10.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 162/46 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/761 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Bealtaine 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 a mhéid a bhaineann le samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla d’ainmhithe pórúcháin agus do tháirgí geirmeacha díobh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 30(10) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 ón gCoimisiún (2) leagtar síos samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla d’ainmhithe pórúcháin agus do tháirgí geirmeacha díobh. Dréachtaíodh na samhailfhoirmeacha sin de dheimhnithe zóiteicniúla tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha. |
(2) |
Ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717, thug na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara fógra don Choimisiún maidir le fadhbanna praiticiúla áirithe a bhaineann le samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla a úsáid, a mhéid a bhaineann le sainaitheantas ainmhithe pórúcháin a fhíorú. Agus an taithí a fuarthas ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin, ba cheart samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla a leasú chun fíorú shainaitheantas na n-ainmhithe pórúcháin a éascú. Maidir leis na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil, ba cheart iad a chur ar fáil i ndeimhniú zóiteicniúil, sa bhosca a fhreagraíonn do thorthaí an fhíoraithe maidir le sainaitheantas na n-ainmhithe pórúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 a leasú dá réir. |
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Zótheicnic, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 10 Lúnasa 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 171, 29.6.2016, lch. 66.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla d’ainmhithe pórúcháin agus do tháirgí geirmeacha díobh (IO L 109, 26.4.2017, lch. 9).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|