21.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/81


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/807 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Márta 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun sorbáit photaisiam a chur san áireamh mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a úsáid agus a chur ar fáil ar an margadh (1), agus go háirithe Airteagal 28(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Measúnaíodh potaisiam (E,E)-heicsea-2,4-dé-nóáit (sorbáit photaisiam) mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana a áirítear sa chlár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha uile atá ann cheana, rud dá dtagraítear in Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus is i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) a rinneadh é.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicíde (3) tuairim na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) an 4 Nollaig 2014, ag féachaint dó do na conclúidí ón údarás inniúil meastóireachta. Toisc gur tugadh an mheastóireacht ar an údarás inniúil chun críche an 20 Deireadh Fómhair 2010, rinneadh scrúdú ar an iarratas ar fhormheas sorbáite potaisiam i gcomhréir le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), rud dá bhforáiltear in Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus chinn an Ghníomhaireacht ina tuairim go bhféadfaí a bheith ag súil leis go gcomhlíonfaidh táirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 ina bhfuil sorbáit photaisiam ceanglais Airteagal 5 de Threoir 98/8/CE.

(3)

Dá bhrí sin, formheasadh sorbáit photaisiam mar shubstaint ghníomhach, le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1729 ón gCoimisiún (5).

(4)

Cuirtear sorbáit photaisiam san áireamh fós sa chlár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha uile atá ann cheana le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6.

(5)

I dtuairim an 4 Nollaig 2014, chinn an Ghníomhaireacht freisin go gcomhlíonann sorbáit photaisiam na critéir lena cur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Ach tuairim na Gníomhaireachta a chur san áireamh, is iomchuí sorbáit photaisiam a chur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Toisc gur measúnaíodh sorbáit photaisiam ar bhonn sainchomhaid substainte gníomhaí, sainchomhad ar glacadh leis i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Threoir 98/8/CE, ba cheart sorbáit photaisiam a chur san áireamh i gcatagóir 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

Tá bearta idirthréimhseacha in Airteagal 89(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás ina bhformheastar substaint ghníomhach atá ann cheana, substaint a chuirtear san áireamh sa chlár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha atá ann cheana i gcomhréir leis an Rialachán sin. Maidir le sorbáit photaisiam le haghaidh cineál táirge 6, ba cheart an dáta formheasa chun críocha Airteagal 89(3) den Rialachán sin a shocrú don 1 Feabhra 2023 ionas go mbeidh dóthain ama ann iarratais ar údarú a chur isteach i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 89(3) den Rialachán sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Chun críocha Airteagal 89(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, is é an 1 Feabhra 2023 an dáta formheasa le haghaidh sorbáite photaisiam le haghaidh cineál táirge 6.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán, agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha uile atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).

(3)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicíde maidir leis an iarratas ar an tsubstaint ghníomhach a fhormheas: Sorbáit photaisiam, Cineál táirge: 8, ECHA/BPC/37/2014, a glacadh an 4 Nollaig 2014.

(4)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1729 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2015 lena bhformheastar sorbáit photaisiam mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 252, 29.9.2015, lch. 24).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, i gCatagóir 6 de Liosta na substaintí gníomhacha dá dtagraítear in Airteagal 25(a), cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimhir CE

Ainm/grúpa

Srian

Nóta Tráchta

“246-376-1

Potaisiam (E,E)-heicsea-2,4-dé-nóáit (sorbáit photaisiam)  (*1)

Íosghrád íonachta na substainte gníomhaí  (*2): 990 g/kg

CAS Uimh. 24634-61-5


(*1)  Is é an 1 Feabhra 2023 dáta formheasa sorbáite photaisiam le haghaidh cineál táirge 6 chun críocha Airteagal 89(3).

(*2)  Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith cothrom léi nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.”.