11.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/15


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2021/770 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Aibreán 2021

maidir le ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi, maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun an acmhainn dhílis sin a chur ar fáil, maidir le bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh, agus maidir le gnéithe áirithe den acmhainn dhílis bunaithe ar ollioncam náisiúnta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322(2) de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (2),

De bharr an mhéid seo a leanas

(1)

Ní mór an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(c) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (3) (an “acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte”) a bheith ar fáil ag an Aontas ar na coinníollacha is fearr is féidir agus, dá réir sin, ba cheart rialacha a leagan síos do na Ballstáit chun an acmhainn dhílis sin a sholáthar don Choimisiún.

(2)

I Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle (4) leagtar síos rialacha maidir le hacmhainní dílse an Aontais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) d’Airteagal 2 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle, agus maidir le socruithe riaracháin is coiteann d’acmhainní dílse eile a chur ar fáil agus ar féidir iad a chur i bhfeidhm mutatis mutandis, i gcás inarb iomchuí, in éagmais aon rialachán amháin lena rialaítear acmhainní dílse uile an Aontais a chur ar fáil.

(3)

Maidir leis na doiciméid agus an fhaisnéis atá riachtanach chun go mbeidh an Coimisiún in ann an chumhacht a tugadh dó a mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit iad a chur ar fáil don Choimisiún. Ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, ráitis thréimhsiúla a bhaineann leis na hacmhainní dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteacha neamh-athchúrsáilte a chur chuig an gCoimisiún.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, gach tráth, na doiciméid a thugann bunús le méid na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a ríomhadh a sholáthar don Choimisiún.

(5)

Ba cheart cinneadh an ghlaoráta aonfhoirmigh is infheidhme maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar an ollioncam náisiúnta (OIN) dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 2 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a dhéanamh (an “acmhainn dhílis bunaithe ar OIN”) tar éis ioncam ó na hacmhainní dílse uile eile dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a), (b) agus (c) den Chinneadh sin agus ó ranníocaíochtaí airgeadais chuig cláir fhorlíontacha taighde agus forbartha teicneolaíche agus ioncam eile a bheith curtha leis.

(6)

Ba cheart na holl-laghduithe arna ndeonú don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ostair, don Ísiltír agus don tSualainn dá dtagraítear in Airteagal 2(4) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a chur san áireamh chun an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 6(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a iontráil sna cuntais agus chun an acmhainn dhílis sin a chur ar fáil de bhun Airteagal 10a den Rialachán sin.

(7)

Chun a áirithiú go maoineofar buiséad an Aontais i ngach cás, ba cheart nós imeachta a leagan síos, maidir leis na hacmhainní dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, chun go gcuirfidh na Ballstáit ar fáil don Aontas, i bhfoirm dóú codanna déag míosúla, na hacmhainní dílse a iontráiltear sa bhuiséad agus ina dhiaidh sin chun na méideanna a chuirtear ar fáil a choigeartú.

(8)

Ba cheart an mhodheolaíocht ríofa don acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a shainiú go soiléir i gcomhcheangal leis na glaorátaí is infheidhme arna mbunú in Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

(9)

Ní mór an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a chur ar fáil i bhfoirm iontrála ar na méideanna dlite sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014, a osclaíodh chun na críche sin in ainm an Choimisiúin leis an Státchiste nó leis an gcomhlacht arna cheapadh ag gach Ballstát.

(10)

Ar mhaithe le simpliú, ba cheart sruthlíniú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le coigeartú na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte leis na forálacha coigeartaithe le haghaidh acmhainní dílse atá ann cheana. Ba cheart méid foriomlán na gcoigeartuithe a athdháileadh láithreach i measc na mBallstát.

(11)

Ba cheart don Choimisiún dóthain acmhainní airgid thirim a bheith aige chun na ceanglais rialála maidir le híocaíochtaí arna ndíriú i míonna tosaigh na bliana a chomhlíonadh, sa mhéid go bhfuil bonn cirt leis de bharr riachtanais airgid thirim.

(12)

Chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach, ba cheart a áirithiú leis an nós imeachta chun ús a ríomh go háirithe go gcuirfear an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte ar fáil go tráthúil agus go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit ús a íoc i gcás moilleanna ar an acmhainní dhílis sin a iontráil sna cuntais. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, ba cheart cúram a dhéanamh de chun a áirithiú nár cheart gur mhó costas aisghabhála úis atá dlite ar an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a cuireadh ar fáil go déanach ná suim an úis iníoctha.

