofar triantán an eolais arb éard atá ann an t-ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht;

(b)

a n-oscailteacht a áirithiú agus a chur chun cinn trí chritéir aontachais agus imeachta soiléire agus trédhearcacha, lena n-áirítear trí ghlaonna oscailte, d’eagraíochtaí comhpháirtíochta ionchasacha nua ar fud an Aontais a chuireann luach leis an gcomhpháirtíocht;

(c)

rialacha inmheánacha a bhunú, lena n-áirítear cóid iompair, lena n-áiritheofar a bhfeidhmíocht ar bhealach oscailte agus trédhearcach;

(d)

a bpleananna gnó a bhunú agus a chur chun feidhme;

(e)

straitéisí a bhunú agus a chur chun feidhme chun inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach.

3.   Féadfaidh PENanna bearta agus tionscnaimh a ghlacadh arb é is aidhm dóibh éifeachtaí ghéarchéim COVID-19 a mhaolú, go háirithe gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh athléimneacht micrifhiontar, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a mhéadú, mar aon le hathléimneacht mac léinn, taighdeoirí agus fostaithe.

4.   Beidh an caidreamh idir EIT agus gach PEN bunaithe ar chomhaontú comhpháirtíochta, ar chomhaontú deontais nó, faoi réir Airteagal 12, ar mheabhrán comhair.

Airteagal 8

Rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh

Beidh feidhm ag na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh an chláir Fís Eorpach. De mhaolú ar na rialacha sin:

(a)

is in Airteagal 9(3) agus (4) den Rialachán seo a leagtar amach na híoschoinníollacha chun PEN a bhunú;

(b)

féadfaidh feidhm a bheith ag rialacha sonracha i dtaca le húinéireacht, cearta rochtana, saothrú agus scaipeadh maidir le gníomhaíochtaí breisluacha PEN, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 9

Roghnú agus ainmniú PENanna

1.   Roghnóidh agus ainmneoidh EIT comhpháirtíocht le bheith ina PEN de réir nós imeachta iomaíoch, oscailte agus trédhearcach. Beidh feidhm ag na coinníollacha agus na critéir a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/695, inter alia in Airteagal 28(3) de, chomh maith leis na critéir chun Comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú. Féadfaidh an Bord Rialaithe na critéir sin a shonrú tuilleadh, trí chritéir maidir le roghnú PENanna a ghlacadh agus a fhoilsiú, bunaithe ar phrionsabail an fheabhais agus na hábharthachta nuálaíochta i dtaca le dúshláin dhomhanda a shárú agus tosaíochtaí beartais an Aontais a bhaint amach.

2.   Seolfaidh EIT roghnú agus ainmniú PENanna de réir na réimsí tosaíochta agus an sceidil ama a shainítear in COSN, agus aird á tabhairt ar na tosaíochtaí a leagtar amach i bpleanáil straitéiseach an chláir Fís Eorpach.

3.   Is í an t-íoschoinníoll chun PEN a bhunú rannpháirtíocht trí eagraíocht comhpháirtíochta neamhspleácha ar a laghad, ina bhfuil ar a laghad institiúid ardoideachais amháin, eagraíocht taighde amháin agus cuideachta phríobháideach amháin agus atá bunaithe i dtrí Bhallstát éagsúla ar a laghad.

4.   I dteannta an choinníll a leagtar amach i mír 3, beidh dhá thrian ar a laghad de na heagraíochtaí comhpháirtíochta a bhunaíonn PEN bunaithe sna Ballstáit.

5.   Maidir leis na critéir agus na nósanna imeachta chun gníomhaíochtaí PENanna a mhaoiniú agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, glacfaidh agus foilseoidh EIT iad sula seolfar an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh PENanna nua. Cuirfidh EIT Grúpa Ionadaithe na mBallstát agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas go pras faoi na critéir agus na nósanna imeachta sin.

Airteagal 10

Prionsabail maidir le meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar PENanna

Déanfaidh EIT, ar bhonn táscairí agus forálacha faireacháin a leagtar amach, inter alia, i Rialachán (AE) 2021/695 agus in COSN, agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, faireachán leanúnach agus meastóireachtaí seachtracha tréimhsiúla ar aschur, ar thorthaí agus ar thionchar gach PEN a eagrú, lena n-áirítear ar dhul chun cinn PENanna i dtreo na hinbhuanaitheachta airgeadais, na cost-éifeachtúlachta agus na hoscailteachta do chomhaltaí nua.

Déanfar na torthaí faireacháin agus meastóireachtaí sin a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus cuirfear ar fáil don phobal iad.

Airteagal 11

Ré, fadú agus foirceannadh comhaontaithe comhpháirtíochta

1.   De mhaolú ar phointe (c) d’Airteagal 130(4) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh EIT comhaontú comhpháirtíochta a bhunú le PEN ar feadh tréimhse tosaigh 7 mbliana.

2.   Ar bhonn faireachán leanúnach ar PENanna i gcomhréir le hAirteagal 10, déanfaidh EIT, faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe, athbhreithnithe eatramhacha ar fheidhmíocht agus ar ghníomhaíochtaí PENanna lena gcumhdófar na chéad 3 bliana den chomhaontú comhpháirtíochta.

I gcás fadú ar an gcomhaontú comhpháirtíochta, déanfaidh EIT athbhreithnithe eatramhacha den sórt sin a chumhdóidh na chéad 3 bliana tar éis a fhadaithe.

Cuirfidh an Bord Rialaithe na hathbhreithnithe eatramhacha sin ar fáil don phobal.

3.   Sula rachaidh an tréimhse 7 mbliana dá dtagraítear i mír 1 in éag, déanfaidh EIT, faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe, measúnú cuimsitheach ar fheidhmíocht agus ar ghníomhaíochtaí gach PEN, le tacaíocht ó shaineolaithe seachtracha neamhspleácha.

4.   Tar éis dul i gcomhairle le Grúpa Ionadaithe na mBallstát, féadfaidh an Bord Rialaithe fad a chur leis an gcomhaontú comhpháirtíochta go ceann tréimhse breise suas le 7 mbliana, é sin nó deireadh a chur le ranníocaíocht airgeadais EIT agus gan fad a chur leis an gcomhaontú comhpháirtíochta le PEN ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

toradh an athbhreithnithe eatramhaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2; agus

(b)

toradh measúnaithe chuimsithigh dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh EIT Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas sula gcuirfidh sé fad leis an tréimhse 7 mbliana dá dtagraítear i mír 1.

5.   Chun cinneadh a dhéanamh an gcuirfear síneadh leis an gcomhaontú comhpháirtíochta le PEN faoi mhír 4, cuirfidh an Bord Rialaithe san áireamh na critéir chun Comhpháirtíochtaí Eorpacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695 a chur chun feidhme agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, agus, maidir le PENanna, cuirfidh sé san áireamh na nithe seo a leanas:

(a)

a ábhartha atá siad maidir le dúshláin dhomhanda an Aontais;

(b)

a mbreisluach Aontais agus a n-ábharthacht maidir le cuspóirí EIT;

(c)

baint amach a gcuid cuspóirí;

(d)

a gcuid iarrachtaí i dtaca lena gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú le tionscnaimh ábhartha eile i réimse an taighde agus na nuálaíochta;

(e)

a n-acmhainneacht chun oscailteacht do chomhaltaí nua a áirithiú;

(f)

an méid atá bainte amach acu chun comhaltaí nua a mhealladh ó gach cearn den Aontas;

(g)

a mhéid a chomhlíonann siad prionsabail an dea-rialachais;

(h)

a gcuid iarrachtaí agus torthaí maidir le bearta agus gníomhaíochtaí inscne-íogaire a dhearadh agus a chur chun feidhme; agus

(i)

a n-acmhainneacht chun éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe a fhorbairt agus an leibhéal inbhuanaitheachta airgeadais atá bainte amach.

