|
17.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
110 |
RIALACHÁN (AE) 2021/785 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Aibreán 2021
lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 325 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ceanglaítear ar an Aontas agus ar na Ballstáit calaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Ba cheart don Aontas tacú le gníomhaíochtaí sna réimsí sin. |
|
(2) |
San am a caitheadh, bhíothas in ann, a bhuí leis an tacaíocht a tugadh do ghníomhaíochtaí den sórt sin le Cinneadh Uimh. 804/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (clár Hercule), arna leasú agus arna leathnú le Cinneadh Uimh. 878/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (clár Hercule II), arna aisghairm agus arna ionadú le Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (clár Hercule III), feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an tAontas agus na Ballstáit maidir le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. |
|
(3) |
Le reachtaíocht an Aontais lena leagtar amach rialacha maidir leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta, an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an gCiste Comhtháthaithe, an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta agus an ionstraim maidir le tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht ghéarchéime, an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, mar aon leis an gcúnamh réamhaontachais i dtaca leis an gclárthréimhse 2014 - 2020 agus ina dhiaidh sin, foráiltear d’oibleagáid ar na Ballstáit, ar tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, neamhrialtachtaí agus calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a thuairisciú. Uirlis cumarsáide leictreonaí shlán is ea an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí (IMS) a éascaíonn comhlíonadh na hoibleagáide atá ar na Ballstáit, agus ar tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, neamhrialtachtaí a bhraitear a thuairisciú, agus tacaíonn sí le bainistiú agus anailísiú neamhrialtachtaí freisin. |
|
(4) |
Cé nach bhfuil aon cheist ann faoina thábhachtaí atá an obair a dhéanann an Coimisiún i gcomhthéacs chosc na calaoise, ba cheart mar sin féin aitheantas iomlán a thabhairt freisin don tábhacht a bhaineann, inter alia, le cur chun feidhme an Chórais Faisnéise Frith-Chalaoise (AFIS), agus le straitéisí frith-chalaoise ar an leibhéal náisiúnta. |
|
(5) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (6), agus le Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle (7) go bhfuil an tAontas le tacú le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus le comhar idir iadsan is deireanaí atá luaite agus an Coimisiún, chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart. |
|
(6) |
Tugtar an tacaíocht sin do roinnt gníomhaíochtaí oibríochtúla éagsúla. Áirítear orthu sin AFIS, ardán teicneolaíochta faisnéise arb é atá ann tacar d'fheidhmchláir arna n-oibriú faoi chóras coiteann faisnéise arna bhainistiú ag an gCoimisiún. Faoi ardán AFIS a bhíonn IMS á oibriú freisin. Bíonn cistiú cobhsaí intuartha de dhíth ar an gcóras coiteann faisnéise thar na blianta chun a áirithiú go mbíonn sé inbhuanaithe. |
|
(7) |
Áirítear roinnt córais faisnéise ar ardán AFIS, lena n-áirítear an Córas Faisnéise Custaim. Córas uathoibrithe faisnéise is ea an Córas Faisnéise Custaim, atá ceaptha chun cuidiú leis na Ballstáit oibríochtaí ar sárú iad ar reachtaíocht chustaim nó reachtaíocht talmhaíochta a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí éifeachacht chomhar agus nósanna imeachta a riarachán custaim a mhéadú trí bhíthin faisnéis a scaipeadh níos tapa, ar riaracháin chustaim iad a gcumhdaítear lena sainorduithe oibríochtaí den sórt sin. Cumhdaítear leis an gCóras Faisnéise Custaim, faoi aon bhonneagar amháin, comhar riaracháin agus comhar póilíneachta araon, bunaithe ar iar-cholún um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an Aontais. Go teicniúil, ní féidir an ghné comhair póilíneachta den Chóras Faisnéise Custaim a scaradh óna ghné riaracháin toisc go n-oibrítear an dá ghné sin faoi chóras teicneolaíochta faisnéise comhchoiteann. Ós rud é nach bhfuil sa Chóras Faisnéise Custaim féin ach ceann amháin de na córais éagsúla faisnéise a ritear faoi ardán AFIS, agus gur lú líon na gcásanna den chomhar póilíneachta ná líon na gcásanna den chomhar riaracháin sa Chóras Faisnéise Custaim, meastar gur gné choimhdeach gné chomhar póilíneachta ardáin AFIS i gcomparáid leis an ngné riaracháin. |