(13)

Ba cheart foráil a dhéanamh do nós imeachta athbhreithniúcháin tapa iontaofa d’fhonn díospóidí féideartha idir Ballstát agus an Coimisiún a bhaineann le méid aon choigeartuithe ar na ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte i dtaobh cé acu ar féidir mainneachtain líomhnaithe a chur i leith Ballstáit, agus ar an gcaoi sin imeachtaí sáruithe fadálacha agus costasacha os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a sheachaint.

(14)

Chun cur i bhfeidhm cuí na rialacha airgeadais a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a éascú, is gá dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún a áirithiú.

(15)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le foirmeacha a bhunú do ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíol ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte agus a mhéid a bhaineann le nós imeachta don athbhreithniú chun díospóidí féideartha idir Ballstát agus an Coimisiún a réiteach a shonrú a thuilleadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(16)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun foirmeacha a bhunú do na ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíol ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte i bhfianaise chineál teicniúil na ngníomhartha sin.

(17)

Chun tabhairt isteach na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a éascú, ba cheart do na Ballstáit réamhaisnéisí a sholáthar roimh an lá deireanach den dara mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart na réamhaisnéisí sin a bheith bunaithe ar an meastachán is fearr ar mhéid na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht athbhreithnithe a leagtar amach i dTreoir (AE) 94/62/CE (6) arna leasú le Treoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Cinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún (8) arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/665 ón gCoimisiún (9) (“an mhodheolaíocht athbhreithnithe”). Chun an t-aistriú chuig an modheolaíocht athbhreithnithe a éascú, ba cheart, áfach, go mbeadh na Ballstáit in ann réamhaisnéisí a sholáthar do na blianta 2021 agus 2022 ar bhonn na modheolaíochta roimhe sin.

(18)

Ar chúiseanna comhsheasmhachta, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar an dáta céanna le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 agus ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna, eadhon ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le hacmhainn dhílis a ríomh bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 (an “acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte”), maidir léi an acmhainn dhílis sin a chur ar fáil don Choimisiún, maidir le bearta chun riachtanais airgid thirim a chomhlíonadh agus maidir le héifeachtaí speisialta ar ríomh an ghlaoráta aonfhoirmigh is infheidhme maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN) dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 2(1) den Chinneadh sin (an “acmhainn dhílis bunaithe ar OIN”).

Airteagal 2

Doiciméid tacaíochta a chaomhnú

1.   Coimeádfaidh na Ballstáit na doiciméid tacaíochta a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte go dtí an 31 Iúil den chúigiú bliain tar éis na bliana airgeadais atá i gceist.

2.   Má léirítear le fíorú a bhaineann leis na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, de bhun Airteagal 2(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 (10) ón gComhairle, go bhfuil gá le ceartú nó coigeartú, coinneofar na doiciméid sin thar an teorainn ama dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo ar feadh tréimhse leordhóthanach ionas go bhféadfar an ceartú nó an coigeartú a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh air.

3.   I gcás ina socrófar díospóid idir Ballstát agus an Coimisiún maidir leis an oibleagáid méid áirithe den acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte nó maidir le líomhaintí lena mbaineann cigireachtaí nó mainneachtainí sonraí a chur ar fáil, trí chomhaontú frithpháirteach le cinneadh ón gCoimisiún nó trí chinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Ballstát na doiciméid tacaíochta is gá don bheart leantach airgeadais a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de 2 mhí tar éis na socraíochta sin.

Airteagal 3

Comhar riaracháin

1.   Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

ainmneacha na ranna nó na ngníomhaireachtaí atá freagrach as acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a ríomh, a bhunú, a bhailiú, a chur ar fáil agus a rialú, agus na forálacha bunúsacha a bhaineann le ról agus le hoibriú na ranna agus na ngníomhaireachtaí sin;

(b)

na forálacha ginearálta a leagtar síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin agus na forálacha sin a bhaineann leis an nós imeachta cuntasaíochta maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a ríomh nó a bhunú, a bhailiú, a chur ar fáil agus a rialú ag an gCoimisiún;

(c)

teideal beacht na dtaifead riaracháin agus cuntasaíochta uile ina ndéantar an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a iontráil, go háirithe na taifid sin arna n-úsáid chun na cuntais dá bhforáiltear in Airteagal 5 a tharraingt suas.