6.   I gcás ina léirítear leis an bhfaireachán leanúnach, le hathbhreithniú eatramhach nó leis an measúnú cuimsitheach ar PEN, dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, nach leor an dul chun cinn atá déanta i réimsí dá dtagraítear in Airteagal 10 nó go bhfuil easpa breisluach Aontais ann, déanfaidh an Bord Rialaithe bearta ceartaitheacha iomchuí, lena n-áirítear laghdú, modhnú nó tarraingt siar ranníocaíocht airgeadais EIT nó foirceannadh an chomhaontaithe comhpháirtíochta.

7.   Déanfaidh EIT, faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe, athbhreithniú deiridh ar fheidhmíocht agus ar ghníomhaíochtaí PEN sula rachaidh an comhaontú comhpháirtíochta in éag. Faoi réir an toraidh dhearfaigh ar athbhreithniú deiridh a dhéanfar sula rachaidh an comhaontú comhpháirtíochta in éag, féadfaidh EIT meabhrán comhair a thabhairt i gcrích le PEN.

Airteagal 12

Meabhrán comhair

1.   Bunóidh an Bord Rialaithe ré, ábhar agus struchtúr an mheabhráin comhair, agus grinnstaidéar neamhspleách á chur san áireamh aige. Áireofar sa staidéar measúnú ar iarrachtaí PEN maidir le hinbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach, na hioncaim a ghintear agus ionchas airgeadais PEN. Ina theannta sin, sainaithneofar leis an measúnú aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh sé nach mbeifí in ann leanúint díobh de dheasca easpa acmhainní.

2.   Áireofar an méid seo a leanas sa mheabhrán comhair:

(a)

cearta agus oibleagáidí a bhaineann le leanúint de ghníomhaíochtaí thriantán an eolais chomh maith le cothabháil éiceachóras agus ghréasán PEN;

(b)

coinníollacha maidir le húsáid bhranda EIT agus le rannpháirtíocht i nDámhachtainí EIT agus i dtionscnaimh eile arna n-eagrú ag EIT;

(c)

coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí ardoideachais agus oiliúna lena n-áirítear úsáid lipéad EIT le haghaidh cláir oideachais agus oiliúna agus le haghaidh caidreamh le Pobal Alumni EIT;

(d)

coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i nglaonna iomaíocha EIT le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí sonracha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí tras-PEN agus seirbhísí comhroinnte;

(e)

coinníollacha maidir le tacaíocht bhreise ó EIT do ghníomhaíochtaí comhordaithe trasnáisiúnta i measc na n-ionad comhshuí a bhfuil breisluach ard Aontais acu.

3.   I gcás nach dtugtar meabhrán comhair i gcrích, ní úsáidfidh PEN branda EIT le haghaidh a gníomhaíochtaí.

Airteagal 13

Céimeanna agus dioplómaí

1.   Bronnfaidh institiúidí ardoideachais agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna rannpháirteacha céimeanna agus dioplómaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí ardoideachais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7(1) i gcomhréir le rialacha náisiúnta agus le nósanna imeachta náisiúnta creidiúnaithe. Déanfar foráil sna comhaontuithe comhpháirtíochta, comhaontuithe deontais agus meabhráin chomhair idir EIT agus PENanna go ndéanfar céimeanna agus dioplómaí EIT a thabhairt mar theideal ar na céimeanna agus na dioplómaí sin chomh maith.

2.   Spreagfaidh EIT na hinstitiúidí ardoideachais agus soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna rannpháirteacha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

comhchéimeanna nó ilchéimeanna agus comhdhioplómaí nó ildioplómaí a bhronnadh, lena léirítear cineál comhtháite PENanna, a fhéadfaidh institiúid ardoideachais amháin nó soláthróir gairmoideachais agus gairmoiliúna a bhronnadh freisin;

(b)

na cleachtais is fearr a scaipeadh maidir le saincheisteanna cothrománacha;

(c)

lipéad EIT a chur chun cinn agus a phoibliú ina gcuid oiliúna agus dioplómaí;

(d)

straitéisí éagsúla a fhorbairt a mbeidh sé d’aidhm acu comhar éifeachtach a chur chun cinn le héiceachórais agus le gnólachtaí nuálaíochta agus meon fiontraíochta a chothú;

(e)

cláir a chruthú lena ndíreofar ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar dheimhniú;

(f)

aird ar leith a thabhairt ar chothromaíocht inscne agus ar chineálacha cur chuige inscne-íogair, go háirithe i réimsí ina bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht, amhail an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic;

(g)

na nithe a leanas a chur san áireamh:

(i)

gníomhaíocht an Aontais a dhéantar i gcomhréir le hAirteagail 165 agus 166 CFAE;

(ii)

gníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs an Réimse Ardoideachais Eorpaigh.

Airteagal 14

Neamhspleáchas oibríochtúil EIT agus comhsheasmhacht le gníomhaíocht an Aontais, le gníomhaíocht na mBallstát nó le gníomhaíocht idir-rialtasach

1.   Cuirfidh EIT a ghníomhaíochtaí i gcrích go neamhspleách ar údaráis náisiúnta agus ar bhrúnna seachtracha, agus á áirithiú ag an am céanna go bhfuil na gníomhaíochtaí sin comhsheasmhach, trí chomhordú, le gníomhartha agus le hionstraimí eile a bheidh le cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, go háirithe i réimsí an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta.

2.   Ina theannta sin, féachfaidh EIT le sineirgí agus comhlántachtaí a lorg trí bheartais agus tionscnaimh a chur san áireamh go hiomchuí ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idir-rialtasach chun an úsáid is fearr a bhaint as dea-chleachtais, as coincheapa fadbhunaithe agus as acmhainní atá ann cheana féin.

Déanfaidh an Coimisiún an tacaíocht is gá a thairiscint do EIT chun sineirgí agus comhlántachtaí iomchuí a bhunú le gníomhaíochtaí eile arna ndéanamh faoi Rialachán (AE) 2021/695, chomh maith le tionscnaimh agus cláir eile de chuid an Aontais, agus dúbláil á seachaint ag an am céanna.

Cuirfidh an Coimisiún moltaí ar fáil do EIT maidir le conas an t-ualach riaracháin ar PENanna a laghdú.

Airteagal 15

Stádas dlíthiúil

1.   Beidh EIT ina chomhlacht Aontais agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici. I ngach Ballstát, beidh na cumhachtaí dlíthiúla is leithne aige is féidir a bhronnadh ar dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

2.   Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE maidir le EIT.

Airteagal 16

Dliteanas

1.   Is é EIT amháin a bheidh freagrach as a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

2.   Rialófar dliteanas conarthach EIT leis na forálacha conarthacha ábhartha agus an dlí a mbeidh feidhm aige maidir leis an gconradh lena mbaineann.

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) de bhun aon chlásal eadrána a bheidh i gconradh a thug EIT i gcrích.

3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, slánóidh EIT, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh é ise nó a bhaill foirne, agus iad ag feidhmiú a ndualgas, ba chúis leis.

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid a bhaineann le cúiteamh a fháil as dochar den sórt sin.

