3.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/715 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Eanáir 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i ndáil le grúpaí oibreoirí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 36(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/848 ceanglais áirithe i ndáil le grúpaí oibreoirí. Ar mhaithe le léirmhíniú comhchuibhithe ar ghaireacht gheografach na mball de ghrúpa oibreoirí, ba cheart a lua go sainráite nach mór do na baill a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh sa tír chéanna.

(2)

Chun íoscheanglais a bhunú maidir le cur ar bun agus feidhmiú an chórais um rialuithe inmheánacha (CRI), ba cheart na gnéithe seo a leanas a shainiú: clárú ball, cigireachtaí inmheánacha, formheas ball nua nó aonad táirgthe nua nó gníomhaíochtaí ball atá ann cheana, oiliúint cigirí CRI, bearta le déanamh i gcásanna neamhchomhlíontachta agus inrianaitheacht inmheánach.

(3)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart an ceanglas a chur leis an méid sin maidir le bainisteoir ar CRI agus cigire CRI amháin nó níos mó a cheapadh chun a áirithiú go gcuirfidh an pearsanra inniúil an córas um rialuithe inmheánacha chun feidhme mar is cuí.

(4)

Ina theannta sin, chun foráil a dhéanamh do chreat um measúnú comhchuibhithe le haghaidh CRI, is iomchuí liosta cásanna a mheastar atá easnamhach a chur san áireamh.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/848 a leasú dá réir.

(6)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/848

Leasaítear Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:

1.

Leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

ní bheidh ann ach baill a ndéantar a gcuid gníomhaíochtaí táirgthe nó na gníomhaíochtaí breise a d’fhéadfadh a bheith acu dá dtagraítear i bpointe (a) i ngaireacht dá chéile sa Bhallstát céanna nó sa tríú tír chéanna;”;

(b)

i bpointe (g), cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe sa chóras um rialuithe inmheánacha (CRI) maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

clárú bhaill an ghrúpa;

(ii)

na cigireachtaí inmheánacha, lena n-áirítear na cigireachtaí fisiciúla inmheánacha bliantúla ar an láthair ar gach ball den ghrúpa, agus aon chigireacht rioscabhunaithe breise, cigireachtaí arna sceidealú in aon chás ag an mbainisteoir ar CRI agus arna ndéanamh ag cigirí CRI, cigirí a shainmhínítear an ról atá acu i bpointe (h);

(iii)

formheas ball nua i ngrúpa atá ann cheana nó, más cuí, formheas aonad táirgthe nua nó gníomhaíochtaí nua de chuid na mball atá ann cheana má dhéanann an bainisteoir ar CRI formheas a thabhairt ar bhonn na tuarascála cigireachta inmheánaí;

(iv)

oiliúint na gcigirí CRI, rud a dhéanfar uair sa bhliain ar a laghad agus a mbeidh measúnú ar an eolas a fuair na rannpháirtithe ag gabháil léi;

(v)

oiliúint bhaill an ghrúpa maidir le nósanna imeachta CRI agus ceanglais an Rialacháin seo;

(vi)

rialú doiciméad agus taifead;

(vii)

na bearta le déanamh i gcásanna neamhchomhlíontachta arna mbrath le linn na gcigireachtaí inmheánacha, lena n-áirítear an obair leantach a bhaineann leo;

(viii)

inrianaitheacht inmheánach a léiríonn tionscnamh na dtáirgí arna seachadadh i gcomhchóras margaíochta an ghrúpa agus lenar féidir rianú a dhéanamh ar tháirgí uile na mball uile ag gach céim den phróiseas, cuir i gcás táirgeadh, próiseáil, ullmhúchán nó cur ar an margadh, lena n-áirítear torthaí gach baill den ghrúpa a mheas agus a chros-seiceáil.”;

(c)

cuirtear pointe (h) isteach mar a leanas:

“(h)

bainisteoir ar CRI agus cigire CRI amháin nó níos mó a cheapadh a d’fhéadfadh a bheith ina bhall nó ina mbaill den ghrúpa. Ní dhéanfar a bpost a chumasc. Beidh líon na gcigirí CRI leordhóthanach agus comhréireach go háirithe le cineál, struchtúr, méid, táirgí, gníomhaíochtaí agus aschur an táirgthe orgánaigh atá ag an ngrúpa. Beidh na cigirí CRI inniúil maidir le táirgí agus gníomhaíochtaí an ghrúpa.

Déanfaidh an bainisteoir ar CRI an méid seo a leanas:

(i)

incháilitheacht gach baill den ghrúpa a fhíorú maidir leis na critéir a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (e);