Cuirfear an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon athrú ar na hainmneacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír nó ar fhorálacha dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír.

2.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 chuig gach Ballstát.

Airteagal 4

Éifeachtaí sonracha ar an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN

1.   Chun an ráta aonfhoirmeach faoi mar a thagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a shocrú, cuirfear an t-ioncam dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.  leis an ioncam dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) agus (b) den Chinneadh sin chun an chuid den bhuiséad a bheidh cumhdaithe ag an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN a ríomh.

2.   Beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagail 6(3) agus 10a de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis na holl-laghduithe arna ndeonú don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ostair, don Ísiltír agus don tSualainn faoi Airteagal 2(4) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

CAIBIDIL II

CUNTAIS LE HAGHAIDH ACMHAINNÍ DÍLSE BUNAITHE AR DHRAMHAÍL Ó PHACÁISTÍOCHT PHLAISTEACH NEAMH-ATHCHÚRSÁILTE

Airteagal 5

Iontráil sna cuntais agus tuairisciú

1.   Coinneoidh státchiste gach Ballstáit nó eintitis phoiblí a fheidhmíonn feidhmeanna comhchosúla (“státchiste”) cuntais le haghaidh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, nó coinneoidh banc ceannais náisiúnta gach Ballstáit na cuntais sin..

2.   Chun críoch cuntasaíochta acmhainní dílse, ní chríochnóidh an mhí níos luaithe ná 13.00 ar an lá oibre deireanach den mhí ina ndearnadh an ríomh nó an bunú.

3.   Déanfar na dóú codanna déag den acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a iontráil sna cuntais ar an gcéad lá oibre de gach mí.

Déanfar toradh an ríofa dá dtagraítear in Airteagal 9 a thaifeadadh ar bhonn bliantúil.

4.   Faoin 15 Aibreán gach bliain, cuirfidh gach Ballstát réamhaisnéisí ar mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi le haghaidh na bliana reatha ná na bliana ina dhiaidh sin chuig an gCoimisiún.

5.   Faoin 31 Iúil gach bliain, cuirfidh gach Ballstát ráiteas bliantúil chuig an gCoimisiún, don bhliain roimh an mbliain reatha (“n-2”) ina soláthrófar na sonraí staidrimh maidir le meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear sa Bhallstát i gcileagraim agus maidir le meáchan na dramhaíola sin ó phacáistíocht phlaisteach a ndearnadh athchúrsáil uirthi i gcileagraim, agus ráiteas bliantúil don bhliain n-2 ina soláthrófar ríomh mhéid na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte i gcomhréir le hAirteagal 6.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar foirmeacha do na ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

CAIBIDIL III

RÍOMH NA HACMHAINNE DÍLSE BUNAITHE AR DHRAMHAÍL Ó PHACÁISTÍOCHT PHLAISTEACH NEAMH-ATHCHÚRSÁILTE

Airteagal 6

Ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte

1.   Déanfar an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a ríomh faoi mar a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053. Déanfar meáchan dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 6a de Threoir 94/62/CE agus leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún agus go háirithe Airteagal 6c de.

2.   I gcás gach Ballstáit, déanfar méid na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a ríomh in euro.

3.   Déanfar méid na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte ar feadh bliain áirithe a chinneadh bunaithe ar an réamhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(4).

CAIBIDIL IV

ACMHAINN DÍLIS BUNAITHE AR DHRAMHAÍL Ó PHACÁISTÍOCHT PHLAISTEACH A CHUR AR FÁIL

Airteagal 7

Státchiste agus socruithe cuntasaíochta

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte.

Airteagal 8

Cur ar fáil na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte

1.   Déanfar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 6 do gach bliain féilire a chur de shochar ar an gcéad lá oibre de gach mí. Is éard a bheidh sna méideanna sin aon dóú cuid déag de na hiomláin ábhartha sa bhuiséad, arna gcomhshó go hairgeadraí náisiúnta ag rátaí malairte an lae deiridh meastacháin den bhliain féilire roimh an mbliain bhuiséid, mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C.

2.   Déanfar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a iontráil sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ar an gcéad lá oibre den mhí.