|
(8) |
D'fhonn sineirgí agus solúbthacht buiséid a mhéadú agus bainistiú a shimpliú, ba cheart an tacaíocht ón Aontas i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais, an tuairiscithe ar neamhrialtachtaí agus an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh agus an chomhair in ábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta a thabhairt le chéile agus a chuíchóiriú faoi aon chlár amháin, Clár Frith-Chalaoise an Aontais (an “Clár”). Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimhse 7 mbliana chun go mbeidh a fhad ag teacht le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (8). |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh sa Chlár, comhpháirt amháin atá inchurtha le clár Hercule III, an dara comhpháirt lena n-áirithítear maoiniú an Chórais Bainistíochta Neamhrialtachtaí agus an tríú comhpháirt lena maoinítear na gníomhaíochtaí a chuirtear de chúram ar an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 515/97, lena n-áirítear ardán AFIS. |
|
(10) |
Ba cheart don Chlár an comhar a éascú i measc údaráis ábhartha na mBallstát agus idir na Ballstáit féin, an Coimisiún agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcás inarb iomchuí, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (9), chun cosaint éifeachtach a áirithiú i dtaca le leasanna airgeadais an Aontais, chomh maith le ceart-chur i bhfeidhm an dlí maidir le cúrsaí custaim agus talmhaíochta, gan cur isteach ar fhreagrachtaí na mBallstát, agus chun úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní ná mar a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais agus tá údar léi ós rud é go gcuidíonn sí leis na Ballstáit leasanna airgeadais an Aontais a chomhchosaint agus go spreagann sí úsáid a bhaint as struchtúir choiteanna de chuid an Aontais chun comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú, agus ag an am céanna tacú le tuairisciú sonraí maidir le neamhrialtachtaí agus cásanna calaoise. |
|
(11) |
Anuas air sin, agus tacaíocht á tabhairt do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, ba cheart aghaidh a thabhairt ar gach gné de bhuiséad an Aontais, idir ioncam agus chaiteachas. Sa chreat sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an bhfíoras gurb é an Clár an t-aon chlár de chuid an Aontais atá ann chun an taobh caiteachais de bhuiséad an Aontais a chosaint. |
|
(12) |
Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár, agus is é an t-imchlúdach sin a bheidh ina phríomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (10), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. |
|
(13) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos na rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha. Áirítear freisin ar na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta lena ndéanfar buiséad an Aontais a chosaint. |
|
(14) |
Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh chuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamhchomhlíontachta a mheastar a bheith ann. I ndáil leis sin, ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. |
|
(15) |
Ba cheart don Rialachán seo liosta táscach a chur ar fáil de na gníomhaíochtaí atá le maoiniú chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le maoiniú na ngníomhaíochtaí ar fad a chuirtear de chúram ar an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 515/97, lena n-áirítear ardán AFIS. |
|
(16) |
Ba cheart gníomhaíochtaí a bheith incháilithe ar bhonn a gcumais spriocanna sonracha an Chláir a bhaint amach. Maidir le spriocanna sonracha an Chláir, ba cheart a áireamh ina measc cúnamh teicniúil speisialta le haghaidh údaráis inniúla na mBallstát a chur ar fáil, amhail trí eolas sonrach a sholáthar, trealamh speisialaithe agus ardteicniúil agus uirlisí éifeachtacha TF; tríd an tacaíocht is gá d’imscrúduithe a áirithiú agus trí imscrúduithe a éascú, go háirithe trí chur ar bun foirne comhpháirteacha imscrúdaithe agus oibríochtaí trasteorann; nó trí feabhas a chur ar mhalartuithe foirne le haghaidh tionscadail shonracha. Anuas air sin, ba cheart a áireamh i measc na ngníomhaíochtaí incháilithe freisin oiliúint speisialaithe spriocdhírithe agus ceardlanna anailíse riosca, agus, i gcás inarb iomchuí, comhdhálacha agus staidéir a eagrú. |
|
(17) |