(ii)

a áirithiú go bhfuil comhaontú ballraíochta i scríbhinn agus sínithe ann, idir gach duine de na baill agus an grúpa, comhaontú trína ndéanann na baill gealltanas i leith an mhéid seo a leanas:

déanfaidh siad an Rialachán seo a chomhlíonadh;

glacfaidh siad páirt in CRI agus comhlíonfaidh siad nósanna imeachta CRI, lena n-áirítear na cúraimí agus na freagrachtaí a shannfaidh an bainisteoir ar CRI dóibh agus an oibleagáid maidir le taifid a choimeád;

ceadóidh siad rochtain ar aonaid táirgthe agus ar áitreabh agus beidh siad i láthair le linn na gcigireachtaí inmheánacha arna ndéanamh ag na cigirí CRI agus na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag an údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, ag an údarás rialaithe nó ag an gcomhlacht rialaithe, cuirfidh siad na doiciméid agus na taifid uile ar fáil dóibh agus comhshíneoidh siad na tuarascálacha cigireachta;

glacfaidh siad leis na bearta i gcásanna neamhchomhlíontachta agus cuirfidh siad na bearta sin chun feidhme, i gcomhréir le cinneadh an bhainisteora ar CRI nó an údaráis inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, le cinneadh an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe, laistigh den tréimhse ama a leagtar síos;

cuirfidh siad an bainisteoir ar CRI ar an eolas láithreach maidir le neamhchomhlíontacht amhrasta;

(iii)

forbróidh siad nósanna imeachta CRI agus na doiciméid agus na taifid iomchuí, coimeádfaidh siad cothrom le dáta iad agus cuirfidh siad ar fáil iad go héasca do na cigirí CRI, agus i gcás inarb iomchuí, do bhaill an ghrúpa;

(iv)

ullmhóidh siad an liosta de bhaill an ghrúpa agus coimeádfaidh siad cothrom le dáta é;

(v)

sannfaidh siad cúraimí agus freagrachtaí do na cigirí CRI;

(vi)

beidh siad mar nasc idirchaidrimh idir baill an ghrúpa agus an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, lena n-áirítear iarrataí ar mhaoluithe;

(vii)

fíoróidh siad na ráitis maidir le coinbhleacht leasa ó na cigirí CRI;

(viii)

cigireachtaí inmheánacha a sceidealú agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad go leormhaith i gcomhréir le sceideal an bhainisteora ar CRI dá dtagraítear i bpointe (ii) den dara mír de phointe (g);

(ix)

áiritheoidh siad oiliúintí leormhaithe le haghaidh na gcigirí CRI agus déanfaidh siad measúnú bliantúil ar inniúlachtaí agus ar cháilíochtaí cigirí CRI;

(x)

ceadóidh siad baill nua nó aonaid táirgthe nua nó gníomhaíochtaí ball atá ann cheana;

(xi)

déanfaidh siad cinneadh maidir le bearta i gcás neamhchomhlíontachta i gcomhréir le bearta CRI arna mbunú le nósanna imeachta doiciméadaithe i gcomhréir le pointe (g) agus áiritheoidh siad go ndéanfar obair leantach ar na bearta sin;

(xii)

déanfaidh siad cinneadh maidir le gníomhaíochtaí a ligean ar fochonradh, lena n-áirítear cúraimí cigirí CRI a ligean ar fochonradh, agus síneoidh siad comhaontuithe nó conarthaí ábhartha.

Déanfaidh an bainisteoir ar CRI an méid seo a leanas:

(i)

cigireachtaí inmheánacha a dhéanamh ar bhaill an ghrúpa de réir an sceidil agus na nósanna imeachta arna mbunú ag an mbainisteoir ar CRI;

(ii)

tuarascálacha cigireachta inmheánaí a dhréachtú ar bhonn teimpléid agus é a chur faoi bhráid an bhainisteora ar CRI laistigh de thréimhse réasúnach ama;

(iii)

ráiteas i scríbhinn agus sínithe maidir le coinbhleacht leasa a chur isteach tráth a cheapacháin agus é a thabhairt cothrom le dáta gach bliain;

(iv)

a bheith páirteach in oiliúintí.”.

2.

I mír 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Measfar na cásanna seo a leanas ar a laghad mar easnaimh in CRI:

(a)

táirgí ó bhaill nó ó aonaid táirgthe atá ar fionraí/a tarraingíodh siar, na táirgí sin a tháirgeadh, a phróiseáil, a ullmhú nó a chur ar an margadh;

(b)

táirgí a chur ar an margadh ar ina leith a chuir an bainisteoir ar CRI cosc ar thagairt don táirgeadh orgánach a úsáid ina lipéadú nó ina bhfógraíocht;

(c)

baill nua a chur le liosta na mball nó gníomhaíochtaí na mball atá ann cheana a athrú gan an nós imeachta um fhormheas inmheánach a leanúint;

(d)

gan cigireacht fhisiciúil bhliantúil ar an láthair a dhéanamh ar bhall den ghrúpa in aon bhliain ar leith;

(e)

na baill a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar ó liosta na mball, gan na baill sin a thuairisciú;

(f)

diallais thromchúiseacha sna torthaí idir cigireachtaí inmheánacha arna ndéanamh ag na cigirí CRI agus rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag an údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, ag an údarás rialaithe nó ag an gcomhlacht rialaithe;

(g)

easnaimh thromchúiseacha maidir le bearta iomchuí a fhorchur nó maidir leis an obair leantach is gá a dhéanamh mar fhreagairt ar neamhchomhlíontacht arna sainaithint ag na cigirí CRI nó ag an údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, ag údarás rialaithe an chomhlachta rialaithe;

(h)

líon neamhdhóthanach cigirí CRI nó inniúlachtaí neamhdhóthanacha de chuid cigirí CRI maidir le cineál, struchtúr, méid, táirgí, gníomhaíochtaí agus aschur an táirgthe orgánaigh atá ag an ngrúpa.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.