4.   Aon íocaíocht a dhéanfaidh EIT d’fhonn an dliteanas dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a chumhdach mar aon leis na costais agus an caiteachas a thabhaítear ina dtaobh sin, measfar gur caiteachas de chuid EIT í agus cumhdófar faoi acmhainní EIT í.

5.   Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcaingne a thugtar in aghaidh EIT i gcomhréir le hAirteagail 263 agus 265 CFAE.

Airteagal 17

Trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid

1.   Áiritheoidh EIT agus PENanna go mbainfidh ardleibhéal trédhearcachta le reáchtáil a gcuid gníomhaíochtaí. Déanfaidh EIT agus PENanna, go háirithe, suíomh gréasáin inrochtana, saor in aisce a chur ar bun lena soláthrófar eolas maidir lena gcuid gníomhaíochtaí agus na deiseanna a thairgeann siad, go háirithe maidir le glaonna oscailte.

2.   Déanfaidh EIT agus PENanna faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil maidir le glaonna ar thograí a eisíonn siad, lena n-áirítear an fhaisnéis faoina bpróisis mheastóireachta agus faoi thorthaí na nglaonna sin ar thograí. Déanfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar bhealach tráthúil, inchuardaithe agus inrianaithe sna bunachair sonraí chomhchoiteanna ábhartha ar líne de chuid na dtionscadal taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag an Aontas, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695.

3.   Sula ndéanfaidh sé glaonna ar thograí a eisiúint chun PENanna a roghnú, déanfaidh EIT a rialacha nós imeachta, a sainrialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus na critéir chun PENanna a roghnú dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur ar fáil don phobal.

4.   Foilseoidh EIT gan mhoill a doiciméad clársceidealaithe aonair agus a tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 19.

5.   Gan dochar do mhíreanna 6 agus 7, ní sceithfidh EIT le tríú páirtithe faisnéis rúnda a fuair sí agus ar iarradh, ar chúis iomchuí, go ndéileálfaí léi i modh rúnda.

6.   Beidh comhaltaí chomhlachtaí EIT faoi réir an cheanglais rúndachta dá dtagraítear in Airteagal 339 CFAE.

Beidh an fhaisnéis a bhailíonn EIT i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

7.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) maidir leis na doiciméid a bheidh i seilbh EIT.

8.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (13) maidir le EIT. Is é an Lárionad Aistriúcháin do chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2965/1994 ón gComhairle, a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá i gcomhair fheidhmiú EIT (14).

Airteagal 18

PENanna a mhaoiniú

1.   Maoineofar PENanna ó na foinsí seo a leanas, go háirithe:

(a)

ranníocaíochtaí ó eagraíochtaí comhpháirtíochta, a bheidh ina bhfoinse shubstaintiúil maoinithe;

(b)

ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit, ó thíortha comhlachaithe nó ó thríú tíortha eile nó ó údaráis phoiblí laistigh de na Ballstáit nó tíortha sin;

(c)

ranníocaíochtaí ó chomhlachtaí idirnáisiúnta nó ó institiúidí idirnáisiúnta;

(d)

ioncam a ghineann PENanna trí shócmhainní dílse agus trí ghníomhaíochtaí dílse agus trí ríchíosanna ó chearta maoine intleachtúla;

(e)

dearlaicí caipitil;

(f)

tiomnachtaí, deonacháin agus ranníocaíochtaí ó dhaoine aonair, ó institiúidí, ó fhondúireachtaí nó ó aon chomhlachtaí eile arna mbunú faoin dlí náisiúnta;

(g)

an ranníocaíocht airgeadais ó EIT;

(h)

ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear iad sin arna maoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais.

2.   Bunófar na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar an ranníocaíocht airgeadais ó EIT i rialacha airgeadais EIT dá dtagraítear in Airteagal 23(1).

3.   Gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad, féadfar iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta, faoi réir faireachán leormhaith ar riachtanais airgeadais PENanna, riachtanais atá le bunú ar bhonn bliantúil.

4.   Féadfar suas le 100 % de chostais incháilithe iomlána maidir le gníomhaíochtaí breisluacha PEN a chumhdach le ranníocaíocht airgeadais EIT le PENanna i gcéimeanna tosaigh shaolré PEN. Le himeacht ama, laghdófar ranníocaíocht den sórt sin de réir a chéile i gcomhréir leis na rátaí cistiúcháin a shocraítear in COSN.

5.   Féadfaidh PENanna agus a n-eagraíochtaí comhpháirtíochta cur isteach ar chistiú ón Aontas, go háirithe faoi chuimsiú chláir agus chistí an Aontais, i gcomhréir leis na rialacha ábhartha. Ní chumhdófar leis an gcistiú sin costais atá á gcistiú cheana féin faoi chlár eile de chuid an Aontais.

6.   Maidir le ranníocaíochtaí ó eagraíochtaí comhpháirtíochta chun PENanna a mhaoiniú, cinnfear iad i gcomhréir leis na rátaí cistiúcháin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo agus léireofar leo straitéis PENanna chun inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach.

7.   Bunóidh EIT sásra um leithdháileadh bunaithe ar fheidhmíocht chun a ranníocaíocht airgeadais a dheonú ar PENanna. Áireofar ann measúnú a dhéanamh ar phleananna gnó agus ar fheidhmíocht PENanna arna dtomhas le faireachán leanúnach i gcomhréir le hAirteagal 10 agus mar a leagtar amach in COSN.

Airteagal 19

Clárú agus tuairisciú

1.   Glacfaidh EIT doiciméad clársceidealaithe aonair, a bheidh bunaithe ar COSN, i gcomhréir lena rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 23(1), ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)

ráiteas maidir le mórthosaíochtaí agus le mórthionscnaimh bheartaithe EIT agus PENanna;

(b)

meastachán ar riachtanais mhaoinithe agus ar fhoinsí maoinithe;

(c)

meastachán ar na riachtanais foirne a eascraíonn as cúraimí nua;

(d)

modhanna, uirlisí agus táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí EIT agus PENanna lena n-úsáidtear cur chuige bunaithe ar thionchar agus ar fheidhmíocht;

(e)

comhpháirteanna eile mar a leagtar síos ina rialacha airgeadais.

2.   Glacfaidh EIT tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite gníomhaíochta, ar tuarascáil í ina n-áireofar faisnéis chuimsitheach ar na gníomhaíochtaí a reáchtáil EIT agus PENanna le linn na bliana roimhe sin agus ar rannchuidiú EIT i dtaca le cuspóirí an chláir Fís Eorpach agus le beartais agus cuspóirí an Aontais maidir le nuálaíocht, taighde agus oideachas. Leis an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite gníomhaíochta, déanfar na torthaí a mheasúnú inti maidir leis na cuspóirí, na táscairí agus leis an amchlár a socraíodh, na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích na hacmhainní a úsáideadh, lena n-áirítear a rannchuidiú leis an sprioc maidir leis an aeráid a phríomhshruthú faoi Rialachán (AE) 2021/695 arna miondealú de réir PEN, agus le hoibriú ginearálta EIT. Áireofar leis an tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta chomhdhlúite faisnéis chuimsitheach eile i gcomhréir le rialacha airgeadais EIT.