3.   Maidir le haon athrú ar ghlaoráta aonfhoirmeach na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, ceanglófar buiséad leasaitheach a ghlacadh go críochnaitheach ina leith agus tiocfaidh athruithe as sin ar na dóú codanna déag arna n-iontráil sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ó thús na bliana airgeadais.

Déanfar na hathchoigeartuithe sin nuair a dhéanfar an chéad iontráil tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid leasaithigh, má ghlactar é roimh an 16ú lá den mhí. Nó déanfar iad nuair a dhéanfar an dara hiontráil tar éis an ghlactha chríochnaithigh. De mhaolú ar Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), iontrálfar na hathchoigeartuithe sin sna cuntais i ndáil leis an mbliain airgeadais den bhuiséad leasaitheach atá i gceist.

4.   Beidh ríomh na ndóú codanna déag do mhí Eanáir i ngach bliain airgeadais bunaithe ar na méideanna dá bhforáiltear sa dréachtbhuiséad dá dtagraítear in Airteagal 314(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus arna gcomhshó in airgeadraí náisiúnta de réir rátaí malairte an chéad lá luachana tar éis an 15 Nollaig den bhliain féilire roimh an mbliain bhuiséid; déanfar an coigeartú leis an iontráil don chéad mhí eile.

5.   Mura nglacfar an buiséad go críochnaitheach coicís ar a dhéanaí roimh an iontráil do mhí Eanáir na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, iontrálfaidh na Ballstáit ar an gcéad lá oibre de gach mí, lena n-áirítear mí Eanáir, an dóú cuid déag de mhéid na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte agus a iontráiltear sa bhuiséad deireanach a glacadh go críochnaitheach; déanfar an coigeartú sin ar an gcéad dáta dlite tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid leasaithigh, má ghlactar é roimh an 16ú lá den mhí. Mura ndéanfar amhlaidh, déanfar an coigeartú ar an dara dáta dlite tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid.

Airteagal 9

Coigeartuithe ar an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte ó bhlianta airgeadais roimhe seo

1.   Ar bhonn an ráitis bhliantúil ina dtugtar ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, dá dtagraítear in Airteagal 5(5), déanfaidh gach Ballstát, sa bhliain i ndiaidh na bliana inar cuireadh an ráiteas sin, a chur de dhochar nó a chur de shochar méid arna ríomh mar an difríocht idir na méideanna sa réamhaisnéis do bhliain áirithe agus na fíormhéideanna sa ráiteas don bhliain chéanna sin.

2.   I gcás gach Ballstáit, ríomhfaidh an Coimisiún an difríocht idir na méideanna a eascraíonn as na coigeartuithe dá dtagraítear i mír 1 agus an toradh ar mhéideanna iomlána na gcoigeartuithe a iolrú faoin gcéatadán arb ionann ollioncam náisiúnta an Bhallstáit sin agus ollioncam náisiúnta na mBallstát uile, de réir mar is infheidhme an 15 Eanáir maidir leis an mbuiséad atá i bhfeidhm don bhliain tar éis na bliana inar soláthraíodh na sonraí le haghaidh na gcoigeartuithe (an “glanmhéid”).

Chun críocha an ríomha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar méideanna a chomhshó idir an t-airgeadra náisiúnta agus an euro ag rátaí malairte an lae deiridh meastacháin den bhliain féilire roimh bhliain na hiontrála sna cuntais, de réir mar a fhoilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na méideanna a eascraíonn as an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo roimh an 1 Feabhra den bhliain i ndiaidh na bliana inar soláthraíodh na sonraí le haghaidh na gcoigeartuithe. Déanfaidh gach Ballstát an glanmhéid a iontráil sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ar an gcéad lá oibre de mhí an Mheithimh den bhliain chéanna sin.

3.   Maidir le haon choigeartuithe ar na ráitis dá dtagraítear in Airteagal 5(5) den Rialachán seo do na blianta airgeadais roimhe sin ar toradh iad ar imscrúduithe, déanfar coigeartú ar leith ar na hiontrálacha sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014, mar thoradh orthu. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas i litir faoin gcoigeartú is gá. Cuirfear an méid a chomhfhreagraíonn don choigeartú sin ar fáil ar an dáta arna shonrú ag an gCoimisiún sa litir sin.