Maidir le ceannach trealaimh trí ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim arna bhunú ag Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, bheadh tionchar dearfach aige ar chomhrac na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Faoin ionstraim sin bheadh oibleagáid ann aon dúbailt a sheachaint sa tacaíocht ón Aontas. Ar an mbealach céanna, ba cheart don Chlár a áirithiú go seachnófar aon dúbailt sa tacaíocht ón Aontas agus, ba cheart dó, i bprionsabal, a thacaíocht a dhíriú ar chineálacha trealaimh a fháil nach dtagann faoi raon feidhme ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, nó do threalamh arb iad na tairbhithe údaráis seachas na húdaráis a bhfuil ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim dírithe orthu. Thairis sin, ba cheart a áirithiú gurb iomchuí an trealamh a chisteofar chun críoch rannchuidiú le cosaint leas airgeadais an Aontais. |
|
(18) |
Ba cheart an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, ar comhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) iad. Ba cheart é a bheith oscailte freisin do thíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí, tíortha is iarrthóirí ionchasacha mar aon le tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creat-chomhaontuithe agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna. Ba cheart an Clár a bheith oscailte freisin do thríú tíortha eile ar choinníoll go dtugann siad comhaontú sonrach i gcrích a chumhdaíonn coinníollacha sonracha a rannpháirtíochta i gcláir de chuid an Aontais. |
|
(19) |
Ag cur san áireamh meastóireachtaí a rinneadh ar chláir Hercule roimhe seo agus chun an Clár a neartú, ba cheart go mbeadh eintitis atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár in ann a bheith rannpháirteach ar bhonn eisceachtúil. |
|
(20) |
Go háirithe, ba cheart rannpháirtíocht eintiteas atá bunaithe i dtríú tíortha a bhfuil comhaontú comhlachais i bhfeidhm acu leis an Aontas a spreagadh, d'fhonn cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú trí chomhar a bhaineann le custaim agus trí mhalartú dea-chleachtas, go háirithe i ndáil le bealaí leis an gcalaois a chomhrac, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a bhfuil tionchar acu ar leasanna airgeadais an Aontais agus i ndáil le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le forbairtí teicneolaíocha nua. |
|
(21) |
Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ag cur san áireamh na moltaí agus na bearta a liostaítear i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2013 dar teideal “Stepping up the fight against cigarette smuggling and other forms of illicit trade in tobacco products — A comprehensive EU Strategy” [Dlús a chur le comhrac na smuigleála toitíní agus foirmeacha eile den trádáil neamhdhleathach i dtáirgí tobac – Straitéis chuimsitheach AE] mar aon leis an tuarascáil dul chun cinn ar chur chun feidhme theachtaireachta sin an 12 Bealtaine 2017. |
|
(22) |
Dhaingnigh an tAontas an Prótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a Dhíothú le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (“an Prótacal”) in 2016. Cosnaíonn an Prótacal leasanna airgeadais an Aontais a mhéid a bhaineann sé le comhrac na trádála aindleathaí trasteorann i dtáirgí tobac, rud is cúis le caillteanas ioncaim. Ba cheart don Chlár tacú le Rúnaíocht Chreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac i dtaobh na bhfeidhmeanna atá aici a bhaineann leis an bPrótacal. Ba cheart dó tacú freisin le gníomhaíochtaí eile arna n-eagrú ag an Rúnaíocht i dtaca le comhrac na trádála aindleathaí i dtáirgí tobac. |
|
(23) |
I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 (13), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (14) agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle, ní mór leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht do OIPE, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. |
|
(24) |
Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad de LEE a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (16), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach. |
|
(25) |
De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (17), tá daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socraithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. |
|
(26) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Clár a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún cláir oibre a ghlacadh lena leagtar amach, inter alia, na tosaíochtaí agus na critéir mheastóireachta maidir le deontais le haghaidh gníomhaíochtaí. |
|
(27) |
Ba cheart, leis an Rialachán seo, an t-uasráta féideartha maidir le cómhaoiniú deontas a shocrú. |
|
(28) |