Faoin 29 Bealtaine 2022 agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh an Stiúrthóir an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí faoi bhráid choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 20

Faireachán agus meastóireacht ar EIT

1.   Áiritheoidh EIT go ndéanfar monatóireacht leanúnach agus córasach agus meastóireacht neamhspleách thráthrialta ar a ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a bhainistítear trí bhíthin PENanna, i gcomhréir lena rialacha airgeadais, d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach fothorthaí den chaighdeán is airde, sármhaitheas eolaíochta agus an úsáid acmhainní is éifeachtaí is féidir. Cuirfear torthaí an fhaireacháin agus na meastóireachtaí ar fáil don phobal.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó shaineolaithe seachtracha neamhspleácha, agus tuairimí na ngeallsealbhóirí á gcur san áireamh aige, meastóireacht eatramhach agus meastóireacht deiridh a chur i gcrích, go tráthúil, ar EIT agus ar na PENanna. Bainfear leas as na meastóireachtaí sin i meastóireachtaí an chláir Fís Eorpach dá bhforáiltear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695.

Déanfar scrúdú trí na meastóireachtaí sin ar an gcaoi a gcomhlíonann EIT a misean agus a cuspóirí agus cumhdófar leo gníomhaíochtaí uile EIT agus na PENanna. Déanfaidh siad measúnú ar an mbreisluach Aontais a bhaineann le EIT, ar an tionchar ar fud an Aontais agus ar thionchar ghníomhaíochtaí RIS, oscailteacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus ábharthacht ghníomhaíochtaí EIT a shaothraítear agus a gcomhsheasmhacht agus a gcomhlántacht le beartais ábhartha an Aontais agus le beartais náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear na sineirgí le codanna eile den chlár Fís Eorpach, go háirithe na comhpháirtíochtaí agus misin Eorpacha eile agus an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE).

Déanfar measúnú sa mheastóireacht eatramhach freisin, inter alia, ar thoradh agus ar thionchair an tionscnaimh phíolótaigh ardoideachais, ar éifeachtacht straitéisí inbhuanaitheachta airgeadais na PENanna agus ar an gcomhar idir EIT agus comhlachtaí cur chun feidhme faoi Cholún III “Eoraip Nuálach” de chuid an chláir Fís Eorpach. I ndáil leis sin, bainfear leas as meastóireachtaí EIT i meastóireachtaí an chláir Fís Eorpach, agus chomh maith leis sin i bhfianaise measúnú córasach ar Cholún III an chláir Fhís Eorpach, “Eoraip Nuálach”, go háirithe maidir leis an ionad ilfhreastail ar mhaithe leis an nuálaíocht.

3.   Féadfaidh an Coimisiún tabhairt faoi bhreis meastóireachtaí ar théamaí nó ar ábhair atá ábhartha go straitéiseach, le cúnamh ó shaineolaithe seachtracha neamhspleácha, ar saineolaithe iad a roghnófar ar bhonn próiseas trédhearcach, chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag EIT i dtreo na gcuspóirí a leagtar síos, chun na fachtóirí a chuireann le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a shainaithint agus chun na cleachtais is fearr a shainaithint. Trí na meastóireachtaí breise sin a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún an t-ualach riaracháin ar EIT agus ar PENanna a bhreithniú go hiomlán.

4.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí, agus a bharúlacha in éineacht leo, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. Tabharfaidh an Bord Rialaithe aird chuí ar thorthaí na meastóireachtaí i gcláir agus in oibríochtaí EIT.

Airteagal 21

Buiséad EIT

1.   Beidh ranníocaíocht ón Aontas mar chuid d’ioncam EIT. Maidir le hioncam EIT, féadfaidh sé go mbeidh ranníocaíochtaí ó fhoinsí príobháideacha agus ó fhoinsí poiblí eile ann freisin.

Soláthrófar ranníocaíocht an Aontais ó ranníocaíocht airgeadais ón gclár Fís Eorpach arna socrú ag EUR 2 726 000 000 i bpraghsanna reatha, le méid breise de EUR 210 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018, don tréimhse 2021-2027.

Féadfaidh EIT acmhainní breise airgeadais ó chláir eile de chuid an Aontais a fháil.

2.   Soláthrófar ranníocaíocht airgeadais EIT le PENanna ó ranníocaíocht an Aontais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 22

Buiséad bliantúil EIT a ullmhú agus a ghlacadh

1.   Bunófar ábhar agus struchtúr bhuiséad EIT i gcomhréir lena rialacha airgeadais. Cuirfear luach saothair foirne, costais riaracháin agus bonneagair agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas EIT. Coinneofar costais riaracháin chomh híseal agus is féidir. Beidh buiséad EIT comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

2.   Dréachtóidh an Stiúrthóir dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas EIT don bhliain airgeadais dár gcionn agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig an mBord Rialaithe é.

3.   Glacfaidh an Bord Rialaithe an dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas EIT, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta ag gabháil leis, agus cuirfear ar aghaidh iad chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún mar chuid den doiciméad clársceidealaithe aonair faoin dáta a shonraítear i rialacha airgeadais EIT.

4.   Glacfaidh an Bord Rialaithe buiséad EIT. Beidh buiséad EIT críochnaitheach tar éis ghlacadh deireanach bhuiséad ginearálta an Aontais. I gcás inarb iomchuí, coigeartófar é dá réir.

5.   Tabharfaidh an Bord Rialaithe fógra don údarás buiséadach, a luaithe is féidir, faoi aon tionscadal atá ar intinn aige a chur chun feidhme a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar chistiú bhuiséad EIT, go háirithe aon tionscadail a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

6.   Leanfaidh aon leasú substaintiúil a dhéanfar ar bhuiséad EIT an nós imeachta céanna.

Airteagal 23

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.   Glacfaidh EIT a rialacha airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 70(3) den Rialachán Airgeadais. Tabharfar aird chuí ar an ngá atá le solúbthacht oibríochtúil leordhóthanach chun go mbeidh EIT in ann a cuspóirí a bhaint amach agus comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach a mhealladh agus a choinneáil.

2.   Cuirfear chun feidhme an ranníocaíocht airgeadais le EIT ón gclár Fís Eorpach agus ó chláir eile de chuid an Aontais i gcomhréir le rialacha na gclár sin.

3.   Cuirfidh an Stiúrthóir buiséad EIT chun feidhme.

4.   Comhdhlúthófar cuntais EIT le cuntais an Choimisiúin.

Airteagal 24

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   D’fhonn calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm maidir le EIT ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

2.   Aontóidh EIT don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le fiosruithe inmheánacha na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) (16). Déanfaidh an Bord Rialaithe an t-aontachas sin a chur ar bhonn foirmiúil agus glacfaidh sé na bearta is gá chun cuidiú le OLAF imscrúduithe inmheánacha a dhéanamh.

3.   Le gach cinneadh a ghlacfaidh EIT agus le gach comhaontú comhpháirtíochta nó le gach comhaontú deontais a chuirfidh EIT i gcrích, forálfar go sonrach go bhféadfaidh OLAF agus an Chúirt Iniúchóirí cigireacht ar an láthair a dhéanamh ar dhoiciméid conraitheoirí agus fochonraitheoirí a bhfuil cistí ón Aontas faighte acu, lena n-áirítear ag áitreabh na dtairbhithe deiridh.

Airteagal 25

Foirceannadh EIT

I gcás ina ndéanfar EIT a fhoirceannadh, déanfar é sin faoi mhaoirseacht an Choimisiúin i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme. Is iad na comhaontuithe comhpháirtíochta nó na comhaontuithe deontais le PENanna a leagfaidh síos na forálacha iomchuí.

