21.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 180/78 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/806 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Márta 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun dé-ocsaíd charbóin a gineadh ó phropán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud le dóchán a chur san áireamh mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 28(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Bunaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Tá dé-ocsaíd charbóin a gineadh ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud le dóchán san áireamh sa liosta sin. |
(2) |
Rinneadh measúnú ar dhé-ocsaíd charbóin a gineadh ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud le dóchán lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 19, éarthaigh agus mealltóirí, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(3) |
Ainmníodh an Fhrainc mar an Ballstát is rapóirtéir agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnaithe mar aon lena conclúidí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) an 18 Meán Fómhair 2019. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht an 16 Meitheamh 2020 (3), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta. |
(5) |
De réir na tuairime sin, féadfar a bheith ag súil go gcomhlíonfaidh táirgí bithicídeacha de chineál táirge 19 ina n-úsáidtear dé-ocsaíd charbóin a gineadh ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud le dóchán ceanglais Airteagal 19(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Thángthas ar an gconclúid freisin sa tuairim ón nGníomhaireacht nach cúis imní í an tsubstaint ghníomhach sin agus go bhfuil sí incháilithe lena cur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(6) |
Agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur san áireamh, is iomchuí, dá bhrí sin, dé-ocsaíd charbóin a gineadh ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud le dóchán a chur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ós rud é go ndearnadh measúnú ar dhé-ocsaíd charbóin a gineadh ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud le dóchán bunaithe ar shainchomhad substainte gníomhaí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(1) de Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart dé-ocsaíd charbóin a gineadh ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud le dóchán a chur san áireamh i gcatagóir 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, “Substaintí a bhfuil sainchomhad substainte gníomhaí bailíochtaithe ag Ballstát ina leith i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Rialachán seo nó a bhfuil glactha le sainchomhad den sórt sin ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Threoir 98/8/CE”. |
(7) |
Tá bearta idirthréimhseacha in Airteagal 89(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás ina bhformheastar substaint ghníomhach atá ann cheana agus atá san áireamh sa chlár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha atá ann cheana i gcomhréir leis an Rialachán sin. Maidir le dé-ocsaíd charbóin a gineadh ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud le dóchán i gcás chineál táirge 19, ba cheart an dáta formheasa chun críocha Airteagal 89(3) den Rialachán sin a shocrú don 1 Iúil 2022 ionas go mbeidh a dhóthain ama ann chun iarratais ar údarú a chur isteach i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 89(3) den Rialachán sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Chun críocha Airteagal 89(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, is é 1 Iúil 2022 dáta formheasa dé-ocsaíd charbóin a gineadh ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud le dóchán le haghaidh chineál táirge 19.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha uile atá ann cheana atá i dtáirgí bithicídeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).
(3) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar shubstaint ghníomhach a fhormheas: Dé-ocsaíd charbóin a gineadh ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud le dóchán, Cineál táirge: 19, ECHA/BPC/249/2020, a ghlacadh an 16 Meitheamh 2020.
(4) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, i gCatagóir 6 de liosta na substaintí gníomhacha dá dtagraítear in Airteagal 25(a), cuirtear an iontráil seo a leanas leis:
Uimhir CE |
Ainm/grúpa |
Srian |
Nóta tráchta |
“204-696-9 |
Dé-ocsaíd charbóin a gineadh ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud le dóchán (*1) |
|
Uimh. CAS 124-38-9 |
(*1) Is é an 1 Iúil 2022 an dáta formheasa le haghaidh dé-ocsaíd charbóin a gineadh ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud le dóchán le haghaidh chineál táirge 19 chun críocha Airteagal 89(3).”.