4.   Laistigh de 2 mhí ón lá a gheofar an litir a luaitear i mír 3, féadfaidh an Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcoigeartú a cuireadh in iúl i gcomhréir le mír 3. Tabharfar an t-athbhreithniú sin i gcrích trí bhíthin cinneadh arna dhéanamh ag an gCoimisiún, cinneadh a ghlacfaidh sé 3 mhí ar a dhéanaí tar éis an lá a gheofar iarraidh an Bhallstáit.

I gcás ina n-athbhreithneofar leis an gcinneadh ón gCoimisiún, go hiomlán nó go páirteach, na méideanna a chomhfhreagraíonn don choigeartú, cuirfidh an Ballstát an méid comhfhreagrach ar fáil. Ní dhéanfar difear, ní le hiarraidh arna déanamh ag Ballstáit go n-athbhreithneofaí an coigeartú ná le caingean chun an cinneadh a rinne an Coimisiún a neamhniú, don oibleagáid a bheidh ar an mBallstát an méid a chomhfhreagraíonn don choigeartú a chur ar fáil.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear a thuilleadh an nós imeachta don athbhreithniú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

6.   Tar éis an 31 Iúil den chúigiú bliain tar éis bliain airgeadais ar leith, ní chuirfear athruithe san áireamh a thuilleadh, seachas ar phointí arna gcur in iúl laistigh den teorainn ama sin ag an gCoimisiún nó ag an mBallstát.

7.   Is oibríochtaí ioncaim iad na hoibríochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo i ndáil leis an mbliain airgeadais ina bhfuil siad le hiontráil sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

Airteagal 10

Na dóú codanna déag a thabhairt ar aghaidh

1.   Ó thaobh na riachtanas sonrach a bhaineann le caiteachas an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a íoc, agus ag brath ar sheasamh airgid an Aontais, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit iontráil aon dóú cuid déag de na méideanna sa bhuiséad don acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-iathchúrsáilte, nó codán den dóú cuid déag sin, a thabhairt ar aghaidh le suas le 2 mhí sa chéad ráithe den bhliain airgeadais.

2.   Faoi réir mhír 3, ó thaobh na riachtanas sonrach a bhaineann le caiteachas Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a íoc, agus ag brath ar sheasamh airgid an Aontais, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit iontráil suas le leath breise d’aon dóú cuid déag de na méideanna sa bhuiséad don acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a thabhairt ar aghaidh sa chéad 6 mhí den bhliain airgeadais.

3.   Ní bheidh an tsuim iomlán a fhéadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit a thabhairt ar aghaidh sa mhí chéanna faoi mhír 1 agus mír 2 níos mó, i gcás ar bith, ná méid a chomhfhreagraíonn do dhá dóú chuid déag breise.

4.   Tar éis na chéad 6 mhí, ní rachaidh an iontráil mhíosúil a iarrtar thar aon dóú cuid déag den acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, agus í fós laistigh de theorainn na méideanna arna n-iontráil sa bhuiséad chun na críche sin.

5.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi sin roimh ré, tráth nach déanaí ná coicís roimh iontráil a iarrtar de bhun mhír 1 agus mír 2.

6.   Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit i bhfad roimh ré, agus tráth nach déanaí ná 6 seachtaine roimh iontráil a iarrtar de bhun na dara fomhíre, go bhfuil sé ar intinn aige iontráil den sórt sin a iarraidh.

7.   Beidh feidhm Airteagal 8(4), maidir leis an méid atá le hiontráil i mí Eanáir gach bliain, agus ag Airteagal 8(5) mura mbeidh glactha go críochnaitheach leis an mbuiséad roimh thús na bliana airgeadais, maidir leis na hiontrálacha roimh ré dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 11

Ús ar shuimeanna a chuirtear ar fáil go déanach

1.   I gcás na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, ní íocfar ús ach i ndáil le moilleanna ar na méideanna seo a leanas a iontráil:

(a)

na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 8;

(b)

na méideanna a eascraíonn as an ríomh dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ag an nóiméad a shonraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 9(2);

(c)

na méideanna a eascraíonn as coigeartuithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(3);

(d)

na méideanna a eascraíonn as mainneachtain is inchurtha i leith Ballstáit sonraí a sholáthar faoi mar a iarradh sa Rialachán sin.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, déanfar an t-ús ar na coigeartuithe a eascraíonn as na ceartúcháin a rinneadh de bharr mainneachtain Ballstáit sonraí a sholáthar a ríomh amhail ón gcéad lá oibre de mhí an Mheithimh den bhliain tar éis na bliana sin ina ndeachaigh an teorainn ama arna leagan síos ag an gCoimisiún in éag.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, scaoilfear Ballstát ón oibleagáid ús a íoc i gcás mainneachtain dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír, má tá an mhainneachtain bunaithe ar chúiseanna force majeure nó ar chúiseanna eile nach féidir a shannadh don Bhallstát lena mbaineann.