Airteagal 26

Athbhreithniú

Faoin 31 Nollaig 2026, tíolacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn thorthaí na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus (3), aon tograí le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo a mheasann sé a bheith riachtanach, go háirithe maidir le misean agus cuspóirí EIT a leagtar amach in Airteagal 3 agus d’fhonn buiséad EIT a shíneadh thar an tréimhse a shonraítear in Airteagail 3 agus 21 i gcomhréir le creatchlár ábhartha an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht.

Airteagal 27

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 amhail ón 28 Bealtaine 2021, seachas Airteagail 3 agus 5, Airteagal 6(1) agus Airteagail 7, 14, 17 agus 19 de, a aisghairfear le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III.

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 3, 4 agus 6, ag Airteagal 7(1) agus (3), agus ag Airteagail 8, 9, 18 agus 21 ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)   IO C 47, 11.2.2020, lch. 69.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Theicneolaíocht (IO L 97, 9.4.2008, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn II.

(5)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(6)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(9)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(13)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 17, 6.10.1958, lch. 385).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 2965/1994 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Lárionad Aistriúcháin do chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (IO L 314, 7.12.1994, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(16)   IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.


IARSCRÍBHINN I

REACHTANNA NA hINSTITIÚIDE EORPAÍ UM NUÁLAÍOCHT AGUS TEICNEOLAÍOCHT

ROINN 1

COMHDHÉANAMH AN BHOIRD RIALAITHE

1.

Beidh 15 chomhalta ar an mBord Rialaithe, arna gceapadh ag an gCoimisiún ar bhealach trédhearcach, lena soláthrófar cothromaíocht idir iad siúd a bhfuil taithí acu i réimsí an ardoideachais, an taighde, na nuálaíochta nó an ghnó. Déanfar an ceapachán sin tar éis glao oscailte ar léirithe spéise. Mairfidh téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Rialaithe 4 bliana. Féadfaidh an Coimisiún síneadh ama 2 bhliain a chur leis an téarma oifige ar thogra ón mBord Rialaithe.

Agus comhaltaí an Bhoird Rialaithe á gceapadh aige, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chothrom orthu siúd a bhfuil taithí acu i réimsí an ardoideachais (lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint), an taighde, na nuálaíochta agus an ghnó, mar aon le cothromaíocht inscne agus gheografach agus tuiscint ar thimpeallacht an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta ar fud an Aontais.

I gcás inar gá, cuirfidh an Bord Rialaithe gearrliosta iarrthóirí faoi bhráid an Choimisiúin chun críoch comhalta nó comhaltaí nua a cheapadh. Roghnófar na hiarrthóirí gearrliostaithe ar bhonn an toraidh a bheith ar nós imeachta trédhearcach agus oscailte arna thionscnamh ag EIT.

Ceapfaidh an Coimisiún an comhalta nó na comhaltaí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa chéad mhír, sa dara mír agus sa tríú mír agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin nós imeachta roghnúcháin agus faoi cheapachán deiridh na gcomhaltaí sin den Bhord Rialaithe.

I gcás nach mbeidh ar chumas comhalta a théarma oifige nó a téarma oifige a chríochnú, ceapfar comhalta ionadaíoch tríd an nós imeachta céanna a úsáideadh chun an comhalta éagumasaithe a cheapadh, chun téarma oifige an chomhalta sin a chríochnú. Féadfaidh an Coimisiún comhalta ionadaíoch, a bhfuil téarma oifige níos lú ná 2 bhliain curtha isteach acu, a athcheapadh le haghaidh téarma 4 bliana breise ar iarratas ón mBord Rialaithe.

Déanfaidh an Coimisiún triúr comhaltaí breise den Bhord Rialaithe a cheapadh chun cúigear comhaltaí déag a bhaint amach faoi 29 Samhain 2022. Críochnóidh comhaltaí an Bhoird Rialaithe a ceapadh roimh 28 Bealtaine 2021, a dtéarma oifige neamh-inathnuaite.

In imthosca eisceachtúla a bhfuil bonn cirt cuí leo, go háirithe chun iontaofacht an Bhoird Rialaithe a choinneáil, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, téarma oifige comhalta den Bhord Rialaithe a fhoirceannadh.

2.

Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Rialaithe chun leasa EIT, agus déanfaidh siad a misean agus a cuspóirí, a céannacht, a neamhspleáchas agus a comhsheasmhacht a choimirciú ar bhealach neamhspleách agus trédhearcach.

3.

Féadfaidh an Bord Rialaithe cuireadh a thabhairt do Chomhalta de Bhord CNE nó do gheallsealbhóirí eile freastal ar a gcuid cruinnithe mar bhreathnóirí.

4.

Gníomhóidh an Bord Rialaithe, agus a fhreagrachtaí á bhfeidhmiú aige, faoi mhaoirseacht an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme mhisean agus chuspóirí EIT a leagtar amach in Airteagal 3.

ROINN 2

FREAGRACHTAÍ AN BHOIRD RIALAITHE

1.

Agus é ag comhlíonadh a fhreagrachta chun gníomhaíochtaí EIT agus PENanna a stiúradh agus chun faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin, déanfaidh an Bord Rialaithe cinntí straitéiseacha. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

tar éis dul i gcomhairle le PENanna atá ann cheana agus a dtuairimí á gcur san áireamh, rannchuidiú EIT leis an togra ón gCoimisiún maidir le COSN a ghlacadh agus é a chur ar fáil don phobal;

(b)

doiciméad clársceidealaithe aonair, buiséad, cuntais bhliantúla agus clár comhardaithe agus tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta comhdhlúite EIT a ghlacadh;

(c)

critéir fhónta agus nósanna imeachta soiléire agus trédhearcacha a ghlacadh maidir le maoiniú PENanna ar bhonn feidhmíochta, lena n-áirítear an cinneadh maidir le leithdháileadh uasta ranníocaíocht airgeadais EIT leo, d’fhonn plean gnó PEN ábhartha a chur chun feidhme agus na cuspóirí a leagtar amach in COSN a bhaint amach agus i gcomhréir le hAirteagal 10, agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(4) agus (5), lena n-áirítear dul chun cinn PENanna maidir le hinbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach, á gcur san áireamh;

(d)

nós imeachta roghnúcháin PENanna a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo agus le COSN;

(e)

comhpháirtíocht a roghnú agus a ainmniú mar PEN i gcomhréir leis na coinníollacha agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 9, agus ainmniú den sórt sin a tharraingt siar i gcás inarb iomchuí;

(f)

an Stiúrthóir a údarú chun creat-chomhaontuithe comhpháirtíochta agus comhaontuithe deontais a ullmhú, a chaibidil agus a thabhairt i gcrích le PENanna;

(g)

ré, ábhar agus struchtúr meabhráin comhair a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 12, sainordú a thabhairt don Stiúrthóir agus a údarú dó meabhráin chomhair le PENanna a ullmhú agus a chaibidil agus, tar éis na meabhráin chomhair arna gcaibidil a scrúdú, údarás a thabhairt don Stiúrthóir iad a thabhairt i gcrích;

(h)

an Stiúrthóir a údarú chun comhaontuithe comhpháirtíochta le PENanna a shíneadh thar an tréimhse a socraíodh ar dtús, faoi réir thoradh dearfach an athbhreithnithe eatramhaigh agus an mheasúnaithe chuimsithigh, mar a leagtar amach in COSN é, roimh dhul in éag na tréimhse sin i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11;

(i)

an Stiúrthóir a údarú chun comhaontuithe deontais a ullmhú, a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích le heintitis dhlíthiúla eile;