De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin á seachaint, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil á seachaint ag an am céanna. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar bhealach tráthúil neamhspleách oibiachtúil. |
|
(29) |
Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a thomhas i gcás ina measfar gur gá sin, mar aon leis an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(30) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar chineál trasteorann na saincheisteanna lena mbaineann, ach gur féidir, de bharr an bhreisluacha Aontais, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
(31) |
Is é Airteagal 42a(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 an bunús dlí chun AFIS a mhaoiniú. Ba cheart don Rialachán seo bunús dlí nua a chur ina ionad. Ba cheart Airteagal 42a(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a scriosadh dá bhrí sin. |
|
(32) |
Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 lena mbunaítear clár Hercule III, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le forbairt ar chlár Hercule III, ón 1 Eanáir 2021 amach. Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 a aisghairm. |
|
(33) |
Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a chur chun feidhme, agus maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, tá an Clár beartaithe chun rannchuidiú le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le gnóthú sprioc fhoriomlán 30 % de chaiteachais bhuiséad an Aontais a chaitheamh ag tacú le cuspóirí aeráide. |
|
(34) |
I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain i gcomhair gníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, níl na costais arna dtabhú roimh an dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar dheontas incháilithe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach ar thacaíocht ón Aontas a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais a sheachaint, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, le linn tréimhse teoranta ama ag tús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus i gcásanna cuí-réasúnaithe amháin, d'incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ó thús na bliana airgeadais 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme agus gur tabhaíodh iad sular cuireadh isteach an t-iarratas ar dheontas. |
|
(35) |
Chun an leanúnachas a áirithiú sa tacaíocht a sholáthraítear sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar an Clár a chur chun feidhme ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha Ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo Clár Frith-Chalaoise an Aontais (an “Clár”) ar feadh ré chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.
Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, foirmeacha an chistithe ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
Airteagal 2
Cuspóirí an Chláir
1. Tá na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:
|
(a) |
leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; |
|
(b) |
tacú le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus le comhar idir iadsan is deireanaí atá luaite agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart. |
2. Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:
|
(a) |
calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac; |
|
(b) |
tacú le tuairisciú neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, maidir le cistí bainistíochta comhroinnte agus cistí cúnaimh réamhaontachais bhuiséad an Aontais; |
|
(c) |
uirlisí a sholáthar le haghaidh malartú faisnéise agus tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla i réimse an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh in ábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta. |
Airteagal 3
Buiséad
1. Is é EUR 181,207 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021-2027.
2. Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1, seo a leanas a leithdháileadh táscach:
|
(a) |
EUR 114,207 milliún don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (a); |
|
(b) |
EUR 7 milliún don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b); |
|
(c) |
EUR 60 milliún don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (c). |
3. Féadfar suas le 2 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin i ndáil le cur chun feidhme an Chláir, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha. Thairis sin, cuirtear san áireamh sa leithdháileadh táscach i bpointe (a) de mhír 2 an fíoras gurb é an Clár an t-aon chlár de chuid an Aontais a thugann aghaidh ar an taobh caiteachais de chosaint leasanna airgeadais an Aontais.
Airteagal 4
Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár
Beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht na dtríú tíortha seo a leanas:
|
(a) |
comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; |
|
(b) |
tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin; |
|
(c) |
tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin; |
|
(d) |
tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:
|
Ioncaim shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (d)(ii).
Airteagal 5
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas
1. Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c) den Rialachán Airgeadais.
2. Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe i bhfoirm deontas agus soláthair, mar aon le haisíocaíocht caiteachais taistil agus caiteachais cothaithe de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais.
3. Féadfaidh an Clár cistiú a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97, go háirithe chun na cineálacha costas dá dtagraítear i liosta táscach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chumhdach.
4. I gcás go mbaineann an ghníomhaíocht lena bhfuiltear ag tacú le trealamh a fháil, bunóidh an Coimisiún, más iomchuí, sásra comhordúcháin chun éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht idir an trealamh uile a cheannaítear le tacaíocht ó chláir an Aontais a áirithiú.
Airteagal 6
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraime dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí, chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.
CAIBIDIL II
Deontais
Airteagal 7
Deontais
Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 8
Cómhaoiniú
Ní rachaidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gClár thar 80 % de na costais incháilithe. Ní dheonófar aon chistiú os cionn na huasteorann sin ach amháin i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe, a dhéanfar iad a shainiú sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 11, agus ní rachaidh an cistiú sin thar 90 % de na costais incháilithe.
Airteagal 9
Gníomhaíochtaí incháilithe
1. Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.
2. Gan dochar d'aon ghníomhaíocht eile dá bhforáiltear leis na cláir oibre faoi Airteagal 11, féadfar a mheas go bhfuil na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe chun cistiú a fháil:
|
(a) |
eolas teicniúil, trealamh speisialaithe ardteicneolaíoch agus uirlisí éifeachtacha TF a sholáthar lena bhfeabhsaítear an comhar trasnáisiúnta agus ildisciplíneach agus an comhar leis an gCoimisiún; |
|
(b) |
malartuithe foirne do thionscadail shonracha a fheabhsú, an tacaíocht is gá a áirithiú agus imscrúduithe a éascú, go háirithe cur ar bun foirne comhpháirteacha imscrúduithe agus oibríochtaí trasteorann; |
|
(c) |
tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil d'imscrúduithe náisiúnta, go háirithe d'údaráis chustaim agus údaráis forfheidhmithe dlí chun comhrac na calaoise agus gníomhaíochta neamhdhleathacha eile a neartú; |
|
(d) |
acmhainneacht TF a fhorbairt sna Ballstáit agus sna tríú tíortha, malartú sonraí a mhéadú agus uirlisí TF a fhorbairt agus a chur ar fáil le haghaidh imscrúduithe agus faireachán a dhéanamh ar obair faisnéise; |
|
(e) |
oiliúint speisialaithe, ceardlanna anailíse rioscaí, comhdhálacha agus staidéir a eagrú a bhfuil sé d'aidhm acu feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú i measc seirbhísí lena mbaineann cosaint leasanna airgeadais an Aontais; |
|
(f) |
aon ghníomhaíocht eile, dá bhforáiltear leis na cláir oibre bhliantúla faoi Airteagal 11, a bhfuil gá léi chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 2 a bhaint amach. |
3. I gcás go mbeidh fáil trealaimh i gceist leis an ngníomhaíocht a gcuirtear tacaíocht ar fáil di, áiritheoidh an Coimisiún gurb iomchuí an trealamh a chisteofar chun críche rannchuidiú le cosaint leas airgeadais an Aontais.
Airteagal 10
Eintitis incháilithe
1. Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.
2. Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe faoin gClár:
|
(a) |
údaráis phoiblí a fhéadfaidh rannchuidiú chun ceann de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhaint amach, agus atá bunaithe:
|
|
(b) |
institiúidí taighde agus oideachais agus eintitis neamhbhrabúis a fhéadfaidh rannchuidiú chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhaint amach, ar choinníoll go bhfuil siad bunaithe agus ag feidhmiú le 1 bliain amháin ar a laghad:
|
|
(c) |
aon eintiteas dlítheanach a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta. |
3. Go heisceachtúil, na heintitis dá dtagraítear i mír 2 atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, beidh siad incháilithe faoin gClár i gcás ina mbeidh sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach. I bprionsabal, seasfaidh eintitis den sórt sin costas a rannpháirtíochta, ach amháin i gcásanna ina dtabharfar bonn cirt cuí leo sa chlár oibre.
CAIBIDIL III
Clársceidealú, Faireachán agus Meastóireacht
Airteagal 11
Clár oibre
Chun an Clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 12
Faireachán agus tuairisciú
1. Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos in Airteagal 2.
2. Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 14, chun Iarscríbhinn II a leasú maidir leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.
3. Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmíocht an Chláir faoi chuimsiú a Thuarascáil Bhliaintúil maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint - an Comhrac i gcoinne na Calaoise.
Faoi chuimsiú an phlé ina leith sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa moltaí a dhéanamh maidir leis an gclár oibre bliantúil. Cuirfidh an Coimisiún na moltaí sin san áireamh mar is cuí.
4. Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar, ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir agus na torthaí a bheidh air. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar na Ballstáit.
Airteagal 13
Meastóireacht
1. Agus na meastóireachtaí á ndéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar iad ar bhealach atá neamhspleách, oibiachtúil agus tráthúil agus go mbeidh na meastóirí in ann a gcuid oibre a dhéanamh saor ó aon iarracht tionchar a imirt orthu.
2. Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.
3. Ag deireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.
4. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, do Choiste na Réigiún agus don Chúirt Iniúchóirí agus foilseoidh sé iad ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Airteagal 14
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
CAIBIDIL IV
Forálacha Idirthréimseacha agus Críochnaitheacha
Airteagal 15
Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht
1. Ach amháin i gcás ina mbeidh riosca ann go gcuirfí feidhmíocht éifeachtach gníomhaíochtaí oibríochtúla frith-chalaoise agus custaim i mbaol, tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d'fhoinse an chistithe sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
2. Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme go rialta gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus a bhaineann leis na torthaí a baineadh amach. Rannchuideoidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2.
Airteagal 16
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 515/97
Scriostar mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 515/97.
Airteagal 17
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 18
Forálacha idirthréimhseacha
1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí arna dtionscnamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 250/2014 agus Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 515/97, a mbeidh feidhm acu maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.
2. Féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 250/2014 agus Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a áirithiú.
3. I gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a) den Rialachán Airgeadais, i gcásanna cuí-réasúnaithe agus a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán seo agus na costais bhunúsacha incháilithe ón 1 Eanáir 2021, fiú má cuireadh na gníomhaíochtaí sin chun feidhme agus má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.
Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 29 Aibreán 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D.M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.P. ZACARIAS
(1) IO C 10, 10.1.2019, lch. 1.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 16 Márta 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).
(3) Cinneadh Uimh. 804/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chur chun cinn (clár Hercule) (IO L 143, 30.4.2004, lch. 9).
(4) Cinneadh Uimh. 878/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2007 lena leasaítear agus lena leathnaítear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chur chun cinn (clár Hercule II) (IO L 193, 25.7.2007, lch. 18).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena mbunaítear clár chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn (clár Hercule III) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE (IO L 84, 20.3.2014, lch. 6).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).
(7) Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críoch custaim (IO L 323, 10.12.2009, lch. 20).
(8) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
(9) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch 1).
(10) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(11) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(12) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(13) Níl ann do théacs an Rialacháin sa Ghaeilge (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(14) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(15) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(16) IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(17) Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA TÁSCACH COSTAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5(3)
Liosta táscach na gcineálacha costas a chisteoidh an Clár i gcás gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97:
|
(a) |
na costais a bhaineann leis an mbonneagar buan teicniúil a shuiteáil agus a chothabháil, lena gcuirtear ar fáil do na Ballstáit na hacmhainní lóistíochta, uathoibrithe oifige agus TF a theastaíonn chun oibríochtaí comhpháirteacha custaim agus gníomhaíochtaí oibríochtúla eile a chomhordú; |
|
(b) |
aisíocaíocht costas iompair agus cothaithe agus, i gcás inarb iomchuí, aon íocaíochtaí nó slánaíochtaí eile a íocfar i leith ionadaithe na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, ionadaithe tríú tíortha, a ghlacann páirt i misin an Aontais, oibríochtaí comhpháirteacha custaim arna n-eagrú ag an gCoimisiún nó i gcomhpháirt leis an gCoimisiún agus cúrsaí oiliúna, cruinnithe ad hoc agus cruinnithe ullmhúcháin agus meastóireachta le haghaidh imscrúduithe riaracháin nó le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag na Ballstáit, i gcás ina n-eagraíonn an Coimisiún iad nó i gcás ina n-eagraítear i gcomhpháirt leis an gCoimisiún iad; |
|
(c) |
caiteachas a bhaineann le bonneagar ríomhaireachta (crua-earraí), bogearraí agus naisc thiomnaithe líonra a fháil agus le staidéar, forbairt agus cothabháil a dhéanamh orthu agus caiteachas a bhaineann leis na seirbhísí gaolmhara táirgeachta, tacaíochta agus oiliúna chun críche na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a dhéanamh, go háirithe gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcalaois a chosc agus a chomhrac; |
|
(d) |
caiteachas a bhaineann le faisnéis a sholáthar agus caiteachas ar ghníomhaíochtaí gaolmhara a cheadaíonn rochtain ar fhaisnéis, ar shonraí agus ar fhoinsí sonraí chun críche na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 515/97 a dhéanamh, go háirithe gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcalaois a chosc agus a chomhrac; |
|
(e) |
caiteachas a bhaineann le húsáid an Chórais Faisnéise Custaim dá bhforáiltear in ionstraimí arna nglacadh faoi Airteagal 87 CFAE agus go háirithe i gCinneadh 2009/971/CGB, a mhéid a dhéanann na hionstraimí sin foráil maidir le buiséad ginearálta an Aontais an caiteachas sin a sheasamh; |
|
(f) |
caiteachas a bhaineann le comhpháirteanna an Aontais den líonra cumarsáide coiteann arna úsáid chun críocha phointe (c) a fháil agus le staidéar, forbairt agus cothabháil a dhéanamh orthu. |
IARSCRÍBHINN II
TÁSCAIRÍ I dTACA LE FAIREACHÁN AR AN gCLÁR
Déanfar faireachán géar ar an gclár ar bhonn tacar táscairí atá beartaithe chun a oiread agus atá cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir bainte amach a mheas agus d'fhonn costais agus ualaí riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí i ndáil leis na príomhtháscairí seo a leanas:
|
|
Sainchuspóir 1: Calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac. |
|
|
Táscaire 1: Tacaíocht a thabhairt chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, arna thomhas mar seo a leanas:
|
|
|
Sainchuspóir 2: Tacú le tuairisciú neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, maidir le cistí bainistíochta comhroinnte agus cistí cúnaimh réamhaontachais bhuiséad an Aontais. |
|
|
Táscaire 2: Ráta sástachta na n-úsáideoirí i dtaca le húsáid IMS. |
|
|
Sainchuspóir 3: Uirlisí a sholáthar le haghaidh malartú faisnéise agus tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla i réimse an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh in ábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta. |
|
|
Táscaire 3: Líon na gcásanna ina gcuirtear cúnamh frithpháirteach ar fáil agus líon na ngníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh frithpháirteach ar tugadh tacaíocht dóibh. |