Réiteofar díospóidí idir Ballstát agus an Coimisiún i dtaobh cé acu an bhfuil an mhainneachtain líomhnaithe dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo inchurtha i leith Ballstáit tríd an athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 9(4).

2.   I gcás ina dtionscnaíonn Ballstát an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 9(4), ríomhfar an t-ús ón dáta arna shonrú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9(3).

3.   Déanfar aisghabháil méideanna úis faoi bhun EUR 500 a tharscaoileadh.

4.   Déanfar ús a thobhach de réir na rátaí agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 12(4) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

5.   Maidir le híocaíocht an úis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

CAIBIDIL V

ACMHAINNÍ AIRGID THIRIM A BHAINISTIÚ

Airteagal 12

Ceanglais maidir le hacmhainní airgid thirim a bhainistiú agus orduithe íocaíochta a dhéanamh

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Grúpa saineolaithe

Bunóidh an Coimisiún sainghrúpa foirmiúil a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit uile air agus a bheidh faoi chathaoirleacht ionadaí ón gCoimisiún. Is iad na cúraimí a bheidh ar an sainghrúpa foirmiúil ná comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le hinchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht an staidrimh maidir le dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear agus a athchúrsáiltear agus a thuairimí i dtaca leis an méid sin a chur in iúl, comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le bearta a ullmhú chun go mbeidh na sonraí níos inchomparáide agus níos iontaofa agus chun tuairimí bliantúla a eisiúint i ndáil le hoiriúnacht na sonraí maidir le dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach arna gcur isteach ag na Ballstáit chun críocha na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte. Déanfar an sainghrúpa foirmiúil a chlárú i gclár grúpaí saineolaithe an Choimisiúin, agus déanfar trédhearcacht a chomhdhéanaimh agus a chuid oibre a áirithiú.

Airteagal 14

Nós imeachta coiste

1.   Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Threoir 94/62/CE. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15

Forálacha idirthréimhseacha

Chun an ríomh dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo a dhéanamh, déanfaidh gach Ballstát, faoin lá deireanach den dara mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, réamhaisnéisí ar mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi a sholáthar don Choimisiún ó 2021 amach agus suas go dtí an bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sna blianta 2021 agus 2022, féadfaidh na Ballstáit a réamhaisnéisí ar mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi arna ríomh i gcomhréir le Treoir 94/62/CE arna leasú le Treoir (AE) 2015/720 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/896 ón gCoimisiún (15), agus go háirithe Airteagal 5 de, a sholáthar.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm an dáta a thiocfaidh Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 i bhfeidhm.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Tuairim an 25 Márta 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 9 Deireadh Fómhair 2018 (IO C 431, 29.11.2018, lch. 1).

(3)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta, agus acmhainní bunaithe ar CBL agus ar an ollioncam náisiúnta a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 39).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Treoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus le dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

(7)  Treoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus le dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 150, 14.6.2018, lch. 141).

(8)  Cinneadh 2005/270/CE ón gComhairle an 22 Márta 2005 lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 86, 5.4.2005, lch. 6).

(9)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/665 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Cinneadh 2005/270/CE lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 112, 26.4.2019, lch. 26).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 an 30 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta chur chun feidhme maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE Euratom (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(14)  Treoir (AE) 2015/720/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 lena leasaítear Treoir 94/62/CE a mhéid a bhaineann le húsáid málaí siopadóireachta éadroma plaisteacha a laghdú (IO L 115, 6.5.2015, lch. 11),

(15)  Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2018/896 an 19 Meitheamh 2018 ón gCoimisiún lena leagtar síos an mhodheolaíocht chun tomhailt bhliantúil málaí siopadóireachta éadroma plaisteacha a ríomh agus lena leasaítear Treoir 2005/270/CE (IO L 160, 25.6.2018, lch. 6).