(j)

nósanna imeachta faireacháin agus meastóireachta atá éifeachtach, éifeachtúil, trédhearcach agus leanúnach a ghlacadh, lena n-áirítear tacar fónta táscairí i gcomhréir le hAirteagail 10, 11, 19 agus 20 den Rialachán seo, agus maoirseacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme ag an Stiúrthóir;

(k)

bearta ceartaitheacha iomchuí maidir le PENanna tearcfheidhmíochta a dhéanamh, lena n-áirítear ranníocaíocht airgeadais EIT le PENanna den sórt sin a laghdú, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó leis na creat-chomhaontuithe comhpháirtíochta leo a fhoirceannadh, bunaithe ar an bhfhaireachán agus ar an measúnú ar na torthaí, i gcomhréir le cuspóirí EIT agus PENanna agus le hAirteagail 10, 11 agus 18;

(l)

PENanna a spreagadh chun múnlaí oibríochtúla a ghlacadh maidir le hoscailteacht i dtreo eagraíochtaí comhpháirtíochta nua;

(m)

EIT a chur chun cinn ar fud an Aontais agus ar fud an domhain, d’fhonn a mhealltacht a mhéadú, agus an Stiúrthóir a údarú meabhráin tuisceana le Ballstáit, tíortha comhlachaithe nó tríú tíortha eile a shíniú chun na críche sin;

(n)

cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí tacaíochta arna ndéanamh ag na PENanna a cheapadh agus a chomhordú chun tionchar EIT ar fud an Aontais a leathnú chun acmhainneacht fiontraíochta agus nuálaíochta na n-institiúidí ardoideachais a fhorbairt, chomh maith le soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna i gcás inarb iomchuí, agus chun iad a chomhtháthú in éiceachórais nuálaíochta, chun comhtháthú an triantáin eolais a athneartú;

(o)

cruthú sineirgí a chur chun cinn idir EIT, lena n-áirítear trí PENanna, agus creatchláir an Aontais le haghaidh taighde agus nuálaíochta, chomh maith le scéimeanna cistiúcháin náisiúnta agus réigiúnacha.

2.

De bhreis ar na cinntí straitéiseacha dá dtagraítear i bpointe 1, déanfaidh an Bord Rialaithe na cinntí nós imeachta agus oibríochta a leanas is gá chun cúraimí agus gníomhaíochtaí EIT a chomhlíonadh. Déanfaidh sé, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

a rialacha nós imeachta agus rialacha nós imeachta an Choiste Feidhmiúcháin a ghlacadh, chomh maith le rialacha sonracha airgeadais EIT;

(b)

cúraimí sonracha a tharmligean chuig an gCoiste Feidhmiúcháin;

(c)

táillí iomchuí do chomhaltaí an Bhoird Rialaithe agus do chomhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a shocrú, a bheidh i gcomhréir le luach saothair comhchosúil sna Ballstáit;

(d)

nós imeachta oscailte agus trédhearcach a ghlacadh chun comhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a roghnú;

(e)

an Stiúrthóir a cheapadh agus, más gá, síneadh ama a chur lena théarma nó lena téarma oifige nó an Stiúrthóir a chur as oifig, i gcomhréir le Roinn 5;

(f)

an tOifigeach Cuntasaíochta agus comhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a cheapadh;

(g)

cód dea-iompair a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa;

(h)

grúpaí comhairleacha a bhunú, i gcás inarb iomchuí, a mbeidh cuspóir, cúraimí agus fad sainithe acu;

(i)

Feidhm Iniúchóireachta Inmheánaí a bhunú i gcomhréir le rialacha airgeadais EIT;

(j)

cinneadh maidir le teangacha oibre EIT, agus prionsabail atá ann cheana maidir le hilteangachas agus riachtanais phraiticiúla a cuid oibríochtaí á gcur san áireamh;

(k)

cruinniú ar leibhéal sinsearach le PENanna a thionól ar bhonn bliantúil;

(l)

tuairisciú ar chomhar PENanna le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile.

3.

Déanfaidh an Bord Rialaithe cinntí i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (1) (dá ngairtear na “Rialacháin Foirne” agus na “Coinníollacha Fostaíochta”, faoi seach), maidir le foireann EIT agus a choinníollacha fostaíochta. Áiritheoidh sé, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

na bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;

(b)

i gcomhréir le pointe (c) den phointe seo, cumhachtaí an Údaráis Ceapacháin arna dtabhairt leis na Rialacháin Foirne agus cumhachtaí an Údaráis atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích arna dtabhairt leis na Coinníollacha Fostaíochta (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”) a fheidhmiú i leith fhoireann EIT;

(c)

i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, cinneadh a ghlacadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta, lena ndéanfar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir agus lena mbunaítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí agus údarú á thabhairt don Stiúrthóir na cumhachtaí sin a fhotharmligean;

(d)

cinneadh a ghlacadh, i gcás inar gá in imthosca fíoreisceachtúla, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir a chur ar fionraí go sealadach, chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfotharmligean ag an Stiúrthóir, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir.

ROINN 3

FEIDHMIÚ AN BHOIRD RIALAITHE

1.

Toghfaidh an Bord Rialaithe a Chathaoirleach as measc a chomhaltaí. Mairfidh téarma oifige an Chathaoirligh 2 bhliain agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin.

2.

Beidh ionadaí ón gCoimisiún páirteach i gcruinnithe an Bhoird Rialaithe, gan an ceart vótála aige nó aici, ach beidh gá lena chomhaontú nó lena comhaontú sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 5. Beidh sé de cheart aige nó aici pointí a mholadh ar chlár oibre an Bhoird Rialaithe.

3.

Beidh an Stiúrthóir rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Rialaithe, gan an ceart vótála aige nó aici.

4.

Déanfaidh an Bord Rialaithe cinntí a ghlacadh trí thromlach simplí dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

Éileofar leis na cinntí faoi phointí (1)(a), (b), (c), (d) agus (n) de Roinn 2 agus faoi phointí (2)(e) agus (j) de Roinn 2, mar aon le cinntí faoi phointe 1 den Roinn seo tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Rialaithe a bhfuil ceart vótála acu, áfach.

5.

Maidir le cinntí an Bhoird Rialaithe faoi phointí (1)(c), (e), (g), (h), (j) agus (m), pointe (2)(c) agus pointe (3)(a) de Roinn 2, beidh gá le comhaontú ón gCoimisiún, arna chur in iúl ag a ionadaí ar an mBord Rialaithe.

6.

Iarrfaidh an Bord Rialaithe tuairim Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát sula nglacfaidh sé cinntí maidir le fadú nó foirceannadh na gcomhaontuithe comhpháirtíochta le PENanna i gcomhréir le pointí (1)(h) agus (k) de Roinn 2, agus maidir leis an meabhrán comhair a thabhairt chun críche i gcomhréir le pointe (1)(g) de Roinn 2.

Ní bheidh an tuairim dá dtagraítear sa chéad mhír ina ceangal ar an mBord Rialaithe. Eiseofar é gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis é a iarraidh.

7.

Tiocfaidh an Bord Rialaithe le chéile i ngnáthsheisiún ceithre huaire in aghaidh na bliana ar a laghad, agus tiocfaidh sé le chéile i seisiún urghnách nuair a thionólfaidh an Cathaoirleach é sin nó ar iarratas ó aon trian dá chomhaltaí uile ar a laghad nó ó ionadaí ón gCoimisiún.

