|
19.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 176/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/797 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Márta 2021
lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 53(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna leaganacha Danmhairgise, Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise agus Polainnise de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 tá earráid in abairt réamhráiteach an dara mír de roinn 2.12 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn II maidir le raon feidhme na hoibleagáide le haghaidh meascáin sholadacha ina bhfuil dé-ocsaíd tíotáiniam. |
|
(2) |
Sa leagan Seicise de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 tá earráidí breise i roinn 2.12 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn II maidir leis an oibleagáid lipéadaithe le haghaidh meascáin ina bhfuil dé-ocsaíd tíotáiniam. |
|
(3) |
Sa leagan Iodáilise de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 tá earráid bhreise i nóta 10 de roinn 1.1.3.2 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn VI a mhéid a bhaineann leis an aicmiú guaiseacha le haghaidh meascáin ina bhfuil dé-ocsaíd tíotáiniam. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, na leaganacha Danmhairgise, Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise, Polainnise agus Seicise d’Iarscríbhinn II agus an leagan Iodáilise d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN