|
11.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 165/28 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/772 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Bealtaine 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 a mhéid a bhaineann leis na bearta sealadacha i ndáil le rialuithe ar tháirgeadh táirgí orgánacha, go háirithe an tréimhse ina gcuirfear i bhfeidhm iad
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (1), agus go háirithe Airteagal 28(6), an tríú fomhír d’Airteagal 30(2) agus Airteagal 38(c), (d) agus (e) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Dúshlán eisceachtúil do na Ballstáit agus d’oibreoirí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe is ea iad paindéim COVID-19 agus na srianta fairsinge ar an ngluaiseacht a cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit agus i dtríú tíortha i bhfoirm bearta náisiúnta i ndáil le rialuithe a dhéanamh mar a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus i Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 (2) agus (CE) Uimh. 1235/2008 (3) ón gCoimisiún. |
|
(2) |
D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na himthosca sonracha i ngeall ar an ngéarchéim leanúnach a bhaineann le paindéim COVID-19, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 ón gCoimisiún (4) ceadaítear do na Ballstáit bearta sealadacha a chur i bhfeidhm lena maolaítear ar Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 agus (CE) Uimh. 1235/2008 i ndáil leis an gcóras rialaithe maidir le táirgeadh táirgí orgánacha agus nósanna imeachta áirithe dá bhforáiltear sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES). |
|
(3) |
Chuir na Ballstáit in iúl don Choimisiún, i bhfianaise na géarchéime a bhaineann le paindéim COVID-19, go mbeidh bristeacha tromchúiseacha áirithe ann fós i bhfeidhmiú a gcóras rialaithe san earnáil orgánach tar éis an 1 Feabhra 2021. |
|
(4) |
Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún (6), ceadaítear do na Ballstáit bearta sealadacha a chur i bhfeidhm chun rioscaí tromchúiseacha sláinte d’fhoireann na n-údarás inniúil a sheachaint, i bhfianaise na ndeacrachtaí maidir leis na rialuithe agus na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh agus a mhéid is gá chun na bristeacha tromchúiseacha gaolmhara ar chórais rialaithe na mBallstát a bhainistiú. Cuireadh síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin sin go dtí an 1 Iúil 2021 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/83 ón gCoimisiún (7). Is iomchuí, dá bhrí sin, go leanfaidh na maoluithe dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 d’fheidhm a bheith acu ar feadh na tréimhse céanna dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466. |
|
(5) |
Leagtar síos in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 céatadán níos ísle ná pointe (c) den dara fomhír d’Airteagal 92c(2) de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 a mhéid a bhaineann leis na cigireachtaí agus na cuairteanna i gcomhréir le hAirteagal 65(1) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 atá le déanamh gan réamhfhógra. D’fhonn a áirithiú go bhféadfar na cigireachtaí agus na cuairteanna sin a dhéanamh i gcúinsí sábháilte, is iomchuí go mbeifear in ann foráil a dhéanamh d’fhógra 24 uair an chloig do na cigireachtaí agus na cuairteanna sin nár tugadh réamhfhógra ina leith. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Is gá gan cur isteach ar chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977, a leathnaítear leis an Rialachán seo. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach an Rialacháin seo ón 1 Feabhra 2021 i ndáil leis an méid sin. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1(1)(b) agus (2) ón 1 Feabhra 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 334, 12.12.2008, lch. 25).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2020 lena maolaítear ar Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 agus (CE) Uimh. 1235/2008 maidir le rialuithe ar tháirgeadh táirgí orgánacha de bharr phaindéim COVID-19 (IO L 217, 8.7.2020, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún an 30 Márta 2020 maidir le bearta sealadacha chun rioscaí do shláinte an duine, ainmhithe agus plandaí agus do leas ainmhithe a shrianadh le linn bristeacha tromchúiseacha i gcórais rialaithe na mBallstát de bharr ghalar an choróinvíris (COVID-19) (IO L 98, 31.3.2020, lch. 30).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/83 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha atá údaraithe go sonrach rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh agus le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach (IO L 29, 28.1.2021, lch. 23).