ROINN 4

AN COISTE FEIDHMIÚCHÁIN

1.

Beidh an Coiste Feidhmiúcháin de chúnamh ag an mBord Rialaithe i gcomhlíonadh a chúraimí.

2.

Cúigear comhaltaí a bheidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin, lena n-áirítear Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe, a bheidh ina Chathaoirleach ar an gCoiste Feidhmiúcháin chomh maith. Roghnóidh an Bord Rialaithe an ceathrar comhaltaí eile as measc a chomhaltaí, rud lena soláthrófar cothromaíocht idir na comhaltaí a bhfuil taithí acu i réimsí an ardoideachais, an taighde, na nuálaíochta nó an ghnó. 2 bhliain a mhairfidh téarma oifige chomhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin.

3.

An Coiste Feidhmiúcháin a dhéanfaidh cruinnithe an Bhoird Rialaithe a ullmhú i gcomhar leis an Stiúrthóir.

4.

Féadfaidh an Bord Rialaithe a iarraidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chinntí agus mholtaí an Bhoird Rialaithe.

5.

Ullmhóidh an Coiste Feidhmiúcháin an plé a dhéanfar ar dhréacht-ionchur EIT faoin togra ón gCoimisiún maidir le COSN a bheith á ghlacadh ag an mBord Rialaithe. Ina theannta sin, ullmhóidh an Coiste Feidhmiúcháin plé an Bhoird Rialaithe ar an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair, an dréacht-tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí, an dréachtbhuiséad bliantúil agus na dréachtchuntais bhliantúla agus an clár comhardaithe sula gcuirfear faoi bhráid an Bhoird Rialaithe iad.

6.

Déanfar cinntí an Choiste Feidhmiúcháin a ghlacadh le tromlach na gcomhaltaí a bheidh i láthair. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta.

7.

Beidh an t-ionadaí ón gCoimisiún rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Feidhmiúcháin, gan an ceart vótála aige nó aici. Beidh sé de cheart ag an ionadaí ón gCoimisiún pointí a mholadh ar chlár oibre an Bhoird Rialaithe.

8.

Beidh an Stiúrthóir rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Feidhmiúcháin, gan an ceart vótála aige nó aici.

9.

Gníomhóidh comhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin chun leasa EIT, agus déanfaidh siad a misean agus a cuspóirí, a céannacht, a neamhspleáchas agus a comhsheasmhacht a choimirciú ar bhealach neamhspleách agus trédhearcach. Tuairisceoidh siad don Bhord Rialaithe maidir leis na cinntí a glacadh agus na cúraimí a shann an Bord Rialaithe dóibh.

ROINN 5

AN STIÚRTHÓIR

1.

Duine a bheidh sa Stiúrthóir a bhfuil saineolas aige nó aici agus ardcháil air nó uirthi sna réimsí ina bhfeidhmíonn EIT. Beidh an Stiúrthóir ina bhall foirne nó ina ball foirne de EIT agus is mar ghníomhaire sealadach a fhostófar é nó í faoi phointe (a) d’Airteagal 2 de na Coinníollacha Fostaíochta.

2.

Ceapfaidh an Bord Rialaithe an Stiúrthóir ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Chun conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe ionadaíocht ar EIT.

3.

Mairfidh téarma oifige an Stiúrthóra 4 bliana. Féadfaidh an Bord Rialaithe, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún ina gcuirtear san áireamh a mheastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra agus ar leas EIT chomh maith lena cúraimí agus lena dúshláin amach anseo, síneadh a chur leis an téarma oifige sin uair amháin ar feadh tréimhse suas le 4 bliana. Ní bheidh Stiúrthóir a bhfuil síneadh curtha lena théarma nó lena téarma oifige rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.

4.

Ní dhéanfar an Stiúrthóir a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Rialaithe ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

5.

Beidh an Stiúrthóir freagrach as oibríochtaí agus as EIT a bhainistiú ó lá go lá agus is é an Stiúrthóir a bheidh ina ionadaí nó ina hionadaí dlíthiúil air. Beidh an Stiúrthóir freagrach don Bhord Rialaithe agus tuairisceoidh sé nó sí dó ar bhonn leanúnach maidir le forbairt ghníomhaíochtaí EIT agus maidir le gach gníomhaíocht a thagann faoina chúram nó faoina cúram.

6.

Déanfaidh an Stiúrthóir an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

gníomhaíochtaí EIT a eagrú agus a bhainistiú;

(b)

tacaíocht a thabhairt don Bhord Rialaithe agus don Choiste Feidhmiúcháin ina gcuid oibre, an rúnaíocht a chur ar fáil dá gcruinnithe agus an fhaisnéis is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh siad a ndualgais a chur i gcrích;

(c)

tacaíocht a thabhairt don Bhord Rialaithe maidir le rannchuidiú EIT le togra an Choimisiúin maidir le COSN a ullmhú;

(d)

an dréacht-dhoiciméad clársceidealaithe aonair, an dréacht-thuarascáil bhliantúil gníomhaíochta comhdhlúite agus an dréachtbhuiséad bliantúil a ullmhú d’fhonn iad a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe;

(e)

an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh PENanna a ullmhú agus a riar agus a áirithiú go gcuirfear na céimeanna éagsúla den nós imeachta sin i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus oibiachtúil, faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe, agus tuarascáil mhionsonraithe ar an nós imeachta roghnúcháin a chur i gceangal leis an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite dá dtagraítear i bpointe (d);

(f)

comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhaontuithe deontais le PENanna a ullmhú, a chaibidil agus a thabhairt i gcrích faoi údarú an Bhoird Rialaithe;

(g)

meabhráin chomhair a ullmhú agus a chaibidil le PENanna agus, faoi réir formheas deiridh ag an mBord Rialaithe, iad a thabhairt i gcrích i gcomhréir le pointe (1)(a) de Roinn 2;

(h)

comhaontuithe deontais a ullmhú, a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích le heintitis dhlíthiúla eile, le comhaontú ón mBord Rialaithe;

(i)

cruinnithe fhóram na ngeallsealbhóirí agus Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát a eagrú, agus cumarsáid éifeachtach a áirithiú leo, faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe;

(j)

meabhráin tuisceana le Ballstáit, tíortha comhlachaithe nó tríú tíortha eile a shíniú le húdarú an Bhoird Rialaithe, agus é mar chuspóir aige nó aici EIT a chur chun cinn ar fud an domhain;

(k)

a áirithiú go ndéanfar nósanna imeachta éifeachtúla faireacháin, measúnaithe agus meastóireachta a bhaineann le feidhmíocht PENanna a chur chun feidhme i gcomhréir le pointe (1)(j) de Roinn 2, agus go gcuirfear chun feidhme na bearta ceartaitheacha arna gcinneadh ag an mBord Rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 11(6) chomh maith leis sin;

(l)

beidh an Stiúrthóir freagrach as cúrsaí riaracháin agus airgeadais, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, lena n-áirítear buiséad EIT a chur chun feidhme, agus aird iomchuí á tabhairt ar an gcomhairle a gheofar ón bhFeidhm Iniúchóireachta Inmheánach;

(m)

na dréachtchuntais bhliantúla agus an clár comhardaithe a chur faoi bhráid na Feidhme Iniúchóireachta Inmheánaí agus ina dhiaidh sin faoi bhráid an Bhoird Rialaithe;

(n)

a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí EIT maidir leis na conarthaí agus na comhaontuithe atá tugtha i gcrích aige, faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe;

(o)

cumarsáid éifeachtach a áirithiú le hinstitiúidí an Aontais, faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe;

(p)

Grúpa Ionadaithe na mBallstát a chur ar an eolas faoi thorthaí an fhaireacháin, an mheasúnaithe agus na meastóireachta, agus tuairimí Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe;

(q)

gníomhú chun leasa EIT, agus a misean agus a cuspóirí, a céannacht, a neamhspleáchas agus a comhsheasmhacht a choimirciú ar bhealach neamhspleách agus trédhearcach.

7.

Cuirfidh an Stiúrthóir i gcrích aon chúram a chuirtear air nó uirthi ag an mBord Rialaithe agus faoina fhreagracht.

ROINN 6

FOIREANN EIT AGUS SAINEOLAITHE NÁISIÚNTA AR IASACHT

1.

Is é a bheidh i bhfoireann EIT comhaltaí foirne a bheidh fostaithe go díreach ag EIT. Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne, ag na Coinníollacha Fostaíochta agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais a thugann éifeacht dóibh maidir le foireann EIT. Beidh feidhm ag an bpointe seo maidir le baill foirne a bheidh fostaithe ag EIT an 28 Bealtaine 2021, gan beann ar dháta tosaigh a gconartha fostaíochta.

2.

Féadfar saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do EIT ar feadh tréimhse theoranta. Glacfaidh an Bord Rialaithe forálacha lena gcuirfear ar chumas saineolaithe náisiúnta a bheidh ar iasacht obair a dhéanamh in EIT agus lena saineofar cearta agus freagrachtaí na saineolaithe sin.

(1)   IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.


IARSCRÍBHINN II

RIALACHÁN AISGHAIRTHE LEIS AN LEASÚ A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 97, 9.4.2008, lch. 1)

Rialachán (AE) Uimh. 1292/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 347, 20.12.2013, lch. 174)


IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 294/2008

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2, pointe 2

Airteagal 2, pointe 2

Airteagal 2, pointe 3

Airteagal 2, pointe 3

Airteagal 2, pointe 5

Airteagal 2, pointe 5

Airteagal 2, pointe 6

Airteagal 2, pointe 6

Airteagal 2, pointe 7

Airteagal 2, pointe 7

-

Airteagal 2, pointe 8

Airteagal 2, pointe 8

-

Airteagal 2, pointe 9

Airteagal 2, pointe 9

Airteagal 2, pointe 9a

Airteagal 2, pointe 10

Airteagal 2, pointe 10

Airteagal 2, pointe 11

-

Airteagal 2, pointe 12

Airteagal 2, pointe 11

Airteagal 2, pointe 13

-

Airteagal 2, pointe 14

-

Airteagal 2, pointe 15

-

Airteagal 2, pointe 16

Airteagal 3

Airteagal 3(1) agus (2)

Airteagal 4(1), pointí (a), (c) agus (d)

Airteagal 5(1)

Airteagal 4(2)

-

Airteagal 4(3)

Airteagal 5(2)

-

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(1), pointí (a) go (c)

Airteagal 6, pointí (a), (b) agus (c) agus pointe (e)

Airteagal 5(1), pointe (d)

-

-

Airteagal 6, pointe (d)

Airteagal 5(1), pointí (e) agus (f)

Airteagal 6, pointí (f) agus (g)

-

Airteagal 6, pointí (h) agus (i)

Airteagal 5(1), pointí (g) go (i)

Airteagal 6, pointí (j), (k) agus (l)

Airteagal 5(1), pointe (j)

-

-

Airteagal 6, pointí (m) agus (n)

Airteagal 5(1), pointe (k)

Airteagal 6, pointí (o) agus (p)

-

Airteagal 6, pointí (q) go (t)

Airteagal 5(2)

-

Airteagal 6(1), pointí (a) go (c)

Airteagal 7(1), pointí (a), (b) agus (c)

-

Airteagal 7(1), pointe (d)

-Airteagal 6(1), pointe (d)

Airteagal 6(1), pointe (e)

-

Airteagal 7(1), pointe (f)

Airteagal 6(1), pointe (e)

Airteagal 7(1), pointí (g)

-

Airteagal 7(1), pointí (h) agus (i)

Airteagal 6(2), pointí (a) go (e)

Airteagal 7(2), pointí (a) go (e)

-

Airteagal 7(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 7(4)

-

Airteagal 8

Airteagal 7(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 7(1a)

Airteagal 9(2)

Airteagal 7(2)

-

Airteagal 7(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 9(4)

Airteagal 7(5)

Airteagal 9(5)

Airteagal 7a

Airteagal 10

Airteagal 7b(1)

-

Airteagal 7b(2)

Airteagal 11(1)

-

Airteagal 11(2)

-

Airteagal 11(3)

Airteagal 7b(3)

Airteagal 11(4)

-

Airteagal 11(5)

Airteagal 7b(4)

Airteagal 11(6)

-

Airteagal 11(7)

-

Airteagal 12

Airteagal 8(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 8(2), pointe (a)

Airteagal 13(2), pointe (a)

Airteagal 8(2), pointe (aa)

Airteagal 13(2), pointe (b)

-

Airteagal 13(2), pointí (c) go (f)

Airteagal 8(2), pointe (b)

Airteagal 13(2), pointe (g)

Airteagal 9(1) agus (2)

Airteagal 14(1)

Airteagal 9(3)

Airteagal 14(2)

Airteagal 11

Airteagal 15

Airteagal 12

Airteagal 16

Airteagal 13(1)

Airteagal 17(1)

-

Airteagal 17(2)

Airteagal 13(2) go (7)

Airteagal 17(3) go (8)

Airteagal 14(1)

-

Airteagal 14(2)

Airteagal 18(1)

Airteagal 14(3)

Airteagal 18(2)

-

Airteagal 18(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 18(4)

Airteagal 14(5)

Airteagal 18(5)

Airteagal 14(6)

-

-

Airteagal 18(6)

Airteagal 14(7)

Airteagal 18(7)

Airteagal 15(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 19(2)

Airteagal 16(1)

Airteagal 20(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 20(2)

Airteagal 16(2a)

Airteagal 20(3)

Airteagal 16(3)

Airteagal 20(4)

Airteagal 17(1)

-

-

Airteagal 4(4)

Airteagal 17(2)

Airteagal 4(1)

Airteagal 17(2a)

Airteagal 4(2)

Airteagal 17(3)

Airteagal 4(3)

Airteagal 17(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 18

-

Airteagal 19(1)

-

-

Airteagal 21(1)

Airteagal 19(2)

-

Airteagal 19(3)

Airteagal 21(2)

Airteagal 20(1)

Airteagal 22(1)

Airteagal 20(2)

-

Airteagal 20(3)

Airteagal 22(2)

Airteagal 20(4)

-

Airteagal 20(5)

Airteagal 22(3)

Airteagal 20(6)

-

Airteagal 20(7)

-

Airteagal 20(8)

Airteagal 22(4)

Airteagal 20(9)

Airteagal 22(5)

Airteagal 20(10)

Airteagal 22(6)

Airteagal 21(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 21(1a)

Airteagal 23(2)

Airteagal 21(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 21(3)

Airteagal 23(4)

Airteagal 21(4)

-

Airteagal 22

Airteagal 24

Airteagal 22a

Airteagal 25

Airteagal 23

-

-

Airteagal 26

-

Airteagal 27

Airteagal 24

Airteagal 28

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I

-

Iarscríbhinn II

-

Iarscríbhinn III